Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Gluais

A

Acht
Dlí ar chuir Uachtarán na hÉireann a lámh leis

Leasú
Athrú molta ar mhionsonraí Bille

B

Na Cúlbhinsí
Na suíocháin ar a suíonn Teachtaí Dála agus Seanadóirí murar Airí nó urlabhraithe dá bpáirtí iad

Bille
Dréacht de dhlí nua nár rith an tOireachtas go fóill

Buiséad
Plean airgeadais bliantúil an Rialtais 

Bunreacht na hÉireann
Bunreacht na hÉireann

Corrthoghchán
Toghchán a reáchtáiltear nuair a thagann folúntas aníos do shuíochán sa Dáil nó sa Seanad le linn thréimhse feidhme na Dála. De ghnáth, tarlaíonn sé sin mar go bhfuair an TD nó an Seanadóir a raibh an suíochán aige bás, gur éirigh sé as nó nach bhfuil sé incháilithe chun leanúint ar aghaidh sa suíochán ar chúis éigin

C

An Chomh-aireacht
Grúpa d’Airí sinsearacha a roghnaíonn an Taoiseach iad. Tá comhfhreagracht ar an ngrúpa as beartas rialtais agus déanann sé maoirseacht agus comhordú ar obair na ranna éagsúla rialtais 

Cathaoirleach

An Ceann Comhairle
Cathaoirleach Dháil Éireann a dhéanann cathaoirleacht ar na himeachtaí agus a chinntíonn go gcaitear le gach Teachta Dála go cothrom agus go gcloítear le rialacha an Tí

An Príomh-Aoire
Aoire an phríomhpháirtí sa rialtas, an tAire Stáit i Roinn an Taoisigh freisin; Féach freisin Aoire 

Cléireach na Dála
An státseirbhíseach sinsearach i measc lucht riaracháin na Dála. Is é Ard-Rúnaí Thithe an Oireachtais freisin

Cléireach an tSeanaid
Státseirbhíseach sinsearach an tSeanaid

Ní i dTosach Suí
Ní a tharraingíonn Seanadóir anuas sa Seanad lena phlé agus a dtugann Aire freagra air. Leithdháiltear am i dtosach suí de chuid an tSeanaid chun ceithre ní i dtosach gnó ar a mhéad a phlé

An tOrdú um Thosach Feidhme
Ionstraim reachtúil a chuireann tús sonrach le cuid d’Acht

Coistí
Grúpaí atá comhdhéanta de Theachtaí Dála agus de Sheanadóirí agus a dhéileálann le réimsí sonracha de ghnó an Oireachtais, lena n-áirítear aighneachtaí a fháil ó ghrúpaí sainleasa, tograí reachtacha a phlé agus Céim an Choiste de Bhillí a thógáil

An tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste
An duine a roghnaíonn Dáil Éireann chun dearbhú neamhspleách a chur ar fáil go bhfuil airgead poiblí á bhainistiú i gceart agus go bhfuil sé á chaitheamh go héifeachtach, ar a dtugtar C&AG go gairid

Bunreacht na hÉireann
Leagtar dlíthe bunúsacha na hÉireann amach sa Bhunreacht. Déantar cur síos ann freisin ar an dóigh ar cheart an tír a rialú, ar phríomhinstitiúidí an Stáit agus ar chearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach.

An Chomhairle Stáit
Grúpa a chuireann comhairle ar an Uachtarán agus atá comhdhéanta díobh seo: iar-Thaoisigh, iar-Uachtaráin, iarPhríomh-Bhreithiúna, an Ceann Comhairle, Cathaoirleach Sheanad Éireann, an tArd-Aighne agus daoine arna gceapadh ag an Uachtarán

An liosta uachtair
Liosta leasuithe a ritheann Teach amháin ar Bhille a tionscnaíodh sa Teach eile; ní mór don Teach inar tionscnaíodh an Bille na leasuithe sin a cheadú

D

Teachta Dála
Comhalta den Dáil; ar a dtugtar TD freisin

Dáil Éireann
Teach Íochtarach an Oireachtais; ar a dtugtar an Dáil go gairid

Lánscor
Gníomh ag an Uachtarán chun deireadh a chur le téarma reatha na Dála le gur féidir olltoghchán a reáchtáil

Vótáil
An pointe in imeachtaí parlaiminteacha nuair a chuirtear ceist nó leasú chun vóta fhoirmiúil i measc Comhaltaí

Doiciméid Leagtha
Is doiciméid iad Doiciméid Leagtha a chuirtear go foirmiúil faoi bhráid Thithe an Oireachtais d’fhonn tacú leis an bpróiseas daonlathach.

