Úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais: Ard Rúnaí, Seirbhís Thithe an Oireachtais

Tá ceathrar comhalta i láthair so is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Gabh mo leithscéal go bhfuil mé beagáinín deireanach. De ghnáth ní bhím ach bhí ceist agam agus ní raibh mé ag iarraidh an deis a chailliúint. Tá leithscéalta faighte ón Seanadóir Brian Ó Domhnaill agus ón Seanadóir Joe O'Reilly. Inniu táimid chun plé a dhéanamh ar úsáid na Gaeilge i dTithe an Oireachtais. Cuirim céad míle fáilte roimh Peter Finnegan, Cléireach Dháil Éireann agus an tArd-Rúnaí; Elaine Gunn, an leas-ardrúnaí; Vivian Uíbh Eachach, an Príomh-Aistritheoir; agus Máirín Devlin, príomhoifigeach in Oifig an Choimisiúin Thithe an Oireachtais. Is Bliain na Gaeilge í. Is cuma cén bhliain atá ann, ba mhaith linn béim a chur ar an nGaeilge - is í ár dteanga í - ach go háirithe sa bhliain seo. Beidh cur i láthair againn. An mbeidh na finnéithe go léir ag caint nó duine amháin? An tUasal Finnegan féin a dhéanfaidh an cur i láthair. Okay. Ansin beidh ceisteanna. Maidir lenár ndualgais faoin reachtaíocht, tá píosa le rá ag an gcléireach.

Clerk to the Committee

Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil siad, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lán-phribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste do na finnéithe, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt, níl siad i dteideal tar éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh nach dtabharfar ach fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear dóibh cleachtadh parlaiminte a urraimiú nach chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ar bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom iad a chur ar an eolas go ndéanfar na ráitis tionscnaimh a chuir siad faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh ghréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó le hoifigeach ina ainm nó ina hainm nó ar shlí ina bhféadfaí é nó í a aithint.

Tá ceist amháin agam roimh tús an chuir i láthair. Tá an scéim teanga don tréimhse ó 2012 go 2015 a rinne Seirbhís Thithe an Oireachtais as dáta. Tá a fhios agam go leanann sé ar aghaidh mar scéim teanga ach cén fáth go bhfuil sé as dáta?

Mr. Peter Finnegan

The main reason it has not been renewed has been the pressure of work over recent years. Late last year it came to my attention that we needed to submit a new language scheme. We have been working on that over recent months. We believe that the revised scheme will be ready in the next six weeks or so. It is our intention to submit it then to the Minister for approval under the Act.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Go dtí go ndéantar scéim nua, fanann an scéim i bhfeidhm. Mar sin tá scéim i bhfeidhm againn.

Tuigim é sin ach tá dualgais faoin scéim sin. Tá sé as dáta agus is fiú an pointe a dhéanamh.

Mr. Peter Finnegan

It is a valid point. Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Beidh mé ag tabhairt mo ráiteas don choiste i nGaeilge ach beidh mé ag freagairt ceisteanna na gcomhaltaí as Béarla. Tá súil agam go mbeidh mé in ann iad a fhreagairt go sásúil. Fáiltím roimh an deis labhairt leis an gcoiste faoi sholáthair seirbhísí Gaeilge agus dátheangacha i Seirbhís Thithe an Oireachtais, ar bhonn cheistneoir an choiste a bhí ann le déanaí. Sa bhfreagra a thugamar ar cheistneoir an choiste, tugadh cur síos ar na réimsí ginearálta den tseirbhís Ghaeilge. Sa ráiteas a cuireadh faoi bhráid an choiste le haghaidh an chruinnithe seo, leag mé amach réimsí sonracha a bhfuil tábhacht ag baint leo ó thaobh na Gaeilge de i dteannta roinnt forbairtí nua maidir leis sin. Tá na réimsí seo a leanas san áireamh ansin. Tá sé i gceist ag an tseirbhís béim a leagan ar an earcaíocht feasta ar líon dóthánach de dhaoine dátheangacha a earcú chun seirbhís a sholáthar sa dá theanga oifigiúla. Tabharfar tosaíocht do réimsí a mbíonn baint ag Comhaltaí agus ag an bpobal leo sa straitéis earcaíochta sin.

Sa scéim teanga Thithe an Oireachtais reatha tugann an tseirbhís gealltanais sna réimsí seo a leanas: comhfhreagras, stáiseanóireacht, bileoga eolais, foirmeacha iarratais, póstaeir, preaseisiúintí, seirbhís cuntair dhátheangach, an suíomh Idirlín, córais ríomhaireachta agus seirbhísí idirghníomhacha, comharthaíocht, úsáid na Gaeilge a spreagadh, inniúlacht Gaeilge Sheirbhís Thithe an Oireachtais a fheabhsú, oiliúint agus forbairt, agus faireachán agus tuairisciú maidir le comhlíonadh.

Maidir leis an aistriúchán comhuaineach le haghaidh na gcoistí, tar éis don tseirbhís athbhreithniú a dhéanamh ar an ábhar seo anuraidh, glacadh cinneadh an theicneolaíocht a bhaineann leis an tseirbhís aistriúcháin comhuainigh a chur ar fáil sna seomraí coiste eile. Tá an obair díreach curtha i gcrích chun seomra coiste 3 a fheistiú le haghaidh an aistriúcháin comhuainigh agus tá an obair ar siúl chun an tseirbhís a leathnú chuig an dá seomra cruinnithe coiste eile.

