Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Seirbhísí agus Tacaíochtaí Gaeilge

Dáil Éireann Debate, Friday - 6 September 2019

Friday, 6 September 2019

Ceisteanna (2047)

Dara Calleary

Ceist:

2047. D'fhiafraigh Deputy Dara Calleary den Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta cad iad na céimeanna atá tógtha aici lena dhéanamh cinnte go bhfuil dóthain daoine ar fáil ina Roinn le seirbhísí a chur ar fáil dóibh siúd ar mian leo a ngnóthaí a dhéanamh trí Ghaeilge leis an státseirbhís; agus an ndéanfaidh sí ráiteas ina thaobh. [36887/19]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Tá sé curtha in iúl dom go bhfuil 71 ball den fhoireann i mo Roinn ábalta seirbhís chur ar fáil trí Ghaeilge. Tá mo Roinn tiomanta seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil trí Ghaeilge agus/nó go dátheangach do chustaiméirí na Roinne. Tacaíonn an Roinn le baill foirne atá ag iarraidh a gcuid scileanna Gaeilge a fheabhsú beag beann ar a leibhéal líofachta - ó chúrsaí oiliúna do thosaitheoirí go dtí cúrsaí acadúla tríú leibhéal a dtacaítear leo faoi Scéim Aisíoc Táillí Acadúla na Roinne. Chomh maith leis sin cuirtear chun cinn go gníomhach an Teastas i nGaeilge Ghairmiúil, clár páirtaimseartha a chuireann Gaelchultúr ar fáil chun cuidiú le fostaithe san earnáil phoiblí leibhéal níos airde seirbhísí a chur ar fáil do chustaiméirí trí Ghaeilge. Tá suas le 20 ball foirne cláraithe ar chúrsaí Gaeilge go dtí seo i mbliana agus táthar ag súil go dtabharfaidh 19 eile faoi staidéar i dtéarma an Fhómhair.

Barr
Roinn