Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Liúntais eile

An Liúntas um Oifig Dáilcheantair a Bhunú

Is iad vótálaithe i ndáilcheantar a thoghann Comhaltaí Dháil Éireann chun ionadaíocht a dhéanamh don dáilcheantar sin i dTeach Laighean. Cuirtear oifig agus áiseanna ar fáil i dTeach Laighean do na Teachtaí Dála go léir lena chur ar a gcumas tabhairt faoin obair is gá dóibh a dhéanamh chun a ról mar reachtóirí agus ionadaithe dáilcheantair a chomhlíonadh agus iad i mBaile Átha Cliath. Má roghnaíonn Teachtaí Dála oifig a bheith acu ina ndáilcheantar féin, féadfaidh siad cuid de na costais a bhaineann le bunú na hoifige sin a éileamh ar ais. Tugtar an Liúntas um Oifig Dáilcheantair a Bhunú air sin. Is liúntas aonuaire é is fiú €8,000 ar a mhéad. Chun cuid ar bith den liúntas a fháil, ní mór do TD foirm éilimh a chomhlánú agus admhálacha tacaíochta a chur ar fáil.

An Liúntas Fóin Póca do Chomhaltaí

Leis an scéim seo, tugtar deis do Chomhaltaí fón póca agus trealamh fóin don charr a cheannach ó sholáthraí dá rogha féin agus costas an trealaimh a éileamh ar ais go dtí uasmhéid €750 i dtréimhse 18 mí. Áirítear leis na costais a chlúdaítear gléas láimhe agus trealamh fóin don charr a cheannach, préimh árachais bhliantúil agus costais chothabhála agus ilghnéitheacha. Chun an t-aisíoc a fháil, ní mór do Chomhaltaí foirm éilimh a chomhlánú agus admhálacha tacaíochta a chur ar fáil.

Nuashonraithe go deireanach: 27 Deireadh Fómhair 2020

Barr
Roinn