Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Tuarastail

Íoctar buntuarastal le Teachtaí Dála ó dháta an toghcháin, ar choinníoll go síneoidh an Teachta Rolla Chomhaltaí Dháil Éireann laistigh de 30 lá ón toghchán. Ar an gcaoi chéanna, íoctar buntuarastal le Seanadóirí ón dáta a toghadh chuig an Seanad iad, an dáta sin san áireamh. Is ó dháta a n-ainmniúcháin a íoctar na comhaltaí sin den Seanad a n-ainmníonn an Taoiseach iad. Tá tuarastail faoi réir cánach, ÁSPC, an mhuirir shóisialta uilíoch, tobhach pinsin agus ranníocaíochtaí pinsin.

Tá na rátaí seo i bhfeidhm ón 1 Deireadh Fómhair 2024 i leith. D’fhéadfaí nár iarr baill nó sealbhóirí oifige tuarastal nó liúntais; níor cheart go nglacfaí leis gur íocadh na méideanna ar fad thíos.

Ról

Buntuarastal

Liúntas breise tuarastail

TD €113,679 --
Seanadóir €79,614 --
An Ceann Comhairle €113,679 €141,834
An Leas-Cheann Comhairle €113,679 €61,892
An Cathaoirleach €79,614 €55,886
An Leas-Chathaoirleach €79,614 €31,965
Treoraí an tSeanaid €79,614 €25,977
Leas-Cheannaire an tSeanaid €79,614 €10,888

Liúntais do shealbhóirí oifigí aire

Íoctar liúntais tuarastail breise leis an Taoiseach, leis an Tánaiste, leis na hairí rialtais agus na hairí stáit. Is í an Roinn aonair a sanntar an tAire di a íocann na liúntais sin.

 

Liúntais le haghaidh poist shonraithe

Tá liúntas breise tuarastail ag gabháil le poist shonraithe áirithe laistigh de Thithe an Oireachtais freisin. Tá na liúntais tuarastail sin faoi réir cánach, ÁSPC, an mhuirir shóisialta uilíoch, tobhach pinsin agus ranníocaíochtaí pinsin freisin.

Post i nDáil Éireann

Liúntas breise tuarastail

Aoire Cúnta an Rialtais €17,191
Aoire Pháirtí Fhianna Fáil €11,458
Aoire Pháirtí Fhine Gael €11,458
Aoire an Chomhaontais Ghlais €6,875
Aoire Pháirtí Shinn Féin €21,773
Aoire Pháirtí na Dlúthpháirtíochta/an Chomhaontais Pobal roimh Bhrabús €6,875
Aoire Pháirtí an Lucht Oibre €6,875
Aoire Pháirtí na nDaonlathaithe Sóisialta €6,875
Aoire Cúnta Pháirtí Fhianna Fáil €5,731
Aoire Cúnta Pháirtí Fhine Gael €5,731
Aoire Cúnta an Chomhaontais Ghlais €3,439
Aoire Cúnta Pháirtí Shinn Féin €10,888

 

Post i Seanad Éireann

Liúntas breise tuarastail

Aoire an Rialtais €6,875
Aoire Cúnta an Rialtais €4,583
Ceannaire an Ghrúpa Neamhspleách €6,875
Ceannaire Ghrúpa Shinn Féin €6,875
Ceannaire Ghrúpa na Rannpháirtíochta Sibhialta €6,875
Ceannaire Ghrúpa an Lucht Oibre €6,875
Aoire an Ghrúpa Neamhspleách €4,583
Aoire Ghrúpa Shinn Féin €4,583
Aoire Ghrúpa na Rannpháirtíochta Sibhialta €4,583
Aoire Ghrúpa an Lucht Oibre €4,583

 

Eile

Liúntas breise tuarastail

Cathaoirleach Coiste (TD) €10,888
Cathaoirleach Coiste (Seanadóir) €10,888
Comhaltaí Coimisiúin (TD) €10,888
Comhaltaí Coimisiúin (Seanadóir) €10,888
Cathaoirleach an Choiste um Leasanna Comhaltaí de Sheanad Éireann €3,553

I gcás ina bhfuil Comhalta ina Chathaoirleach nó ina Cathaoirleach ar níos mó ná Coiste amháin, níl an té sin i dteideal ach liúntas amháin a fháil. I gcásanna áirithe, tharscaoil comhaltaí liúntais áirithe a fháil agus, dá bharr sin, níor cheart a ghlacadh leis go n-íoctar na liúntais thuasluaite go léir.

Nuashonraithe go deireanach: 1 Deireadh Fómhair 2024

Barr
Roinn