Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Obair idirpharlaiminteach

Comhoibríonn an tOireachtas le tionóil pharlaiminteacha eile san Eoraip agus níos faide i gcéin. Tugann parlaiminteoirí eachtracha cuairt ar an Oireachtas go rialta chun staidéar a dhéanamh ar shaincheisteanna beartais agus chun dul i mbun cainteanna lena gcomhghleacaithe Éireannacha. Taistealaíonn Comhaltaí den Oireachtais chuig parlaimintí eile freisin.

Glacann an tOireachtas páirt i dtionóil pharlaiminteacha Eorpacha agus idirnáisiúnta chomh maith. Tá Éire ina ball den Aontas Idirpharlaiminteach, de Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa agus de Thionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

Is é cuspóir na hoibre seo uile dea-chaidreamh oibre a chothú, díospóireacht a chur chun cinn, tuiscint níos fearr ar shaincheisteanna comhspéise a chruthú agus comhsheasamh a shocrú más féidir.

An Cumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas

Íomhá: Tionól Thuaisceart Éireann

An Cumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas

Fóram atá sa Chumann Idirpharlaiminteach Thuaidh/Theas do phléití idir Comhaltaí Chomhthionól Thuaisceart Éireann agus Comhaltaí Thithe an Oireachtais maidir le saincheisteanna ina bhfuil leas agus spéis choiteann.

Tionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann

Cruinniú iomlánach Thionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann i nGeirsí, Bealtaine 2023

Íomhá: Gary Grimshaw

Tionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann

Tá sé mar aidhm ag Tionól Parlaiminteach na Breataine-na hÉireann comhoibriú idir ionadaithe polaitiúla sa Bhreatain agus in Éirinn a chur chun cinn chun leas na ndaoine a ndéanann siad ionadaíochta ar a son.

An tOireachtas agus an tAontas Eorpach

Íomhá: iStock

An tOireachtas agus an tAontas Eorpach

Is é Comhchoiste an Oireachtais um Ghnóthaí an Aontais Eorpaigh go príomha a thugann faoin idirghabháil pholaitiúil agus an caidreamh idir institiúidí an Aontais Eorpaigh agus Tithe an Oireachtais.

Déanann Oifig Náisiúnta Parlaiminte an Oireachtais sa Bhruiséil ionadaíocht thar ceann an Oireachtais in institiúidí an Aontais Eorpaigh.

Tá an tAontas Eorpach faoi uachtaránacht na Beilge san am i láthair. Féadtar teacht ar eolas faoi thosaíochtaí agus imeachtaí don seal sin anseo.

An tAontas Idirpharlaiminteach

146ú Tionól an Aontais Idirpharlaimintigh, Manama, Bairéin, 2023. Íomhá: An tAontas Idirpharlaiminteach

An tAontas Idirpharlaiminteach

Is é an tAontas Idirpharlaiminteach (IPU) eagraíocht idirnáisiúnta na bparlaimintí. Is é an príomhardán é faoi choinne idirphlé parlaiminteach domhanda. Oibríonn sé chun síocháin agus comhoibriú i measc daoine a bhaint amach agus chun daonlathas ionadaíoch a dhaingniú.

Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Íomhá: Comhairle na hEorpa

Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Is é atá i dTionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa tionól parlaiminteach de chomhaltaí parlaiminte ó 46 ballstát Chomhairle na hEorpa. Reáchtáiltear seisiúin iomlánacha in Strasbourg ceithre huaire sa bhliain.

Tionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip

Íomhá: Tionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip

Tionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip

Cuireann Tionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip fóram ar fáil le haghaidh idirphlé parlaiminteach ar chúrsaí slándála idir 57 ballstát na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

Barr
Roinn