Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An chaoi a ndéantar dlíthe

TCÉ

Féach isteach

Tá dlíthe nua a dhéanamh ar cheann de phríomhthascanna an Oireachtais. Tugtar Bille ar dhréacht de dhlí nua a bheartaítear. A luaithe a dhéanann an tUachtarán Bille a shíniú ina dhlí, déanfar Acht de agus cuirfear leis an Leabhar Reachtanna é. Ritheann an tOireachtas thart ar 50 Acht gach bliain.

  1. Ar an leathanach seo, foghlaimeoidh tú faoi:

Léargas ginearálta

Sula bhféadfar Bille a achtú, ní mór don Dáil agus don Seanad araon é a rith. Chun go rithfear é, ní mór Bille a chur faoi réir roinnt Céimeanna uathúla sa dá Theach.

Más Teachta Dála é an duine a thionscnaíonn an Bille, pléifear é sa Dáil ar dtús. Má ritheann an Dáil an Bille, pléifear é sa Seanad ansin. Más Seanadóir é an duine a thionscnaíonn an Bille, pléifear é sa Seanad ar dtús. Pléifear é sa Dáil ina dhiaidh sin. Ní fhéadfaidh an tUachtarán Bille a shíniú ina dhlí ach amháin tar éis don dá Theach é a rith.

Má dhéanann an Dáil Bille a rith, féadfaidh an Seanad moill a chur ar a dhul isteach sa dlí. Ní fhéadfaidh an Seanad é a stopadh, áfach. Más rud é go ndiúltaíonn an Seanad do Bhille, titfidh an Bille ar lár tar éis tréimhse 180 lá. Mar sin féin, tá sé de chumhacht ag an Dáil rún a rith laistigh den tréimhse 180 lá sin, rud lena ndearbhófar go meastar an Bille a bheith rite ag an dá Theach.

Cé atá in ann Bille a thabhairt ar aghaidh

Is féidir le hAirí Rialtais Billí a thabhairt ar aghaidh, agus tugtar Billí Rialtais orthu sin. Is féidir le Teachtaí Dála eile agus Seanadóirí Billí a thabhairt ar aghaidh freisin, agus tugtar Billí Comhaltaí Príobháideacha (BCPanna) orthu sin. Ní féidir le Seanadóirí Billí Airgid nó Billí lena leasófar an Bunreacht a thionscnamh.

In 2019, tugadh 108 Bille ar aghaidh; ba Bhillí Rialtais 40 díobh agus BCPanna 68 díobh.

Billí Rialtais

Más mian leis an Rialtas dlí atá ann cheana a aisghairm nó a athrú, déanfaidh sé amhlaidh trí Acht nua a chruthú. Mar shampla, rinneadh roinnt dlíthe a aisghairm le hAcht na Leanaí, 2001, lena n-áirítear an Children Act, 1908. Chomh maith leis sin, leasaíodh Acht na Leanaí, 2001, le hAcht na Leanaí (Leasú), 2015, chun scoileanna coinneála leanaí a chónascadh.

Cuireann an Rialtas a bhuiséad bliantúil chun feidhme trí Bhille Airgeadais agus Bille Leasa Shóisialaigh a thabhairt isteach agus a achtú gach bliain.

D’fhéadfadh gur ghá don Rialtas reachtaíocht a thabhairt isteach freisin chun dlíthe de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) nó breitheanna ó na cúirteanna Eorpacha a achtú. Mar shampla, ritheadh an tAcht um an Dlí Coiriúil (Gáinneáil ar Dhaoine) (Leasú), 2013, chun an Treoir maidir le Gáinneáil ó AE a chur chun feidhme.

Déanann an Rialtas liosta de na Billí atá sé chun a thabhairt chun cinn agus na hAchtanna atá rite aige ina chlár reachtúil.