Maidir le Bliain na Gaeilge 2018, tá sé beartaithe ag an tseirbhís clár imeachtaí agus gníomhartha a chur ar bun mar chuid de Bhliain na Gaeilge, a bhfuil na nithe seo a leanas san áireamh ann. Maidir leis an dátheangachas agus foireann a earcú, táthar ag súil go mbeidh an cur chuige seo ag teacht le héirim an Achta nua um teangacha oifigiúla. Cuideoidh sé leis an tseirbhís ó thaobh seirbhís dhátheangach a chur ar fáil agus cuirfidh sé le líon na gcomhaltaí foirne dátheangacha san Oireachtas. Cuideoidh cruthú leabharlann na Gaeilge leis na Comhaltaí agus leis an bhfoireann feabhas a chur ar a scileanna léitheoireachta agus tabharfaidh sé deis díobh freisin taitneamh a bhaint as litríocht na Gaeilge. Soláthrófar seomra acmhainní don Ghaeilge ar champas an Oireachtais ina mbeidh teacht ag Comhaltaí agus ag an bhfoireann ar acmhainní Gaeilge agus ina mbeidh siad in ann teacht le chéile chun Gaeilge a labhairt.

Déanfar clár ócáidí sóisialta i nGaeilge a eagrú do Chomhaltaí agus don fhoireann. Cuirfear an bhéim go príomha sna himeachtaí sin ar ócáidí dátheangacha agus ar ócáidí dóibh siúd nach bhfuil acu an cúpla focal. Déanfar socrú maidir le nasc a dhéanamh le stáisiúin raidió Ghaeilge. Beidh san áireamh ansin craoltaí ón Oireachtas a mbeidh Comhaltaí agus an fhoireann páirteach iontu.

Beidh san áireamh ansin craoltaí ón Oireachtas a mbeidh Comhaltaí agus an fhoireann páirteach iontu.

Maidir le comóradh 1918 agus 1919, déanfar ócáidí i nGaeilge a eagrú mar chuid den chomóradh ar cheart vótála na mBan agus ar an gCéad Dáil.

Maidir le gluais na mBillí, cuirfear gluais téarmaíochta Gaeilge ar fáil le haghaidh Billí mar chuid den Bills Digest. Cuideoidh an ghluais sin le Teachtaí agus Seanadóirí chun Billí a phlé trí mheán na Gaeilge sna Tithe. Táimid muiníneach go mbeidh toradh maith ar an tionscnamh breise seo.

Maidir leis an gcaighdeán oifigiúil, mar is eol do na comhaltaí, rinneadh athbhreithniú cuimsitheach ar an gcaighdeán oifigiúil agus foilsíodh é sa bhliain 2016 de réir na n-oibleagáidí reachtúla atá orainn faoi na hAchtanna um Choimisiún Thithe an Oireachtais. Cuireadh i gcló arís é sa bhliain 2017. Rinneadh an t-athbhreithniú a stiúradh le hionchur ó shaineolaithe seachtracha de réir na nAchtanna agus cuireadh an-fháilte roimh an gcaighdeán leasaithe.

Maidir le suíomh Idirlín an Oireachtais, déanfar an suíomh a sheoladh sna seachtainí beaga atá romhainn amach. Go dtí seo tá suas le beagnach ceathrú milliún focal de théacs statach próiseáilte le haghaidh aistriúcháin. Tá sé sin go léir ar fáil go dátheangach faoi láthair ar an suíomh gréasáin nua. Is ionann é sin agus 99.87% den téacs statach uile ar an suíomh.

Maidir le cláir chomórtha do 2018 agus 2019, tá an póstaer, an bileoigín agus an leabhrán le haghaidh chomóradh 2018 ar fad ar fáil go dátheangach. Tá an t-ábhar ar fad ar an suíomh gréasáin ar fáil go dátheangach freisin. Déanfar an t-ábhar clóite agus an t-ábhar digiteach a bhainfidh leis an gclár Vótáil 100 a tháirgeadh go dátheangach.

Tionólfaidh Teach Laighean agus Teilifís an Oireachtais léacht Ghaeilge le Máire Geoghegan-Quinn chun comóradh a dhéanamh ar Sheachtain na Gaeilge agus ar thábhacht ár dteanga náisiúnta in obair an Oireachtais. Tionólfar díospóireachtaí na n-óg i Seanad Éireann, agus tá duine de na hiarratasóirí ar éirigh leo tar éis a rá go nglacfaidh sí páirt as Gaeilge.

I rith samhraidh 2018, beidh taispeántas ar siúl i dTithe an Oireachtais ina mbeidh déantáin, íomhánna agus ephemera lena ndéanfar ceiliúradh ar obair ghluaiseacht na sufraigéidí is comharthaí dátheangacha a bheidh ag gabháil leis na taispeántais ar fad.

Maidir le clár cuimhneacháin 2019, beidh an cur chuige céanna i gceist. Agus sinn ag beartú dár gcláir le haghaidh 2018 agus 2019, beidh ár dteanga náisiúnta go mór san áireamh agus sinn ag plé leis an bpobal.

Tá roinnt gnéithe tábhachtacha Gaeilge i gclár oideachais an Oireachtais mar a leanas. Aistreofar na pleananna ceachta go Gaeilge chun go mbeidh siad ar fáil lena n-úsáid i scoileanna. Seolfar na pleananna chun go mbeidh siad ar fáil don fhochoiste le linn Sheachtain na Gaeilge.

Maidir le Lá Eorpach na dTeangacha, an 26 Meán Fómhair 2018, eiseofar leathanach foclóra ar a mbeidh aistriúcháin ar nathanna cainte a úsáidtear go minic san Oireachtas. I rith 2018, mar chuid de Bhliain na Gaeilge, seolfar acmhainní éagsúla lena n-úsáid i seomraí ranga chun infheictheacht, líofacht agus tuiscint ar an róI a bhíonn ag an nGaeilge in obair an Oireachtais a chur chun cinn. Tá an t-oifigeach oideachais líofa sa Ghaeilge agus is féidir leis an oifigeach sin plé le grúpaí scoile as Gaeilge.

