Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Maidir le coistí

TCÉ

Féach isteach

Cad is coistí Oireachtais ann agus cén fáth a mbunaítear iad?

Is éard is coiste Oireachtais ann grúpa Comhaltaí den Oireachtas arna roghnú ag ceann amháin nó ag dhá Theach an Oireachtais chun breithniú a dhéanamh ar ábhar ar leith. Is féidir leis an Dáil agus leis an Seanad obair a tharmligean chuig an gcoiste. Fágann sé sin gur féidir scrúdú níos mine a dhéanamh ar thopaic ná mar a d’fhéadfadh an Dáil nó an Seanad a dhéanamh ar shlí eile. Is féidir le coistí cuireadh a thabhairt do thríú páirtithe freastal ar a gcruinnithe chun an topaic lena mbaineann a phlé le comhaltaí. Bíonn deis ag comhaltaí Coiste saineolas a fhorbairt ar an ábhar a bpléann a gcoiste féin leis agus idirghníomhú ar bhealach níos dlúithe leis an bpobal.

Tríd is tríd, tagann coistí Oireachtais faoi dhá phríomhchatagóir, is iad sin: coistí roinne agus coistí téamacha.

Is gnách go mbíonn obair na gcoistí roinne ag teacht leis an obair a dhéanann Roinn Rialtais ar leith. Déanann an coiste breithniú ar gach gné den bheartas a bhaineann leis an Roinn sin, lena n-áirítear an reachtaíocht atá beartaithe aici agus na Meastacháin maidir le caiteachas Rialtais uaithi.

Bunaítear coistí téamacha chun breithniú a dhéanamh ar thopaicí sonracha amhail gnóthaí Eorpacha nó achainíocha ón bpobal.

Cé na príomhfheidhmeanna atá ag coistí Oireachtais?

Is iad seo a leanas na príomhfheidhmeanna atá ag na coistí:

  • Reachtaíocht – dréachtreachtaíocht a ghrinnscrúdú sula bhfoilseofar í nó sula gcuirfear í ar aghaidh chuig Céim an Choiste; Billí a bhreithniú agus a leasú ag Céim an Choiste; agus dréacht-tograí reachtacha ón Aontas Eorpach (AE) a bhreithniú. 
  • Obair Ranna Rialtais a ghrinnscrúdú – tagann Airí os comhair coistí Oireachtais chun ceisteanna a fhreagairt maidir le gach ábhar beartais, caiteachais agus rialachais a bhaineann lena Roinn féin.
  • Comhairle a thabhairt maidir le saincheisteanna beartais – aighneachtaí a lorg ó thríú páirtithe agus éisteachtaí a thionól leo; tabhairt faoi chuairteanna lasmuigh den láthair; agus tuarascálacha a dhréachtú ina leagtar amach cinntí agus moltaí an choiste ar mhaithe le tionchar a imirt ar chinntí beartais nó ar reachtaíocht.

Cé na cumhachtaí atá ag coistí?

Áirítear iad seo a leanas leis na cumhachtaí atá ag coistí: an chumhacht chun aighneachtaí a lorg; an chumhacht chun éisteachtaí a thionól le páirtithe leasmhara, Airí ina measc; agus an chumhacht chun tuarascálacha a dhréachtú agus a fhoilsiú. Is ó cheann amháin nó ó dhá Theach an Oireachtais a fhaigheann na coistí na cumhachtaí sin nuair a bhunaítear iad. Beidh na coistí freagrach do na Tithe go fóill. Ina theannta sin, ní fhéadfaidh siad a gcumhachtaí nó a bhfeidhmeanna féin a leathnú ná a mhéadú ach amháin i gcás go dtabharfaidh na Tithe cead foirmiúil dóibh déanamh amhlaidh.

Cé na cineálacha coistí atá ann?

Tá ceithre chineál éagsúla coiste ann:

Comhchoiste
comhdhéanta de chomhaltaí den Dáil agus den Seanad araon

Roghchoiste
comhdhéanta de chomhaltaí ón Dáil nó ón Seanad, ach ní ón dá cheann díobh

Coiste Speisialta
Bunaíodh an coiste seo d’fhonn machnamh a dhéanamh ar ábhar sainiúil, agus chun na críche sin amháin, go hiondúil ar feadh tréimhse shonraithe ama, agus i ndiaidh na tréimhse sin ní mór dó tuairisc a thabhairt don Teach (do na Tithe)

Buanchoiste
Is gá coiste buan, de réir Buan-Orduithe ó cheachtar Teach, a bhunú tar éis olltoghcháin

Conas a cheaptar comhaltaí agus cathaoirligh chuig coistí?

