Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An Liúntas Caighdeánach Parlaiminte

Liúntas bliantúil is ea an Liúntas Caighdeánach Parlaiminte ina bhfuil an liúntas taistil agus cóiríochta agus an liúntas ionadaíochta poiblí. Faigheann na comhaltaí an liúntas caighdeánach poiblí gach mí ina riaráiste.

  • Cumhdaítear leis an liúntas taistil agus cóiríochta na costais a bhaineann le taisteal chuig Teach Laighean agus uaidh araon agus fanacht thar oíche agus, i gcás Teachtaí Dála amháin, costais taistil, lena n-áirítear taisteal toghlaigh. Ní fhaigheann Seanadóirí aon íocaíochtaí i leith taisteal toghlaigh.
  • Cumhdaítear leis an liúntas ionadaíochta poiblí na costais a bhaineann le hobair na gComhaltaí mar ionadaithe poiblí, amhail oifig a ghlacadh ar cíos, bileoga a phriontáil agus óstáil suíomh Gréasáin. Bíonn na catagóirí costas is incheadaithe faoin liúntas ionadaíochta poiblí ag brath ar ról an Chomhalta lena mbaineann. Ní mór costais faoin liúntas ionadaíochta poiblí a dheimhniú agus bíonn siad faoi réir teorainn bhliantúil.

Déantar ráitis mhíosúla agus bhliantúla ar luach an liúntais chaighdeánaigh pharlaiminte atá faighte ag gach Comhalta den Oireachtas a fhoilsiú go rialta inár rannán Foilseacháin.

An Liúntas Taistil agus Cóiríochta (LTC)

Bíonn rátaí liúntais taistil agus chóiríochta bunaithe ar an achar idir gnátháit chónaithe an Chomhalta agus Teach Laighean, agus an bealach indéanta is giorra á leanúint. Tar éis dóibh an t-achar iomchuí a dhearbhú, sanntar gach Comhalta chuig ceann amháin de na bandaí atá léirithe sa tábla seo a leanas:

Uimhir Bhanda

Achar

Teachtaí Dála (bliantúil)

Seanadóirí (bliantúil)

Sealbhóirí Oifige (bliantúil)

Baile Átha Cliath €9,000 €5,250 €6,300
 1 >25km ach €25,295 €20,795 €22,011
€27,315 €22,815 €24,435
3 >90km ach €28,665 €24,165 €26,055
>120km ach
€29,669 €25,169  €27,260
5 >150km ach
€30,015  €25,515 €27,675
6 >180km ach
€30,350 €25,849 €28,076
7 >210km ach
€30,685 €26,184 €28,478
>240km ach
€31,365 €26,865 €29,295
9 >270km ach
€32,035 €27,534 €30,098
10 >300km ach
€32,715  €27,534  €30,915
11 >330km ach
€33,395  €28,895  €31,731 
12 >360km  €34,065  €29,565 32,535 

Ag deireadh na bliana, ní mór do gach Comhalta a dheimhniú gur úsáideadh an méid a íocadh leo chun freastal ar chostais a tabhaíodh chun na críche atá sonraithe sna rialacháin. Ríomhtar an liúntas taistil agus cóiríochta ar an mbonn go bhfreastalóidh an Comhalta ar Theach Laighean 150 lá. Má tá siad chun an liúntas iomlán a choinneáil, áfach, ní mór do Chomhaltaí a bhfreastal ar Theach Laighean a chlárú le haghaidh 120 lá ar a laghad gach bliain. Ag deireadh na bliana nó na tréimhse iomchuí, baintear 1% den liúntas taistil agus cóiríochta maidir le gach lá faoi bhun 120 lá ar ar freastalaíodh ar an Teach. I gcás gur lú an líon laethanta a taifeadadh ná an líon riachtanach, ní mór don Chomhalta an méid is iníoctha a aisíoc laistigh de dhá mhí ó dheireadh na bliana nó na tréimhse iomchuí.

Maidir le sealbhóirí oifige Oireachtais, seachas an Ceann Comhairle, íoctar liúntas idir €6,300 in aghaidh na bliana leo sin atá lonnaithe i mBaile Átha Cliath agus €32,535 in aghaidh na bliana leo sin atá lonnaithe 360km nó níos mó ar shiúl ó Theach Laighean. Féadfaidh an Ceann Comhairle leas a bhaint as liúntas bliantúil thar oíche ar fiú suas le €14,715 é. Féadfaidh an Leas-Cheann Comhairle nó an Cathaoirleach a roghnú gan ach an liúntas thar oíche a fháil agus féadfaidh siad iarratas a dhéanamh ar shocruithe malartacha taistil le comhaontú ón Aire Airgeadais. Níl Airí, Airí Stáit ná an Ceann Comhairle i dteideal an liúntas taistil agus cóiríochta a éileamh.

