Ar iarradh ort teacht os comhair coiste Oireachtais? Faigh faisnéis agus treoir phraiticiúil chun cabhrú leat tú féin a ullmhú.
Má tá tú ag teacht os comhair Coiste Oireachtais, tabharfar “finné” ort agus aon fhaisnéis a roinnfidh tú leis an gCoiste, tabharfar “fianaise” air sin.
Tugann coistí Oireachtais cuireadh go tráthrialta do dhaoine nó do chomhlachtaí leasmhara fianaise i bhfoirm cur i láthair i scríbhinn nó ó bhéal a thabhairt maidir le hábhair ina gcláir oibre. Féadfaidh Coistí cuireadh a thabhairt d’Airí, do státseirbhísigh agus seirbhísigh phoiblí, d’ionadaithe ó eagraíochtaí neamhrialtasacha agus do ghrúpaí leasmhara eile.

Doiciméid treorach
Má iarradh ort freastal ar chruinniú coiste, beidh na doiciméid sin ina gcabhair duit agus tú ag ullmhú don chruinniú agus chun a bheith ar an eolas faoina dtarlóidh sa chruinniú.
Tá iallach ort freastal ar chruinniú de chuid Coiste
Freastalaítear ar chruinnithe de chuid coiste Oireachtais ar bhonn deonach den chuid is mó. Má tharlaíonn sé, áfach, gur cuireadh iallach ort freastal ar chruinniú de chuid coiste faoin Acht um Thithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta), 2013, ba chóir duit na treoirlínte maidir le hinordaitheacht d’fhinnéithe a léamh chomh maith.
Nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag aithrisí
Aimsigh muid
Tá Teach Laighean ar Shráid Chill Dara i mBaile Átha Cliath 2, idir an Leabharlann Náisiúnta agus Ard-Mhúsaem na hÉireann – Seandálaíocht.
Ní mór do gach cuairteoir teacht isteach tríd an mbealach isteach ar Shráid Chill Dara.
Fág suas le 30 nóiméad i gcomhar slándála agus seiceáil isteach.