Baineann coistí leas as comhairliúcháin phoiblí ar uairibh chun tuairimí daoine leasmhara, grúpaí leasmhara agus eagraíochtaí leasmhara a fháil faoi aon ábhar a bhaineann lena gcláir oibre. Is gnách go mbaineann comhairliúcháin phoiblí le reachtaíocht bheartaithe nó le beartais thábhachtacha agus cabhraíonn siad le bonn eolais a chur faoi bhreithniú Coiste ar nithe den sórt sin.
Féadfaidh aon pháirtí leasmhar aighneacht a dhéanamh. Faightear ar an leathanach, Comhairliúcháin Phoiblí, de chuid na gCoistí liosta de na comhairliúcháin phoiblí reatha ar fad agus aon cheanglas eile i ndáil le haighneachtaí, is cinn atá de bhreis orthu siúd a shonraítear thíos.
Cén chaoi a ndéanfaidh mé aighneacht?
Ba chóir go mbeadh doiciméad na haighneachta san aighneacht, mar aon le litir chumhdaigh ar leith.
Má choimeádtar faisnéis phearsanta, amhail seoladh baile, seoladh ríomhphoist nó uimhir ghutháin, i litir chumhdaigh ar leithligh, féadfar doiciméad na haighneachta a fhoilsiú (má chinneann Coiste é sin a dhéanamh am éigin) gan sonraí pearsanta a nochtadh.
Cuir in iúl i do litir chumhdaigh má tá tú ag iarraidh nach bhfoilseodh an Coiste d’ainm. Tig leis an gCoiste é sin a chur san áireamh agus cinneadh á dhéanamh aige maidir le conas ba cheart déileáil le d’aighneacht, lena n-áirítear ar cheart d’aighneacht a fhoilsiú. Tabhair do d’aire gur faoin gCoiste atá sé d’aighneacht a fhoilsiú le d’ainm nó gan d’ainm, agus cé go bhféadfaidh an Coiste do rogha a chur i gcuntas, níl sé de dhualgas air é sin a dhéanamh.
Is féidir aighneachtaí i bhformáidí eile (físeán, mar shampla) a chur isteach faoi réir cumarsáide le Cléireach an Choiste agus ag treoir bhreise uaidh.
Tig leat an treoirdhoiciméad seo a phriontáil freisin.
An méid a theastaíonn uait i gcomhair aighneachta
- Litir chumhdaigh
-
Ba cheart go n-áireofaí leis an litir chumhdaigh:
-
d'ainm, do sheoladh ríomhphoist agus d'uimhir ghutháin theagmhála
-
má tá an aighneacht á déanamh ar son eagraíochta, an post atá agat san eagraíocht sin
-
achoimre ghairid ar an bhfáth a bhfuil an aighneacht á déanamh agat
-
nod maidir le cé acu atá tú sásta páirt a ghlacadh i seisiún poiblí ag cruinniú coiste nó nach bhfuil
Má tá tú ag iarraidh nach bhfoilseofaí d’ainm ná sonraí pearsanta ar bith eile, cuir é sin in iúl go soiléir i do litir chumhdaigh. Mar atá sonraithe, áfach, d’fhéadfadh go bhfoilseofaí d’ainm iomlán le haon aighneacht a dhéanann tú, más é sin an cinneadh a dhéanann an Coiste.
-
- Doiciméad na haighneachta
-
Ba cheart go n-áireofaí le doiciméad na haighneachta:
-
réamhrá gairid, mar shampla, míniú ar do réimse saineolais
-
fíricí nó faisnéis (fianaise) ar bith atá agat óna bhféadfadh an coiste teacht ar chonclúidí, nó a d’fhéadfaí a chur chuig páirtithe eile lena dtuairimí siúd a fháil
-
naisc chuig aon fhoilseachán a dtagraíonn tú dóibh – ní gá foilseacháin den sórt sin a sheoladh mar cheangaltáin
-
aon mholadh don choiste; bí chomh sonrach agus is féidir agus déan achoimre ar do chuid moltaí ag deireadh an doiciméid
-
achoimre fheidhmiúcháin ar na príomhphointí a rinneadh san aighneacht má bhíonn do dhoiciméad níos mó ná deich leathanach ar fad
-
- D’aighneacht a sheoladh
-
Tabhair aird ar an méid seo a leanas tráth aighneacht a chur chuig an gCoiste:
-
Seol doiciméad leictreonach (comhad PDF inchuardaithe nó a chomhionann) chuig an seoladh ríomhphoist a luaitear sa ghairm ar aighneachtaí (lena chur faoi bhráid Chléireach an Choiste).
- Mar aon leis an treoir seo a léamh, ba chóir duit na ceanglais a bhaineann leis an gcomhairliúchán poiblí sonrach a léamh, is ceanglais a fhaightear ar an leathanach Comhairliúcháin Phoiblí de chuid na gCoistí Oireachtais. Déan cinnte go gcomhlíonann d’aighneacht na ceanglais go léir is gá.
-
Ar mhaithe le mearbhall agus dúbláil a sheachaint, iarrtar ort gan cóipeanna crua de d’aighneacht a sheoladh isteach.
-
Ná cuir d'aighneacht chuig comhaltaí coiste ar leith. Déanfaidh an Cléireach cinnte de go bhfaighidh na comhaltaí uile cóipeanna de na haighneachtaí.
-
- Leideanna maidir le d’aighneacht a scríobh
-
-
Coinnigh d'aighneacht gonta agus ábhartha. Ná cuir san áireamh aon ábhar neamhriachtanach ná iomarcach nach mbaineann go díreach leis an topaic.
