Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An tSraith Shinsearach

Aimsigh acmhainní agus imeachtaí le haghaidh scoláirí idirbhliana agus scoláirí polaitíochta agus sochaí na sraithe sinsearaí.

An Pholaitíocht agus an tSochaí: Eispéiris Bheo

Rang na polaitíochta agus na sochaí ag tabhairt cuairt ar Theach Laighean

An Pholaitíocht agus an tSochaí: Eispéiris Bheo

Tugtar cuireadh do scoláirí na polaitíochta agus na sochaí páirt a ghlacadh in eispéiris bheo óna seomraí ranga féin nó chun cuairt a thabhairt ar Theach Laighean:

  • Áireofar leis an gcuairt ar Theach Laighean turas ar Sheomra na Dála agus ar Sheomra an tSeanaid. Reáchtálfaidh na scoláirí a ndíospóireacht féin ina dhiaidh sin i gceann de na seomraí Coiste. Is gnách go ndéantar plé ar cheann de na ceithre theideal a leagtar síos faoi choinne an tionscadail saoránachta. Seans go mbuailfidh do Theachtaí Dála áitiúla isteach le haghaidh caint agus comhrá.
    (thart ar 90 nóiméad)
  • Cuairt fhíorúil ar Theach Laighean Turas fíorúil ar Theach Laighean agus sracfhéachaint ar dhíospóireachtaí beo sa Dáil, sa Seanad agus i gCoistí. Glacann scoláirí páirt i gceardlann i bpolaitíocht pharlaiminteach ansin agus bíonn am acu topaicí dá rogha a phlé agus ceisteanna a chur.
    (timpeall 90 nóiméad)
  • Físchomhdháil "Ceann go Ceann" Beidh deis ag na scoláirí agus ag na múinteoirí labhairt go díreach leis an gCeann Comhairle, Seán Ó Fearghaíl, agus a gcuid ceisteanna uile a chur air faoi pholaitíocht na hÉireann agus faoin Oireachtas.
    (timpeall 40 nóiméad)

Seachtainí Taithí Idirbhliana

Bíonn na seachtainí taithí oibre idirbhliana ar siúl le linn na scoilbhliana 2023-24 agus beidh idir obair ar líne agus obair ar an suíomh i gceist leo.

Níltear ag glacadh le hiarratais don bhliain seo níos mó ach tar ar ais arís le haghaidh sonraí an chláir roimh an scoilbhliain 2024-2025.

Smaointe do thionscadail idirbhliana

Tionscadail idirbhliana

Smaointe do thionscadail idirbhliana

An bhfuil smaointe á lorg agat do thionscadail Idirbhliana? Céard faoi chomhaireamh toghcháin nó reifreann a reáchtáil, nó ligean don rang comhairliúchán a eagrú?

Áirítear inár sraith An daonlathas a fhiosrú do OSSP na Sraithe Sóisearaí trí thionscadal gníomhaíochta daonlathais le treoracha iomlána, nithe inphriontáilte agus taispeántais sleamhnáin.

Taighde agus anailís

Ar mhaith leat féachaint níos grinne ar roinnt de na saincheisteanna tábhachtacha i bpolaitíocht na hÉireann? Féadfaidh tú rochtain a fháil ar pháipéir choimre neamhchlaonta a chuireann ár Seirbhís Leabharlainne agus Taighde ar fáil.

Micheline Sheehy Skeffington

Ceart vótála agus Saoránacht

Cad a cheapfadh na sufraigéidí a throid ar son an vóta in Éirinn faoin dul chun cinn a rinneadh i dtreo comhionannas iomlán inscne i bpolaitíocht na hÉireann? Úsáid an plean ceachta seo chun an cheist a iniúchadh.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin bhfeachtas ar son an vóta in Éirinn, tabhair cuairt ar leathanaigh Vótáil100.

Plean ceachta

Eolaíocht na bpobalbhreitheanna

Cuidigh le scoláirí polaitíochta agus sochaí na sraithe sinsearaí tuiscint a fháil ar an gcaoi a gcuirtear pobalbhreitheanna i dtoll a chéile agus an chaoi le hanailís agus léirmhíniú a dhéanamh orthu.

Tógfaidh sé trí rang chun an cleachtadh seo a chur i gcrích, lena n-áirítear rang dúbailte go hidéalach.

Barr
Roinn