In 2022, beimid ag comóradh céad bliain ón gCéad suí de Sheanad Éireann, Teach Uachtarach Pharlaimint na hÉireann.
Óna chéad chruinniú i dTeach Laighean ar an 11 Nollaig 1922, léirigh an Seanad réimse leathan dearcthaí. Tá sé mar aidhm ag ár gclár léachtaí poiblí, taispeántais agus tionscnaimh éagsúlacht peirspictíochtaí, cúiseanna agus athruithe a léiriú ar shaol in Éirinn gur bhain Seanadóirí úsáid as a n-oifig a chur chun cinn.
Guthanna na mionlach, athrú ollmhór: taispeántas
Ghlac níos mó ná 835 duine a suíochán i Seanad Éireann ó 1922. Le chéile, rinne siad ionadaíocht ar raon leathan dearcthaí agus cúlraí. Sa rogha de 26 sheanadóir don taispeántas seo, tarraingítear aird ar roinnt daoine de na ceannródaithe sin agus na cúiseanna a chuir siad chun tosaigh.
féach air anois
Seanad100: seoltar Comóradh Céad Bliain Sheanad Éireann
Tosaíonn clár imeachtaí a mhairfidh an bhliain ar fad a dhéanann céilliúradh ar chéad bliain den Teach Uachtarach, le díospóireacht atá á hóstáil ag an gCathaoirleach, Mark Daly, in éineacht le hIar-Uachtarán agus Iar-Sheanadóir, Mary Robinson agus Athair an Tí, Seanadóir David Norris
Cérbh iad na Céad Seanadóirí?
Daoine ar cuireadh síos orthu mar "Impiriúlaithe agus Máisiúin" ag frith-chonarthaí, léirigh Comhaltaí an Chéad Seanaid guth mionlaigh i Saorstát Éireann. Ina measc bhí iar-Theachtaí Parlaiminte Aontachtaithe, daoine a raibh teidil oidhreachtúla na Breataine orthu, agus ceathrar ban.
Díospóireachtaí Suntasacha
Léirítear sna díospóireachtaí a bhí sa Seanad ó 1922 i leith roinnt de na ceisteanna achrannacha a bhfuil Éire ag dul i ngleic leo le 100 bliain anuas.
Roghnaíomar díospóireacht shuntasach ó gach tréimhse deich mbliana chun léargas a fháil ar roinnt de na saincheisteanna atá tagtha chun cinn ó bhunú an Stáit.
Córas an dá sheomra in Éirinn
Tá an tOireachtas i measc 41% de pharlaimintí ar fud an domhain a bhfuil dhá sheomra acu. Tagraítear do pharlaimintí ina bhfuil dhá sheomra acu mar “chóras an dá sheomra”. Foghlaim tuilleadh faoin stair ba chúis le cruthú chóras parlaiminte an dá sheomra in Éirinn.
Díospóireachtaí agus Comhaltaí de Sheanad 1922
Tá Tuairisc Oifigiúil Dhíospóireachtaí na Dála agus an tSeanaid ó 1919 go dtí an lá atá inniu ann ar fáil sa rannán Díospóireachtaí ar an suíomh gréasáin seo.
Tá tuilleadh faisnéise maidir le Comhaltaí gach Dála agus gach Seanaid ar an rannán Teachtaí Dála agus Seanadóirí.

Comhaltaí den Seanad 1922, Arthur Jackson, Andre Jameson agus Perry Goodbody, ag teacht chuig Teach Laighean don chéad suí poiblí / Bibliothèque Nationale de France
Sonraí teagmhála
Oifigeach Idirghabhálacha Poiblí
Martha Dowling
Teach Laighean
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20