Díreoidh mé anois ar Rannóg an Aistriúcháin. Ba mhaith liom an coiste a thabhairt cothrom le dáta maidir le forbairtí a bhaineann le hobair Rannóg an Aistriúcháin. Tugann an rannóg seirbhísí ríthábhachtacha ar fáil don choimisiún agus é ag comhlíonadh a chuid dualgas reachtúil ó thaobh na Gaeilge de. Tacaíonn sé le gnó na dTithe agus na gcoistí a dhéanamh trí mheán na Gaeilge. Sa bhliain 2016, cuireadh leis an acmhainn eagarthóireachta sa rannóg trí thrí phost nua a chruthú agus folúntas a bhí ann le fada a líonadh. Sa bhliain 2017, cuireadh leis an acmhainn riaracháin trí dhá phost nua, cléireach sóisearach agus oifigeach cléireachais, a sholáthar. Táthar ag tabhairt aghaidh ar na hacmhainní teicniúla freisin agus tá bogearraí nua den saghas is déanaí agus is fearr faighte ag an rannóg.

Ar leibhéal níos bunúsaí, tá athbhreithniú seachtrach ar acmhainn agus ar chultúr an ionaid oibre coimisiúnaithe againn. Leis an athbhreithniú sin, déanfar tátal a leagan amach agus moltaí a chur ar fáil maidir leis an leibhéal cuí táirgiúlachta agus foirne maidir leis an struchtúr oibre agus maidir leis na bpróisis bainistithe athraithe is gá a bheith ann chun tacú le timpeallacht dhearfach oibre sa rannóg. Beidh plean forghníomhaithe mar chuid den athbhreithniú agus beidh sé sin go hard ar ár gclár oibre againn le linn 2018.

Mar fhocal scoir, ba mhaith liom mo bhuíochas a chur in iúl don choiste as an deis a chur ar fáil dom cur síos a dhéanamh ar na slite éagsúla ina dtugann Seirbhís Thithe an Oireachtais aitheantas agus tacaíocht don phríomhtheanga oifigiúil agus sinn ag obair chun fónamh do Thithe an Oireachtais.

Tá éacht déanta agat. Go raibh míle maith agat. Níl sé éasca. Beidh comhaltaí ag teacht agus ag imeacht ó am go chéile. An bhfuil ceisteanna ag aon duine? An bhfuil sibh fós i mbun machnaimh?

Cuirim fáilte roimh an tuarascáil atá cloiste againn. Molaim an obair atá déanta agaibh agus an tsuim atá ag muintir an Tí seo ach go háirithe i gcúrsaí Gaeilge agus labhairt na Gaeilge. Má bhíonn an díospóireacht bríomhar agus má bhíonn sé sa Dáil, agus má bhíonn sé trodach, mar a déarfá, bíonn i bhfad níos mó daoine ag féachaint ar an teilifís agus bíonn níos mó suime ag daoine ann. Nuair a bhíonn tú ag labhairt as Gaeilge, ní bhíonn an oiread sin eolais ag gach duine faoin ábhar, ach ó thaobh cheannairí na bpáirtithe go léir de, tá Gaeilge acu, agus úsáideann siad é. Más rud é go raibh níos mó Gaeilge á húsáid sa Dáil, bheimis ag rá leis na ceannairí go mbeadh níos mó bríomhaireachta as an úsáid a bhainfí as an nGaeilge. Dá mbeadh sibh ag cuidiú leis sin, bheadh níos mó daoine ag léamh na Gaeilge agus ag éisteacht léi, agus b'shin an fhírinne. Ó thaobh a professional point of view, tá sibh ag déanamh bhur ndícheall agus níl aon dabht faoi sin ar chor ar bith. Molaim an tsuim agus an caiteachas atá déanta ansin ach chaithfí gur fiú an caiteachas seo. The investment must have a return on it. Agus is é an toradh air sin na níos mó bríomhaireachta, nó níos mó dátheangachais, more bilingualism. Táim anseo le 20 bliain anois, idir a bheith i mo Sheanadóir agus i mo Theachta Dála, agus tá níos mó Gaeilge á húsáid sa Teach anois ach ba chóir go mbeadh níos mó á dhéanamh againn. Agus an rud deireanach, bhí tvuíteanna le déanaí ann maidir leis na daoine a raibh an Ghaeilge is mó á húsáid acu, agus comhaireadh líon na bhfocal a bhí ráite acu. All of our Irish words were counted. I thought that was good to have a league table of those who use the most Irish: I think that is good and constructive. Regretfully I believe I was on 128 words at the time but that was over a short period so I am going to catch up with the likes of Deputy Éamon Ó Cuív, who had a couple of thousand. Is rud maith é go bhfuil sé sin ag titim amach agus go mbeadh níos mó Gaeilge á húsáid.

Go raibh míle maith agat.

Mr. Peter Finnegan

Go raibh míle maith agat. From my own perspective there has been a very discernible change in the use of Irish, particularly in this Dáil. The establishment of this committee has given an impetus to that. In fairness it has also pushed us as an institution because we have always struggled in terms of our Irish-speaking capacity. Sometimes a little bit of a push is needed to get things going. The change in this Dáil has given us that push. We obviously see more Irish spoken in the Dáil by all of the party leaders and group leaders. There is this committee and also the Joint Committee on Culture, Heritage and the Gaeltacht, which is chaired by Deputy Peadar Tóibín. All of these things are giving Irish a greater prominence within the Houses of the Oireachtas.

