Tá ról ríthábhachtach ag an bparlaimint maidir le rialtais a thabhairt chun cuntais trí ghrinnscrúdú a dhéanamh ar chinntí buiséid agus ar fheidhmíocht. Is ann do cheithre ghealltanas thábhachtacha buiséid i gcaitheamh na bliana. Tig le coistí earnála grinnscrúdú a dhéanamh ó cheann ceann na bliana dá thairbhe.
- An tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe (REV) i mí Eanáir/mí Feabhra
- Tuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí (PSPR) i mí na Bealtaine/mí an Mheithimh
- An Tuarascáil ar Chaiteachas ag Lár na Bliana i mí Iúil nó i mí Mheán Fómhair
- Na Meastacháin Fhorlíontacha i mí Dheireadh Fómhair/mí na Samhna
Maidir leis an bhféilire sin de ghealltanais bhuiséid na gcoistí, ba phríomh-mholadh é i bhfoilseachán an Choiste um Fhormhaoirsiú Buiséid, An Tuarascáil Deiridh ar an gcreat le haghaidh rannpháirtíocht pharlaiminte le linn an timthrialla buiséid (Feabhra 2021). Léirítear treoirphlean sa tuarascáil sin maidir leis an gcaoi a bhféadfaidh coistí parlaiminteacha grinnscrúdú airgeadais agus buiséid níos fearr a dhéanamh.
Tugann an Coiste um Chuntais Phoiblí (PAC) agus an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid faoi ghnéithe eile den ghrinnscrúdú airgeadais, den ghrinnscrúdú réamhbhuiséid agus den ghrinnscrúdú iarbhuiséid.
Díospóireachtaí le déanaí maidir le grinnscrúdú
An ról atá ag coistí maidir le grinnscrúdú a dhéanamh ar Mheastacháin
- Na Meastacháin (Ghiorraithe) | Lár mhí Dheireadh Fómhair nó lá an Bhuiséid nó roimhe
-
An bhfuil ról ann do na Coistí?
Níl.
Is éard atá sna Meastacháin Ghiorraithe i gcomhair Seirbhísí Poiblí, an caiteachas beartaithe don bhliain dár gcionn. Foilsítear iad mar chuid den Tuarascáil Chaiteachais (doiciméid Bhuiséid). Ní bhaineann na sonraí a chuirtear ar fáil le haghaidh na Vótaí ach le céim an chláir amháin agus bíonn éagsúlacht le sonrú iontu (sin an fáth a ndeirtear “Giorraithe”).
Mar sin féin, féadfaidh Coistí earnála aighneachtaí i scríbhinn a iarraidh ar an bpobal agus ar pháirtithe leasmhara. Chomh maith leis sin, féadfaidh siad coinní réamh-Bhuiséid a eagrú le páirtithe leasmhara maidir le ceisteanna beartais atá faoina gcúram.
Féadfaidh an Roghchoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid coinní iar-Bhuiséid a shocrú freisin agus tuairimí agus moltaí a thabhairt maidir le próiseas agus pacáiste an bhuiséid.
- Meastacháin Athbhreithnithe | Lár Mhí na Nollag
-
An bhfuil ról ann do na Coistí?
Tá.
Tugann an tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe i gcomhair na Seirbhísí Poiblí (REV) i bhfad níos mó sonraí ag céim na bhfo-mhírcheann, chomh maith le méadracht feidhmíochta.
Is iad na Meastacháin Athbhreithnithe, nó an caiteachas beartaithe “deiridh” athbhreithnithe don bhliain dár gcionn, a chuireann bonn leis an ngrinnscrúdú parlaiminteach ar an gcaiteachas a leithdháileadh.
- Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise | Eanáir-Feabhra
-
An bhfuil ról ann do na Coistí?
Tá.
Bíonn gá le Meastacháin Athbhreithnithe Bhreise más rud é go ndéantar an Meastachán Athbhreithnithe bunaidh a tharraingt siar agus nach ritheann an Dáil é, nó má aistrítear feidhmeanna Roinne amháin go Roinn eile.
Tugann an tImleabhar Meastachán Athbhreithnithe i gcomhair na Seirbhísí Poiblí (REV) i bhfad níos mó sonraí ag céim na bhfo-mhírcheann, chomh maith le méadracht feidhmíochta, agus is é a chuireann bonn leis an ngrinnscrúdú parlaiminteach ar an gcaiteachas a leithdháileadh.
- Meastacháin Fhorlíontacha | Mí na Samhna go hIondúil
-
An bhfuil ról ann do na Coistí?
Tá.
D’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Rialtas airgead breise (nó forlíontach) a iarraidh ar an Dáil le linn na bliana. Is airgead é seo atá sa bhreis ar an méid a fhoráiltear sa Mheastachán ceadaithe don bhliain sin. Déantar foráil sna Meastacháin Fhorlíontacha don nós imeachta le haghaidh iarratas den sórt sin. Is iondúil go dtagann siad seo chun cinn níos moille sa bhliain. Bíonn ceadú na Dála ag teastáil lena n-aghaidh, díreach mar a bhíonn sé ag teastáil faoi choinne na Meastachán Athbhreithnithe.