Is gnách go léiríonn comhaltas gach coiste an céatadán de na suíocháin atá i seilbh gach ceann de na páirtithe polaitíochta sna Tithe. Ceapann Dáil Éireann cathaoirleach na gcoistí trí leas a bhaint as córas d’Hondt. Is foirmle é sin lena ríomhtar cathaoirleach na gcoistí chun ionadaíocht gach páirtí i Seomra na Dála a léiriú. Cuireadh an córas sin in ionad an chleachtais a bhí ann roimhe sin, áit ar tháinig formhór na gcathaoirleach ó pháirtithe a bhí sa rialtas.

Conas a dhéanann coiste bainistiú éifeachtach ar a chuid oibre?

Ar a bhunú, agus i dtús gach bliana, cinneann an comhchoiste cé na réimsí tosaíochta a ndíreoidh sé orthu agus cá mhéad ama a leithdháilfidh sé ar gach ceann de na tosaíochtaí sin sa bhliain atá le teacht. Ceanglaítear ar gach coiste a chlár oibre bliantúil a fhoilsiú agus é a chur isteach lena leagan i Leabharlann an Oireachtais. Uaslódáiltear na tuarascálacha sin ar leathanach Gréasáin gach coiste freisin. Is ó Dháil Éireann a thagann an chuid is mó de ghnó na roghchoistí. Is minic go mbíonn an t-ualach oibre ina leith sin an-trom, go háirithe toisc go mbíonn Billí an-teicniúil agus go mbíonn teorainn ama i gceist uaireanta maidir le tuairisc a thabhairt don Teach ina leith.

Ní mór don choiste ina iomláine a chlár oibre a phleanáil chun a chinntiú go mbainfear dea-úsáid as a chuid ama agus go gcuirfear béim straitéiseach roghnach ar na mór-shaincheisteanna nach mór dó iad a bhreithniú agus tuairisc a thabhairt don dá Theach ina leith. Ní mór gach saincheist arna breithniú ag coiste a bheith ag teacht leis an sainchúram atá air.

An ceanglas chun tuairisc a thabhairt don Teach/do na Tithe

I dteannta míreanna gnó a tharchuireann na Tithe chuig an gcoiste, is féidir leis an gcoiste féin a chinneadh scrúdú a dhéanamh ar shaincheist ar leith ar mhaithe le tionchar a imirt ar bheartas gaolmhar. I bhformhór na gcásanna, is é a bhíonn i gceist leis sin cuireadh a thabhairt do pháirtithe leasmhara aighneachtaí a dhéanamh ar an ábhar agus/nó freastal ar chruinniú poiblí chun saincheisteanna den sórt sin a phlé go mion. D’fhéadfadh go mbeadh na daoine seo a leanas i measc na bpáirtithe leasmhara lena mbaineann: an tAire; státseirbhísigh nó seirbhísigh phoiblí; agus ionadaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha nó ó ghrúpaí leasmhara eile. Is féidir leis an gcoiste an próiseas imscrúdaitheach sin a úsáid chun tátail a bhaint, agus meon an phobail agus sainchomhairle á gcothromú aige. I measc nithe eile, d’fhéadfadh go gcuirfeadh an coiste tuarascáil fhoirmiúil faoi bhráid na dTithe ansin, rud ina leagtar amach a chuid tuairimí agus moltaí.

I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh go gcinnfeadh coiste gur gá dó fochoiste a bhunú ar mhaithe le díriú ar phíosa gnó ar leith. Cé go dtugann fochoistí tuairisc don phríomhchoiste de ghnáth, bíonn sé de chumhacht acu i gcásanna áirithe tuairisc a thabhairt go díreach don Teach/do na Tithe.

Cé na feidhmeanna atá ag coiste Oireachtais i ndáil leis an Aontas Eorpach (AE)?

