Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Stair na Parlaiminte in Éirinn

TCÉ

Féach isteach

Reáchtáladh an chéad chruinniú de Dháil Éireann ar an 21 Eanáir 1919. Bhí parlaimintí de chineálacha éagsúla mar chuid de shaol na hÉireann ón 13ú haois go dtí 1801, áfach.

Amlíne ina dtaispeántar forbairt na bparlaimintí in Éirinn

Luathpharlaimintí

Ba iad na Normannaigh, a thosaigh ag lonnú in Éirinn sa bhliain 1169, an chéad dream a chuir riarachán láraithe i láthair na hÉireann. Tháinig an chéad Pharlaimint de chuid na hÉireann, a bhfuil taifead cinntitheach ann ina leith, le chéile ar an 18 Meitheamh 1264. Tionóladh an pharlaimint i nDíseart Diarmada i gContae Chill Dara. Ba lárionad riaracháin tábhachtach é an áit an t-am sin. Níor pharlaimint é an cruinniú de réir chiall an lae inniu. Ní raibh na comhaltaí ina n-ionadaithe tofa; giúróirí agus ridirí ag a raibh talamh ba ea iad. Tháinig siad le chéile lena fhiosrú an raibh sé de cheart ag an Ardeaspag Fulk Bassett de Sandeford cúirteanna a reáchtáil agus ceartas a chleachtadh.

Ba chosúil gur chuir an t-ardeaspag faoina choinne féin go rachadh sé i ngleic le cúrsaí, cé gur cúrsaí stáit a bhí iontu i ndáiríre. Tugann sé sin muid chuig téama an-chomhaimseartha – an caidreamh idir an eaglais agus an stát.
An Seanadóir Ivana Bacik, Seanad Éireann, an 18 Meitheamh 2014

Tá cuntas scríofa ar an gcruinniú sa Leabhar Dubh in Ardeaglais Theampall Chríost, Baile Átha Cliath. Ar an 18 Meitheamh 2014, rinne an Seanad 750 bliain ó tionóladh an chéad pharlaimint ar taifead in Éirinn a chomóradh.

Lean Parlaimint na hÉireann ar aghaidh i mbun feidhme, i bhfoirmeacha éagsúla, ar feadh níos mó ná 500 bliain. Orthu sin bhí Tionól Ginearálta Chomhdháil Chill Chainnigh idir 1642 agus 1649, “an Pharlaimint Thírghrách” sa bhliain 1689 agus “Parlaimint Grattan” idir 1782 agus 1800. Bhí an prionsabal ar bunaíodh Dáil Éireann dá réir sa bhliain 1919 in easnamh sna tionóil sin, áfach. Ba é an prionsabal sin gurb é pobal ceannasach na hÉireann foinse gach cumhachta reachtaíochta, feidhmiúcháin agus breithiúnais agus gur eascair na cumhachtaí sin ón bpobal céanna.

Pictiúr de Henry Grattan ag labhairt os comhair Theach na dTeachtaí in Éirinn

Henry Grattan ag labhairt os comhair Theach na dTeachtaí in Éirinn, ar stíl Francis Wheatley / Le caoinchead ó whytes.com

Tháinig Parlaimint na hÉireann le chéile i mórán láithreacha difriúla le himeacht na mblianta, lenar áiríodh Caisleán Bhaile Átha Cliath. Sa bhliain 1729, cuireadh tús le tógáil foirgnimh ar leith – an chéad teach parlaiminte ar domhan a tógadh go speisialta agus a raibh dhá sheomra ann. Bhí sé cosúil le Parlaimint na Breataine – Teach na dTeachtaí a raibh Ceann Comhairle i gceannas air, agus Teach na dTiarnaí ina raibh tiarnaí Éireannacha agus easpaig Eaglais na hÉireann.

