Toghadh an Chinn Comhairle
Is é Seán Ó Fearghaíl an 19ú Ceann Comhairle ar Dháil Éireann. Toghadh é ina Cheann Comhairle don 33ú Dáil ar an 20 Feabhra 2020. Ba é an Teachta Ó Fearghaíl Ceann Comhairle an 32ú Dáil freisin. Ba é an toghchán sin an 10 Márta 2016 an chéad cheann dá shamhail a rinne comhaltaí Dháil Éireann le ballóid rúnda.
Maidir leis an gCeann Comhairle
Déanann Seán ionadaíocht do dháilcheantar Chill Dara Theas. Seanadóir ba ea é idir 2000 agus 2002, agus toghadh ina Theachta Dála é ina dhiaidh sin. Níor chaill sé a shuíochán in olltoghchán ar bith ó shin. Sa 31ú Dáil (2011-2016), b'aoire páirtí Fhianna Fáil é an Teachta Ó Fearghaíl. Urlabhraí an pháirtí ba ea é freisin maidir le cosaint, na healaíona, oidhreacht agus cultúr, agus gnóthaí bunreachtúla. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste an Oireachtais um Shláinte idir 2009 agus 2011.
Sular ghabh sé leis an bpolaitíocht náisiúnta, bhí an Ceann Comhairle ina chomhairleoir i gComhairle Contae Chill Dara, agus ina chathaoirleach ar an gComhairle mar chuid den obair sin. Tá sé ag plé le heagraíochtaí pobail, oideachais agus tithíochta ina chontae dúchais le blianta fada anuas. Gaeilgeoir líofa atá ann agus tá dlúthchaidreamh aige fós leis na feirmeoirí ina bhaile dúchais i gCill Dara. Tá an Ceann Comhairle pósta le Mary Clare agus tá ceathrar clainne acu.
An Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Pholaitíocht
Tá an Ceann Comhairle, mar aon le Cathaoirleach an tSeanaid, tar éis tascfhórsa a chur ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar an gcineál drochíde a thugtar do dhaoine agus ar an gcineál ciaptha a dhéantar ar dhaoine - mná den chuid is mó - a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht. Sprioc eile de chuid an tascfhórsa is ea moltaí a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfaí tacú le rannpháirtíocht ríthábhachtach sa réimse sibhialta agus sa réimse poiblí agus í a chosaint.
Tháinig an tascfhórsa le chéile den chéad uair i mí na Bealtaine 2023. Leagfar tuarascáil deiridh faoi bhráid an Chinn Comhairle agus an Chathaoirligh roimh an 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí.
Imeachtaí arna reáchtáil ag an gCeann Comhairle
Ó thráth go chéile, reáchtálann an Ceann Comhairle fóraim faoi shaincheisteanna arb ábhar suime iad do Thithe an Oireachtais.
Imeachtaí á reáchtáladh le linn an 33ú Dáil
An Fóram um Parlaimint Ionchuimsitheach atá Báúil don Teaghlach
Bunaíodh an Fóram um Parlaimint Ionchuimsitheach atá Báúil don Teaghlach ar an 23 Márta 2021. Leag an Fóram a thuarascáil faoi bhráid an Chinn Comhairle ar an 2 Samhain 2021.
Siompóisiam na Parlaiminte
Mar thoradh ar an tuarascáil úd, d’óstáil an Ceann Comhairle ócáid ar éirigh thar barr léi — Siompóisiam na Parlaiminte. Cuireadh an ócáid ar siúl i gCaisleán Bhaile Átha Cliath an 13 Meán Fómhair 2022 agus ba é ba theideal uirthi, “Rannpháirtíocht sa Saol Poiblí agus sa Pholaitíocht a Fheabhsú”.
Díríodh sa phlé ar an gcaoi ar féidir le mná, daoine ó chúlraí eitneacha agus socheacnamaíocha éagsúla agus daoine óga dul isteach sa chóras polaitiúil d’fhonn léiriú níos fearr a thabhairt ar éagsúlacht ár dtíre.
Cinn Chomhairle na nOileán
Mar thoradh ar an gcéad ócáid den chomhdháil, Cinn Chomhairle na nOileán, arna hóstáil ag an gCeann Comhairle in Iúil 2023, tháinig cinn chomhairle agus cléirigh na bparlaimintí agus na dtionól ó na hoileáin in aice láimhe le chéile chun ábhair a bhaineann leo go léir a phlé.
Fóraim a reáchtáladh i rith an 32ú Dáil
Fóram Meabhairshláinte
Tháinig an Fóram Meabhairshláinte le chéile ar an 19 Meán Fómhair 2017 i gCaisleán Bhaile Átha Cliath. Bhí deis ag Teachtaí Dála agus ag Seanadóirí san Fhóram úd éisteacht le tuairimí na ndaoine sin a bhfuil cur amach acu ar sheirbhísí meabhairshláinte in Éirinn.