Billí Comhaltaí Príobháideacha (BCPanna)

Féadfaidh comhaltaí den Dáil nó den Seanad iarracht a dhéanamh dlí nua a thabhairt isteach nó dlí reatha a leasú trí Bhille a thabhairt ar aghaidh. Mar shampla, thug Teachta Dála neamhspleách an Bille um Dhífheistiú Breosla Iontaise, 2016 ar aghaidh chun airgead poiblí a dhífheistiú ó chuideachtaí breosla iontaise. Achtaíodh an Bille in 2018.

D’urraigh grúpa Seanadóirí an tAcht Deochanna Meisciúla (Leasú), 2018. Rinne an tAcht sin leasuithe ar Achtanna éagsúla Ceadúnaithe chun an cosc ar thrádáil in áitreabh ceadúnaithe ar Aoine an Chéasta a bhaint.

Ní féidir leis an Dáil reachtaíocht a rith a bhaineann le cáin ná caiteachas airgeadas poiblí gan moladh roimh ré ón Rialtas. Má bhaineann BCP le caiteachas poiblí, ní féidir leis dul ar aghaidh chuig Céim an Choiste mura n-eisíonn an Rialtas teachtaireacht airgid ag tacú leis an gcaiteachas. Má ghearrann BCP cáin, ní féidir leis dul ar aghaidh chuig Céim an Choiste mura dtugann comhalta den Rialtas ar aghaidh rún airgeadais ar thairiscint agus go bhfaomhann an Dáil é.

I gcomhair tuilleadh eolais, féach Nóta SLaT Billí Comhaltaí Príobháideacha (BCPanna): Inghlacthacht, teachtaireachtaí Rialtais agus grinnscrúdú mionsonraithe.

An próiseas reachtach

Dréachtú

Billí Rialtais

Is gnách go gcuirtear próiseas comhairliúcháin ar siúl sula bhfoilseoidh an Rialtas Bille.

D’fhéadfadh go bhfoilseodh an Roinn iomchuí Páipéar Uaine ina leagtar amach smaointe an Rialtais agus ina lorgaítear tuairimí ó dhaoine aonair agus eagraíochtaí. Mar shampla, seoladh an Páipéar Uaine maidir le Beartas Fuinnimh in Éirinn i mí na Bealtaine 2014 agus rinneadh 1,200 aighneacht ina leith le linn an phróisis chomhairliúcháin.

Sula dtabharfar Bille chun críche, d’fhéadfadh go bhfoilseofaí scéim ghinearálta an Bhille. Tugtar ceannteidil an Bhille ar an scéim sin go minic.

Billí Comhaltaí Príobháideacha (BCPanna)

Déanann Teachtaí Dála agus Seanadóirí nach comhaltaí Rialtais iad a gcuid taighde féin ar na tograí beartais taobh thiar dá reachtaíocht bheartaithe féin. Cabhraíonn Oifig na gComhairleoirí Dlí Parlaiminte leis na Comhaltaí sin na ceisteanna dlí a eascraíonn óna dtograí beartais a fhiosrú agus cuireann sí comhairle ar fáil agus BCP á dhréachtú.

Grinnscrúdú Coiste Oireachtais

Féadfaidh an Coiste Oireachtais iomchuí grinnscrúdú a dhéanamh ar Bhillí Rialtais agus ar Bhillí Comhaltaí Príobháideacha araon. D’fhéadfadh an Coiste Gnó an riachtanas seo a tharscaoileadh i gcúinsí áirithe.

Billí Rialtais - grinnscrúdú réamhreachtach

Déanann Coiste Oireachtais grinnscrúdú ar scéim ghinearálta, nó dréacht-cheannteidil, Bille Rialtais sula gcuirtear téacs an Bhille i gcrích. D’fhéadfadh go dtabharfadh an Coiste Oireachtais iomchuí cuireadh do pháirtithe leasmhara freastal ar chruinnithe chun scéim ghinearálta nó dréacht-cheannteidil an Bhille a phlé.

