Íoctar buntuarastal le Comhaltaí den Oireachtas mar aon le liúntas tuarastail bunaithe ar aon phost eile atá acu. Tig leo an Liúntas Caighdeánach Parlaiminte agus liúntais eile a éileamh freisin. Tá na sonraí ar fad faoi na tuarastail agus na liúntais sin ar fáil don phobal mór anseo.
Tuarastail
Íoctar tuarastal bunúsach le comhaltaí an Oireachtais agus féadfaidh siad liúntas tuarastail a fháil chomh maith. Bíonn tuarastail bhunúsacha agus liúntais tuarastail na gcomhaltaí faoi réir cánach, ÁSPC, MSU, tobhach pinsin agus ranníocaíocht pinsin.
An Liúntas Caighdeánach Parlaiminte
Liúntas bliantúil is ea an Liúntas Caighdeánach Parlaiminte ina bhfuil an liúntas taistil agus cóiríochta agus an liúntas ionadaíochta poiblí.
Liúntais eile
Féadfaidh comhaltaí Dála liúntas aonuaire a éileamh i dtreo an chostais a bhaineann le hoifig toghcheantair a bhunú. Féadfar aisíoc a dhéanamh le Comhaltaí Oireachtais chomh maith as costas a ngutháin póca.
Tuairisceáin a foilsíodh le déanaí
Déar, 3 Noll
Parliamentary Standard Allowance Payments to Senators for October 2020
Déar, 3 Noll
Parliamentary Standard Allowance Payments to Deputies for October 2020
Déar, 3 Noll
Parliamentary Standard Allowance Payments to Senators for September 2020
Déar, 3 Noll
Parliamentary Standard Allowance Payments to Deputies for September 2020
Céad, 21 DFómh
Parliamentary Standard Allowance Payments to Deputies for August 2020