Lá an Bhuiséid
Tá lá an Bhuiséid ar cheann de na laethanta is tábhachtaí i bhféilire Thithe an Oireachtais. Cuireann an tAire Airgeadais an Ráiteas Buiséid faoi bhráid Dháil Éireann lá an Bhuiséid. Tugtar cuntas sa Ráiteas Buiséid ar an dearcadh ginearálta eacnamaíoch agus fioscach agus ar na hathruithe atá beartaithe ag an Rialtas a dhéanamh ar chánacha agus ar chaiteachas. Bíonn deis ag Teachtaí Dála óráidí a dhéanamh mar fhreagra ar an Ráiteas Buiséid.
Tar éis an Ráiteas Buiséid a thabhairt, tairgeann an Rialtas rúin airgeadais, agus déanann Dáil Éireann díospóireacht ar na rúin sin. Uaireanta maireann an díospóireacht roinnt laethanta. Mura n-aontaíonn an Dáil le rúin airgeadais an Rialtais, déantar vótáil a ghairm agus dearbhaítear cibé acu atá na rúin rite nó caillte.
Tar éis an Bhuiséid
D'fhéadfadh sé go gcaithfeadh an Rialtas iarraidh ar Thithe an Oireachtais reachtaíocht áirithe a leasú, d'fhonn na hathruithe a mhol sé sa Ráiteas Buiséid a chur i bhfeidhm. Déanann sé é sin trí Bhillí a thabhairt isteach. Mar shampla, chun an méid cánach a ghearrtar a athrú, tugann an Rialtas Bille Airgeadais isteach agus chun íocaíochtaí leasa shóisialaigh a athrú, tugann an Rialtas Bille Leasa Shóisialaigh isteach. Déantar díospóireacht ar na Billí sin de ghnáth agus déanann Tithe an Oireachtais iad a rith faoi dheireadh na bliana.

Clár speisialta ar Theilifís an Oireachtais
Clár speisialta maidir le Buiséad 2021
Féach clúdach agus anailís ar Bhuiséad 2021 ar Theilifís an Oireachtais.
Buiséad 2021
Féach ar na díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2021 i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann nó léigh iad.
Buiséad 2021: reachtaíocht
Féach ar an reachtaíocht a tugadh isteach chun Buiséad 2021 a chur i bhfeidhm.

An tOireachtas agus an Buiséad
Chun tuilleadh eolais a fháil ar ról an Oireachtais sa Bhuiséad, féach grafaic faisnéise SLaT.
An Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid
Bíonn cruinnithe ag an gCoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le páirtithe leasmhara agus déanann sé athbhreithniú ar shaincheisteanna a bhíonn mar chuid de na breithnithe ar an mbuiséad. Foilsíonn sé tuarascáil roimh an gcáinaisnéis le moltaí don Rialtas.
An Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OPB)
Cuireann Oifig Buiséid Pharlaiminteach Thithe an Oireachtais faisnéis, anailís agus comhairle neamhspleách agus neamhchlaonta ar fáil do Thithe an Oireachtais. Is príomhfhoinse faisnéis airgeadais agus buiséadaithe í an Oifig Buiséid Pharlaiminteach le haghaidh Comhaltaí den Oireachtas.
Naisc úsáideacha
Lean na naisc seo chun tuilleadh a fhoghlaim faoin mbuiséad in Éirinn.
Buiséad 2020
Buiséad 2020
Féach ar na díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2020 i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann nó léigh iad.
Buiséad 2020: reachtaíocht
Féach ar an reachtaíocht a tugadh isteach chun Buiséad 2020 a chur i bhfeidhm.

Físeán ISL
Ráitis maidir le Buiséad 2020
Féach ar Ráitis maidir le Buiséad 2020 sa Dáil le Teanga Chomharthaíochta na hÉireann (ISL).
Buiséad 2019
Buiséad 2019
Féach nó léigh na díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2019 i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann.
Buiséad 2019: reachtaíocht
Féach ar an reachtaíocht a tugadh isteach chun Buiséad 2019 a chur i bhfeidhm.

Físeán
Buiséad 2019 - Díospóireacht Stiúideo
Féach ar chlár faisnéise Theilifís an Oireachtais ar Bhuiséad 2019, lena n-áirítear díospóireacht phainéil, tuairimí ó pholaiteoirí agus anailís ó dhaoine atá ag obair san earnáil tithíochta agus ar son daoine gan dídean. Áirítear leis an scannán freisin físeán de ráiteas buiséid an Aire sa Dáil.
Cáinaisnéis 2018
Buiséad 2018: díospóireachtaí
Féach nó léigh na díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2018 i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann.
Buiséad 2018: reachtaíocht
Féach ar an reachtaíocht a tugadh isteach chun Buiséad 2018 a chur i bhfeidhm.
Nuashonraithe go deireanach: 13 Deireadh Fómhair 2020