Ag deireadh an ghrinnscrúdaithe réamhreachtaigh, foilsíonn an Coiste tuarascáil agus leagann sé faoi bhráid Thithe an Oireachtais í. Déantar moltaí sa tuarascáil ar an mBille bunaithe ar ghrinnscrúdú an Choiste.

Sampla de ghrinnscrúdú réamhreachtach is ea grinnscrúdú an Choiste um Dhlí agus Ceart agus Comhionannas ar Scéim Ghinearálta an Bhille um Fhaisnéis faoin Difríocht Pá idir na hInscní. Thug an Coiste cuireadh do thrí eagraíocht ionadaíocha chuig éisteacht phoiblí ar an 21 Samhain 2018. I mí Feabhra 2019 d’fhoilsigh sé a thuarascáil le moltaí don Rialtas maidir le dréacht deiridh an Bhille. Is féidir tuilleadh samplaí de thuarascálacha ar ghrinnscrúdú réamhreachtach a fháil ar na leathanaigh ghréasáin thiomnaithe le haghaidh Coistí aonair.

Billí Comhaltaí Príobháideacha (BCPanna) - grinnscrúdú roimh Chéim an Choiste

Déanann Coiste Oireachtais grinnscrúdú ar BCP má thagann sé tríd an Dara Céim sa Dáil. Tar éis an Dara Céim sa Dáil, iarrann an Comhalta a bhfuil an Bille á urrú aige ar an gCoiste iomchuí tabhairt faoi ghrinnscrúdú ar an mBille roimh Chéim an Choiste. Nó féadfaidh an t-urra iarraidh ar an gCoiste Gnó an gá le grinnscrúdú a tharscaoileadh. D’fhéadfadh go dtabharfadh an Coiste Oireachtais iomchuí cuireadh do pháirtithe leasmhara freastal ar chruinnithe chun an Bille a phlé, nó chun aighneachtaí a dhéanamh maidir leis an mBille.

Tar éis an grinnscrúdú roimh Chéim an Choiste a dhéanamh, foilsíonn an Coiste tuarascáil agus leagann sé faoi bhráid Thithe an Oireachtais í. Seolann sé teachtaireacht freisin chuig Dáil Éireann ag moladh go rachadh nó nach rachadh an Bille ar aghaidh chuig Céim an Choiste.

Má mholtar go rachadh an Bille ar aghaidh, féadfaidh urra an Bhille an tOrdú a mholadh le haghaidh Chéim an Choiste (an tairiscint a chuireann an Bille ar aghaidh chuig Céim an Choiste) gan díospóireacht. Má mholtar nach rachadh an Bille ar aghaidh, féadfaidh an t-urra tairiscint a mholadh sa Teach gur féidir leis an mBille dul ar aghaidh chuig Céim an Choiste, ach ní mór díospóireacht a dhéanamh ar an tairiscint. Má ritear an tairiscint, féadfaidh an Bille dul ar aghaidh.

Sampla de Bhille Comhaltaí Príobháideacha a ndearnadh grinnscrúdú roimh Chéim an Choiste air is ea an Bille um Athfheistiú Tithíochta Foilmhe, 2017. Rinne an Comhchoiste um Thithíocht, Pleanáil agus Rialtas Áitiúil grinnscrúdú ar an mBille i gcruinnithe poiblí. D’fhoilsigh sé a thuarascáil ansin inar moladh go rachadh an Bille ar aghaidh chuig Céim an Choiste.

Tugadh grinnscrúdú roimh Chéim an Choiste isteach tar éis tuarascáil de chuid an Fhochoiste ar Athleasú don 32ú Dáil.

Céimeanna Bille

Ní mór do bhille dul trí chúig chéim sa Dáil agus sa Seanad sular féidir é a achtú. Leagtar amach na Céimeanna i mBuan-Orduithe na Dála agus an tSeanaid.