An tAontas leis an mBreatain Mhór, 1801

I ndiaidh Réabhlóid na Fraince agus Éirí Amach na hÉireann i 1798, theastaigh ón Rialtas i Londain Éire a thabhairt faoina rialú díreach. Cuireadh ina luí ar Pharlaimint na hÉireann Acht an Aontais 1800 (Act of Union 1800) a rith, agus ba bhualadh na creille é sin di.

I have heard of Parliament impeaching Ministers, but here is a Minister impeaching Parliament.
Henry Grattan, Irish House of Commons, January 1800

Tháinig deireadh le Parlaimint na hÉireann in 1801 tar éis do chruthú Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus na hÉireann agus do chónascadh an dá pharlaimint de thoradh Acht an Aontais (Act of Union). Anois ghlac Feisirí agus tiarnaí Éireannacha lena suíochán i bPálás Westminster agus díoladh Teach na Parlaiminte le Banc na hÉireann.

Líníocht de Pharlaimint Mhór na hÉireann, a toghadh in 1790

Parlaimint Mhór na hÉireann, a toghadh in 1790 / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Nuair a chuirtear san áireamh nach raibh ach 100 suíochán i dTeach na dTeachtaí agus 28 suíochán i dTeach na dTiarnaí, is cinnte nach raibh mórán ionadaithe tofa as Éirinn ann. Bhí Fear Ionaid an Rí i mbun riarachán laethúil na hÉireann, arna ainmniú ag Rialtas na Ríochta Aontaithe.

Chuir an deireadh le Parlaimint na hÉireann le cor chun donais eacnamaíoch i mBaile Átha Cliath. De bharr sheisiúin na Parlaiminte, chónaíodh tiarnaí Éireannacha, a dteaghlaigh agus a ngiollaí, sa chathair ar feadh seala gach bliain. I ndiaidh an Aontais, dhíol cuid mhór de na teaghlaigh sin a dtithe móra i mBaile Átha Cliath agus chaithidís níos mó ama thall i Londain.

An Chéad Dáil, 1919

Tar éis Éirí Amach na Cásca in 1916, agus tar éis na mbásuithe a d'eascair uaidh, thosaigh muintir na hÉireann ag dul i gcoinne choróin na Breataine. In olltoghchán na bliana 1918, ghnóthaigh Sinn Féin, an páirtí náisiúnach, 73 cinn den 105 suíochán Éireannach i dTeach na dTeachtaí. Gheall Sinn Féin gan suí in Westminster, áfach. Bhí rún acu tionól neamhspleách a bhunú in Éirinn.

Chomhlíon an páirtí a ngealltanas agus thug siad cuireadh don uile ionadaí tofa Éireannach freastal ar thionól parlaiminte i mBaile Átha Cliath. Tháinig an chéad Dáil le chéile i Seomra Cruinn Theach an Ard-Mhéara ar an 21 Eanáir 1919. Bhí an seomra lán go doras le lucht féachana agus iriseoirí. Bhí i bhfad níos mó acu siúd ann ná an 27 Comhalta a bhí i láthair. Dhiúltaigh Teachtaí Parlaiminte Aontachtacha agus Teachtaí Parlaiminte Pháirtí na hÉireann a bheith i láthair agus tá siad liostaithe sa Tuairisc Oifigiúil mar “as láthair”. Liostaíodh go leor de Chomhaltaí Shinn Féin mar “ar díbirt ag Gallaibh” nó “fé ghlas ag Gallaibh” (ar a dteitheadh nó i bpríosún ag údaráis na Breataine). Ina measc siúd bhí an Chuntaois de Markievicz, a bhí i bpríosún Holloway i Londain.

