Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

An chaoi a ritear an Pharlaimint

TCÉ

Féach isteach

Stiúrann Coimisiún Thithe an Oireachtais Tithe an Oireachtais agus tugann Seirbhís Thithe an Oireachtais tacaíocht.

Coimisiún Thithe an Oireachtais

Is é Coimisiún Thithe an Oireachtais comhlacht rialaithe Thithe an Oireachtais agus Sheirbhís an Oireachtais. Féach ar chomhaltaí an choimisiúin agus foghlaim tuilleadh faoin gcoiste iniúchta.

Seirbhís Thithe an Oireachtais

Cuireann Seirbhís Thithe an Oireachtais na seirbhísí comhairle agus tacaíochta ar fáil a choinníonn an tOireachtas ag obair i gceart.

An tAcht um Brústocaireacht a Rialáil

Forordaítear roinnt státseirbhíseach arna bhfostú ag Tithe an Oireachtais mar oifigigh phoiblí ainmnithe chun críocha alt 6(1)(f) den Acht um Brústocaireacht a Rialáil, 2015.

An chaoi a ritear an Pharlaimint

Léirítear sa chairt seo struchtúir agus freagrachtaí Choimisiún Thithe an Oireachtais agus Sheirbhís an Oireachtais.

Buan-Orduithe Dháil Éireann

Is iad Buan-Orduithe na Dála na rialacha a rialaíonn obair na Dála. Glacadh le Buan-Orduithe na Dála an chéad lá riamh trí Rún de chuid an Rialtais Shealadaigh ar an 11 Meán Fómhair 1922. Ó shin i leith, rinne an Dáil leasú agus modhnú ar na Buan-Orduithe. Foilsítear eagrán nua ag tús gach téarma Dála. Sa chás go ndéantar modhnuithe le linn théarma na Dála, cuirtear leagan daingnithe na mBuan-Orduithe ar fáil ar mhaithe le tagairt níos éasca a dhéanamh.

Rialuithe Suntasacha an Chathaoirligh

Ní cód iomlán den nós imeachta laethúil iad na Buan-Orduithe. Ní mór iad a léamh i gcomhthéacs pé caoi ar chuir an Cathaoirleach i bhfeidhm iad nó an chaoi a ndearna an Cathaoirleach forbairt orthu thar na blianta. Is é an phríomhfhoinse dó sin Rialuithe Suntasacha an Chathaoirligh. Ní thugtar na Rialuithe Suntasacha chun dáta chomh minic leis na Buan-Orduithe.

Buan-Orduithe Sheanad Éireann

Is iad Buan-Orduithe an tSeanaid na rialacha a rialaíonn obair an tSeanaid. Is féidir leis an Seanad a Bhuan-Orduithe a leasú agus a mhodhnú.

Barr
Roinn