-
Ná cuir aon sonra i d’aighneacht a gcuirfeadh a bhfoilsiú míshuaimhneas ort.
-
Ná tar ar chonclúidí agus ná déan moltaí gan na fíricí tacaíochta, nó an fhianaise thacaíochta, a chur in iúl.
-
Má dhéanann tú tagairt d’fhoilseacháin eile, tabhair naisc chuig na foilseacháin sin freisin. Ní gá iad a sheoladh mar cheangaltáin.
-
Ná déan dearmad uimhreacha a chur ar na leathanaigh. Is cabhair é freisin uimhreacha a chur leis na hailt.
-
Déan cinnte go bhfuil d’aighneacht i bhformáid MS Word nó i bhformáid PDF inchuardaithe.
-
Eolas breise
- An chaoi a ndéileálfar le d’aighneacht
-
-
Ba cheart go bhfaighfeá admháil laistigh de dhá lá oibre á rá go bhfuarthas d’aighneacht.
-
Déanfaidh Cléireach an Choiste d’aighneacht a scaipeadh ar chomhaltaí an Choiste ar an modh, agus laistigh de na hamlínte, a chomhaontóidh an Coiste.
-
Beidh d’aighneacht ina cuid den bhreithniú a dhéanfaidh an Coiste ar an ábhar sonrach. Féadfaidh an Coiste breith a thabhairt go ndéanfar gníomh(artha) breise i ndáil leis an aighneacht. Mar shampla, d’fhéadfaí comhfhreagras scríofa a chur chugat chun tuilleadh eolais a iarraidh, d’fhéadfaí d’aighneacht a chur ar aghaidh chun freagra a fháil ó áit eile, nó d’fhéadfaí iarraidh ort cur i láthair ó bhéal a dhéanamh os comhair an Choiste.
-
Cuirfear aon chinneadh den sórt sin in iúl duit, go hiondúil.
-
- An bhfaighidh mé cuireadh chuig cruinniú Coiste má dhéanaim aighneacht?
-
Is é an cur chuige is fearr chun cur le hobair Coiste aighneacht i scríbhinn a sheoladh chuig an gCoiste ar an gcéad ásc. Cinnfidh an Coiste ansin cé acu atá gá le cur i láthair ó bhéal nó nach bhfuil.
Tugtar cuirí chuig cruinnithe poiblí (mar chuid den phróiseas comhairliúcháin phoiblí) tar éis don Choiste ábhartha dul i mbun breithniú cúramach. Is gnách nach mbíonn Coistí ábalta bualadh le gach páirtí leasmhar san am a bhíonn ar fáil dóibh.
Más rud é go n-iarrtar ort cur i láthair ó bhéal a dhéanamh ag cruinniú Coiste, is deis eile é sin duit d’aighneacht i scríbhinn a shoiléiriú agus a fhorbairt. Is deis ag comhaltaí an Choiste é freisin ceisteanna a chur agus eolas breise a iarraidh faoi d’aighneacht. Is fútsa amháin atá sé dul nó gan dul (mura gcuireann Coiste iallach ort dul).
Bíodh a fhios agat, agus aighneacht i scríbhinn á déanamh agat, nach ndeimhnítear leis sin go n-iarrfar ort teacht os comhair an Choiste lena mbaineann.
- Tá próiseas poiblí i gceist le haighneacht a dhéanamh.
-
Tá próiseas poiblí i gceist le hoibríochtaí parlaiminte agus ba chóir go mbeadh a fhios agat go bhféadfar aighneachtaí ar bith a dhéantar chuig Coiste, ina bhfuil d’ainm san áireamh, a fhoilsiú, go hiomlán nó go páirteach, mar chuid de thuarascáil ón gCoiste, nó ar leithligh, má chinneann an Coiste é sin a dhéanamh.
Tabhair faoi deara go bhforchoimeádann an Coiste an ceart aige féin gan glacadh le d’aighneacht, agus nach bhfuil oibleagáid air aon chuid di a fhoilsiú.
- Faisnéis thábhachtach
-
-
Ní féidir leis an gCoiste aighneachtaí a bhreithniú ina bpléitear le nithe atá lasmuigh dá shainchúram.
-
Ní féidir leis an gCoiste aighneachtaí a bhreithniú ina bpléitear le cásanna a bhaineann le daoine aonair.
-
Níor chóir duit aon duine nó daoine nó aon eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina choinne nó ina coinne nó ina gcoinne, cibé acu as a ainm nó as a hainm nó as a n-ainm nó ar shlí ar furasta é nó í nó iad a aithint ná aon rud a áireamh ar shlí eile, is rud a d’fhéadfaí a mheas gur rud é lena ndéanfaí dochar do dhea-cháil an duine nó an eintitis.
-
Ba chóir duit a bheith cúramach gan trácht a dhéanamh ar nithe atá os comhair cúirt dlí san am i láthair, ná ar nithe a dtionscnófar imeachtaí cúirte ina leith go luath.
-
Ná cuir aighneachtaí gan ainm isteach siocair gur dócha go ndiúltófar dóibh.
-
Pléann bunús na gCoistí le saincheisteanna beartais phoiblí. Níl an Coiste ina fhóram ina bhféadfaí uiríll phearsanta a dhéanamh nó táirge, seirbhís nó gnó a chur chun cinn, agus níor chóir duit a leithéid a thriail.
-
- Úsáid na Gaeilge
-
Is beartas de chuid Sheirbhís Thithe an Oireachtais é fáilte a chur roimh úsáid na Gaeilge agus éascaíonn an tSeirbhís úsáid na Gaeilge leis an tSeirbhís.