Tá Coiste tiomnaithe um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh ann, a imríonn ról tábhachtach maidir le breithniú iomlán a dhéanamh ar fhorbairtí tábhachtacha agus tionscnaimh thábhachtacha AE a théann i bhfeidhm ar Éirinn. Is minic a fhaightear dréacht-tograí reachtacha ón gCoimisiún Eorpach freisin. Cuirtear iad sin ar aghaidh chuig an gcoiste Oireachtais iomchuí lena n-athbhreithniú. Má mheastar gur gá grinnscrúdú níos mine a dhéanamh ar na dréacht-tograí, is é an coiste a thionscnóidh an obair sin.

Cruinnithe

Tionóltar cruinnithe coiste i gceithre cinn de sheomraí coiste saintógtha atá lonnaithe i dTeach Laighean 2000. Is cuid d’ionad Theach Laighean é sin agus téitear isteach ann tríd an bpríomhgheata ar Shráid Chill Dara. Is i seisiún poiblí a thionóltar cruinnithe coiste de ghnáth. Is gnách gur ag gach coiste a bhíonn aon sliotán socraithe cruinnithe in aghaidh na seachtaine. Is féidir cruinnithe breise a eagrú fad is atá seomra ar fáil.

Sceidil na gcoistí

Scaiptear sceideal na gcruinnithe coiste uile don tseachtain trí ríomhphost ar Aoine na seachtaine roimhe. Postáiltear an sceideal sin ar shuíomh Gréasáin an Oireachtais freisin. Is féidir le haon duine clárú chun an sceideal seachtainiúil a fháil. Má bhíonn aon athruithe nó aon nuashonruithe ar an sceideal, postálfar iad sin ar líne.

Córam

Is gá líon íosta comhaltaí coiste a bheith i láthair sula bhféadfar cruinniú a thosú. Mura bhfuil córam i láthair laistigh de 15 nóiméad tar éis an ama sceidealta tosaigh, ní fhéadfar dul ar aghaidh leis an gcruinniú agus caithfear é a athsceidealú le haghaidh am éigin eile an lá sin nó le haghaidh lá eile.

An nós imeachta agus an prótacal le haghaidh cruinnithe coiste

Tá feidhm ag Buan-Orduithe an dá Theach maidir le himeachtaí na gcoistí. Tá an cathaoirleach freagrach as na Buan-Orduithe a fhorfheidhmiú. Ní mór do chomhaltaí glacadh leis na cinntí ón gcathaoirleach agus géilleadh dóibh.

Is ann do choinbhinsiúin ghinearálta (nó rialacha ginearálta) freisin. Tá siad sin bunaithe ar nósanna agus cleachtais atá á leanúint le blianta anuas agus tá feidhm acu maidir le cruinnithe coiste chomh maith. Is iad seo a leanas roinnt de na príomhrialacha atá i bhfeidhm:

  • Is ag an gcathaoirleach a bheidh an tosaíocht – Má dhéanann an cathaoirleach idirghabháil le linn díospóireachta, ní mór d’aon chomhalta atá ag labhairt, nó atá ag fanacht le labhairt, géilleadh dó.
  • Labhairt le linn cruinniú coiste – Más mian le haon chomhalta labhairt le linn an chruinnithe, ba cheart dó an rún sin a chur in iúl don chathaoirleach agus fanacht go dtí go nglaofaidh an cathaoirleach air chun labhairt. Ba cheart do gach cainteoir tagairt don chathaoirleach. Níor cheart do chomhaltaí labhairt ná bosa a bhualadh agus iad lasmuigh den seomra coiste nó san áiléar poiblí.
  • Labhairt le comhaltaí – Tugtar “Teachta X” agus “Seanadóir X” ar chomhaltaí agus tugtar “Aire X” ar Airí den Rialtas agus ar Airí Stáit. Tugtar “cathaoirleach” ar an gcathaoirleach nó deirtear “A chathaoirligh” leis nuair atá duine ag labhairt, de réir mar is cuí.
  • Seisiún príobháideach – Is féidir le Coistí teacht le chéile i seisiún príobháideach. Is é an gnás gur i seisiún príobháideach a phléitear le saincheisteanna fódóireachta (amhail miontuairiscí a ghlacadh; comhfhreagras, dréacht-tuarascálacha, cláir oibre agus tograí taistil a bhreithniú; agus comhairle dlí). Is gnách go dtionóltar an seisiún príobháideach i dtús an chruinnithe nó ag deireadh an ghnó phoiblí. Is faoi rún a bheidh an díospóireacht a dhéantar le linn seisiún príobháideach ach amháin i gcás go gcinnfidh an coiste a mhalairt. 

