Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Cathaoirleach

Jerry Buttimer

Jerry Buttimer

Dáilcheantar

Cork South-Central

Páirtí

Fine Gael

Teach

34th Dáil (2024 - )

Sonraí teagmhála

Leinster House, Kildare Street, Dublin 2

Jerry Buttimer

Toghadh an Chathaoirligh

Toghadh an Seanadóir Jerry Buttimer ina Chathaoirleach ar Sheanad Éireann an 16 Nollaig 2022.

Ról an Chathaoirligh

Sa chéad chruinniú tar éis olltoghcháin, roghnaíonn Seanad Éireann Cathaoirleach. Bíonn an Cathaoirleach i gceannas go neamhchlaonta agus go húdarásach ar ghnó agus ar imeachtaí an Tí.

Forordaítear le Buan-Orduithe Sheanad Éireann cumhachtaí agus dualgais an Chathaoirligh i dtaca le gnó parlaiminteach, e.g. riaradh na díospóireachta, leasuithe ar Bhillí agus ar thairiscintí, iompar mí-ordúil. Faoi Bhunreacht na hÉireann, roghnaíonn Seanad Éireann Leas-Chathaoirleach freisin.

Is é an Cathaoirleach an t-aon bhreitheamh ar ord agus bíonn réimse cumhachtaí agus feidhmeanna aige nó aici, mar atá:

  • iarrann sé nó sí ar Chomhaltaí labhairt agus níor mhór go ndíreofaí gach óráid ar an gCeann Comhairle
  • cuireann sé nó sí cibé ceisteanna is gá os comhair an Tí, déanann sé nó sí maoirseacht ar vótálacha agus fógraíonn sé nó sí na torthaí
  • tá údarás aige nó aici mí-ord a chosc, iallach a chur ar chách géilleadh go tapa dá rialuithe agus féadfaidh sé nó sí ordú a thabhairt do Chomhaltaí an Teach a fhágáil nó iad a ainmniú lena gcur ar fionraí ag an Teach féin ar feadh tréimhse
  • má bhíonn mí-ord millteanach ann, féadfaidh sé nó sí an Teach a chur ar fionraí nó ar atráth

Cumhacht thábhachtach eile atá ag an gCathaoirleach ná glacadh le tairiscint, nó tairiscint a chur síos, maidir le deireadh a chur le díospóireacht más dóigh leis nó léi go ndearnadh tréan plé ar an gceist cheana féin.

Bíonn gach suí den Teach faoi rialú Riar na hOibre a ullmhaítear faoi threoir an Chathaoirligh. Déantar tairiscintí agus leasuithe a scrúdú astu féin lena chinntiú go gcomhlíonann siad Buan-Orduithe agus fasaigh. Tá de rogha ag an gCathaoirleach freisin an fógra foirmiúil is gá le haghaidh tairiscintí agus leasuithe a ghiorrú.

Bíonn an Cathaoirleach ina Chathaoirleach nó ina Cathaoirleach ar an gCoiste um Pribhléidí Parlaiminteacha agus Formhaoirsiú (Seanad Éireann), a bhreithníonn nithe a bhaineann le nós imeachta i gcoitinne agus a mholann aon bhreisiú nó leasú ar na Buan-Orduithe. Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste breithniú a dhéanamh ar phribhléidí na gComhaltaí agus tuairisc a thabhairt don Teach ina leith.

Cé go rialaíonn na Buan-Orduithe imeachtaí an Tí, ní cód iomlán den nós imeachta laethúil iad. Ní mór iad a léamh i gcomhthéacs pé caoi ar chuir an Cathaoirleach i bhfeidhm iad nó an chaoi a ndearna an Cathaoirleach forbairt orthu thar na blianta. Is é príomhfhoinse an mhéid sin "Rialuithe an Chathaoirligh". Is é atá iontu sin cinntí ón gCathaoirleach ar nithe nach gcuimsítear go sonrach sna Buan-Orduithe, nó a thugann feidhm do na Buan-Orduithe in imthosca sonracha. Rinne cuid mhór Cathaoirligh dhifriúla (i gcáil Cathaoirligh nó Leas-Chathaoirligh) na cinntí sin thar thréimhse sách fada. Ní gá go mbeadh an Cathaoirleach faoi cheangal ag Rialuithe roimhe seo; mar sin féin, i gcás ar leith, is dóigh go gcloífear le Rialú ar mhaithe le comhsheasmhacht.

Faoi Airteagal 15.11.2° de Bhunreacht na hÉireann, más ionann líon na vótaí ar an dá thaobh beidh ag an gCathaoirleach vóta cinniúna nach foláir a thabhairt.

Ar mhaithe le cuidiú leis an gCathaoirleach i bhfeidhmiú na ndualgas parlaiminte, ainmníonn an Cathaoirleach painéal de Chathaoirligh shealadacha as measc chomhaltaí an tSeanaid.

Déanann an Cathaoirleach ionadaíocht thar ceann Sheanad Éireann ag cruinnithe idirnáisiúnta parlaiminteacha, ag Comhdhálacha de Chinn Comhairle Pharlaiminte, ag Comhairle na hEorpa, ag Parlaimint na hEorpa agus, mar aon le Ceann Comhairle Dháil Éireann, comhóstálfaidh sé toscaireachtaí parlaiminte iasachta a bheidh ar cuairt ar Éirinn.

I gcás go mbíonn Uachtarán na hÉireann as láthair nó faoi éagumas ar bhonn sealadach, bíonn an Cathaoirleach mar chomhalta den Choimisiún a fheidhmíonn agus a chomhlíonann na cumhachtaí agus na feidhmeanna a thugtar don Uachtarán. Bíonn an Cathaoirleach mar chomhalta den Chomhairle Stáit freisin, a thugann cabhair agus comhairle don Uachtarán maidir le feidhmiú agus comhlíonadh cumhachtaí áirithe atá ag an Uachtarán.

Faoi na hAchtanna Toghcháin, bíonn an Cathaoirleach mar chomhalta ex officio den Bhord Achomhairc, a bunaíodh chun cinneadh a dhéanamh i dtaca le haon amhras, díospóid nó ceist a tharraingeofar anuas i ndáil le Clár na bPáirtithe Polaitíochta. Ina theannta sin, bíonn an Cathaoirleach mar chomhalta ex officio den Bhord Achomhairc, a cuireadh ar bun chun achomhairc ó chinntí Cheann Comhairimh an tSeanaid faoi Acht Toghcháin an tSeanaid (Rolla-Chomhaltaí), 1947, a éisteacht agus cinneadh a dhéanamh orthu.

An Tascfhórsa um Rannpháirtíocht Shábháilte sa Pholaitíocht

Tá an Cathaoirleach, mar aon le Ceann Comhairle na Dála, tar éis tascfhórsa a chur ar bun chun scrúdú a dhéanamh ar an gcineál drochíde a thugtar do dhaoine agus ar an gcineál ciaptha a dhéantar ar dhaoine - mná den chuid is mó - a bhíonn ag gabháil don pholaitíocht. Sprioc eile de chuid an tascfhórsa is ea moltaí a dhéanamh maidir leis an gcaoi a bhféadfaí tacú le rannpháirtíocht ríthábhachtach sa réimse sibhialta agus sa réimse poiblí agus í a chosaint.

Tháinig an tascfhórsa le chéile den chéad uair i mí na Bealtaine 2023. Leagfar tuarascáil deiridh faoi bhráid an Chinn Comhairle agus an Chathaoirligh roimh an 31 Nollaig 2023 ar a dhéanaí.

Barr
Roinn