An Chéad Chéim

Tionscnaítear an Bille

Féadfar formhór na mBillí a thionscnamh sa Dáil agus sa Seanad araon. Mar sin féin, ní mór Billí airgid agus Billí lena leasófar an Bunreacht a thionscnamh sa Dáil. Mar an gcéanna, ní fhéadfar Billí príobháideacha - nár cheart a mheascadh suas le Billí Comhaltaí Príobháideacha, mar a dhéantar cur síos orthu thíos - a thionscnamh ach amháin sa Seanad1.

Tá dhá bhealach ann ina bhféadfaidh Comhaltaí Bille a thionscnamh. Go ginearálta, féadfaidh Comhalta Rialtais Bille a thíolacadh, ach caithfidh Comhalta den Fhreasúra cead a lorg chun Bille a thabhairt isteach. Tugtar Billí Comhaltaí Príobháideacha (BCP) ar Bhille a thugann Comhalta den Fhreasúra isteach agus ní mór do na díospóireachtaí maidir leis a bheith ar siúl i rith thréimhse na gComhaltaí Príobháideacha.

Nuair a thíolactar Bille, is amhlaidh, ar an gcoinníoll go gcloíonn sé le Buan-Orduithe, go gcuirtear é go huathoibríoch le Riar na hOibre. Cuirtear an Bille ar aghaidh chuig an Dara Céim ansin.

Nuair a iarrann Comhalta cead chun Bille Comhaltaí Príobháideacha a thabhairt isteach, féadfaidh an Teach cead a thabhairt nó diúltú do chead a thabhairt. Má thugtar cead, cuirfear an Bille le Riar na hOibre agus cuirfear é ar aghaidh chuig an Dara Céim.

Sa Dáil, féadfaidh Comhaltaí Rialtais Billí a thíolacadh. Féadfaidh Teachtaí eile Billí a thíolacadh freisin. Mar sin féin, ní mór dóibh déanamh amhlaidh mar ghrúpa a chuimsíonn seachtar Teachtaí nó níos mó agus ní fhéadfaidh gach grúpa ach Bille amháin a thíolacadh ag aon am amháin. Sa Seanad, féadfaidh Treoraí an tSeanaid Bille a thíolacadh thar ceann an Rialtais. Féadfaidh grúpaí a chuimsíonn cúigear Seanadóirí nó níos mó trí Bhille ar a mhéad a thíolacadh ag aon am amháin freisin.

Sa Dáil, féadfaidh aon Chomhalta cead a iarraidh chun Bille a thabhairt isteach. Sa Seanad, bíonn triúr Seanadóirí ag teastáil chun Bille a thabhairt isteach. Níl aon teorainn leis an líon Billí a bhféadfaidh Comhalta cead a iarraidh ina leith.

Léigh díospóireacht Chéad Chéime sa Dáil agus díospóireacht Chéad Chéime sa Seanad.

An Dara Céim

Déantar plé ar phrionsabail ghinearálta an Bhille

Leithdháiltear méid teoranta ama ar Chomhaltaí chun ráiteas a dhéanamh ar an dlí a chruthófaí leis an mBille. Féadfaidh siad forálacha eile a mholadh freisin ar mhaith leo iad a fheiceáil sa Bhille.

Ag deireadh an Dara Céim, féadfaidh an Teach a roghnú an Bille a cheadú chun dul ar aghaidh chuig Céim an Choiste nó gan an Bille a cheadú. Féadfaidh Comhalta vótáil a éileamh ar an gceist ach an focal “Vótáil” a rá.

Léigh díospóireacht Dara Céim sa Seanad.

An Tríú Céim – Céim an Choiste

Scrúdaítear an Bille alt ar alt agus féadfar leasuithe a dhéanamh air

Le linn Chéim an Choiste, déantar mionscrúdú ar gach alt den Bhille agus tugtar deis don Rialtas agus do Chomhaltaí an Fhreasúra athruithe a dhéanamh ar an téacs. Is gnách gur i bhfoirm roghchoiste Oireachtais a reáchtáiltear Céim an Choiste sa Dáil.