An bhféadfaidh aon chomhalta páirt a ghlacadh i gcoiste?

Fiú amháin i gcás nach comhalta é de choiste ar leith, féadfaidh gach comhalta de dhá Theach an Oireachtais freastal ar chruinniú comhchoiste más mian leis déanamh amhlaidh agus féadfaidh sé páirt ghníomhach a ghlacadh sa chruinniú. Ní fhéadfaidh sé vóta a chaitheamh, tairiscint a dhéanamh ná leasuithe a thairiscint, áfach. Mar an gcéanna, féadfaidh gach Teachta Dála freastal ar chruinnithe roghchoiste agus páirt a ghlacadh iontu. Beidh eisceachtaí i bhfeidhm ina leith sin i gcás coistí speisialta áirithe agus buanchoistí áirithe.

Má tá Bille nó Meastachán á bhreithniú ag roghchoiste, beidh Aire na Roinne iomchuí ina chomhalta ex-officio (de bhrí oifige)[1] den choiste chun na críche sin agus beidh aige na cearta céanna mar atá ag aon chomhalta eile den choiste. 

Cén fheidhm atá ag coiste maidir le reachtaíocht?

An phríomhfheidhm atá ag an Oireachtas is ea dlíthe a dhéanamh, a leasú agus a aisghairm. Tá sé mar cheann de na feidhmeanna is tábhachtaí atá ag roghchoiste Dála breithniú a dhéanamh ar Bhillí a chuireann Dáil Éireann faoina bhráid. Tugtar Céim an Choiste ar an Tríú Céim de Bhille de ghnáth.

Má chinneann coiste aighneachtaí a lorg maidir le Bille, ba cheart dó an méid sin a dhéanamh sula mbainfidh an Bille Céim an Choiste amach. I gcás gur gá é sin a dhéanamh de bharr chineál agus chastacht an Bhille, féadfaidh coistí seisiún príobháideach faisnéise a iarraidh le hoifigigh na Roinne is urraitheoir sula gcuirfear tús le Céim an Choiste freisin.

Fiú amháin i gcás nach comhaltaí den roghchoiste iad, féadfaidh gach Teachta Dála leasuithe a chur síos ag Céim an Choiste. Féadfaidh siad freastal ar an gcruinniú chun na leasuithe a thairiscint agus a phlé freisin. Mar sin féin, ní fhéadfaidh duine nach comhalta den roghchoiste é vóta a chaitheamh ar na leasuithe sin ach amháin i gcás go bhfuil sé ag freastal ar an gcruinniú mar ionadaí foirmiúil do chomhalta den choiste.

Déantar scrúdú ar gach leasú arna gcur isteach. Mura gcloíonn aon leasú le Buan-Orduithe (rialacha na dTithe), measfaidh an cathaoirleach iad a bheith as ord. Cinneadh críochnaitheach is ea an cinneadh ón gcathaoirleach chun leasuithe a dhícheadú.

Grinnscrúdú airgeadais

Tá ról ríthábhachtach ag an bparlaimint maidir le rialtais a thabhairt chun cuntais trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar chinntí buiséid agus ar fheidhmíocht. Maidir le cláir chaiteachais an Rialtais a ghrinnscrúdú, tá sé de dhualgas ar na coistí earnála (roinne) breithniú a dhéanamh ar Mheastacháin Athbhreithnithe do Sheirbhísí Poiblí (na Meastacháin), ar Thuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí, agus ar athbhreithnithe luach ar airgead agus beartais, i measc nithe eile. Is é atá i gceist leis sin na pleananna caiteachais atá beartaithe ag Airí don bhliain airgeadais atá le teacht a cheistiú; grinnscrúdú a dhéanamh ar na torthaí a baineadh amach leis an airgead a ceadaíodh agus a caitheadh; agus breithniú a dhéanamh ar éifeachtacht an chaiteachais. 

Tá an Coiste um Chuntais Phoiblí freagrach as scrúdú a dhéanamh ar, agus tuairisciú do Dháil Éireann maidir le cuntais bhliantúla na ranna rialtais agus comhlachtaí poiblí eile, i ndiaidh don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste (ARC&C) iniúchadh ar na cuntais sin. Tá ceangal idir róil an Choiste agus an ARC&C mar is iad na comhlachtaí a ndéanann ARC&C iniúchadh orthu na comhlachtaí céanna atá freagrach don Choiste. 