An Fóram um Pribhléid Pharlaiminteach
Bunaíodh an Fóram um Pribhléid Pharlaiminteach an 21 Iúil 2017. Rinne an fóram scrúdú ar na tosca a mbíonn tionchar acu ar fheidhmiú pribhléide sa Dáil agus thug sé a thuarascáil don Cheann Comhairle ar an 21 Nollaig 2017.
Ról an Chinn Comhairle
Nuair a chuirtear Dáil nua ar bun tar éis olltoghcháin, is é an chéad rud nach mór a dhéanamh ná Ceann Comhairle a roghnú as measc na gComhaltaí. Bíonn an Ceann Comhairle i gceannas go neamhchlaonta agus go húdarásach ar ghnó agus ar imeachtaí an Tí. Forordaítear le Buan-Orduithe (rialacha) Dháil Éireann cumhachtaí agus dualgais an Chinn Comhairle i dtaca le gnó parlaiminteach, e.g. riaradh na díospóireachta mar is cuí, ceisteanna parlaiminteacha, leasuithe ar Bhillí agus ar thairiscintí, iompar mí-ordúil.
Léann an Ceann Comhairle an phaidir oifigiúil d'fhonn tús foirmiúil a chur leis an suí gach lá.
Is é an Ceann Comhairle an t-aon bhreitheamh ar ord agus bíonn réimse cumhachtaí agus feidhm aige nó aici, mar atá:
- Iarrann an Ceann Comhairle ar Chomhaltaí labhairt agus níor mhór go ndíreofaí gach óráid ar an gCathaoirleach.
- Cuireann sé nó sí cibé ceisteanna is gá os comhair an Tí, déanann sé nó sí maoirseacht ar Vótálacha agus fógraíonn sé nó sí na torthaí
- Tá údarás aige nó aici mí-ord a chosc, iallach a chur ar chách géilleadh go tapa dá rialuithe agus féadfaidh sé nó sí ordú a thabhairt do Chomhaltaí an Teach a fhágáil nó iad a ainmniú lena gcur ar fionraí ag an Teach féin ar feadh tréimhse
- Má bhíonn mí-ord millteanach ann, féadfaidh sé nó sí an Teach a chur ar fionraí nó ar atráth
Cumhacht thábhachtach eile atá ag an gCeann Comhairle ná glacadh le tairiscint, nó tairiscint a chur síos, maidir le deireadh a chur le díospóireacht más dóigh leis go ndearnadh tréan plé ar an gceist cheana féin.
I ndáil le gnó ginearálta Dháil Éireann, is iomaí dualgas atá ar an gCeann Comhairle. Bíonn gach suí den Teach faoi rialú Riar na hOibre a ullmhaítear faoina threoir. Déantar tairiscintí, leasuithe agus ceisteanna parlaiminte a scrúdú astu féin lena chinntiú go gcomhlíonann siad Buan-Orduithe agus fasaigh. Tá de rogha ag an gCeann Comhairle an fógra foirmiúil is gá le haghaidh tairiscintí agus leasuithe a ghiorrú.
Mar gheall ar struchtúr páirtithe na hionadaíochta polaitiúla i nDáil Éireann, déanann an Ceann Comhairle a d(h)ícheall caitheamh go cothrom leis na páirtithe go léir, lena n-áirítear na Comhaltaí neamhspleácha.
Tar éis dó nó di dul i mbun oifige mar Cheann Comhairle agus lena chinntiú go gcomhlíontar an ról ar leith a bheith i gceannas ar imeachtaí go cothrom, is gnách leis an gCeann Comhairle fanacht ar shiúl ón bpolaitíocht. Bíonn sé nó sí ar fáil chun ionadaíocht a dhéanamh thar ceann phobal a d(h)áilcheantair, áfach. Tugtar aitheantas don ról ar leith sin sa Bhunreacht agus foráiltear ann go bhféadtar Ceann Comhairle atá ag dul as oifig, agus ar mian leis nó léi a bheith mar Chomhalta den Dáil nua, a thoghadh go huathoibríoch.
Tá an Ceann Comhairle ina Chathaoirleach ar an gCoiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú a bhreithníonn nithe a bhaineann le nós imeachta i gcoitinne agus a mholann aon bhreisiú nó leasú a mheastar is gá ar na Buan-Orduithe. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste breithniú a dhéanamh ar phribhléidí na gComhaltaí agus tuairisc a thabhairt don Teach ina leith.
Cé go rialaíonn na Buan-Orduithe imeachtaí an Tí, ní cód iomlán den nós imeachta laethúil iad. Ní mór iad a léamh i gcomhthéacs pé caoi ar chuir an Cathaoirleach i bhfeidhm iad nó an chaoi a ndearna an Cathaoirleach forbairt orthu le himeacht na mblianta. Is é príomhfhoinse an mhéid sin "Rialuithe an Chathaoirligh". Is éard atá iontu sin cinntí ón gCathaoirleach ar nithe nach gcuimsítear go sonrach sna Buan-Orduithe, nó a thugann feidhm do na Buan-Orduithe in imthosca sonracha. Rinne cuid mhór Cathaoirligh dhifriúla (i gcáil Ceann Comhairle nó Leas-Cheann Comhairle) na cinntí sin thar thréimhse sách fada. Ní gá go mbeadh an Cathaoirleach faoi cheangal ag Rialuithe roimhe seo; mar sin féin, i gcás ar leith, is dóigh go gcloífear le Rialú ar mhaithe le comhsheasmhacht.
