Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 2 May 1990

Vol. 398 No. 2

Written Answers. - Teagasc i mBunscoileanna Ghaeltachta.

Michael D. Higgins

Question:

45 D'fhiafraigh Mr. M. Higgins den Aire Oideachais, céard é polasaí na Roinne Oideachais maidir le bunscoileanna atá ag freastal ar pháistí ón nGaeltacht agus ar pháistí ón taobh amuigh den Ghaeltacht, sna ranganna céanna, maidir leis an teanga teagaisc agus teanga na dtéacsleabhar a úsáidtear sa scoil.

Tuigim an dushlán oideachais atá le sárú ag oidí a bhfuil idir dhaltaí Gaeltachta agus dhaltaí ó lasmuigh den Ghaeltacht sna ranganna acu.

Go hiondúil úsáidtear an Ghaeilge mar theanga theagaisc sna scoileanna Gaeltachta. Déantar gach iarracht an líofacht a thabhairt do dhaltaí a thagann ó theaghlaigh ina labhraítear Béarla a chuirfeadh ar a gcumas tairbhe a bhaint as scoilaíocht trí Ghaeilge.

Is iad na príomhoidí agus na hoidí lena dtuiscint ghairmiúil ar an scéal is fearr a réitíonn an cheist teanga agus bíonn comhairle le fáil ó na cigirí a thuigeann na tosca áitiúla.

Ag an bpointe seo ba mhaith liom a rá gur reachtáil cigíri ón Roinn cúrsaí inseirbhíse d'oidí sa Ghaeltacht ó 1985 i leith agus pléadh na ceisteanna seo faoi theanga agus faoi théacsleabhar go hiomlán iontu. Tá an-chreidiúint ag dul do na hoidí as gasraí staidéir a bhunú tar éis na gcúrsaí seo chun cúrsaí curaclaim sa Ghaeltacht a fhorbairt.

Top
Share