Tá an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid, a bunaíodh i mí Iúil 2016, freagrach as ról an Oireachtais sa phróiseas foirmithe buiséid a fheabhsú. Déanfaidh an Coiste athbhreithniú ar na saincheisteanna maicreacnamaíochta agus fioscacha, a bhíonn i measc na nithe a bhíonn á meas nuair a bhíonn an buiséad á ullmhú. Faigheann próiseas mionscrúdaithe buiséid an Choiste treoir freisin ó thaighde fianaise-bhunaithe agus ó anailís a dhéanann an Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OPB), oifig neamhspleách.

Cén ról atá ag gach comhalta le linn cruinniú coiste?

Cathaoirleach
Tá an cathaoirleach freagrach as cathaoirleacht a dhéanamh ar chruinnithe coiste agus as cinntí a dhéanamh (breithiúnais a thabhairt) ar shaincheisteanna nós imeachta. Ní mór don chathaoirleach gníomhú ar bhealach neamhchlaonta. Ar an gcúis sin, i gcás gur mian le cathaoirleach tuairim a chur in iúl i bhfabhar le taobh amháin de dhíospóireacht, ba cheart dó an ról mar chathaoirleach a fhágáil agus a bheith ghnáthchomhalta den choiste ar feadh na díospóireachta sin.
Tá freagracht ar an gcathaoirleach freisin, le cabhair chléireach an choiste, as monatóireacht a dhéanamh ar dhul chun cinn an choiste de réir an chláir oibre chomhaontaithe.

Leaschathaoirleach
Féadfaidh coiste roghnú leaschathaoirleach a thoghadh, ar duine é a fhéadfaidh dualgais an chathaoirligh a chomhlíonadh agus údarás an chathaoirligh a fheidhmiú nuair a bhíonn an cathaoirleach as láthair. I gcás nach bhfuil cathaoirleach ná leaschathaoirleach i láthair, féadfaidh an coiste duine amháin dá chomhaltaí a thoghadh chun gníomhú mar chathaoirleach sealadach.

Comhaltaí eile
Tá dualgais mar chomhaltaí coiste ar na gnáthchomhaltaí eile den choiste freisin. Tá freagracht orthu as freastal ar chruinnithe agus páirt a ghlacadh iontu agus as cloí leis na rialacha díospóireachta.

Freagrachtaí maidir le clúmhilleadh agus pribhléid

Faoi mar a tharlaíonn i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann, tá comhaltaí faoi chosaint le pribhléid pharlaiminteach iomlán i ndáil le ráitis a dhéanann siad le linn cruinnithe coiste. Mar sin féin, tá dualgas orthu freisin gan mí-úsáid a bhaint as an bpribhléid sin, gan aon duine nó aon eintiteas a ainmniú ná a shainaithint agus gan ráitis a dhéanamh a d’fhéadfadh bheith clúmhillteach.

Tá finnéithe faoi chosaint le pribhléid iomlán freisin. Más amhlaidh, áfach, go gcuirtear duine eile i láthair ar bhealach mífhabhrach san aighneacht ón gcomhalta/ón bhfinné, féadfaidh an coiste treoir a thabhairt dó stopadh ag cur tuairimí in iúl ar an topaic lena mbaineann agus cosaint an chomhalta/an fhinné a laghdú go pribhléid shrianta má leanann siad ag cur na dtuairimí céanna in iúl.

Ba cheart do chomhaltaí agus d’fhinnéithe araon gan tuairimí a chur in iúl faoi shaincheist atá os comhair cúirt dlí faoi láthair nó faoi aon imeachtaí cúirte atá ar tí tosú toisc go bhféadfadh na tuairimí sin dul i gcion ar an mbreitheamh nó ar an ngiúiré sa chás.

Tá feidhm ag pribhléid pharlaiminteach freisin maidir leis an taifead oifigiúil scríofa ar chruinnithe coiste agus maidir le gach tuarascáil agus foilseachán oifigiúil de chuid an choiste, cibé áit a bhfoilsítear iad.

Cén uair a thugann coiste cuireadh d’fhinnéithe freastal ar chruinniú poiblí?

Tá ag formhór na gcoistí Oireachtais an chumhacht chun cuireadh a thabhairt do dhaoine nó do chomhlachtaí leasmhara freastal ar a gcruinnithe chun plé a dhéanamh ar aon ábhar a gcinneann an coiste scrúdú a dhéanamh air.