From my own point of view as the Secretary General of the organisation, my desire is to have an organisation that is very proactive about Irish. We met an Coimisinéir Teanga recently. He spoke to us about the concept of the active offer. The active offer is essentially where facilities and services in Irish are offered to people without them having to be sought out. That is something we have to try to put in place for Irish speakers over the coming years. An Coimisinéir had an interesting anecdote when he came to us. We have five or so ushers who speak Irish and who are capable of giving tours in Irish. It just so happened, by pure fluke, that on the day an Coimisinéir came to Leinster House one of these ushers was on the gate on Kildare Street. He told us that it made all of the difference, because he could speak Irish to this usher and it added to the experience of coming to Leinster House. I would certainly like to see a situation where people who come to Leinster House whose first language is Irish or who are Irish speakers would have the facility to use Irish during their time here, whether they are on tours or dealing with front-line staff. That is something we will be working on over the coming years.

Molaim na ushers a bhfuil Gaolainn acu. Labhraím Gaolainn le triúr dóibh gach uair a bhuailim leo. It is great to have that there. It is natural. Baineann siad taitneamh as an nGaolainn freisin.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Luaigh an Teachta an tslí ina mbíonn an pobal agus na meáin chumarsáide ag féachaint ar na Comhaltaí sa Dáil agus sa Seanad agus ina mbíonn siad ag féachaint an mbeidh siad ag úsáid na Gaeilge agus cé chomh minic agus a bheidh siad á húsáid. Fiú amháin bíonn siad ag comhaireamh na bhfocal ag an bpointe seo. Rud a chuala mise ó Theachtaí ó tháinig mé isteach sa tseirbhís anseo is ea gur mhaith leo a bheith ag caint as Gaeilge ach gur minic nach mbíonn an téarmaíocht acu le haghaidh na díospóireachta áirithe atá i gceist. Tá sé i gceist againn, mar chuid den straitéis a luaigh an tArd-Rúnaí, gluais foclaíochta nó téarmaíochta le haghaidh gach Bille a chur ar fáil do na Comhaltaí agus do na meáin chumarsáide sa chaoi is go mbeidh na Comhaltaí ábalta, más spéis leo, díospóireacht a dhéanamh nó aitheasc a thabhairt maidir le Bille, toisc go mbeidh na téarmaí go léir a bhaineann leis an mBille sin acu sa Ghaeilge. Sin ceann de na cuspóirí atá againn. Beimid á dhéanamh sin go luath anois i mbliana. Teastaíonn uainn gur cabhair phraiticiúil do na Comhaltaí ó thaobh díospóireachtaí a bheidh ann.

Beidh sé déanta ar bonn leanúnach, an mbeidh?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Cinnte.

Chuile sheachtain beifear ag cur leis an stór.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

De réir mar a thagann Bille amach, déanfaimid é sin i leith an Bhille.

Tá an finné ag caint i gcomhthéacs Billí seachas díospóireachtaí.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Táim ag caint faoi dhíospóireachtaí ar Bhillí. Dá mba rud é go raibh sé i gceist go mbeadh díospóireacht sa Dáil nó sa Seanad faoi ábhar áirithe, d'fhéadfaimis liosta téarmaíochta a chur ar fáil lena haghaidh sin chomh maith gan aon deacracht.

Cén fáth nach bhfuil sé sin ag tarlú faoi láthair?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Is dócha gurb é an rud atá i gceist leis seo, agus luaigh an tArd-Rúnaí é seo, ná proiseas leanúnach ar fad. De réir a chéile táimid ag iarraidh timpeallacht a thógáil san Oireachtas a bheadh fáilteach agus cuiditheach do Chomhaltaí atá ag iarraidh an teanga a úsáid. Tá sé seo aitheanta anois mar bheart ar féidir linn é a dhéanamh chun difear a dhéanamh ó thaobh deis a thabhairt do Chomhaltaí a dteastaíonn uathu obair as Gaeilge nó gan é sin a dhéanamh.

Gabhaim buíochas leis an bhfinné as an gcur i láthair. Tá cúpla ábhar gur theastaigh uaim díriú isteach orthu, mar tá an-chuid eolais ann. Braitheann sé ar cá théitear mórthimpeall an fhoirgnimh. Tá slua maith a bhfuil Gaolainn acu agus a bhfuil sé ar a gcumas a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaolainn. Tá thart ar 30 Teachtaí agus Seanadóirí, a lán den fhoireann a bhaineann leis na páirtithe éagsúla agus na ushers. Mar sin, tá Gaolainn le cloisteáil mórthimpeall an fhoirgnimh agus an champais. Is dóigh liom féin nach bhfuil go leor le cloisteáil laistigh sa Chamber. Bhí figiúirí áiféiseacha le cloisteáil le déanaí. Chuir sé ionadh orm. Cheap mé b'fhéidir nach raibh sé chomh holc leis sin, ach tá na figiúirí sin ann. Léiríonn sé go bhfuil ról ceannaireachta againn féin, na Baill, agus go gcaithfimid níos mó Gaolainne a úsáid agus í a bhrú chun cinn.

Luaigh an Teachta O'Dowd é sin ach is dóigh liom freisin má tá rud bríomhar ann ina bhfuil suim ag na meáin, déanann siad tuning isteach. Tá sé an-tábhachtach chomh maith go mbeifí ábalta freagra a fháil nuair a chuirtear ceist as Gaolainn. Mar sin, nuair a bhítear os comhair an Aire nó an Taoisigh, caithfear bheith sásta go bhfaighfí freagra. Teastaíonn uainn go léir freagra a fháil, pé ceist a bhíonn á cur againn. Teastaíonn uainn bheith cinnte go mbeidh na meáin ábalta an cheist agus an freagra a fháil chomh maith. An bhfuil an córas aistriúcháin ar fáil do na meáin agus an slua a bheadh thuas sa Ghailearaí ag faire ar an gcruinniú? Ní dóigh liom go bhfaca mé riamh aon duine de na meáin ag úsáid na cluasáin.

