Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Foirgnimh

TCÉ

Féach isteach

Faigh amach faoi fhoirgnimh Pharlaimint na hÉireann, fiosraigh na saothair is cáiliúla sa bhailiúchán ealaíne agus faigh amach faoi Theach Laighean a athchóiriú agus a chaomhnú.

Foirgnimh Pharlaimint na hÉireann

Le caoinchead Leabharlann Náisiúnta na hÉireann

Foirgnimh Pharlaimint na hÉireann

Ní raibh aon Pharlaimint in Éirinn le breis agus 100 bliain faoin am ar tháinig an chéad Dáil le chéile sa bhliain 1919. Bhí láthair suí na Dála ar cheann de na chéad rudaí a bhí le réiteach.

Caomhnú agus athchóiriú

Críochnaíodh tionscadal mór caomhnaithe agus athchóirithe i dTeach Laighean Seoirseach le déanaí. Féach grianghraif agus scannáin faisnéise faoin tionscadal.

Ealaín i dTeach Laighean

Foghlaim faoin mbailiúchán péintéireachtaí, dealbh agus saothar ealaíne eile atá ar taispeáint i dTeach Laighean.

Bunlíníocht de Theach Laighean leis an ailtire Richard Castle

Bunlíníocht de Theach Laighean leis an ailtire Richard Castle / Le caoinchead Chartlann Ailtireachta na hÉireann

An teach seo,
dá bhfuil an chloch seo mar bhunchloch,
chuir James, an fichiú hIarla Chill Dara,
faoi deara é a thógáil i bpáirc Molesworth,
i mbliain ár dTiarna 1747.
Uaidh seo amach, nuair a tharlóidh sé, lá míshona éigin,
go n-aimseoidh tú fothracha an tí seo a bhíodh chomh mór,
faigh tuiscint ar luach an duine a thóg,
agus ar neamhsheasmhacht gach aon ní,
nuair nach dtagann cuimhneacháin den sórt seo ar fhir dá leithéid slán ón mí-ádh.
Barr
Roinn