Tar éis gach alt den Bhille a chomhaontú, cuirfear an Bille síos le haghaidh Chéim na Tuarascála.

Roimh Chéim an Choiste, féadfaidh Comhaltaí ar mian leo Bille a athrú leasuithe a chur síos. Foilsítear liosta de na leasuithe ansin. Le linn na díospóireachta ag Céim an Choiste, glaoitear ar Chomhaltaí gach leasú a thairiscint agus é a phlé leis an Aire.

Toisc nach bhfuil aon teorainn leis an líon uaireanta a fhéadfaidh Comhalta labhairt faoi leasú, bíonn Céim an Choiste an-fhada ó am go ham. Déarfaidh an tAire ansin cé acu a ghlacann nó nach nglacann sé leis an leasú. Mura n-aontaíonn Comhalta leis an gcinneadh ón Aire maidir le leasú, féadfaidh sé vótáil a éileamh ach an focal “Vótáil” a rá.

Léigh díospóireacht ag Céim an Choiste sa Dáil.

An Ceathrú Céim – Céim na Tuarascála

Déantar breithniú ar na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste

Is ionann Céim na Tuarascála agus an deis deiridh atá ag Comhaltaí leasuithe a dhéanamh ar théacs Bille. Ní fhéadfaidh Comhaltaí aon leasuithe nua a thabhairt ar aghaidh le linn Chéim na Tuarascála. Ní phléifidh siad ach leis na leasuithe a tháinig chun cinn le linn Chéim an Choiste. Murab ionann agus Céim an Choiste, ní fhéadfaidh Comhaltaí labhairt ach dhá uair faoi gach leasú. Beidh an dara rannchuidiú uathu teoranta do thréimhse dhá nóiméad.

Tar éis dóibh plé leis na leasuithe uile, faightear an Bille lena bhreithniú deiridh. Cé go bhféadfar an Cúigiú Céim a sceidealú le haghaidh lá eile, is gnách go dtosaítear í díreach tar éis an Ceathrú Céim.

Más mian leis an Rialtas leasuithe nua a thabhairt isteach le linn Chéim na Tuarascála, féadfaidh sé déanamh amhlaidh ach an Bille a chur faoi athchúrsa. Is é atá i gceist leis sin go seolfar an Bille ar ais chuig Céim an Choiste chun leasú aonair a bhreithniú.

Léigh díospóireacht ag Céim na Tuarascála sa Dáil.

An Cúigiú Céim – An Chéim Dheiridh

Ritheann an Teach an Bille

Is minic a chuirtear an Cúigiú Céim ar siúl díreach tar éis Chéim na Tuarascála. Ní fhéadfar aon leasuithe a chur síos agus ní gnách go ndéantar aon mhionphlé ar an mBille lena linn. Ina ionad sin, is gnách go ndéanann Comhaltaí ráitis ghearra maidir le cé acu a bheadh nó nach mbeadh an Bille ina dhlí fónta. Comhaontaíonn an Teach an Bille a rith ansin. Féadfaidh Comhalta vótáil a éileamh ach an focal “Vótáil” a rá.

Nuair a théann Bille tríd an gCéad Chéim sa Teach inar tionscnaíodh é, seoltar chuig an Teach eile. Ansin, ní mór dó dul trí na Céimeanna díospóireachta, ag tosú ag an Dara Céim. Féadfaidh an Teach inar tionscnaíodh an Bille diúltú d’aon leasuithe a dhéanfaidh an dara Teach. Tugtar an "liosta uachtair" ar na leasuithe sin. Dá bhrí sin, má dhéanann an dara Teach leasuithe ar Bhille, seoltar ar ais chuig an gcéad Teach é, áit a dtéann sé trí roinnt de na Céimeanna díospóireachta arís.

A luaithe is a ritheann an dá Theach Bille ag an gCúigiú Céim, agus nuair a bhíonn na leasuithe go léir ar an liosta uachtair réitithe, tá an Bille réidh le hachtú.

