Chun smaointe a fháil faoin gcaoi leis an mBille nó Acht atá á lorg agat a aimsiú, breathnaigh ar na cuardaigh shamplacha seo.
Cuardaigh shamplacha
- Tá a fhios agam go dtosaíonn an teideal leis an litir “C”.
-
Clóscríobh c* sa réimse Eochairfhocal agus cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh.
Leis seo, beidh Billí agus Achtanna dar tús an litir “C” i dtorthaí an chuardaigh.
- Tá a fhios agam go mbaineann an Bille le leanaí.
-
Cló isteach leanaí sa réimse Eochairfhocal agus cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh.
Tugann sé seo ar ais Billí agus Achtanna a bhfuil an focal leanaí ina dteidil.
- Tá a fhios agam go mbaineann an Bille le leanaí agus oideachas.
-
Cló isteach leanaí oideachas sa réimse Eochairfhocal agus cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh.
Tugann sé seo ar ais Billí agus Achtanna a bhfuil an focal leanaí agus an focal oideachas, in ord ar bith, ina dteidil.
- Tá a fhios agam go mbaineann an Bille le leanaí agus uchtú ach nuair a chuardaigh mé na heochairfhocail sin ní bhfuair mé aon torthaí.
-
B’fhéidir go bhfuil na heochairfhocail i dteideal fada an Bhille. Cliceáil ar Taispeáin ardroghanna agus roghnaigh an ticbhosca Cuardaigh teideal fada.
Tugann sé seo ar ais Billí agus Achtanna a bhfuil na focail leanaí agus uchtú sa teideal gearr nó sa teideal fada.
- Ceapaim go bhfuil an focal leanbh, cúram leanaí nó leanaí ag tús teidil an Bhille.
-
Cló isteach Lean* sa réimse Eochairfhocal agus cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh. Caithfidh tú L mór a chló, mar go bhfuil an cuardach seo cásíogair.
Leis seo, beidh Billí agus Achtanna dar tús an focal Leanbh agus ina bhfuil focail eile a thosaíonn le Leanbh i dtorthaí an chuardaigh.
- Tá a fhios agam gur foilsíodh an Bille in 2014.
-
Clóscríobh 2014 sa réimse Bliain/Blianta agus cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh.
Tugann sé seo ar ais na Billí ar fad a foilsíodh in 2014. (Áirítear freisin ann Billí a achtaíodh in 2014.)
- Tá a fhios agam gur achtaíodh an Bille in 2014.
-
Sa roghchlár anuas Taispeáin roghnaigh Achtanna agus sa réimse Bliain/Blianta clóscríobh 2014. Ná déan dearmad cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh.
Tugann sé seo ar ais Billí a achtaíodh in 2014. (Áirítear ann freisin Billí achtaithe a foilsíodh den chéad uair in 2014.)
- Tá a fhios agam gur foilsíodh an Bille in 2014 ach nár achtaíodh riamh é.
-
Sa roghchlár anuas Taispeáin roghnaigh Billí agus sa réimse Bliain/Blianta clóscríobh 2014. Ná déan dearmad cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh.
Tugann sé seo ar ais Billí a foilsíodh in 2014 atá fós roimh na Tithe nó atá imithe i léig, a cloíodh nó a aistarraingíodh.
- Ba mhaith liom liosta in ord aibítre de na Billí agus Achtanna faoin tsláinte a fheiceáil.
-
Cló isteach sláinte sa réimse Eochairfhocal agus cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh.
Cliceáil ar an réimse Sórtáil de réir agus roghnaigh Ord aibítre.
- Tá a fhios agam gur thug Comhalta freasúra an Bille chun cinn.
-
Cliceáil ar Taispeáin ardroghanna agus roghnaigh an ticbhosca Billí Comhaltaí Príobháideacha.
- Tá a fhios agam cé a thionscain an Bille.
-
Má thionscnaíonn Comhalta reatha de cheachtar Teach an Bille, oscail próifíl an Chomhalta agus scrollaigh anuas chun na Billí is déanaí a thionscain siad a fheiceáil. Cliceáil Féach ar níos mó Billí a d'urraigh an Comhalta seo.
- Táim ag lorg Bille Uimh. 129 de 2018.
-
Clóscríobh 129 sa réimse le haghaidh agus cló isteach 2018 sa réimse Bliain/Blianta. Ná déan dearmad cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh.
- Táim ag lorg Acht Uimh. 25 de 2018.
-
Sa réimse Taispeáin roghnaigh Achtanna, agus sa réimse le haghaidh clóscríobh 25, agus sa réimse Bliain/Blianta clóscríobh 2018. Ná déan dearmad cliceáil ar an gcnaipe Cuardaigh.