Skip to main content
Normal View

Dáil Éireann debate -
Wednesday, 12 Jun 1996

Vol. 466 No. 7

Written Answers. - Measúnú ar Obair Ghaeilge.

Peadar Clohessy

Question:

92 D'fhiafraigh Mr. Clohessy den Aire Ealaíon, Cultúir agus Gaeltachta cad a bhí i gceist aige nuair a dúirt sé go raibh sé ar intinn aige measúnú a dhéanamh ar obair agus ar chleachtas Gaeilge; an ainmneoidh sé na heagraisí a raibh sé i gcomhairle leo; agus an ndéanfaidh sé ráiteas ina thaobh. [12216/96]

Is é an Coimisiún chun Ról na nEagras Deonach Gaeilge a scrúdú a bhí i gceist agam nuair a rinne mé an tagairt a luaitear sa Cheist seo agus Ceist Dála Uimh. 22 á freagairt agam ar 28 Samhain 1995.

Ar 17 Eanáir 1996 d'fhogair mé go raibh Coimisiún ar leith á bhunú agam — i gcomhréir le gealltanas a tugadh sa Chlár don Rialtas le haghaidh Athnuachana — chun ról, struchtúr, éifeachtacht agus comhpháirtíocht na n-eagras deonach Gaeilge, a fhaigheann cúnamh bliantúil ón Stát, a bhreithniú.

Táim sásta gur maith an rud é scrúdú cuimsitheach neamhspleách a dhéanamh ar na heagrais dheonacha Ghaeilge ar mhaithe leis na heagrais féin agus cur chun cinn na Gaeilge i gcoitinne. Tá sé tábhachtach go méadófar úsáid na Gaeilge oiread agus is féidir sa tír in iomlán agus ina theannta sin go ndéanfar an dátheangachas a chur chun cinn ag an am céanna.
Tuigim gur bhuail an Coimisiún le hionadaithe ó na heagrais dheonacha éagsúla atá á scrúdú aige agus táim ag súil le tuarascáil ón gCoimisiún sar i bhfad.
Top
Share