E

Meastacháin le haghaidh Seirbhísí Poiblí
Doiciméad ina leagtar amach an tsuim atá beartaithe ag Ranna Rialtais agus ag gníomhaireachtaí áirithe a chaitheamh sa bhliain amach romhainn

Meamram Míniúcháin
Doiciméad ina dtugtar imlíne d’aidhm agus do phríomhfhorálacha Bille

F

An binse tosaigh
Na suíonna ar a suíonn Airí Rialtais agus urlabhraithe páirtí sa Dáil agus sa Seanad

G

Olltoghchán
Toghchán ina gcaitheann saoránaigh ar an gclár vótála a vóta chun Teachtaí Dála a thoghadh chuig Dáil nua

Scéim Ghinearálta Bille
Tugtar Ceannteidil Bhille air seo freisin; doiciméad ina leagtar amach na príomhchuspóirí, na ceannteidil agus na forálacha a ghabhann le Bille molta

Páipéar Uaine
Plédhoiciméad ina leagtar smaointe an Rialtais amach agus lena n-iarrtar tuairimí agus barúlacha ó dhaoine aonair agus ó eagraíochtaí ábhartha

Gilitín
Srian ar an am a leithdháiltear ar dhíospóireacht a dhéanamh ar Bhille i gceann amháin de na Tithe. Dá bharr sin, d’fhéadfadh go rithfí an Bille gan díospóireacht iomlán a bheith déanta air

H

Ceannteidil Bhille
Tugtar Scéim Ghinearálta Bille air seo freisin; doiciméad ina leagtar amach na príomhchuspóirí, na ceannteidil agus na forálacha a ghabhann le Bille molta

I

Leabhar Reachtanna na hÉireann
Stór ar líne de reachtaíocht inchuardaithe

J

Comhchoiste
Coiste atá comhdhéanta de Chomhaltaí den Dáil agus de Chomhaltaí de Sheanad Éireann araon

Aire Sóisearach
Comhalta a gceapann an Taoiseach é chun cabhrú leis an Aire ar Roinn Rialtais ar leith. Tugtar Aire Stáit ar an gComhalta sin go hoifigiúil

L

Ceisteanna ó Cheannairí
Am a leithdháiltear le linn suí Dála ina bhféadfaidh ceannaire páirtí Freasúra ceist ghairid a chur ar an Taoiseach faoi ní lena mbaineann tábhacht don phobal 

An Leas-Chathaoirleach
Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann

An Leas-Cheann Comhairle
Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann 

Teideal Fada
Cur síos achomair ar an gcuspóir atá ag Bille

M

Comhalta
Comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas

Aire
Comhalta den Rialtas a bhainistíonn Roinn

Aire Stáit
Comhalta a gceapann an Taoiseach é chun cabhrú leis an Aire ar Roinn Rialtais ar leith. Tugtar Aire Sóisearach ar an gComhalta sin freisin

Bille Airgid
Bille nach bhfuil ann ach forálacha a dhéileálann le cánachas, iasachtú nó aisíocaíocht iasachtaí, nó bainistíocht nó caiteachas an airgid phoiblí

Teachtaireacht airgid
Teachtaireacht ón Rialtas lena gceadaítear caiteachas airgid phoiblí, a éilítear le haghaidh aon Bhille chun dul ar aghaidh chuig Céim an Choiste

Tairiscint
Togra foirmiúil a dhéantar sa Dáil nó sa Seanad a bhféadfaidh na Comhaltaí díospóireacht a dhéanamh air agus vóta a chaitheamh air

Tairiscint ar Fhormheas
Togra foirmiúil a dhéantar sa Dáil nó sa Seanad (nó an dá cheann) a bhféadfaidh na Comhaltaí den Oireachtas díospóireacht a dhéanamh ar ionstraim reachtúil atá molta agus vóta a chaitheamh uirthi

Tairiscint ar Neamhniú
Togra foirmiúil a dhéantar sa Dáil nó sa Seanad (nó an dá cheann) lena gceadaítear ionstraim reachtúil molta a neamhniú tar éis do na Comhaltaí díospóireacht a dhéanamh uirthi agus vóta a chaitheamh uirthi

O

An tOireachtas
Parlaimint náisiúnta na hÉireann a chuimsíonn an tUachtarán, Dáil Éireann agus Seanad Éireann