Léigh díospóireacht ag an gCéim Dheiridh sa Dáil.

Achtú

Is é an tUachtarán a shíníonn an Bille ina dhlí

Tar éis don Dáil agus don Seanad Bille a rith, síneoidh an tUachtarán an Bille ina dhlí. Déanfar Acht de agus cuirfear leis an Leabhar Reachtanna é ansin.

Tagann Achtanna áirithe i bhfeidhm láithreach. I gcásanna eile, tosaíonn an tAire iomchuí tráth níos déanaí iad.

I gcúinsí annamha áirithe, tá sé de chumhacht ag an Uachtarán diúltú dá lámh a chur le Bille. Rachaidh an tUachtarán i gcomhairle leis an gComhairle Stáit sula ndéanfaidh sé cinneadh den sórt sin.

Ní mór gach dlí a bheith ag teacht leis an mBunreacht. Féadfaidh an tUachtarán Bille a tharchur chun na Cúirte Uachtaraí chun breithiúnas a fháil uaithi maidir le cé acu atá nó nach bhfuil an Bille i gcomhréir leis an mBunreacht. Má chinneann an Chúirt Uachtarach nach bhfuil an Bille, nó aon chuid de, i gcomhréir leis an mBunreacht, diúltóidh an tUachtarán dá lámh a chur le Bille agus ní achtófar é dá bharr sin.

Féadfaidh Comhaltaí den Dáil agus den Seanad achainí a chur chun an Uachtaráin, á iarraidh air diúltú dá lámh a chur le Bille toisc togra a bheith ann lena mbaineann an oiread sin tábhachta náisiúnta sin gur chóir breith an phobail a fháil air. Má chuireann tromlach de na Comhaltaí sa Seanad agus aon trian ar a laghad de na Comhaltaí sa Dáil achainí chun an Uachtaráin, á iarraidh air diúltú dá lámh a chur le Bille, féadfaidh an tUachtarán aontú leis an iarraidh. Diúltóidh an tUachtarán dá lámh a chur leis an mBille ansin go dtí go gceadóidh an pobal an togra i reifreann nó go dtí go gceadóidh Dáil nua é tar éis olltoghcháin.

Chun tuileadh a fhoghlaim faoi ról an Uachtaráin in achtú reachtaíochta, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin Uachtarán na hÉireann.

Reachtaíocht agus an Bunreacht

Leagtar dlíthe bunúsacha na hÉireann amach i mBunreacht na hÉireann. Déantar cur síos ann freisin ar an dóigh ar cheart an tír a rialú, ar phríomhinstitiúidí an Stáit agus ar chearta agus saoirsí bunúsacha na saoránach. Ní mór go mbeadh gach píosa reachtaíochta ag teacht le Bunreacht na hÉireann.

Más mian leis an Rialtas an Bunreacht a athrú, ní mór dó reifreann a reáchtáil lena dtabharfar deis don phobal vótáil i bhfabhar an athraithe atá beartaithe nó ina aghaidh.

Sula reáchtálfar reifreann, ní mór don Rialtas togra a thabhairt isteach sa Dáil chun an Bunreacht a leasú. Is i bhfoirm Bille a chuirfear an togra sin i láthair. Ní mór don Dáil agus don Seanad araon an Bille sin a rith. Is ansin amháin a fhéadfar reifreann a reáchtáil ar an ábhar.

Más i bhfabhar an athraithe atá formhór na vótaí a caitheadh sa reifreann, achtófar an Bille agus leasófar an Bunreacht. Mar shampla, ba mar thoradh ar an reifreann ar chomhionannas pósta sa bhliain 2015 a achtaíodh an tAcht um an gCeathrú Leasú is Tríocha ar an mBunreacht (Comhionannas Pósta), 2015.

Reachtaíocht thánaisteach

Reachtaíocht phríomhúil na hÉireann is ea na hAchtanna arna rith ag an Oireachtas. Tá catagóir eile dlíthe ann freisin. Tugtar reachtaíocht thánaisteach nó ionstraimí reachtúla ar na dlíthe sin.

