Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Teilifís an Oireachtais

Íoslódáil comhaid físe

Tá comhaid uaire d’imeachtaí craolta ar fáil anois lena n-íoslódáil gach uair an chloig ar laethanta suí. Coinnítear comhaid ar feadh tréimhse leantach míosa.

Brabhsáil an chartlann

Féach ar fhíseáin d’imeachtaí a bhí ar siúl ó Mhárta 2016.

Éist ar an bhfón


Dáil Éireann + 353 (0) 1 618 4000

Seanad Éireann + 353 (0) 1 618 4001

Féach orainn ar an teilifís

CAINÉAL TEILIFÍSE

Féach orainn ar an teilifís

Craolann ár gcainéal teilifíse 24 uair an chloig sa lá chuig tithe na hÉireann trí Saorview, Sky, Virgin Media, eir Vision agus Vodafone.

Léirithe Theilifís an Oireachtais

INTÍ

Léirithe Theilifís an Oireachtais

Léirímid cláir faisnéise, plé painéil agus cainteanna stairiúla, agus craolaimid imeachtaí Oireachtais a mbíonn suim ag an bpobal iontu.

Cód cleachtais craolacháin

Tá sé de chuspóir againn seirbhís ábhartha mhealltach ar ardchaighdeán a thabhairt dár lucht féachana teilifíse. Cuireann Teilifís an Oireachtais fáilte roimh an uile aiseolas, idir dhiúltach agus dhearfach, ónár lucht féachana, ónár lucht éisteachta agus ónár lucht leanúna maidir le gné ar bith dár seirbhís, agus rachaidh sé i ngleic leis an aiseolas sin.

Tugtar breac-chuntas inár gcód cleachtais Craolacháin ar an dóigh a bhféadtar dul i ngleic leis an gcainéal.

Faigh rochtain ar eolas

Mar chraoltóir náisiúnta, cloíonn Teilifís an Oireachtais le rialacha rochtana a aontaíodh le hÚdarás Craolacháin na hÉireann maidir leis na leibhéil fotheidealaithe inár gcláir. Más mian leat gearán a chur isteach faoi cháilíocht na bhfotheideal ar Theilifís an Oireachtais tá tuilleadh eolais le fáil thíos.

Cóid leabaithe

Tá cóid leabaithe ar fáil dár mbeoshruthanna. Tá úsáid faoi réir ár rialacha clúdaigh. Bíonn an chreidiúint seo a leanas de dhíth: “Soláthraíonn Seirbhís Thithe an Oireachtais beoshruthú an Oireachtais. © Tithe an Oireachtais"

Má bhíonn aon cheisteanna agat faoi chóid leabaithe, seol ríomhphost chuig web@oireachtas.ie.

Ag craoladh i bparlaimintí eile

Tá Éire ar cheann de roinnt tíortha a chraolann imeachtaí beo, gan athrú óna reachtais. Ach ní dhéanann gach tír amhlaidh. Féach ar liosta reachtas ar fud an domhain a dhéanann beoshruthú ar imeachtaí ar líne (le caoinchead C-SPAN).

Sonraí teagmhála

Tá an tAonad Craolacháin freagrach as gach craolachán parlaiminteach, lena n-áirítear cainéal Theilifís an Oireachtais. Ba cheart fiosrúcháin maidir lenár gclár ISL nó le fotheidil a chur chuig Oifigeach Idirchaidrimh Rochtana Theilifís an Oireachtais. Ba cheart ceisteanna faoi chomhaid físeáin in-íoslódáilte a chur ar an bhFoireann Gréasáin.
 

An tAonad Craolacháin
Tithe an Oireachtais
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
+353 (0) 1 618 3789
broadcast@oireachtas.ie

Oifigeach Idirchaidrimh Rochtana Theilifís an Oireachtais
Tithe an Oireachtais
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
+353 (0) 1 618 3419
tim.clare@oireachtas.ie

An Fhoireann Gréasáin
Tithe an Oireachtais
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
+353 (0) 1 618 3066
web@oireachtas.ie

Barr
Roinn