Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Tuesday, 3 Mar 1992

Vol. 416 No. 6

Written Answers. - Aitheantas don Ghaeilge i gComhpobal na hEorpa.

Dinny McGinley

Question:

356 D'fhiafraigh Mr. McGinley den Aire Gnóthaí Eachtracha an bhfuil aitheantas tugtha don Ghaeilge mar theanga oifigiúil de chuid Chomhphobal na hEorpa.

Nuair a bhí comhráití ar siúl maidir le aontachas leis na Comhphobial Eorpacha, d'iarr an Rialtas go dtabharfaí aitheantas don Ghaeilge mar cheann de theangacha oifigiúla na gComhphobal méadaithe. Mar thoradh ar an iarratas sin leagadh amach in Alt 3 an Chonartha Aontachais agus in Alt 3 an Chinnidh i dtaobh aontachas leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach go ndréachtfaí an Conradh féin agus an Cinneadh i nGaeilge.

Ullmhaítear leagan oifigiúil Gaeilge de théacs na gConarthaí bunúsacha a rialaíonn na Comhphobail agus de théacs oifigiúil na gConarthaí a dhéanann leasú agus forlíonadh orthu. Cuireadh críoch le gairid le aistriúchán Gaeilge ar Chonradh Maastricht ar an Aontas Eorpach. Tá cóip le fáil i leabharlann na Dála.

Aontaíodh le linn na gcomhráití aontachais nach mbainfeadh úsáid na Gaeilge le ionstraimí Comhphobail seachas na Conarthaí bunúsacha agus na hionstraimí aontachais. Mar sin is in ionstraimí bunúsacha amháin a húsáidtear an Ghaeilge.

Top
Share