Ní hé an tOireachtas a achtaíonn ionstraimí reachtúla. Tarmligtear an chumhacht chun iad a achtú chuig daoine nó comhlachtaí áirithe, lena n-áirítear Airí den Rialtas, údaráis áitiúla agus comhlachtaí rialála.

Ní mór reachtaíocht thánaisteach a bheith i gcomhréir leis an reachtaíocht arna glacadh ag an Oireachtas. Ní mór í a bheith bunaithe ar an reachtaíocht sin freisin. Murab amhlaidh atá, féadfaidh na cúirteanna an reachtaíocht thánaisteach a chur ar ceal.

Tugtar ionstraimí reachtúla isteach i bhfoirm orduithe ón aire, rialachán, rialacha, fodhlíthe agus scéimeanna. Eisítear na céadta díobh gach bliain.

Foráiltear le hAchtanna áirithe go bhféadfaidh Aire a chinneadh cén uair a thabharfar i bhfeidhm iad. Mar shampla, tugtar leis an Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016, de chumhacht don Aire Coimirce Sóisialaí an tAcht a thabhairt i bhfeidhm. Rinne an tAire amhlaidh trí Ionstraim Reachtúil Uimh. 435 de 2016 a achtú. Tugtar an tOrdú fán Acht um Shaoire agus Sochar Atharthachta, 2016 (Tosach Feidhme), 2016, ar an Ionstraim sin.

Tugtar le hAcht na gComhphobal Eorpach, 1972, de chumhacht d’Airí rialacháin a dhéanamh ar mhaithe le conarthaí agus treoracha Eorpacha a chur chun feidhme. Mar shampla, thug an tAire Sláinte éifeacht do Threoir 2014/40/AE – an Treoir Eorpach um Tháirgí Tobac, 2014 – trí Ionstraim Reachtúil Uimh. 271 de 2016 a achtú. Tugtar Rialacháin an Aontais Eorpaigh (Tobac agus Táirgí Gaolmhara a Mhonarú, a Thíolacadh agus a Dhíol), 2016, ar an Ionstraim sin.

Is le hAcht a fhéadtar cumhachtaí a tharmligean chuig Aire den Rialtas chun reachtaíocht a rith ar mhaithe le freastal ar ábhair laethúla a thagann as an Acht. Mar shampla, tugtar leis an Acht um Shláinte agus Leas Ainmhithe, 2013, de chumhacht don Aire Talmhaíochta agus Bia rialacháin áirithe um shláinte agus leas ainmhithe a achtú. Bhain an tAire leas as an gcumhacht sin chun rialacháin um micrishliseadh madraí a thabhairt isteach. Achtaíodh na rialacháin sin trí bhíthin Ionstraim Reachtúil Uimh. 63 de 2015.

De bhua an Achta Rialtais Áitiúil, 1994, tugtar de chumhacht d’údaráis áitiúla fodhlíthe a dhéanamh i leith aon ní a thagann faoina sainchúram. Mar shampla, bhain Comhairle Contae Dhún Laoghaire-Ráth an Dúin leas as an gcumhacht sin chun na Fodhlíthe Páirceanna, 2003, a achtú.

Nuashonraithe go deireanach: 2 Lúnasa 2023

 

1. Déantar an téarma ‘Bille príobháideach’ a shainmhíniú mar seo a leanas:

Caithfear mar Bhille Príobháideach le gach aon Bhille a bhunaítear chun leasa nó chun tairbhe d’aon duine nó d’aon chorparáid chairte seachas mar ní a bhaineann le beartas poiblí.

Déantar an téarma ‘corparáid chairte’ a shainmhíniú mar ‘ghnóthas a corpraíodh sula ndearna Ardcheannas na Breataine nó cumhacht Cheannasach an Stát a bhunú’.

Barr
Roinn