Is one-way traffic atá ann sa chóras aistriúcháin. Tá laigeacht ansin. Nuair a bhíonn duine ag caint as Béarla, ní bhíonn an córas aistriúcháin ar fáil. Bíonn ar dhaoine éisteacht agus aistriú dóibh féin. Déanfaimid é sin go nádúrtha ach ba mhaith liom é a bheith ar an taifead gur córas de shlí amháin atá ann. An bhfuil aon phlean chun feabhas a chur air sin chun go mbeadh sé ag obair sa dá shlí? Tá an-chuid pleananna ag na finnéithe i gcomhair Bliain na Gaolainne. Cé a chur an plean le chéile? An raibh an fhoireann páirteach ansin? Ar tháinig sé ón bhfoireann aníos nó cad a spreag é?

Maidir leis na fotheidil a fheictear ar an scáileán, go minic nuair a bhíonn an pobal ag faire ar an Dáil nó ag éisteacht leis, is pé rud a bhíonn ar an scáileán a bhíonn le feiscint. Tá sé i gcónaí as Béarla fiú nuair a bhíonn an tAire Stáit atá freagrach as an nGaeltacht ag freagairt ceisteanna. Tá sé ar a chumas ag an gcóras ainm an Teachta a athrú go héasca nuair a thagann duine chun cainte. Surely d'fhéadfaí a leithéid a athrú ar an scáileán chun go mbeadh an Ghaolainn sofheicthe os comhair an phobail an t-am ar fad. Ní gá go mbeadh sé go huile is go hiomlán as Béarla. B'fhéidir gur féidir leis an bhfinné an cúpla ábhar sin a láimhseáil ar dtús.

Mr. Peter Finnegan

I might address the numbers of staff in the Houses who are in a position to do business in Irish because I know the Deputy mentioned the number of Deputies and party staff. Out of a staff complement of approximately 500 we have 54 staff who advise us that they are able and willing to do business through Irish. We are in a more fortunate position than other organisations because we obviously have Rannóg an Aistriúcháin, which has 23 staff. Outside of Rannóg an Aistriúcháin there are 31 other staff who can do business in Irish. They are right across the organisation from the Debates Office to the committee secretariat. We have staff in our Communications Unit and the five ushers in the Superintendent's section.

A number of our legal people are fluent in Irish. We have someone in our Parliamentary Budget Office and in the Library and Research Service. We have some coverage in most of the organisation in respect of conducting business in Irish. We feel that is important because it provides Members and other people with the opportunity to use Irish. It may be on a limited basis, but they can still do so.

In terms of the translation system, the first thing to say is that we are in the process of upgrading it. For a long time only committee room 4 was equipped for simultaneous translation. That was obviously quite limiting. With the growth in the use of the Irish language, we felt that we needed to upgrade our committee rooms. Last summer we upgraded committee room 3. We would have done all four but for the fact that we were moving the Seanad Chamber, which caused a capacity issue. We are going to upgrade committee rooms 1 and 2 this coming summer. That means that all four rooms will have the capacity to host meetings in Irish.

That brings us to the question on the other side of putting in place the resources to translate proceedings. Obviously, if four meetings are going ahead and all are using Irish-----

Cén uair a bheidh na seomraí uilig réitithe le haghaidh aistriúcháin?

Mr. Peter Finnegan

Next summer.

An samhradh.

Mr. Peter Finnegan

Yes. It is our objective to do it next summer.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Tá ceann amháin díreach ullamh anois. Tá dhá cheann eile le déanamh.

Chuala mé é sin.

Mr. Peter Finnegan

Tá dhá sheomra réitithe.

Beidh siad go léir réitithe le haghaidh an tsamhraidh.

Mr. Peter Finnegan

Tá súil agam go mbeidh siad réitithe le haghaidh an tsamhraidh seo chugainn. That is our objective for next summer in terms of the committee rooms. I think it is an important development for us as an organisation. With regard to the two-way translation system, I can see the validity and the usefulness of it. In the context of what we are doing, we would have to examine it because it would obviously have resource implications. We would be very happy to look at that facility and, if it is possible, we will endeavour to provide it.

With regard to Bliain na Gaeilge our strategy statement, which we published in 2016, makes a commitment to develop an Irish language strategy. We were trying to follow through on that. We have put together a working group with staff, led by Mr. Uíbh Eachach, the Príomh-Aistritheoir. That group developed the strategy for Bliain na Gaeilge. It is our first attempt at an Irish language strategy and it is something on which we would like to build. The key thing for us now is that we have the strategy developed. The Ceann Comhairle will launch it next month. We now want to fully implement it over the course of the year. It will give us an impetus in terms of developing a further Irish language strategy for 2019 and onwards, which can tie in with our new strategic plan.

We are conscious of the issue of subtitles and broadcasting. As I have said, we have already translated our static content on the web. We would like to do that for the broadcasts and it is our intention to do so. There is some work to do in respect of the technology but we will be looking at it.

An féidir liom soiléiriú a fháil ar an cheist sin? With regard to what Mr. Finnegan was saying about subtitles, if I am watching a movie on Netflix I can set the subtitles to French or whatever language I want. If one is watching the news one can choose different subtitles. Is that what Mr. Finnegan is talking about? In other words-----

Mr. Peter Finnegan

It is more about the captioning.

I do not know what technology is involved, but if one is watching live news in different languages, as I sometimes do, the captions come on. I do not if that could be done le haghaidh na Gaeilge or what it would cost to do, even if only for Leader's Questions or something like that. Cad a chosnódh sé chun go mbeadh an Ghaeilge ann ag an am céanna? I do not know an bhfuil sé sin ródheacair a dhéanamh. Músclódh sé daoine. They watch it anyway. Is that an option?

Mr. Peter Finnegan

It is an option of course. It comes back to the technology. A lot of it depends on the background technology in the broadcasting unit.

Mr. Peter Finnegan

We would have to work through that issue.

