Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Bí páirteach

TCÉ

Féach isteach

Ar mhaith leat a bheith níos páirtí i ndaonlathas parlaiminteach na hÉireann? Foghlaim faoi roinnt bealaí gur féidir leat ionchur a bheith agat i dTithe an Oireachtais.

Aighneacht a chur faoi bhráid Coiste Oireachtais

Aighneacht

Aighneacht a chur faoi bhráid Coiste Oireachtais

Uaireanta, cuireann Coistí Oireachtais fáilte roimh aighneachtaí ar ábhar ar leith. Is féidir leat aighneacht scríofa a chur faoi bhráid Coiste am ar bith freisin. Bí cinnte go leanann tú ár dtreoirlínte agus go seolann tú d'aighneacht chuig cléireach an Choiste ábhartha.

Achainí

Achainí chuig an Oireachtas

Is féidir leat achainí chuig Tithe an Oireachtais a dhéanamh maidir le cúrsaí a bhfuil an chumhacht acu gníomhú orthu. Déanfaidh Coiste speisialta Teachtaí Dála agus Seanadóirí, an Coiste um Achainíocha ón bPobal, d’achainí a bhreithniú. Foilseoidh an Coiste d’achainí agus d’fhéadfadh sé cuireadh a thabhairt duit labhairt go díreach leo.

Amharc ar an bhfíseán

Comhoibrigh leis an tSeirbhís Taighde Pharlaiminteach

Taighde

Comhoibrigh leis an tSeirbhís Taighde Pharlaiminteach

Más taighdeoir acadúil thú b’fhéidir go mbeadh suim agat oibriú i gcomhar lenár Seirbhís Taighde Pharlaiminteach. Dhírigh iar-chomhaltaí taighde ar ábhair éagsúla lena n-áirítear reachtaíocht, nanaitheicneolaíocht, gnóthaí Eorpacha agus dróin.

Vótáil sa chéad toghchán eile

Vótáil

Vótáil sa chéad toghchán eile

Más saoránach Éireannach nó Briotanach thú, a bhfuil cónaí ort in Éirinn agus atá 18 mbliana d’aois ar a laghad, tá tú i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin Dháil Éireann, ach ní mór duit a bheith cláraithe.

Más céimí d’ollscoil Éireannach thú, d’fhéadfadh sé go bhfuil tú i dteideal vóta a chaitheamh i dtoghcháin an tSeanaid.

Téigh i dteagmháil le TD

Mar d’ionadaí áitiúil, is féidir le TD ceisteanna a fhiosrú sa Dáil nó saincheisteanna a ardú atá tábhachtach duit nó do do cheantar áitiúil.

Téigh isteach i bpáirtí polaitíochta

Más mian leat baint níos mó a bheith agat leis an bpolaitíocht, b’fhiú machnamh a dhéanamh ar dhul isteach i gceann de pháirtithe polaitíochta na hÉireann.

Coinníonn an Coimisiún Toghcháin clár de pháirtithe polaitíochta.

Barr
Roinn