Comhaltaí na chéad Dála lasmuigh de Theach an Ard-Mhéara, an 22 Eanáir 1919 / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Ghlac na Comhaltaí den Dáil le Bunreacht sa suí a mhair dhá uair an chloig. Lena chois sin, léigh siad Forógra Neamhspleáchais os ard – i nGaeilge a chéaduair, i bhFraincis ina dhiaidh sin, agus i mBéarla ar deireadh. Daingníodh Poblacht na hÉireann san fhorógra sin – an Phoblacht a fógraíodh Luan Cásca 1916 inar ordaíodh “nach bhfuil de chumhacht ag aon duine ach amháin ag na Teachtaí tofa ag muintir na hÉireann dlíthe a dhéanamh ar dual do mhuintir na hÉireann géilleadh dóibh, agus nach bhfuil de pharlaimint ann a mbeidh an náisiún umhal di ach amháin Dáil Éireann”.

We ordain that the elected Representatives of the Irish people alone have power to make laws binding on the people of Ireland, and that the Irish Parliament is the only Parliament to which that people will give its allegiance
From the Declaration of Independence, Dáil Éireann, 21 January 1919

Ina dhiaidh sin, d’iarr an Dáil ar náisiúin shaora an domhain “Saorstát Éireann a chothú trí náisiúntacht Éireann féin a admháil agus a bheith de bhua aici an náisiúntacht sin a dheimhniú i láthair Chomhdháil na Síochána” Leag an Dáil clár daonlathach amach freisin inar sonraíodh an mhian a bhí aici maidir le rialú na hÉireann, “Dearbhaímid gur mian linn an ceart, an tsaoirse agus cothrom do chách a bheith mar bhuntacaí rialú na tíre, agus nach bhfuil d’urrús le buanú Rialtais ná saorthoiliú na ndaoine chuige ach é.”

Bhí an chéad chruinniú den Dáil i 1919 ar siúl fad a bhíothas ag cur tús le hionsaithe treallchogaíochta in aghaidh fhórsaí slándála na Breataine. D’eascair Cogadh na Saoirse ó na hionsaithe sin. I mí Mheán Fómhair, fógraíodh go raibh an Dáil ina cumann contúirteach agus cuireadh cosc uirthi. Lean an Dáil ar aghaidh ag teacht le chéile faoi rún, áfach.

Chun tuilleadh a fhoghlaim faoin gCéad Dáil, tabhair cuairt ar www.dail100.ie.

An Dara Dáil, 1921

Rith Westminster an tAcht um Rialú na hÉireann (Government of Ireland Act) sa bhliain 1920 inar tugadh Rialtas Dúchais d’Éirinn. Mar sin féin, cruthaíodh dhá pharlaimint seachas ceann amháin leis – ceann i mBaile Átha Cliath i gcomhair Dheisceart Éireann agus ceann i mBéal Feirste faoi choinne Thuaisceart Éireann. Dearbhaíodh ceannasacht na Breataine ar Éirinn leis chomh maith. Lean Cogadh na Saoirse ar aghaidh.

Grianghraf de Thithe an Rialtais

Thionóil Parlaimint Dheisceart na hÉireann a céad chruinniú i gColáiste Ríoga na hEolaíochta in Éirinn, Tithe an Rialtais anois / Le caoinchead Roinn an Taoisigh

Reáchtáladh olltoghchán i mí na Bealtaine 1921 chun na 128 suíochán i dTeach na dTeachtaí nua i nDeisceart Éireann agus na 52 suíochán i dTeach Thuaisceart Éireann, a líonadh. Lánscoireadh an Chéad Dáil agus measadh gur thoghchán chun Dáil Éireann an toghchán sin. Ghnóthaigh Sinn Féin 124 suíochán i nDeisceart Éireann agus sé shuíochán sa Tuaisceart.

Tháinig Parlaimint úr Dheisceart Éireann le chéile i mí an Mheithimh, ach ní raibh i láthair ach an ceathrar Comhaltaí de Theach na dTeachtaí nua nár Chomhaltaí de chuid Shinn Féin iad. Chuaigh an pharlaimint ar athló sine die agus lánscoireadh í an bhliain dár gcionn.

Fógraíodh sos cogaidh i gCogadh na Saoirse i mí Iúil, ach cuireadh an chaibidlíocht maidir le réiteach deiridh siar.

