Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Rialacha Parlaiminte

TCÉ

Féach isteach

Ceadaíonn an Bunreacht do gach Teach a rialacha féin a dhéanamh, agus tugtar Buan-Orduithe orthu sin. Cuireann an Cathaoirleach Buan-Orduithe an tSeanaid i bhfeidhm agus cuireann an Ceann Comhairle Buan-Orduithe na Dála i bhfeidhm.

I measc an iomad rialacha mionsonraithe atá sna Buan-Orduithe tá na laethanta agus na hamanna inar féidir cruinnithe a reáchtáil, an córam is gá chun tionól a bheith ann, an fad ama a bheidh glas ar dhoirse an tSeomra le linn vótála agus an nós imeachta chun déileáil le hiompar mí-ordúil Comhalta.

Glacadh le Buan-Orduithe na Dála an chéad lá riamh trí Rún de chuid an Rialtais Shealadaigh ar an 11 Meán Fómhair 1922. Ó shin i leith, rinne an Dáil leasú agus modhnú ar na Buan-Orduithe. Soláthraítear leagan comhdhlúite de Bhuan-Orduithe uile Dháil Éireann atá in éifeacht i láthair na huaire, lena gcuimsítear Buan-Orduithe den leagan is déanaí agus aon mhodhnuithe a rinne an Dáil reatha, cibé acu modhnuithe seisiúnacha nó modhnuithe buana. Rinneadh an comhdhlúthú sin ar mhaithe le tagairt níos éasca a dhéanamh, agus ní leagan oifigiúil de na Buan-Orduithe atá i gceist.

Déanann Seanad Éireann Buan-Orduithe i dtaobh a ghnó phoiblí a chinneadh agus a mhodhnú chomh maith. Soláthraítear leagan comhdhlúite de Bhuan-Orduithe uile Sheanad Éireann atá in éifeacht i láthair na huaire, lena gcuimsítear Buan-Orduithe den leagan is déanaí agus aon mhodhnuithe a rinne an Seanad reatha, cibé acu modhnuithe seisiúnacha nó modhnuithe buana. Rinneadh an comhdhlúthú sin ar mhaithe le tagairt níos éasca a dhéanamh, agus ní leagan oifigiúil de na Buan-Orduithe atá i gceist.

Leagtar síos cearta agus pribhléidí áirithe do Chomhaltaí den Oireachtas i mBunreacht na hÉireann freisin. Ní ceadmhach, mar shampla, Teachtaí Dála ná Seanadóirí a ghabháil agus iad ag dul chuig an Dáil nó an Seanad, ag filleadh ón Dáil nó ón Seanad nó laistigh de phurláin na Dála nó an tSeanaid. Níl feidhm ag an bpribhléid sin maidir le gabháil de bharr tréasa, feileonachta ná briseadh síochána.

Ní féidir an dlí a chur ar Theachtaí Dála ná ar Sheanadóirí as clúmhilleadh de bharr aon óráide sa Teach. Tugann an phribhléid sin cosaint do Chomhaltaí sna Tithe agus ag éisteachtaí de chuid Coistí. Má ghníomhaíonn Comhalta de cheachtar Teach ar bhealach arb ionann é agus mí-úsáid pribhléide, féadfaidh an Coiste um Nós Imeachta (Dáil Éireann) nó an Coiste um Nós Imeachta agus Pribhléidí (Seanad Éireann) moladh a dhéanamh pionós a ghearradh ar an gComhalta.

Foghlaim níos mó faoin gcaoi a ritear an Pharlaimint

Léigh Buan-Orduithe na Dála agus an tSeanaid, agus foghlaim níos mó faoin gcaoi a ndéantar Tithe an Oireachtais a rialú agus a bhainistiú.

Nuashonraithe go deireanach: 27 Deireadh Fómhair 2020

Barr
Roinn