Of course. Aontaím leis sin. I appreciate he cannot do it today, but could Mr. Finnegan come back to us with that information?

Mr. Peter Finnegan

Absolutely.

D'fhiafraigh mé cheana féin an bhfuil sé ar chumas na seirbhíse ainm an dhuine atá ag labhairt a athrú. Déantar é sin go rialta nuair a thagann an chéad duine eile ag caint. An féidir rud éigin cosúil le "Ceisteanna Ceannairí" a chur in ionad "Leaders' Questions" uaireanta, nó b'fhéidir "Ceisteanna don Aire Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta" agus mar sin de?

Mr. Peter Finnegan

There are captions on the channel and there is information running down the right-hand side. A lot of that is static text and I would like to see us translate it into Irish, particularly for Irish business. The next phase then would be the Netflix option.

It is phonetic analysis of the sound. It will not always be correct. One gets real howlers in there, but that might be a bit of fun. They can do it on any channel.

Mr. Peter Finnegan

We are constantly upgrading the broadcasting infrastructure, so we will certainly look at that.

Ritheann sé liom agus muid i mbun díospóireachta anseo go bhfuilimid anseo ag caint trí Bhéarla don chuid is mó den chruinniú anois. Níl mé ag cur lochta ar aon duine. Tá mé ag streachailt leis an nGaeilge mé féin. Tá éacht déanta ag na finnéithe inniu. Tá ceist curtha ag an Teachta Muimhneacháin faoin gcóras bealach-amháin atá againn. Leis an mbealach sin, táimid anois faoi bhrú níos mó Béarla a labhairt ar Chomhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus na nOileán, mar níl an córas ag dul ach i dtreo amháin. Táim ag éisteacht anois. Bhain mé úsáid roimhe seo as an bhfocal "ósréalaíoch" nuair a tháinig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe os ár gcomhair. Táim ag éisteacht now le Béarla. Tá orm é a aistriú, dul ar ais i nGaeilge agus tá ar an bhfinné na cluasáin a chur air féin agus ansin tá sé ag caint liom i mBéarla. Tá an córas thar a bheith amscaí. B'fhéidir gurb é seo an focal is fearr. Tá sé deacair domsa mar Chathaoirleach agus táim in ainm Gaeilge a bheith agam. Tá sé deacair.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

An bhféadfainn díreach é sin a mhíniú? Is é an prionsabal atá laistiar den aistriúchán comhuaineach nó an ateangaireacht ná go raibh Comhaltaí míshásta go rabhadar ag tabhairt aithisc sna Tithe trí mheán na Gaeilge agus nár tuairiscíodh iad ar na meáin chumarsáide mar nár thuig na hiriseoirí iad. Bhí fadhbanna ansin ó thaobh go dtuigfeadh Comhaltaí eile iad. Is mar áis dóibh siúd ar mhian leo Gaeilge a labhairt sna Tithe a tugadh an córas isteach chun nach mbeidís siúd faoi mhíbhuntáiste ó thaobh nach dtuigfí iad sa Seomra, nó nach dtuigfí agus nach dtuairisceofaí a gcuid cainte ar na meáin chumarsáide. Sin an prionsabal atá i gceist. Tá cuspóir praiticiúil leis sin, is é sin, má roghnaíonn Comhalta an Ghaeilge a úsáid, go dtuigfidh gach duine é nó í tríd an gcóras agus go mbeidh tuairisc ar an méid a deir sé nó sí. Sin an prionsabal atá laistiar dó. Ní hé díreach gur ateangaireacht ar son na hateangaireachta atá i gceist. Tá cuspóir i gceist.

Ní ateangaireacht ar son ateangaireachta atá i gceist. Tá samplaí iontacha ón Eoraip againn. Níl a fhios agam cé mhéad teanga a labhraítear ansin. Tá córas i bhfad níos éifeachtaí ann. Níl muid ag iarraidh córas a fháil ionas go mbeidh poiblíocht againn sna páipéir. Táimid ag iarraidh Gaeilge a labhairt mar is teanga na tíre agus ár gcéad teanga í. Tá rud éigin mícheart anseo leis an gcóras.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Nílim ach ag iarraidh an cuspóir a bhí leis an gcóras nuair a tugadh isteach é a chur in iúl.

B'fhéidir go bhfuil gá práinneach le breathnú ar an gcuspóir sin agus ar an gcóras ionas go mbeidh muid in ann ár ngnó a dhéanamh trí Ghaeilge le cabhair ó chúrsaí teicneolaíochta.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

B'fhéidir gur féidir linn é sin a scrúdú mar rogha.

Tá an ceart ag an gCathaoirleach. Aontaím léi go huile is go hiomlán. Tá cúpla pointe beag eile gur mhaith liom díriú isteach orthu. Mar a luaigh na finnéithe, tá an fhoireann ar fáil chun gnó a dhéanamh trí Ghaolainn agus na turasanna a chur ar fáil. Mar shampla, nuair a tháinig turas scoile ó mo cheantar féin le déanaí, bhíodar in ann an turas a fháil trí Ghaolainn. Sin mar ba chóir go mbeadh sé. Bhíodh leabhrán ann cheana féin ar thug an-chuid eolais mar gheall ar an Tigh féin agus ar ról na Teachtaí agus mar sin de. Níl a leithéid ar fáil a thuilleadh ar chúis éigin. Ní fheadar cén fáth. An bhféadfaí a leithéid a chur ar fáil?

Ar thaifid na gcruinnithe, na cruinnithe anseo mar shampla, is cosúil go bhfuil saghas fráma Béarla ann agus go bhfuil an Ghaolainn plugged isteach ann. Nuair a fhéachtar ar na miontuairiscí tá córas Béarla ann agus ansin tá an Ghaolainn plugged isteach ann. Ba chóir go mbeadh sé sin ceartaithe. Tá spriocanna ag an tseirbhís i gcomhair foireann a earcú a bhfuil Gaolainn acu. Cén líon daoine a bheidh i gceist? An bhfuil plean ann chun breis dhaoine a earcú nó cad é an plean ansin?