Grianghraf de shlua lasmuigh de Theach an Ard-Mhéara

Slua cruinnithe lasmuigh de Theach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath, an 8 Iúil 1921 / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Thionóil na Comhaltaí tofa de chuid Shinn Féin an Dara Dáil ar an 16 Lúnasa 1921. Ba é Teach an Ard-Mhéara an t-ionad arís. I measc na chéad mhíreanna gnó bhí plé le déanamh ar an sos cogaidh agus bhí toscaireacht le ceapadh le dul anonn go Londain agus caibidlíocht a dhéanamh ar son conradh ceangailteach. Shínigh na toscairí an Conradh Angla-Éireannach ar an 6 Nollaig, ach bhí sé faoi réir a dhaingnithe ag an Dáil.

Grianghraf den Dáil ag teacht le chéile i dTeach an Ard-Mhéara, Lúnasa 1921

Tháinig an Dáil le chéile i dTeach an Ard-Mhéara, Baile Átha Cliath i mí Lúnasa 1921 / Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

If I am a traitor, let the Irish people decide it or not, and if there are men who act towards me as a traitor I am prepared to meet them anywhere, any time, now as in the past. For that reason I do not want the issue prejudged. I am in favour of a public session here now.
Michael Collins, Dáil Éireann, 14 December 1921

I sraith suíonna den Dáil a thosaigh an 14 Nollaig – sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath ar Ardán Phort an Iarla an t-am seo – rinne na Comhaltaí díospóireacht ar an gconradh. Dhaingnigh an Dáil an conradh le 64 vóta in aghaidh 57 vóta ar an 7 Eanáir 1922 agus d’fhógair Uachtarán Dháil Éireann, Éamon de Valera, go raibh sé i gceist aige éirí as.

I have seen the stars, and I am not going to follow a flickering will-o'-the-wisp, and I am not going to follow any person juggling with constitutions and introducing petty tricky ways into this Republican movement which we built up.
Countess de Markievicz, Dáil Éireann, 3 January 1922

Ba léiriú an deighilt sin sa Dáil ar an scoilt nimhneach i Sinn Féin, rud ba bhunús le titim an pháirtí as a chéile i bhfad na haimsire. Scoilt arm na hÉireann freisin, agus dhiúltaigh an taobh a bhí in éadan an Chonartha an Dáil a aithint; thosaigh siad ag ullmhú i gcomhair cogaidh ach airm a chruinniú agus seilbh a ghabháil ar fhoirgnimh straitéiseacha.

Bunaíodh Rialtas sealadach de réir théarmaí an Chonartha. Cé nár aithin Rialtas na Breataine an Dara Dáil, leanadh de shuíonna agus d’fheidhmiú na Dála ag an am céanna leis an Rialtas sealadach.

Féach ar vóta na Dála maidir leis an gConradh Angla-Éireannach anseo.

Cuireadh olltoghchán ar siúl ar an 24 Meitheamh 1922. Ghnóthaigh taobh Shinn Féin a bhí ar son an Chonartha 58 suíochán i gcomparáid le 35 suíochán an taoibh a bhí in éadan an Chonartha. Sula raibh an mhí istigh, theip ar na hiarrachtaí an t-arm a aontú agus cuireadh tús leis an gCogadh Cathartha.

Tháinig an Tríú Dáil le chéile i dTeach Laighean ar an 9 Meán Fómhair 1922. Ní raibh na Comhaltaí a bhí in éadan an Chonartha i láthair toisc go raibh siad ag déanamh baghcait uirthi. Ghlac an Dáil le Bunreacht Shaorstát Éireann i mí Dheireadh Fómhair. Sainmhíníodh an tOireachtas ann mar an Dáil, an Seanad agus an Rí. Tháinig Saorstát Éireann i bhfeidhm i mí na Nollag 1922 agus dlínse aige ar shé cinn is fiche den dá chontae is tríocha.

