Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Feidhmiú an Oireachtais

TCÉ

Féach isteach

Tá an t-údarás in Éirinn roinnte idir an Reachtas (an tOireachtas), an Fheidhmeannacht (an Rialtas) agus na Breithiúna (na cúirteanna). Déantar foráil lenár mbunreacht, Bunreacht na hÉireann, maidir le scaradh na gcumhachtaí sin ionas nach féidir le haon cheann de na trí orgán Stáit cur isteach ar fheidhmeanna an dá cheann eile.

Is é an tOireachtas an t-aon chomhlacht a bhfuil an chumhacht aige dlíthe a dhéanamh. Tá córas Parlaiminte an dá sheomra agus Uachtarán na hÉireann i gceist leis an Oireachtas. Is é is ciall le “córas Parlaiminte an dá sheomra” go bhfuil dhá Theach i gceist – Teach Íochtarach (Dáil Éireann) agus Teach Uachtarach (Seanad Éireann). Luaitear sa Bhunreacht nach foláir don Rialtas a bheith freagrach do Dháil Éireann.

Ról an Oireachtais

Is é príomhfheidhm an Oireachtais ná dlíthe a dhéanamh d’Éirinn. Chomh maith leis sin, toghann an tOireachtas an Rialtas, ceadaíonn sé maoiniú na Ranna Rialtais agus coimeádann sé an Rialtas cuntasach.

An chaoi a ndéantar dlíthe

Tá dlíthe nua a dhéanamh ar cheann de phríomhthascanna an Oireachtais. Tugtar Bille ar dhréacht de dhlí nua a bheartaítear. A luaithe a dhéanann an tUachtarán Bille a shíniú ina dhlí, déanfar Acht de agus cuirfear leis an Leabhar Reachtanna é.

Rialacha Parlaiminte

Ceadaíonn an Bunreacht do gach Teach a rialacha féin a dhéanamh, agus tugtar Buan-Orduithe orthu sin. Cuireann an Cathaoirleach Buan-Orduithe an tSeanaid i bhfeidhm agus cuireann an Ceann Comhairle Buan-Orduithe na Dála i bhfeidhm.

Vótáil in Éirinn

Caithfear an Dáil a lánscor agus olltoghchán a reáchtáil gach cúig bliana ar a laghad. Tarlaíonn toghchán don Seanad suas go dtí 90 lá tar éis Dáil Éireann a lánscor. Foghlaim tuilleadh faoin gcaoi a roghnaíonn muintir na hÉireann Comhaltaí an Oireachtais.

An Ghaeilge san Oireachtas

Bíonn an Ghaeilge le cloisteáil gach lá i seomra na Dála, i seomra an tSeanaid agus ar fud na dTithe i measc Comhaltaí, baill foirne agus cuairteoirí.

An Buiséad

Tá ceadú an bhuiséid bhliantúil ar cheann de na cúraimí is tábhachtaí dá bhfuil ar Thithe an Oireachtais. Foghlaim tuilleadh faoi cad a tharlaíonn ar lá an bhuiséid agus féach ar fhíseáin, ar dhíospóireachtaí agus ar acmhainní eile.

Nuashonraithe go deireanach: 2 Deireadh Fómhair 2020

Barr
Roinn