Ionas gur féidir leo an liúntas taistil agus cóiríochta a fháil, ní mór do Chomhaltaí a bhfreastal ar Theach Laighean a thaifeadadh go pearsanta uair amháin sa lá ag aon am le linn an lae nó an tráthnóna nuair a bhíonn Teach Laighean ar oscailt. Is féidir leo é sin a dhéanamh lena siogairlín eochrach ar theirminéal nó trí fhoirm sínithe isteach a líonadh de láimh, foirm atá ar fáil i dTeach Laighean. Déantar foirmeacha sínithe isteach comhlánaithe a réiteach ansin ar an gCóras um Fhreastal a Thaifeadadh (SRA).

Amharc ar thaifid freastail na gcomhaltaí (chun críocha an liúntais taistil agus chóiríochta)

Ní léirítear sna taifid a fhoilsítear ar líne ach na laethanta a thaifeadtar ar an gCóras um Fhreastal a Thaifeadadh. Foilsítear figiúirí gach mí ina riaráiste. Is figiúirí sealadacha a bheidh iontu go dtí go ndeimhneofar iad go hiomlán ag deireadh na bliana. Faoi Ionstraim Reachtúil Uimh. 84 de 2010, féadfar taifid Chomhaltaí aonair don bhliain a réiteach suas go dtí an 31 Eanáir den bhliain ina dhiaidh sin nó laistigh d’aon mhí ó dheireadh na tréimhse iomchuí. Má tharlaíonn sé go ndéanann Comhalta dearmad ar a shiogairlín eochrach nó go dteipeann air freastal a thaifeadadh ar lá ar leith, is féidir leis fianaise a sholáthar go raibh sé i láthair ar an lá. Déanfar an freastal sin a réiteach ar an gcóras ansin. Faoi I.R. Uimh. 84 de 2010, iarrtar ar Chomhaltaí a bhfreastal a thaifeadadh agus forbraíodh an Córas um Fhreastal a Thaifeadadh ar an gcúis sin. NÍ iarrtar ar Chomhaltaí a n-uaireanta freastail a thaifeadadh agus, mar sin, ní thaifeadtar na hamanna a gcláraíonn na Comhaltaí a bhfreastal. Foráiltear leis na rialacháin freisin go bhféadfar na taifid freastail a réiteach don líon cuí laethanta i gcás gur féidir leis an gComhalta a léiriú nár taifeadadh a fhreastal ar Theach Laighean ar aon cheann de na cúiseanna seo a leanas:

  • Freastal ar imeacht thar lear le linn dó na dualgais atá air mar Chomhalta nó mar Shealbhóir Oifige a chomhlíonadh, nó freastal ar imeacht sa Stát (seachas i dTeach Laighean) mar chuid de Choiste Oireachtais nó thar ceann Coiste Oireachtais,
  • Drochshláinte atá deimhnithe ag liachleachtóir ginearálta (ní mór don Chomhalta a dhearbhú go bhfuil an neamhláithreacht deimhnithe ag gairmí leighis),
  • Cúinsí neamhghnácha, i gcás go measann an Ceann Comhairle nó an Cathaoirleach, de réir mar is gá, go bhfuil cúis mhaith dhóthanach ann leis an gComhalta a bheith as láthair agus i gcás nach bhféadfadh an Comhalta na cúinsí sin a thuar. I gcásanna den sórt sin, ní mór do Chomhalta iarratas a dhéanamh chuig an gCeann Comhairle nó chuig an gCathaoirleach, de réir mar is cuí.

An Liúntas Ionadaíochta Poiblí (LIP)

Tá an liúntas ionadaíochta poiblí iníoctha le gach Comhalta agus ní mór costais ina leith a dheimhniú go hiomlán.

Mí amháin roimh an 1 Eanáir gach bliain, ní mór do gach Comhalta a shonrú cén méid den liúntas ionadaíochta poiblí is mian leo a fháil gach mí. Bíonn an méid sin faoi réir iomlán bliantúil uasta. Ní mór do Chomhaltaí Foirm Deimhnithe Caiteachais a chomhlánú gach bliain. Deimhnítear leis an bhfoirm sin an méid a caitheadh agus gur caitheadh an méid sin mar ba cheart, mar atá leagtha amach sna rialacháin. Murar caitheadh aon chuid den liúntas, ní mór an t-airgead sin a aisíoc. Má caitheadh airgead breise, féadfar iarratas a dhéanamh ar íocaíocht bhreise suas go dtí an t-iomlán bliantúil uasta.