I think that Kings in Constitutions are like kings in chess, and that really the important piece in the Constitution is that person whoever it may be that is chosen to be the Premier or President
Deputy Darrell Figgis, Dáil Éireann, 25 October 1922

Mhaolaigh an Cogadh Cathartha i 1923 agus, i 1927, thug roinnt polaiteoirí a bhí in éadan an Chonartha an mhionn agus chuaigh siad isteach sa Dáil.

An Chéad Seanad, 1922

Roimh Acht an Aontais (Act of Union), bhí struchtúr Pharlaimint na hÉireann cosúil le struchtúr Pharlaimint na Breataine – Teach na dTeachtaí agus Teach na dTiarnaí. Bhí Teach Uachtarach le bheith i bParlaimint Dheisceart Éireann, a bunaíodh i 1920, chomh maith. Thabharfaí an Seanad ar an Teach sin agus bheadh 64 Comhaltaí ann. Roghnaíodh 40 Seanadóir in olltoghchán na bliana 1921 ach rinne mórán acu baghcat ar an bParlaimint agus ní raibh ach 15 i láthair ag an gcéad chruinniú. Níor éirigh le Parlaimint Dheisceart Éireann agus cuireadh deireadh leis i 1922.

Rinneadh foráil le Bunreacht Shaorstát Éireann, ar ghlac an Tríú Dáil leis i 1922, maidir le teach uachtarach a bhunú ar a dtabharfaí Seanad Éireann. Bheadh 60 Comhalta sa Seanad sin. Foráladh leis an mBunreacht gur cheart go mbeadh sa Seanad saoránaigh a raibh onóir déanta acu don náisiún mar gheall ar sheirbhís phoiblí úsáideach, nó, de bhrí cáilíocht nó bua speisialta a bheith acu, a raibh tréithe tábhachtacha de shaol an náisiúin léirithe acu.

Tháinig Seanad Shaorstát Éireann le chéile den chéad uair ar an 11 Nollaig 1922. Bhí an gá le deireadh a chur leis na gníomhartha foréigin sa tír ar cheann de na chéad díospóireachtaí a bhí aige.

We drifted from abuses into fighting, and we went on from that to the burning of houses and murder, and from that to reprisals, all the time being shocked at each thing that happened, but whatever happens now we take it as a matter of course.
Senator Maurice Moore, Seanad Éireann, 12 December 1922

I measc na gComhaltaí den Seanad bhí iar-aontachtaithe agus daoine a raibh teidil oidhreachtúla na Breataine orthu. Dhóigh fórsaí sa Chogadh Cathartha, a bhí in éadan an Chonartha, cuid mhór dá dtithe. Fiú tar éis an Chogaidh Chathartha bhíothas idir dhá chomhairle faoi cibé acu an raibh nó nach raibh gá le teach Uachtarach. Dúirt an Teachta Seán Lemass sa Dáil sa bhliain 1928, “ba chóir go gcuirfeadh ionadaithe an phobail deireadh le bábhún seo an impiriúlachais an chéad seans a gheobhaidh siad.”

Ní dheachaigh cúrsaí caidrimh chun feabhais sa bhliain 1932 nuair a chuir an Seanad i gcoinne reachtaíochta chun deireadh a chur leis an mionn a bhí le tabhairt ag Comhaltaí den Oireachtas. Tionóladh an suí deireanach den Chéad Seanad ar an 19 Bealtaine 1936 agus cuireadh deireadh leis go luath ina dhiaidh sin.

Bunreacht na hÉireann, 1937

Bhí Bunreacht Shaorstát Éireann, ar ghlac an Dáil leis i 1922, fós i bhfeidhm ag deireadh na bliana 1936 ach leasaíodh 27 uair é. Mar gheall ar roinnt leasuithe laghdaíodh oifig Sheanascal Shaorstát Éireann, ionadaí an Rí. Chuir na leasuithe sin deireadh leis an oifig sa deireadh. Baineadh gach tagairt don rí den Bhunreacht, scriosadh na dáilcheantair ollscoile sa Dáil agus cuireadh deireadh leis an Seanad.