I dteannta aighneachtaí a lorg ar thopaic ar leith, faigheann na coistí a lán iarrataí ar chruinnithe freisin. Ní mór do choiste a chinntiú go dtagann an topaic atá beartaithe faoina shainchúram agus go bhfuil an topaic sin ag teacht le clár oibre an choiste sula dtionólfaidh sé aon éisteachtaí poiblí ina leith.

An gcuirtear dualgas éigeantach ar dhaoine freastal ar chruinniú?

I bhformhór na gcásanna, tugtar cuireadh do dhaoine freastal ar chruinnithe coiste agus is deonach a bhíonn an freastal sin. Coistí a bhfuil sé de chumhacht acu “daoine, páipéir agus taifid” a iarraidh, is iadsan amháin a fhéadfaidh a éileamh go bhfreastalóidh daoine ainmnithe ar chruinnithe agus go dtáirgfear páipéir agus ábhar eile. Maidir le haon choiste ag a bhfuil na cumhachtaí sin, ní mór dó iarratas a dhéanamh chuig an Teach ar chead chun na cumhachtaí a fheidhmiú faoi reachtaíocht ar a dtugtar an tAcht um Thithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta), 2013.

Cén dóigh a dtéann na coistí i dteagmháil leis an bpobal?

Is trí na coistí a dhéantar cuid mhór d’obair mhionsonraithe an Oireachtais. Mar sin, tugann na coistí deis don phobal páirt dhíreach a ghlacadh in obair an Oireachtais. Faoi mar atá tuairiscithe thíos, poiblítear obair na gcoistí ar roinnt bealaí difriúla.

  • Déanann na tuairisceoirí parlaiminteacha gach cruinniú coiste poiblí a thras-scríobh. Foilsítear tras-scríbhinn an chruinnithe ar shuíomh Gréasáin an Oireachtais trí lá nó ceithre lá ina dhiaidh sin. Is ionann an tras-scríbhinn sin agus an Tuairisc Oifigiúil ar chruinniú coiste.
  • Craoltar an chuid phoiblí den chruinniú beo ar líne agus is féidir í a sheinm an athuair ar líne tar éis an chruinnithe. Cuirtear píosaí scannáin ar fáil d’eagraíochtaí craolacháin freisin.
  • Féadfaidh daoine as an bpobal freastal ar sheisiúin phoiblí na gcruinnithe coiste agus amharc orthu ón áiléar poiblí, fad is go socraíonn siad é sin roimh ré trí theagmháil a dhéanamh le comhalta agus trí iarraidh air an chuairt a urrú. Ag brath ar an seomra coiste atá in úsáid, tá idir 20 áit agus 30 áit ar fáil san áiléar. Má tá baint ag duine den phobal le grúpa brústocaireachta nó le heagraíocht eile, ba cheart dó an bhaint sin a shonrú nuair atá sé ag iarraidh cead chun freastal ar an seisiún.
  • Uaireanta, déanann preasoifigigh na gcoistí preaseisiúintí a fhoilsiú roimh chruinnithe agus ina ndiaidh.
  • Tá leathanach tiomnaithe Gréasáin ag gach coiste ar www.oireachtas.ie. Nuashonraítear an leathanach sin gach seachtain chun an pobal a chur ar an eolas faoin topaic a bhreithneoidh an coiste ag an gcéad chruinniú eile dá chuid agus faoi na daoine a labhróidh os comhair an choiste lena linn. Tá faisnéis eile le fáil ar an leathanach Gréasáin freisin, lena n-áirítear sonraí faoi na comhaltaí, sonraí teagmhála, cóip den chlár oibre reatha agus cóipeanna de na tuarascálacha uile arna bhfoilsiú ag an gcoiste.

[1] Sa chás seo, baineann an téarma ‘ex-officio’ leis an ról atá ag an duine mar Aire.

Cé na seirbhísí tacaíochta atá ar fáil do na coistí?

Cléireach an choiste agus foireann rúnaíochta an choiste
An tSeirbhís Leabharlainne agus Taighde
Preasoifigigh
An Oifig Buiséid Pharlaiminteach
Sainchomhairleoirí

Nuashonraithe go deireanach: 23 Márta 2021

Barr
Roinn