Faoi Airteagal 15.11.2° de Bhunreacht na hÉireann, más ionann líon na vótaí ar an dá thaobh beidh ag an gCeann Comhairle vóta cinniúna nach foláir a thabhairt. Ar mhaithe le cuidiú leis an gCeann Comhairle i bhfeidhmiú na ndualgas parlaiminte, ainmníonn an Ceann Comhairle painéal Cathaoirleach sealadach as measc chomhaltaí na Dála.
Más é tuairim an Chinn Comhairle gur Bille Airgid aon Bhille faoi leith ní foláir dó nó di a dheimhniú gur Bille Airgid é agus, faoi chuimsiú cosaintí bunreachtúla áirithe, ní bheidh dul thar an deimhniú sin. Foráiltear an méid sin leis an mBunreacht. Cuirtear tábhacht an nóis imeachta sin in iúl nuair a chuirtear san áireamh nach féidir le Seanad Éireann ach moltaí a dhéanamh i dtaobh Bille Airgid. Ní féidir leis leasuithe a dhéanamh air. Chomh maith leis sin, ní foláir dó é a rith laistigh de 21 lá, murab ionann agus 90 lá nuair nach Bille Airgid é.
Déanann an Ceann Comhairle ionadaíocht thar ceann Dháil Éireann ag cruinnithe idirnáisiúnta parlaiminteacha ar nós an Aontais Idirpharlaimintigh, comhdhálacha de Chinn Chomhairle Pharlaiminte, Chomhairle na hEorpa agus Pharlaimint na hEorpa, agus bíonn an Ceann Comhairle mar óstach oifigiúil le linn do thoscaireachtaí parlaiminte a bheith ar cuairt sa tír.
I gcás go mbíonn Uachtarán na hÉireann as láthair nó faoi éagumas ar bhonn sealadach, bíonn an Ceann Comhairle mar chomhalta den Choimisiún a fheidhmíonn agus a chomhlíonann na cumhachtaí agus na feidhmeanna a thugtar don Uachtarán. Bíonn an Ceann Comhairle mar chomhalta den Chomhairle Stáit freisin, a thugann cabhair agus comhairle don Uachtarán maidir le feidhmiú agus comhlíonadh cumhachtaí áirithe atá ag an Uachtarán. Bíonn an Ceann Comhairle mar chathaoirleach ex officio ar an gCoimisiún um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí. Bíonn an Ceann Comhairle reatha i láthair ag an gcéad chruinniú agus toghtar ina chathaoirleach ar an gcoimisiún é. Bíonn sé mar chathaoirleach ex-officio ar Chomhairle na Míre Gaile – a bunaíodh chun aitheantas a thabhairt do ghníomhartha crógachta.
Faoi na hAchtanna Toghcháin, bíonn an Ceann Comhairle mar chomhalta ex officio den Bhord Achomhairc, a bunaíodh chun cinneadh a dhéanamh i dtaca le haon amhras, díospóid nó ceist a thiocfadh chun cinn i ndáil le Clár na bPáirtithe Polaitíochta. Bíonn an Ceann Comhairle mar chomhalta ex officio den bhord achomhairc, a cuireadh ar bun chun achomhairc ó chinntí Cheann Comhairimh an tSeanaid faoi Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947, a éisteacht agus cinneadh a dhéanamh orthu.
Roghnú an Chinn Comhairle don 33ú Dáil
Ainmniúcháin, 19 Feabhra 2020
Tar éis an olltoghcháin ar an 8 Feabhra 2020 agus sula raibh an chéad suí ag an 33ú Dáil, fuair Cléireach Dháil Éireann, Peter Finnegan, dhá ainmniúchán bhailí, agus measadh gurbh iadsan na hiarrthóirí le haghaidh phost an Chinn Comhairle.
Ballóid rúnda, 20 Feabhra 2020
Iarrthóirí | 2 |
Suíocháin | 1 |
Vótaí Iomlána Bailí | 158 |
Cuóta | 80 |
Comhaireamh 1
Ainmneacha na n-iarrthóirí (agus áit in ord tosaíochta) | Líon na Vótaí |
NAUGHTEN, Denis (2) | 28 |
Ó FEARGHAÍL, Seán (1) | 130 |
Toghadh an Teachta Seán Ó Fearghaíl ar an gcéad chomhaireamh.
Ghlac Dáil Éireann le tairiscint maidir le hatoghadh an Chinn Comhairle ag 3.15 p.m. Déardaoin, 20 Feabhra 2020.