Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Sonraí oscailte

Tá cóipcheart ag Tithe an Oireachtais ar chuid mhór den fhaisnéis atá ar ár suíomh gréasáin, an reachtaíocht san áireamh, mura léirítear a mhalairt.

Tugtar achoimre shoiléir ar leathanach cóipchirt Thithe an Oireachtais faoin gcaoi ar féidir ár sonraí a athúsáid. Tá imeachtaí craolacháin, go háirithe, faoi réir coinníollacha sonracha.

Tá Tithe an Oireachtais, mar sin féin, tiomanta do phrionsabal na sonraí oscailte agus cuireann ar fáil tacair sonraí a bhaineann le díospóireachtaí, vótaí agus ceisteanna parlaiminte ar ár gcuid APInna saincheaptha.

Déan teagmháil linn ag open.data@oireachtas.ie

APInna an Oireachtais | Sonraí Oscailte i bhFeidhm

Is féidir le húsáideoirí, leis na hAPInna sonraí oscailte againn, tacair sonraí a bhaineann le díospóireachtaí, vótaí agus ceisteanna parlaiminte a rochtain.

Fiosraigh ár gcuid leathanach Fiosraitheora | CP lena fheiceáil an dóigh a bhféadann na sonraí seo ceistiúchán luachmhar ilchineálach ar obair na Parlaiminte a éascú.

Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais

Tarscaoileann Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais aon cheanglas orainn faoi na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid cead a lorg go foirmiúil chun faisnéis a chlúdaíonn an ceadúnas seo a athúsáid.

Barr
Roinn