Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Cóipcheart agus athúsáid

Tá cóipcheart ag Tithe an Oireachtais ar fhormhór na faisnéise atá ar ár suíomh gréasáin, an reachtaíocht san áireamh, mura léirítear a mhalairt.

*Tabhair faoi deara: Úsáideadh roinnt íomhánna tríú páirtithe ar fud an tsuímh gréasáin agus luaitear iad dá réir sin. Ní chumhdaítear íomhánna a luaitear le daoine eile le Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais a bhfuil cuntas air thíos.

Comhlíonann Tithe an Oireachtais Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) 2005 go 2015, agus spreagann siad athúsáid na faisnéise a tháirgimid chun críoch tráchtála agus neamhthráchtála. Folaíonn athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile, chomh maith le taighde agus staidéar. Tá cead agat an fhaisnéis cóipchirt seo a athúsáid saor in aisce, agus i bhformáid ar bith. Tá an cead faoi réir coinníollacha arna leagan amach inár gceadúnais athúsáide de chuid an Oireachtais.

Tá bunús na faisnéise sin faoi réir Cheadúnas PSI (Sonraí Oscailte) an Oireachtais dár gcuid, a chuireann Ceadúnas Idirnáisiúnta Aitreabúideacht Creative Commons 4.0 i bhfeidhm. Ciallaíonn sé seo nach bhfuil ach fíorbheagán srianta ar an gcaoi a bhféadfaidh tú í a athúsáid. I dtéarmaí Cheadúnas PSI (Sonraí Oscailte) an Oireachtais, tharscaoileamar aon cheanglas a bheadh ort (faoi na Rialacháin maidir le Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid) iarratas ar chead a dhéanamh chugainn go foirmiúil ar mhaithe le faisnéis a chlúdaítear sa cheadúnas sin a athúsáid. Ach mar sin féin ní mór duit:

  • Tithe an Oireachtais a aithint mar chruthaitheoir an ábhair cheadúnaithe agus cóipcheart na dTithe a aithint;
  • fógra cóipchirt na dTithe a choimeád;
  • tagairt a dhéanamh do Cheadúnas PSI (Sonraí Oscailte) an Oireachtais agus nascadh leis más féidir; agus
  • gach séanadh a sholáthraíonn na Tithe a choimeád.

Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais

Meastar nuair a athúsáideann tú an fhaisnéis go bhfuil tú ag glacadh leo seo agus le téarmaí eile Cheadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Sonraí Oscailte) de chuid an Oireachtais.

 

Imeachtaí craolta

Baineann saincheadúnas faoi na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid le craoltaí imeachtaí Oireachtais a athúsáid, lena n-áirítear imeachtaí coiste. Is é sin Ceadúnas PSI (Imeachtaí Craolta) an Oireachtais. Folaíonn an téarma imeachtaí craolta, i ndáil le himeachtaí i gceachtar Teach den Oireachtas, nó i gcoiste, closábhar agus físábhar, íomhánna socra agus íomhánna gluaisteacha, agus craoladh na n-imeachtaí ar an idirlíon. Ní mór duit iarratas ar chead a dhéanamh chugainn ar mhaithe leis an bhfaisnéis lena mbaineann an Ceadúnas seo a athúsáid. Má thugtar an cead sin duit, beidh sé faoi réir an Cheadúnais. Faoin gCeadúnas, ní mór duit:

  • an fhoinse agus ár gcóipcheart a aithint i gcásanna ina gcuireann tú an fhaisnéis ar fáil do dhaoine eile, trí chomhartha uisce a chur le haon phíosa scannánaíochta físeáin agus/nó trí aon chomharthaí uisce atá ann cheana féin a choinneáil más féidir
  • an fhaisnéis a atáirgeadh go cruinn agus gan í a úsáid ar bhealach míthreorach
  • gan an fhaisnéis a athúsáid i gcláir siamsaíochta éadroime, i gcláir aoire polaitiúla, ná i gcraoltaí páirtí polaitíochta
  • gan an fhaisnéis a úsáid más é an príomhchuspóir atá léi fógraíocht a dhéanamh ar tháirge nó ar sheirbhís áirithe nó táirge nó seirbhís áirithe a chur chun cinn, lena n-áirítear í a úsáid ag comhdhálacha nó cruinnithe páirtí, nó in ábhar bolscaireachta páirtí, nó a leithéid (más i gcraoladh a dhéanfar an athúsáid, féadfaidh tú sleachta a chur i réamhfhógráin do chláir nuachta agus cúrsaí reatha)
  • a chinntiú go bhfuil aon athúsáid cothrom ó thaobh na polaitíochta de agus nach dtarraingíonn sí míchlú ar imeachtaí an Oireachtais
  • maoirseacht agus rialú a dhéanamh ar leabú píosaí scannánaíochta ó do shuíomh gréasáin chun a chur faoi deara go gcomhlíonfaidh úsáideoirí na bpíosaí scannánaíochta na téarmaí agus na coinníollacha céanna.

Ceadúnas Fhaisnéis na hEarnála Poiblí (Imeachtaí Craolta) de chuid an Oireachtais

Baineann saincheadúnas faoi na Rialacháin maidir le Faisnéis na hEarnála Poiblí a Athúsáid le craoltaí imeachtaí Oireachtais a athúsáid, lena n-áirítear imeachtaí coiste.

 

Reachtaíocht agus Cíona Lae

Gan trácht ar chúrsaí cóipchirt, is cionta tromchúiseacha iad leagan míchruinn den reachtaíocht, nó go fiú cóip a bhfuil an chuma uirthi gurb í an leagan oifigiúil í agus nach ea, a tháirgeadh nó a úsáid. Is iad Achtanna an Oireachtais agus na hIonstraimí Reachtúla, 1922 go nuige seo, foinse oifigiúil na reachtaíochta. Má fhoilsíonn tú leagan de théacs reachtaíochta, ní foláir duit séanadh a chur leis á rá nach é téacs oifigiúil an Achta é ná athráiteas oifigiúil. Maidir le Cín Lae na nImeachtaí oifigiúil de chuid Dháil Éireann nó de chuid Sheanad Éireann, is é an leagan a fhoilsítear i gcóip chrua faoi údarás reachtúil an leagan oifigiúil.

Séanadh

Níl Tithe an Oireachtais faoi dhliteanas as aon chaillteanas ná dliteanas a bhaineann le hathúsáid faisnéise agus ní dheimhníonn siad go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta ná saor ó earráidí. Ní thugtar le fios i bhfoilsiú na reachtaíochta ar ár suíomh gréasáin go raibh ná go bhfuil aon fhoráil ar leith i reacht i bhfeidhm. Ní údaraíonn Tithe an Oireachtais aon úsáideoir chun cearta eisiacha a bheith aige chun a bhfaisnéis a athúsáid.

Tuilleadh faisnéise

I gcomhair liosta iomlán den fhaisnéis a choinníonn Tithe an Oireachtais, féach ar an rannán, Saoráil Faisnéise. Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi athúsáid faisnéise a choinníonn Tithe an Oireachtais, téigh i dteagmháil lenár nAonad Cumarsáide.

Sonraí teagmhála

An tAonad Cumarsáide
Seirbhís Thithe an Oireachtais
Sráid Chill Dara
Baile Átha Cliath 2
D02 XR20
Éire
communications@oireachtas.ie
+353 (0)1 618 3066

Barr
Roinn