Ar mhaith leat níos mó a fhoghlaim faoin gcaoi a n-oibríonn ár bParlaimint, faoina stair agus faoina cuid foirgneamh? Faigh amach faoi bhunús an Oireachtais, cad a dhéanann sé agus conas a thoghtar Comhaltaí. Féadtar na foirgnimh a fhiosrú agus fáil amach conas cuairt ar an Oireachtas a eagrú freisin.

Senators Alice Stopford Green and Eileen Costello arriving at Leinster House, 11 December 1922 / Bibliothèque Nationale de France
Seanad100
In 2022, beimid ag comóradh céad bliain de Sheanad Éireann, Teach Uachtarach Pharlaimint na hÉireann. Thionóil an Seanad a chéad chruinniú ar an 11 Nollaig 1922 i dTeach Laighean.
Stair agus foirgnimh
Foghlaim stair na Parlaiminte in Éirinn, ón tús ar fad. Foghlaim faoi na foirgnimh agus faoi bhailiúchán na ndoiciméad stairiúil. Faigh na nuashonruithe is déanaí maidir le hathchóiriú Theach Laighean Seoirseach.
Cuairt ar an Oireachtas
Tá turais agus cuairteanna eile ar Theach Laighean nach bhfuil riachtanach curtha ar ceal mar gheall ar COVID-19 go dtí go bhfógrófar a mhalairt. Faoi láthair, ní féidir ach leo siúd ar ghnó oifigiúil Oireachtais teacht ar cuairt.
An chaoi a n-oibríonn an Pharlaimint
Is é an tOireachtas an t-aon chomhlacht a bhfuil an chumhacht aige dlíthe a dhéanamh d’Éirinn. Foghlaim faoin gcaoi a ndéanann an tOireachtas na dlíthe seo, cé na nithe eile a dhéantar ann, an chaoi a dtoghtar a chomhaltaí agus na rialacha atá le leanúint aige.
Múinteoirí agus scoláirí
An bhfuil tú ag foghlaim nó ag teagasc faoi Pharlaimint na hÉireann? Cabhróidh ár bhfíseáin oideachasúla agus ár bpleananna ceachta leat tús a chur leis an obair.
Comóradh céad bliain
Faigh amach faoin gcomóradh céad bliain a reáchtálamar le déanaí, Dáil100 agus Vótáil100, mar chuid de Dheich mbliana na gCuimhneachán.
Gluais
An bhfuil an difríocht idir Riar na hOibre agus Buan-Orduithe ar eolas agat? Díchódaigh an béarlagair parlaiminteach lenár dtreoir ó A go Z.

Leabhrán
Cuir eolas ar do Pharlaimint
An bhfuil mearbhall ort mar gheall ar an mbéarlagair parlaiminteach? Foghlaim gach ní maidir leis an Oireachtas inár dTreoir Achomair ar an gCaoi a nOibríonn do Pharlaimint.