Mr. Peter Finnegan

Perhaps I will take the staffing issue first. As I said, approximately 10% of our staff can deliver services in Irish. This year we recruited seven new staff members who are fluent in Irish and who have the ability to provide services bilingually. Our strategy for the future revolves around ensuring that core services that use Irish, such as Rannóg an Aistriúcháin, the Debates Office and the Committees Secretariat, have sufficient staff to be able to conduct business. After that, we are focusing on front-line services such as the ushers, the education services and things of that nature. That is the focus of our efforts.

The biggest challenge we have is actually getting staff with language skills. To illustrate the scale of this challenge I might explain the situation in respect of the recruitment of parliamentary reporters the last time around. We advertised for parliamentary reporters in 2017. We had 331 applications in total, of which 34 were applications for the bilingual option. Of these 34 applicants, 27 sat a simulation test, five of whom passed and proceeded on to the interview stage. At interview stage, four out of five passed and were placed on the panel. When job offers were made to those people, two out of the four did not actually take up the posts. Of the people who applied for the bilingual option, the pass rate was 12%. If one looks at it as a percentage of the overall number of applicants, 1% passed the test and were put on the panel. It is illustrative of the scale of the challenge that we face in recruiting staff.

In terms of some of the other issues, it could be the case that the booklet is just out of print. We will follow that up and ensure that booklet is published again. On the record of the meetings, is the Deputy talking about the debates?

Bhí mé ag caint faoi na cruinnithe seo.

Is í an Tuairisc Oifigiúil de na cruinnithe atá i gceist.

Mr. Peter Finnegan

The Official Report. We will have to look at it. There are certain limitations within the system. It is an old system. We are upgrading it in the next couple of years. Our intention with all of these systems is-----

Is cuma más old system é, bhí Gaolainn ann roimh an mBéarla.

Agus beidh sí ann ina dhiaidh freisin.

Mr. Peter Finnegan

Our intention is that the upgraded system will have the capacity for both official languages. We are doing that with all our new systems. We have a big digital transformation programme under way. It is one of the things we are ensuring as part of that programme.

Maidir le spriocdháta arís, cén uair a bheidh sé sin réidh?

Mr. Peter Finnegan

The intention under the digital transformation programme is that it will be ready in two years time. That is the plan.

I am sorry, I have had kind of a mad day and therefore have not been here for all of the debate. If I am covering ground that has been covered tá súil agam go nglacfaidh na finnéithe le mo leithscéal. Tá rud amháin go bhfuil mé ina aghaidh agus is é sin earcaíocht gan chúis. Is é an fáth go bhfuil muid ag iarraidh go mbeadh daoine le Gaeilge sa gcóras ná le go mbeadh siad in ann seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge dúinn. Mar sin, tá sé tábhachtach plean a bheith ann. Cén áit ina dteastaíonn na daoine seo? Tháinig sé mar nuacht domsa a fháil amach go bhfuil córas éigin gur féidir rudaí a aistriú do Theachtaí Dála. Go hiondúil, cuirim amach rudaí le haistriú nó iarraim ar an mbeirt i m'oifig féin a bhfuil Gaeilge acu iad a aistriú. Tá siad cruógach le gnáthchúrsaí an lae seachas a bheith ag aistriú rudaí. Déanann siad a gcuid oibre trí Ghaeilge sa gcuid is mó seachas, mar shampla, preasráitis.

Níl a fhios agam cén sholáthair atá ann, mar shampla, sa gcóras leabharlainne agus taighde le seirbhís trí Ghaeilge a chur ar fáil. Mar shampla, má tá Teachta Dála ag iarraidh rud a bhaineann leis an nGaeilge an féidir leis nó léi ríomhphost a chur i nGaeilge ag rá go bhfuil sé nó sí ag iarraidh an rud sin? An mbeadh an Teachta in ann é a fháil agus a ghnó á dhéanamh trí Ghaeilge aige nó aici seachas é a aistriú go Béarla chun an rud a fháil?

An dara rud gur féidir a dhéanamh go héasca ná i bhfad níos mó Gaeilge a chur ar na scáileáin. Nuair a thagann gasúir isteach ó na Gaelscoileanna - agus tagann go leor - nó gasúir ón nGaeltacht, nó duine ar bith le Gaeilge, sílim go bhféadfadh na scáileáin a rá cibé rud atá siad ag rá i mBéarla agus ansin go n-athródh an scáileán tar éis nóiméad agus go ndéarfadh sé an rud céanna i nGaeilge, ar nós na busanna i mBaile Átha Cliath. Bheadh sé sách éasca mar bíonn go leor de na focail ar na rudaí sin caighdeánach go leor. Mar shampla, bíonn teidil na mBillí ar fad aistrithe ar aon chaoi so níl le déanamh ach iad a chur ar an scáileán tríd an gcóras ríomhaireachta.

Agus muid ag dul ar aghaidh, caithfimid aghaidh a thabhairt ar na buanna éasca gur féidir a fháil le beagáinín dua a bhaint amach i dtosach - mar a deirtear i mBéarla, na "quick wins". Mar is léir, tá sé an-éasca déileáil le rud ar bith atá le déanamh mar a chéile arís agus arís eile, ar nós na scáileáin teilifíse, nó le rud ar bith atá aistrithe ar chúinse eile. Bheadh sé níos deacra dá ndéarfaí go gcaithfidh Gaeilge a bheith ar chuile dhuine d'fhoireann na dTithe. Níl sé sin praiticiúil agus caithfidh mé sin a thuiscint. Is próiseas níos moille é sin. Cheap mé, nuair a bhí smaoineamh á dhéanamh agam air, gurb í eochair na ceiste seo ar fad ná go n-aithneofaí líon na bpost ina dteastódh Gaeilgeoirí le seirbhís a thabhairt - áiteanna inar bhféadfaí a bheith ag súil go mbeadh éileamh réasúnta ar sheirbhís - agus go gcuirfí na daoine le Gaeilge isteach ansin.

