Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Díospóireachtaí an Chonartha

TCÉ

Féach isteach

I mí na Nollag 1921 agus mí Eanáir 1922, rinne Dáil Éireann díospóireacht ar an gConradh Angla-Éireanach. Vótáil an Dáil ar son an Chonartha a dhaingniú le tromlach beag.

Chaith toscaireacht ón Dáil dhá mhí i Londain ag déanamh idirbheartaíocht ar an gConradh, tar éis an tsosa cogaidh in Iúil 1921. Bhunaigh an Conradh Saorstát Éireann mar thiarnas féinrialaithe ach ní dheachaigh sé chomh fada leis an bPoblacht a fógraíodh ar chéimeanna Ard-Oifig an Phoist in 1916.

Bailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Taispeántas digiteach

Bailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath

Rinne Leabharlann an Oireachtais comóradh céad bliain ar aistriú Chaisleán Bhaile Átha Cliath le taispeántas de chuid de na seoda ó Bhailiúchán Chaisleán Bhaile Átha Cliath.

Scrúdaigh Díospóireachtaí uile an Chonartha

Tuairisceoireacht Illustrated London News ar oscailt Dhíospóireachtaí an Chonartha i mBaile Átha Cliath ar an 14 Nollaig 1921 | © Illustrated London News Ltd/Mary Evans

Scrúdaigh Díospóireachtaí uile an Chonartha

Tháinig an Dáil le chéile chun díospóireacht a dhéanamh ar an gConradh in Ardán Phort an Iarla ar an 14 Nollaig 1921. Lean an díospóireacht ar aghaidh thar an Nollaig agus isteach sa bhliain nua agus tháinig deireadh léi ar an 7 Eanáir 1922, nuair a dhaingnigh an Dáil an Conradh le móramh seacht vóta.

Scrúdaigh na díospóireachtaí lenár dtráchtaireacht ghairid ar imeachtaí gach lá, lena n-áirítear naisc chuig Tuarascáil Oifigiúil gach díospóireachta.

Clár Faisnéise Drámaíochta

State of Flux | Cuid a hAon

I gcuid a haon dár gclár faisnéise drámaíochta a bhfuil dhá chuid ann, State of Flux, déanann na haisteoirí mionscagadh ar shaolta triúir mórphearsana ón tréimhse chun athléiriú drámatúil a chruthú den díospóireacht is tábhachtaí i stair pholaitíocht na hÉireann.

Amharc ar an bhfíseán

Clár Faisnéise Drámaíochta

State of Flux | Cuid a Dó

I gcuid a dó de State of Flux leanann na haisteoirí ar aghaidh ag fiosrú a ról mar mhórphearsana le linn na ré sin – de Valera, Ó Coileáin, MacSwiney – ag ullmhú d’athléiriú drámatúil ar chuid de na cainteanna ba thábhachtaí sna Díospóireachtaí ag Teach an Ardmhéara.

Amharc ar an bhfíseán

Físeán

Comhdháil

Má chaill tú an chomhdháil faoi Dhíospóireachtaí an Chonartha, féadfaidh tú breathnú ar an bhfíseán a bhfuil an plé ar fad ann.

Thionóil Tithe an Oireachtais agus Acadamh Ríoga na hÉireann an chomhdháil le chéile.

Amharc ar an bhfíseán

Leabhrán

Leabhrán comórtha

Íoslódáil an leabhrán comórtha a cuireadh i dtoll a chéile chun comóradh a dhéanamh ar chothrom céad bliain ó Dhíospóireachtaí an Chonartha.

Póstaer

Ó Shos Cogaidh go Saorstát

Féach na príomhfhíricí agus na dátaí a bhaineann leis an gConradh, a thug Éire ón Sos Cogaidh go dtí an Saorstát sa ghrafaic faisnéise seo.

Macasamhail den Chonradh

Féach ar mhacasamhail fhótagrafach de na hAirteagail Chomhaontaithe le haghaidh Conradh idir an Bhreatain Mhór agus Éire a síníodh i Londain an 6 Nollaig 1921.

Video

Seachtain na Gaeilge lecture 2021

To celebrate Seachtain na Gaeilge 2021, the Leas-Cheann Comhairle, Deputy Catherine Connolly, welcomed a special lecture by Dr Mary MacDiarmada on the Anglo-Irish Treaty in 1921. She discusses the founding of Dáil Éireann in 1919, the War of Independence and the signing of the Treaty.

Amharc ar an bhfíseán

An Conradh i gComhthéacs

Teachtaí Dála ag teacht chuig Ardán Phort an Iarla le haghaidh Dhíospóireachtaí an Chonartha | Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

An Conradh i gComhthéacs

Comhaontú cinniúnach i stair an dá oileán a bhí sa Chonradh Angla-Éireannach a síníodh ar an 6 Nollaig 1921. Tháinig ann do Shaorstát Éireann go foirmiúil bliain ina dhiaidh. Foghlaim tuilleadh faoi uair na cinniúna seo i dtaca le scéal na hÉireann.

An dearcadh ó Westminster

Leathanach tosaigh The Daily Mirror, 7 Nollaig 1921 | ©John Frost Newspapers/Mary Evans Picture Library

An dearcadh ó Westminster

Ar an lá céanna ar thosaigh Dáil Éireann an díospóireacht ar an gConradh, thionóil Parlaimint na Ríochta Aontaithe freisin. Faigh amach cén dearcadh a bhí ag Westminster maidir leis an gConradh Angla-Éireannach.

Tuairisciú sna nuachtáin idirnáisiúnta

Bhí an tuairisciú sna nuachtáin idirnáisiúnta ar Dhíospóireachtaí an Chonartha an-dearfach faoi théarmaí an Chonartha. Fiú sa chás gur measadh go raibh roinnt de na téarmaí éagothrom, bhí a lán daoine den tuairim gur bealach inghlactha a bhí ann le deireadh a chur le foréigean uafásach na mblianta beaga roimhe sin.

Acmhainní oideachais do mheánscoileanna

Chruthaíomar ceithre acmhainn chun cuidiú le scoláirí iar-bhunscoile dul i ngleic le téacs Dhíospóireachtaí an Chonartha. Dírítear i ngach acmhainn ar TD amháin a labhair le linn na ndíospóireachtaí agus cuimsítear gníomhaíochtaí do scoláirí na Sraithe Sóisearaí, na hIdirbhliana agus na Sraithe Sinsearaí ann freisin.

Comórtas staire na Meánscoileanna

Dár gComórtas Tionscadail Taighde ar Dhíospóireachtaí an Chonartha, iarradh ar scoláirí iarbhunscoile tionscadal taighde a dhéanamh ar Theachta Dála amháin nó níos mó a bhí rannpháirteach sna Díospóireachtaí ar an gConradh Angla-Éireannach. Cuireadh deireadh leis an gcomórtas an 15 Deireadh Fómhair agus fógraíodh na hiontrálacha buaiteacha an 14 Nollaig 2021. Bronnadh teastais dámhachtana ar na scoláirí buacacha i dTeach Laighean an 23 Bealtaine 2022.

Saorstát nó Poblacht? Sceitsí de shuí stairiúil an Chonartha i nDáil Éireann

Saorstát nó Poblacht? Sceitsí de shuí stairiúil an Chonartha i nDáil Éireann

Unable to display PDF file. Download instead.



Buíochas

Gabhtar buíochas faoi leith leis an dream seo a leanas a chuidigh linn:
Gabhtar buíochas faoi leith leis an dream seo a leanas as íomhánna a sholáthar
Barr
Roinn