Ord Gnó
Na míreanna gnó atá le déanamh sa Dáil nó sa Seanad ar lá ar leith. Is é an Taoiseach a fhógraíonn iad sa Dáil agus is é an Ceannaire a fhógraíonn iad sa Seanad

Riar na hOibre
Doiciméad ina leagtar amach an gnó atá le déanamh ag an dá Theach

P

Péireáil
Socrú ina n-aontaíonn Teachta Dála as páirtí amháin le Teachta Dála as páirtí eile gan vóta a chaitheamh i vótáil ar leith, rud a thugann an deis don bheirt Teachtaí Dála bheith in áit eile

Ceist pharlaiminte
Ceist a chuir Teachta Dála nó Seanadóir ar Aire; roghnaítear roinnt ceisteanna lena bhfreagairt sa Dáil agus tugtar freagra i scríbhinn ar na ceisteanna eile

An tUachtarán
Ceann Stát na hÉireann

Bille Príobháideach
Bille a gcuireann údaráis áitiúla agus comhlachtaí príobháideacha nó daoine aonair chun cinn é chun a gcríoch féin; féach freisin Bille Poiblí

Bille Comhaltaí Príobháideacha (BCP)
Bille a thionscnaíonn TD nó Seanadóir nach comhalta den Rialtas é

Gnó Comhaltaí Príobháideacha
Am a leithdháiltear le linn suí Dála ina bhféadfaidh páirtithe agus grúpaí Freasúra a mBillí agus a dtairiscintí féin a chur chun cinn lena bplé

Clár an Rialtais
Plean oibre an Rialtais le haghaidh a théarma oifige

Bille Poiblí
Bille is infheidhme maidir leis an bpobal i gcoitinne; féach freisin Bille Príobháideach

Q

Páipéar Ceisteanna
Doiciméad a chuimsíonn na téacsanna de gach ceann de na ceisteanna ó bhéal, na ceisteanna tosaíochta agus na ceisteanna i scríbhinn do lá ar leith san ord ina bhfuil siad le cur

Córam
Teastaíonn córam 20 Comhalta chun suí Dála a thosú, ach amháin ar an Aoine, nuair a theastaíonn deichniúr chun suí a thosú

R

Reifreann
Vótáil i measc toghthóirí. Is gnách go mbaineann sé le saincheist amháin, amhail athrú ar an mBunreacht nó conradh Eorpach

S

Seanad Éireann
Teach Uachtarach an Oireachtais; ar a dtugtar an Seanad go gairid

Roghchoiste
Coiste atá comhdhéanta de Chomhaltaí den Dáil nó de Chomhaltaí den Seanad, cé nach féidir Comhaltaí den dá Theach a bheith ann

Seanadóir
Comhalta de Sheanad Éireann

Sine die
Laidin: gan lá; léiríonn sé go bhfuil fóram ar athló gan dáta a chéad chruinnithe eile a bheith socraithe

Lá suí
Lá ar a mbíonn an Dáil nó an Seanad ina shuí; i gcaitheamh gnáthbhliana bíonn thart ar 100 lá suí ag an Dáil agus foilsítear an fhéilire shealadach de shuíonna Dála ar leathanach Sceideal na Dála

Buan-Orduithe
Rialacha Dháil Éireann nó Sheanad Éireann 

Ionstraim Reachtúil (I.R)
Cineál reachtaíochta tarmligthe nó “tánaistí” amhail orduithe ón Aire agus rialacháin

T

An Tánaiste
Duine ionaid an Taoisigh

An Taoiseach
Ceann Rialtas na hÉireann (Príomh-Aire na hÉireann)

TD
Teachta Dála; nó Teachta chun na Dála

Saincheist Thráthúil
Saincheist imní a tharraingíonn TD anuas sa Dáil agus a dtugann Aire freagra uirthi. Leithdháiltear am ar gach lá suí Dála chun ceithre shaincheist thráthúla ar a mhéad a phlé

W

Aoire
Teachta Dála nó Seanadóir a gceapann gach páirtí é chun smacht páirtí a choinneáil ar bun agus spreagadh a thabhairt do chomhaltaí an pháirtí vóta a chaitheamh i bhfabhar toradh ar leith le linn vótála

Páipéar Bán
Plédhoiciméad ina leagtar amach beartas an Rialtais ar shaincheist agus na nithe atá beartaithe aige a dhéanamh

 

Nuashonraithe go deireanach: 11 Bealtaine 2021

Barr
Roinn