Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Caiteachas Gaeilge agus Gaeltachta

Dáil Éireann Debate, Tuesday - 27 July 2021

Tuesday, 27 July 2021

Ceisteanna (569)

Aengus Ó Snodaigh

Ceist:

569. D'fhiafraigh Deputy Aengus Ó Snodaigh den Aire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán miondealú a dhéanamh ar na nithe ar ar caitheadh an maoiniú €16,363 a fógraíodh le haghaidh comhoibriú thuaidh-theas sna meastacháin athbhreithnithe. [40728/21]

Amharc ar fhreagra

Freagraí scríofa

Fógraíodh €16.362m i Meastacháin Athbhreithnithe mo Roinne le haghaidh 2021 i leith comhoibriú Thuaidh Theas. Tá an maoiniú seo briste síos mar a leanas:

An Foras Teanga Thuaidh Theas

Foras na Gaeilge

€12,062,225

Sciar 75% ón deisceart

Gníomhaireacht na hUltaise

€732,465

Sciar 25% ón deisceart

Buiséad an Fhoras Teanga faofa ag an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas (CATT)

€12,794,690

Clár na Leabhar Gaeilge

€1,061,165

100% ón deisceart

Colmcille

€118,519

50% ón deisceart

Airgead teagmhasach

€787,626

Buiséad táscach an Fhoras Teanga C.9

€14.762m

New Decade, New Approach 2021

€1.6

100% ón deisceart

Mór iomlán C.9 2021

€16.362m

Ba mhaith liom a mheabhrú don Teachta gur buiséad táscach atá anseo sa €14.762m, a chuimsíonn buiséad faofa an Fhoras Teanga Thuaidh Theas (Foras na Gaeilge 75%; Gníomhaireacht na hUltaise 25%), maoiniú imfhálaithe Chlár na Leabhar Gaeilge (100%) agus Colmcille (50%) agus airgead teagmhasach a coinnítear ar leataobh le freastal ar athuithe i rátaí malartaithe airgid agus cnapshuimeanna pinsin de chuid Fhoras na Gaeilge agus Ghníomhaireacht na hUltaise. I gcás go mbíonn fuílleach fágtha sa bhfomhír ag deireadh na bliana, dáiltear é ar thionscadail riachtanacha eile de chuid mo Roinne in earnáil na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Is í an Roinn Pobal ó thuaidh, an Roinn urraíochta eile de chuid an Fhoras Teanga, a íocann an céatadán eile de bhuiséad an Chomhairle Aireachta Thuaidh Theas agus scéim Colmcille.

Barr
Roinn