Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 23 Mar 1955

Vol. 149 No. 4

Ceisteanna—Questions. Oral Answers. - Scoileanna Nua i nDún na nGall.

D'fhiafraí

den Aire Oideachais cá huair a cuirfear tús le tógáil na scoltacha úra i Rann na Feirsde agus ar an Bhun Beag, agus caidé na deacrachtaí atá ag coinneáil moille orthu fá láthair.

Tá suíomh oiriúnach curtha ar fáil don scoil nua ar an mBun Beag, Co. Dhún na nGall, ach sara féidir don Roinn deontas a cheadú le haghaidh tógáil na scoile, ní mór gnóthaí áirithe, a bhaineas le fianaise a sholáthar faoin teideal don tsuíomh sin, a chur i gcrích.

Bhí beartaithe scoil nua le trí seomraí a thógáil in áit na scoile atá faoi láthair i Rann na Feirsde, agus bhí réamh-shocruithe le haghaidh scoile den mhéid sin tugtha go maith chun cinn. De bhrí, áfach, gur thárla, gan choinne, laghdú mór ar an tinnreamh, b'éigean dom Roinnse aithbhreithniú a dhéanamh faoin bhfairsingeacht ba chóir bheith sa scoil nua. Fionnadh, de thoradh an aithbhreithnithe sin, gur leor dhá sheomra a bheith sa scoil nua.

Tá beartú á dhéanamh cheana féin chun an scoil dhá sheomra a chur ar fáil. Ní mór pleananna nua agus áirmheacht nua agus roinnt réamh-shocruithe eile a dhéanamh sara féidir le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí tairscintí a lorg chun an scoil a thógáil. Tógfaidh sé tamall chun na nithe seo go léir a chur i gcrích.

Ní féidir liom a rá cathain a cuirfear tús leis an obair thógála ar cheachtar den dá scoil seo, ach déanfar gach iarracht chun dlús a chur leis na réamh-shochruithe atá fós le déanamh ins an dá chás.

Top
Share