Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag aithrisí

Tá gach ráiteas a dhéantar le linn imeachtaí an Oireachtais faoi phribhléid faoi Bhunreacht na hÉireann.

Má bhí tionchar tromchúiseach ag ráiteas a rinneadh le linn imeachtaí sa Dáil, sa Seanad nó os comhair Coiste Oireachtais ar dhuine is féidir a aithint, tá próiseas ann chun dul i ngleic leis sin.

Ionas go mbeidh feidhm leis an bpróiseas seo, ní mór dóchúlacht shuntasach a bheith ann go ndearnadh difear tromchúiseach don duine sin. Anuas air sin, sa chomhthéacs seo, beidh feidhm ag tionchar tromchúiseach sa chás:

  • rinneadh dochar do chlú an duine, nó maidir le plé nó baint le daoine eile,
  • rinneadh díobháil don duine i ngairm, ceird, oifig nó creidmheas airgeadais
  • sáraíodh a bpríobháideachas go neamhréasúnta

Beidh feidhm ag an bpróiseas seo is cuma más Teachta nó Seanadóir a bhí sa té a labhair, nó má bhí siad i láthair i gcáil éigin eile, mar fhinné cuir i gcás agus iad os comhair Coiste Oireachtais.

Tá freagraí ar Cheisteanna Parlaiminte san áireamh sa phróiseas seo, toisc go bhfoilsítear iad sa Tuairisc Oifigiúil ar na Díospóireachtaí.

Cuir aighneacht faoi bhráid an chléirigh ábhartha

Má mheasann tú go raibh tionchar tromchúiseach ort de bharr tagairt duit le linn imeachtaí, féadfaidh tú aighneacht a chur faoi bhráid Chléireach an Tí ina ndearnadh an ráiteas, nó faoi bhráid Chléireach an Choiste ag a ndearnadh an ráiteas, cibé acu is iomchuí.

Caithfear d’aighneacht a dhéanamh tráth nach déanaí ná sé seachtaine tar éis an aithris a dhéanamh, agus ní mór di cloí ar gach slí eile leis na Buan-Orduithe ábhartha.

Cuir aighneacht eile chuig an gCoiste ábhartha

Má tá tú míshásta leis an gcinneadh a dhéanann an Cathaoirleach ar d’aighneacht (nó má theipeann ar an gCathaoirleach ceann a dhéanamh laistigh de shé seachtaine ó d’aighneacht a bheith faighte ag an gCléireach) is féidir leat aighneacht eile a chur faoi bhráid an Choiste ar Phribhléidí Parlaiminteacha agus Maoirseacht (Dáil) nó an Choiste ar Phribhléidí Parlaiminteacha agus Maoirseacht (Seanad) tráth nach déanaí ná 12 sheachtain tar éis an chéad aighneacht a dhéanamh.

Sa chás go ndearnadh d’aighneacht don Choiste ar Phribhléidí Parlaiminteacha agus Maoirseacht lasmuigh den tréimhse 12 sheachtain, féadfaidh sé an t-am a shíneadh duit lena dhéanamh, ach tá sínte mar sin eisceachtúil, agus ní dheonóidh an Coiste síneadh mar seo ach sa chás gur ghníomhaigh tú go pras, agus go bhfuil cúiseanna an-láidir ann le tacaíocht ó fhianaise.

Nuair a bheidh aighneacht á meas, déanfaidh an Coiste ábhartha ar Phribhléidí Parlaiminteacha agus Maoirseacht ceart na gComhaltaí agus cearta an duine dá ndearnadh difear a chothromú agus beidh aird aige ar an leas coiteann, ar nósanna imeachta cothroma agus ar na ceanglais a bhaineann le ceartas aiceanta agus ceartas bunreachtúil. Sna treoirlínte arna nglacadh ag an gCoiste ar Phribhléidí Parlaiminteacha agus Maoirseacht leagtar amach breithnithe eile den sórt sin a bhféadfadh aird a bheith ag na Coistí orthu.

Buan-Orduithe

Tá an próiseas seo ar fáil i mBuan-Orduithe 71 agus 71A de chuid na Dála, agus i mBuan-Orduithe 49A agus 49B de chuid an tSeanaid.

Féadfaidh tú Buan-Orduithe 71 agus 71A de chuid na Dála a léamh i leagan comhdhlúite de Bhuan-Orduithe na Dála.

I gcás Bhuan-Orduithe 49A agus 49B de chuid an tSeanaid, féach an Chomhthuarascáil maidir le Freagairt Thithe an Oireachtais ar Bhreithiúnais na Cúirte Uachtaraí i gcás Kerins.

Nuashonraithe go deireanach: 22 Márta 2021

Sonraí teagmhála

Is féidir na sonraí teagmhála le haghaidh Chléireach gach Coiste a fháil ag bun leathanach gréasáin gach Coiste.

 

Teach Laighean

Sráid Chill Dara

Baile Átha Cliath 2

D02 XR20

 

Cléireach Sheanad Éireann

Martin Groves

(01) 618 3357

martin.groves@oireachtas.ie

 

Cléireach Dháil Éireann

Peter Finnegan

(01) 618 3438

peter.finnegan@oireachtas.ie

Barr
Roinn