Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Saoráil Faisnéise

TCÉ

Féach isteach

Dearbhaíonn an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 an ceart a bheith ag daoine den phobal rochtain a fháil ar fhaisnéis oifigiúil a mhéid is féidir i gcomhréir le leas an phobail agus le ceart chun príobháideachta daoine aonair.

Tá oibleagáid orainn faoin Acht um Shaoráil Faisnéise faisnéis áirithe faoinár ngníomhaíochtaí a fhoilsiú agus faisnéis eile a chur ar fáil do shaoránaigh tar éis í a iarraidh. Is féidir leat rochtain a fháil anseo ar an bhfaisnéis a fhoilsímid chun an oibleagáid sin a chomhlíonadh chomh maith le loga ar na hiarratais neamhphearsanta um shaoráil faisnéise a fhaighimid. Mura bhfuil an fhaisnéis atá uait foilsithe anseo cheana féin, is féidir leat iarratas um shaoráil faisnéise a dhéanamh trínár bhfoirm iarratais um shaoráil faisnéise.

Déan iarratas um Shaoráil Faisnéise

Ar mhaith leat iarratas um Shaoráil Faisnéise a chur isteach? Léigh ár dtreoir agus úsáid an fhoirm iarratais um Shaoráil Faisnéise. Má tá aon fhiosrúcháin agat, seol ríomhphost chugainn ag foi@oireachtas.ie

Scéim foilsitheoireachta

Féadfaidh an fhaisnéis a theastaíonn uait a bheith san fhearann poiblí cheana féin. Bain triail as na naisc seo chuig faisnéis a fhoilsímid go rialta.

Loga nochta um Shaoráil Faisnéise

Is liosta é an loga nochta um Shaoráil Faisnéise ar gach iarratas neamhphearsanta um Shaoráil Faisnéise a fuarthas ó 2016 i leith. Tá an fhaisnéis seo a leanas ann: an dáta a fuarthas an t-iarratas, uimhir an iarratais, catagóir an iarrthóra agus tuairisc ar an iarratas (tras-scríofa ón iarratas bunaidh a fuarthas).

Bróisiúir

Léigh ár dtreoracha clóite faoi Pharlaimint na hÉireann.

Sonraí teagmhála

Leah Hensey
FOI Officer
RM Unit
Library & Research Service
Houses of the Oireachtas Service
Room 2.02, 2nd Floor
91-93 Merrion Square West
Dublin 2

01 618 4376
foi@oireachtas.ie

Barr
Roinn