Cuireadh Bunreacht na hÉireann in ionad Bhunreacht Shaorstát Éireann ar an 1 Iúil 1937. Chuir an Bunreacht úr bonn faoi Oireachtas na linne seo agus eascraíonn feidhmeanna agus cumhachtaí an Oireachtais uaidh.

Grianghraf de Bhunreacht na hÉireann

Bunreacht na hÉireann

Tugadh an t-ainm Éire (Ireland i mBéarla) don Stát sa Bhunreacht agus dearbhaíodh ann, “Is Stát ceannasach, neamhspleách, daonlathach Éire.” Thabharfaí an Taoiseach ar cheannasaí an Rialtais agus rinneadh foráil maidir le Seanad Éireann nua. Bunaíodh oifig Uachtarán na hÉireann leis an mBunreacht freisin. Léigh Bunreacht na hÉireann anseo.

An Chéad Uachtarán, 1938

Rinneadh Dubhglás de híde (Douglas Hyde, nom de plume, “An Craoibhín Aoibhinn”) a insealbhú mar chéad Uachtarán na hÉireann ar an 25 Meitheamh 1938.

Foghlaim tuilleadh faoi Uachtarán na hÉireann anseo.

An Dara Seanad, 1938

Rinneadh foráil leis an mBunreacht nua i 1937 maidir le Seanad Éireann úr a bhunú. Ní bheadh an oiread céanna cumhachta ag an Seanad an t-am seo chun bac a chur ar reachtaíocht arna moladh ag an Dáil. Dhéanfadh na Comhaltaí ionadaíocht do ghrúpaí gairme fearacht talmhaíochta, tionsclaíochta agus oideachais.

Buaileann an Seanad le chéile in iar-bhálseomra Theach Laighean sa lá atá inniu ann

Bhí an t-olltoghchán don Seanad nua ann i mí an Mhárta 1938. Tionóladh an chéad suí den Dara Seanad ar an 27 Aibreán 1938. Diúltaíodh togra i reifreann sa bhliain 2013 chun deireadh a chur le Seanad Éireann. Tá an Seanad fós ann sa lá atá inniu ann.

Poblacht na hÉireann, 1949

Cé nach raibh nasc na hÉireann leis an mBreatain chomh láidir agus a bhíodh, d’fhan sí sa Chomhlathas i rith an ama agus bhí teideal an cheannaire fós ar mhonarc na Breataine maidir le caidreamh seachtrach na hÉireann. Cúis náire ba ea an méid sin thar lear – mar shampla sa bhliain 1947, fágadh ambasadóir na hÉireann chun na Vatacáine ag fanacht sa Róimh ar feadh trí seachtaine go dtí go síneodh an Rí a chuid cáipéisí.

This Bill will end, and end forever, in a simple, clear and unequivocal way this country's long and tragic association with the institution of the British Crown
The Taoiseach, Deputy John Costello, Dáil Éireann, 24 November 1948

Briseadh an nasc deiridh le Monarcacht na Breataine le hAcht Phoblacht na hÉireann, 1948, a tháinig i bhfeidhm ar an 18 Aibreán 1949. Luadh ann, “Féadfaidh an tUachtarán, le húdarás agus ar chomhairle an Rialtais, cumhacht chomhallach nó aon fheidhm d’fheadhma comhallacha an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach d’oibriú.” Luadh ann freisin gur “Poblacht na hÉireann” is gnéthuairisc ar an Stát ach is é Éire ainm an Stáit fós de réir Airteagal 4 den Bhunreacht.

Léigh díospóireacht na Dála (an Dara Céim) ar Bhille Phoblacht na hÉireann, 1948 anseo.

Nuashonraithe go deireanach: 7 Deireadh Fómhair 2020

Barr
Roinn