Foilsíodh treoirlínte chun cabhrú le Comhaltaí a chinntiú go sásaíonn an caiteachas na critéir mar atá beartaithe sna rialacháin (IR 84/2010 agus IR 149/2013).

Féach ar na treoirlínte LIP

Tá gach Comhalta faoi réir iniúchadh. Féadfar 10% ar a laghad de Chomhaltaí a roghnú lena n-iniúchadh. Is iniúchóir neamhspleách a chuireann na hiniúchtaí i gcrích ar bhonn bliantúil. Toisc go bhféadfar costais aon Chomhalta a iniúchadh, ní mór do gach Comhalta admhálacha, dearbháin, cruthúnas ar íocaíocht, etc., a choinneáil maidir le gach caiteachas faoin liúntas ionadaíochta poiblí ar feadh tréimhse cúig bliana, ach amháin i gcás na méideanna míosúla a shonraítear i ndáil le caiteachas teagmhasach.

Féach na tuarascálacha ón iniúchóir neamhspleách maidir leis an liúntas ionadaíochta poiblí

Léirítear sa tábla seo a leanas na méideanna bliantúla uasta a fhéadfaidh Teachtaí Dála, Seanadóirí agus Airí a éileamh i leith caiteachas deimhnithe faoin liúntas ionadaíochta poiblí. Tá an caiteachas sin faoi réir iniúchadh.

Ról

Méid bliantúil uasta

Comhaltaí Dháil Éireann (lena n-áirítear sealbhóir oifige, ach gan Aire den Rialtas nó Aire Stáit a áireamh) €20,350
Airí Rialtais agus Airí Stáit €16,000
Comhaltaí Sheanad Éireann (lena n-áirítear sealbhóir oifige, ach gan Aire Rialtais nó Aire Stáit a áireamh) €12,225

Léirítear sa tábla seo a leanas na catagóirí costais a fhéadfaidh Teachtaí Dála, Seanadóirí agus Airí a éileamh faoin liúntas ionadaíochta poiblí.

Cuspóir an Liúntais

Teachtaí Dála            

Seanadóirí

Airí agus
Airí Stáit

1. Cíos, rátaí agus aon táillí eile den sórt sin a bhaineann le hoifig nó le hoifigí Níl
2. Fóntais oifige nó oifigí (e.g. billí leictreachais agus gáis) Níl
3. Feabhsuithe ar chóiríocht oifige Níl
4. Comharthaí i ndáil leis an oifig toghlaigh Níl
5. Troscán nó trealamh oifige a cheannach nó a chothabháil Níl
6. Stáiseanóireacht a cheannach Níl
7. Árachas, lena n-áirítear árachas le haghaidh cóiríocht nó trealamh oifige agus árachas dliteanais phoiblí Níl
8. Cóiríocht oifige a ghlanadh Níl
9. Glaonna teileafóin, seachas glaonna ó Theach Laighean, lena n-áirítear cíos líne agus glaonna teileafóin mhóibíligh, i gcás go mbaineann na glaonna leis na dualgais atá air mar Chomhalta a chomhlíonadh Níl
10. Óstáil suíomh Gréasáin agus costais ghaolmhara eile ríomhaire
11. Seomraí a fhruiliú le haghaidh clinicí nó le haghaidh cruinnithe eile a bhaineann leis na dualgais atá air mar Chomhalta Oireachtais a chomhlíonadh
12. Bileoga agus nuachtlitreacha a dháileadh
13. Fógraíocht a bhaineann leis na dualgais atá air mar Chomhalta a chomhlíonadh
14. Freastal ar chomhdhálacha a bhaineann leis na dualgais atá air mar Chomhalta a chomhlíonadh (seachas costais a bhaineann le taisteal)
15. Infheidhme ón 1 Feabhra 2012 amháin – Costais, lena n-áirítear aon asbhaintí reachtúla, chun tacaíocht rúnaíochta, caidreamh poiblí, teicneolaíocht faisnéise (nach bhfuil baint aici leis an idirlíon) agus seirbhísí oiliúna a cheannach faoi chonradh le haghaidh seirbhíse ó dhuine nó ó sholáthraí seirbhíse, seachas - (I) Daoine arna bhfostú nó costais arna dtabhú faoi Rialachán 9 nó faoi Rialacháin 2008, nó (II) Foireann Airí arna bhfostú faoi na Treoirlínte maidir leis an Líon Foirne in Oifigí na nAirí.

 Nuashonraithe go deireanach: 19 Samhain 2021

Barr
Roinn