Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Vótáil in Éirinn

TCÉ

Féach isteach

De réir dhlí na hÉireann, ní fhéadfaidh tréimhse feidhme na Dála bheith níos faide ná cúig bliana ar fad. Fágann sé sin nach mór an Dáil a lánscor gach cúig bliana ar a laghad agus olltoghchán a reáchtáil laistigh de 30 lá. Tarlaíonn toghchán don Seanad suas go dtí 90 lá tar éis Dáil Éireann a lánscor. Is é seacht mbliana uastéarma oifige an Uachtaráin.

An Dáil

Is iad muintir na hÉireann a thoghann Comhaltaí Dháil Éireann in olltoghchán. Ní mór olltoghchán a reáchtáil gach cúig bliana ar a laghad. Tá gach saoránach Éireannach agus gach saoránach Briotanach a bhfuil cónaí orthu in Éirinn agus atá 18 mbliana d’aois nó níos sine i dteideal vóta a chaitheamh.

Chun críche na n-olltoghchán, déantar an tír a roinnt ina 39 ceantar ar a dtugtar dáilcheantair. Ní hionann méid na ndáilcheantar go léir agus is féidir go dtoghfar triúr, ceathrar nó cúigear Teachtaí Dála astu. Is féidir teorainneacha dáilcheantair a athbhreithniú bunaithe ar thorthaí athraitheacha daonáirimh.

Baineann Éire úsáid as córas ionadaíochta cionmhaire agus tá aonvóta inaistrithe ag gach vótálaí. Ar lá na vótála, tugtar páipéar ballóide do vótálaithe. Tá ainm na n-iarrthóirí go léir ina ndáilcheantar le fáil ar an bpáipéar ballóide sin. Ní vótálann na vótálaithe d’iarrthóir amháin. Ina ionad sin, is féidir leo vótáil do roinnt iarrthóirí de réir a rogha trí uimhir a haon a shannadh dá gcéad rogha, uimhir a dó a shannadh d’iarrthóir an dara rogha agus mar sin de. I gcás ina bhfaigheann an t-iarrthóir a sannann vótálaí uimhir a haon dó níos mó vótaí uimhir a haon ná a theastaíonn uaidh le bheith tofa, déantar barrachas an iarrthóra sin a athdháileadh. Fágann sé sin go n-aistrítear chuig na hiarrthóirí eile na vótaí uimhir a dó ar na páipéir bhallóide bharrachais.

An Seanad

Tá 60 suíochán sa Seanad. Toghtar 43 Comhalta ó chúig rolla gairme a dhéanann ionadaíocht do na leasanna seo: saíocht agus oideachas, talmhaíocht, saothar, tionscal agus tráchtáil, agus riarachán poiblí. Tá Comhaltaí den Dáil reatha, Comhaltaí den Seanad atá ag dul as oifig agus Comhaltaí de na comhairlí contae i dteideal vótáil i dtoghcháin rolla an tSeanaid. Arís, is é an córas ionadaíochta cionmhaire (aonvóta inaistrithe) an córas a mbaintear úsáid as.

Ainmníonn an Taoiseach nua 11 Comhalta eile chuig an Seanad. Is iad na céimithe ó ollscoileanna áirithe a thoghann an seisear Seanadóirí atá fágtha. Toghann Ollscoil na hÉireann triúr agus toghann Ollscoil Bhaile Átha Cliath, Coláiste na Tríonóide, an triúr eile.

An tUachtarán

Toghtar an tUachtarán gach seacht mbliana. Ní fhéadfaidh an tUachtarán bheith i seilbh oifige ar feadh níos mó ná dhá théarma, nó 14 bliana déag ar a mhéad. Ní mór do na hiarrthóirí sa toghchán Uachtaránachta a bheith ina saoránaigh Éireannacha agus bheith níos mó ná 35 bliain d’aois. Ní mór dóibh ainmniúcháin le haghaidh an toghcháin a fháil ó 20 Comhalta ar a laghad den Oireachtas nó ó cheithre údarás áitiúla ar a laghad.

Tá saoránaigh Éireannacha atá 18 mbliana d’aois nó níos sine i dteideal vóta a chaitheamh. Cosúil leis an olltoghchán, baintear úsáid sa toghchán Uachtaránachta as an gcóras ionadaíochta cionmhaire (aonvóta inaistrithe). Ní chuirfear aon bhallóid ar siúl mura bhfuil ach iarrthóir amháin ann.

Parlaimint na hEorpa

Tionóltar toghcháin chuig Parlaimint na hEorpa ar fud na hEorpa gach cúig bliana. Toghann saoránaigh gach ballstáit líon áirithe Feisirí de Pharlaimint na hEorpa, chun ionadaíocht a dhéanamh dá leasanna. Toghann saoránaigh na hÉireann 13 Fheisire de Pharlaimint na hEorpa.

Ar mhaithe le toghcháin Pharlaimint na hEorpa, tá trí dháilcheantar in Éirinn, is iad sin, Baile Átha Cliath, an Deisceart agus Lár Tíre-Iarthuaisceart. Toghtar ceathrar Feisirí de Pharlaimint na hEorpa i mBaile Átha Cliath, cúigear chun ionadaíocht a dhéanamh ar an Deisceart agus ceathrar i Lár Tíre-Iarthuaisceart.

Foghlaim tuilleadh

Féach ar ár leathanach Toghcháin le haghaidh thorthaí thoghcháin na Dála agus an tSeanaid.

Chun tuilleadh eolais a fháil ar thoghcháin, féach gov.ie.

Nuashonraithe go deireanach: 25 Márta 2021

Barr
Roinn