Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Aighneacht a dhéanamh

Tugann Coistí deis do dhaoine cur go díreach le hobair an Oireachtais, de ghnáth trí aighneacht i scríbhinn a sheoladh.

  • Féadfaidh Coiste comhairliúchán poiblí a reáchtáil maidir le hábhar ar leith agus gairm a eisiúint don phobal aighneachtaí a sheoladh ina leith.
  • De ghnáth, má iarrtar ar dhuine teacht os comhair Coiste, iarrtar ar an duine sin aighneacht i scríbhinn a dhéanamh freisin.
  • D’fhéadfadh aon duine ar mhaith leis/léi ceist a ardú le Coiste aighneacht a scríobh nó a sheoladh chuig an gCoiste ábhartha uair ar bith.

Cibé sórt aighneachta atá á sheoladh agat, bí cinnte an nasc ábhartha thíos a roghnú agus ár nótaí treorach a léamh.

Ba mhaith leat páirt a ghlacadh i gcomhairliúchán poiblí

Aimsigh gach gairm reatha ar aighneachtaí faoi láthair i ndáil le comhairliúcháin phoiblí de chuid na gCoistí Oireachtais, mar aon le treoir maidir le conas aighneacht a dhéanamh.

Iarradh ort teacht os comhair Coiste chun aighneacht a dhéanamh

Aimsigh treoracha maidir le teacht os comhair Coiste agus aighneacht ghaolmhar a dhéanamh.

Ba mhaith leat ceist a ardú le Coiste ar leith

D’fhéadfadh aon duine ar mhaith leis/léi ceist a ardú le Coiste aighneacht a scríobh nó a sheoladh chuig an gCoiste ábhartha. Léigh ár nóta treorach maidir le conas aighneacht a ullmhú agus a sheoladh.

Achainí chuig an Oireachtas

Is féidir leat freisin achainí chuig Tithe an Oireachtais a dhéanamh maidir le cúrsaí a bhfuil an chumhacht acu gníomhú orthu. Déanfaidh Coiste speisialta Teachtaí Dála agus Seanadóirí, an Coiste um Achainíocha ón bPobal, d’achainí a bhreithniú. Foilseoidh an Coiste d’achainí agus d’fhéadfadh sé cuireadh a thabhairt duit labhairt go díreach leo.

Nuair a bhíonn tionchar tromchúiseach ag aithrisí

An raibh tionchar tromchúiseach ag aithris arna dhéanamh i gcruinniú de chuid Coiste Oireachtais ort nár tugadh aghaidh air le linn an chruinnithe nó ina dhiaidh? Foghlaim faoin méid is féidir leat a dhéanamh faoi sin.

Barr
Roinn