Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Sealbhóirí oifige

Toghann gach Teach, Dáil agus Seanad, cathaoirleach agus leaschathaoirleach. Bíonn na cathaoirligh in ainm a bheith neamhchlaonta, coinníonn siad ord sna Tithe agus cinntíonn siad go gcaitear go cothrom leis na Comhaltaí go léir. Má bhíonn vóta i gceachtar Teach ar comhscór, beidh an vóta réitigh ag an gcathaoirleach.

Foghlaim tuilleadh faoi na sealbhóirí oifige reatha nó feic liosta de na hiar-Chinn Comhairle agus iar-Chathaoirligh ar fad.

An Ceann Comhairle

Bíonn an Ceann Comhairle ina c(h)athaoirleach ar Dháil Éireann. Ós rud é nach dtig leis an gCeann Comhairle páirt ghníomhach a ghlacadh sa pholaitíocht, atoghtar é nó í sa chéad olltoghchán eile go huathoibríoch.

An Leas-Cheann Comhairle

Is é an Leas-Cheann Comhairle leas-chathaoirleach na Dála, agus cuireann sé na dualgais chéanna i gcrích i Seomra na Dála nuair a bhíonn an Ceann Comhairle as láthair.

An Cathaoirleach

Tugtar an Cathaoirleach ar chathaoirleach Sheanad Éireann. Glaonn an Cathaoirleach ar Chomhaltaí chun labhairt agus coimeádann sé nó sí ord sa Teach.

An Leas-Chathaoirleach

Is é an Leas-Chathaoirleach leas-chathaoirleach an tSeanaid, agus cuireann sé an ról céanna i gcrích i Seomra an tSeanaid nuair a bhíonn an Cathaoirleach as láthair.

Barr
Roinn