Tá an Roinn eolach ar na dualgais atá uirthi faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003. Níl sé riachtanach go mbeadh sprioc ag an Roinn faoin reachtaíocht. Tá dualgais na Roinne faoin reachtaíocht leagtha amach ina Scéim Teanga, 2014-2017, a foilsíodh in 2014.
Tabhair faoi deara go ndearnadh suirbhé Teanga agus Cáilíochtaí le linn 2015 inar léiríodh go bhfuil inniúlacht sa Ghaeilge ag cúigear ball foirne.
Ní gnách leis an Roinn seirbhisí a chur ar fáil don phobal go díreach. Mar sin féin, sa chás go bhfuil gá le haistriúchán agus nach bhfuil ball foirne atá inniúil sa Ghaeilge ag Rannóga, nó nach bhfuil an duine sin ar fáil, cuirfidh ball foirne ainmnithe ó Rannóg eile seirbhís ar fáil nuair is gá.