Is ann do dhá shórt Meastachán Forlíontach:
▪ Mór (airgead breise); agus
▪ Beag nó teicniúil (coigeartuithe teicniúla).Lena chois sin, d’fhéadfadh meascán den dá chineál sin a bheith san áireamh i Meastacháin Fhorlíontacha.
Meastacháin | léargas ginearálta
Is ionann Meastachán, nó Vóta (nó caiteachas vótáilte) mar a thugtar air freisin, agus an méid airgid a bheartaíonn gníomhaireacht nó Roinn Rialtais a chaitheamh i mbliain ar leith. Is é próiseas na Meastachán an modh atá ag Dáil Éireann chun ligean do Ranna féachaint le cistí a aistarraingt as an Státchiste ar mhaithe le freastal ar oibleagáidí caiteachais an Rialtais.
Meastacháin | próiseas
- Tíolacadh
-
Cuirtear Meastacháin i gcló díreach roimh lá an Bhuiséid mar chuid den Tuarascáil Chaiteachais. Is cuid den phróiseas iad chun an caiteachas beartaithe don bhliain dár gcionn a leagan amach.
Déantar nuashonrú orthu seo agus déanann Aire Meastacháin Athbhreithnithe a chur faoi bhráid na Dála trí thairiscint, i lár mhí na Nollag de ghnáth. Ní mór don Dáil iad a chomhaontú. I gcorrchás, d’fhéadfaí Meastacháin Athbhreithnithe a nuashonrú arís mar Mheastacháin Athbhreithnithe Bhreise sula vótálann an Dáil.
Nuair a thagann próiseas na Meastachán Athbhreithnithe chun críche, ní foláir d’Aire cead a iarraidh chun Meastacháin Bhreise nó Meastacháin Fhorlíontacha a thabhairt isteach trí thairiscint. Ina dhiaidh sin, cuirtear an cheist faoi bhráid na Dála lena comhaontú. Is iondúil go dtagann meastacháin fhorlíontacha chun cinn níos moille sa bhliain.
- Tarchur chuig coiste
-
Bíonn Meastacháin Athbhreithnithe arna dtarchur go huathoibríoch chuig an Roghchoiste ábhartha, ar a mbíonn Comhaltaí Dháil Éireann amháin, lena mbreithniú. Ní bhíonn aon tairiscint ar leith ann faoi choinne tarchuir. Cuirtear tús leis an mbreithniú go mall i mí Eanáir nó ag tús mhí Feabhra.
Maidir leis na Meastacháin a tharchuirtear chuig Coistí, ní bhíonn aon fheidhm ag na Coistí maidir lena gceadú ná lena leasú.
- Breithniú an Choiste
-
Déanann Roghchoistí breithniú ar Mheastacháin a leagtar faoina mbráid trí éisteacht phoiblí nó éisteachtaí poiblí leis na hAirí ábhartha.
- Téigh ar ais chuig an Dáil agus tuarascáil a thabhairt maidir le breithniú an choiste
-
Nuair a bhíonn an éisteacht thart, seolann an Roghchoiste teachtaireacht chun na Dála, trí Chléireach na Dála, lena dheimhniú gur cuireadh an breithniú i gcrích. Leis sin, déantar an Meastachán “a sheoladh ar ais” chun na Dála.
Ina theannta sin, féadfaidh an Coiste cuntas a thabhairt ar a bhreithniú i dtuarascáil scríofa ar leith d’fhonn aiseolas cuiditheach a chur ar fáil faoin bpróiseas.
Grinnscrúdú airgeadais | Foilseacháin agus acmhainní
Na Meastacháin a Mhíniú
Féach ar mhiontreoir maidir leis an dóigh a n-oibríonn próiseas na Meastachán san Oireachtas.
Mar chuid den phróiseas grinnscrúdaithe airgeadais, féadfaidh coistí aighneachtaí a fháil ina mbeidh freagraí ar cheisteanna faoi Thuarascáil Feidhmíochta na Seirbhíse Poiblí agus nithe eile, féadfaidh siad tuarascálacha a chur ar fáil iad féin nó féadfaidh siad dul i dteagmháil le páirtithe leasmhara eile.
Tuarascálacha chuig coistí maidir le grinnscrúdú airgeadais
Aoine, 16 Feabh
Response from Department to Joint Committee on Finance, Public Expenditure And Reform, And Taoiseach | January 2024
Céad, 8 Samh
Response from Department of Transport to the Joint Committee on Transport and Communications | November 2023
Máirt, 17 DFómh
Response from Department to Joint Committee on Finance, Public Expenditure and Reform, and Taoiseach | October 2023
Tuarascálacha coiste
Pléann an Coiste um Chuntais Phoiblí agus an Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid go sonrach le cúrsaí buiséid.
Acmhainní breise
D’fhéadfadh coistí eile plé le páirtithe leasmhara freisin agus tuarascálacha a bhaineann leis an mBuiséad a chur i dtoll a chéile.