Ina choinne sin, tá sé an-tábhachtach nach sáinneofaí daoine atá líofa sa nGaeilge sna poist sin mar, ach an oiread le duine ar bith eile, beidh siad ag iarraidh dul ar aghaidh sa gcóras agus ba cheart go mbeidís in ann léim amach agus isteach. Caithfear níos mó Gaeilgeoirí ná poist le riachtanais Gaeilge a bheith sa gcóras mar, mura déantar é sin, beidh an Gaeilgeoir sáinnithe ach ní bheidh sé nó sí ag iarraidh a admháil gur Gaeilgeoir é nó í. Cé atá ag iarraidh a bheith sáinnithe i gcóras na Státseirbhíse? Is é an gnáthrud ná go dtéann duine ó executive officer go higher executive officer go assistant principal go principal officer agus mar sin de tríd an gcóras. Cén fáth nach mbeadh Gaeilgeoir ag iarraidh é sin a dhéanamh ach an oiread le duine ar bith eile? Is dóigh go bhfuil mo chuid ráite.

Sin é? Cuireann sé sin iontas orm.

An bhfuil an-iontas ar an gCathaoirleach inniu?

Gabh mo leithscéal. De ghnáth bíonn deich gceist ag an Teachta.

Mr. Peter Finnegan

I might deal with the last point first. I had an interesting conversation recently about people who end up being pigeon-holed within jobs. The difficulty we face at the moment is that, in some respects, it is career-limiting for people to move into Irish-speaking posts.

We have to change that because otherwise we will continue to struggle to broaden the use of the language. I suppose the only way of changing it is by increasing the overall number of people within the system so that it is possible to move people in and out of particular posts.

We are conscious of the, as it were, easy wins piece. We tried to do that in our last Irish language scheme. We have translated a lot of the signage. We are conscious that we have to deal with some issues in that regard. We are dealing with them. We have done things in our lifts with the help of a member of staff within Rannóg an Aistriúcháin. There are pre-recorded messages in our lifts that inform people whether they are on "urlár a haon", "urlár a dó" or "urlár a trí", etc.

I will set out the next stage in the process. We have done our website. Our new beta website is going live very shortly. As I have said, almost 100% of the static text is in Irish. Our lesson plans will go up in Irish very soon, perhaps during Seachtain na Gaeilge. We have quite a lot of Irish on that website. The next stage for us as an organisation involves focusing on our in-house broadcasting system and on the Oireachtas television channel.

One person in the Oireachtas Library and Research Service can conduct business through Irish. We will have to work on this area.

Cé mhéad duine atá ag obair sa tseirbhís sin?

Mr. Peter Finnegan

I think there are 32 people working in the library.

Duine amháin as 32.

Mr. Peter Finnegan

Duine amháin, yes. Bhí beirt ann uair amháin. The other person is now working in the Parliamentary Budget Office. It is a service that Members use extensively. We have to try to prioritise it and introduce more Irish speakers into it.

Ní raibh a fhios agam fiú go raibh a leithéid de dhaoine ann.

Mr. Peter Finnegan

Yes, there is. Ms Maeve Ní Liatháin of the library and research service is a legal-----

Maybe the members could be made aware of that. It would be useful if there was a directory setting out where we are today in this respect. I would never have bothered. I apologise for interrupting. I think we are all a little bit lazy. Unless we know there is a Gaeilgeoir, we are in the Gaeltacht or we are dealing with Údarás na Gaeltachta, the default position is for us to speak English if we want an answer.

Mr. Peter Finnegan

Yes.

I table parliamentary questions in Irish because I know there is a requirement for them to be replied to within four days. We know that organisations like Revenue have Irish speakers so we deal with them in Irish. We get even quicker answers and personal attention.

Mr. Peter Finnegan

Yes.

It might be useful if there were a directory of the positions and the context.

Mr. Peter Finnegan

Yes. I think that would be helpful. We will put that together for the committee. We will circulate it. Perhaps we will put it on our intranet site as well.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Ba mhaith liom teacht thar n-ais chuig pointe amháin a luaigh an Teachta Ó Cuív. Tá sé luaite ag Teachtaí agus Seanadóirí eile linn freisin. Nuair a dhéanaimid rud amháin, ceapaimid go bhfuil sé go hiontach go bhfuil an méid sin déanta againn. Cúpla bliain ina dhiaidh sin, faighimid amach nach bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil sé déanta. Tagann an pointe sin thar n-ais chugainn go minic. Luaigh an Teachta Ó Cuív an tseirbhís aistriúcháin comhfhreagrais atá againn le haghaidh Chomhaltaí an Oireachtais. Cheapamar go raibh an scéal sin curtha amach againn, ach ansin fuaireamar amach nach raibh an scéal ar eolas ag daoine. Fuaireamar amach nach raibh a fhios ag formhór na gComhaltaí mar gheall ar an litreoir nó spellcheck a chuireamar ar fáil le haghaidh na gComhaltaí go léir. Is dóigh liom go gcaithfimid glacadh leis go bhfuil freagracht orainn ní hamháin rudaí a chur ar fáil, ach freisin a chinntiú go bhfuil a fhios ag daoine go bhfuil siad ar fáil. Ba cheart dúinn an t-eolas sin a athnuachan go minic ionas go mbeidh a fhios ag Comhaltaí go bhfuil na seirbhísí seo ar fáil agus go n-úsáidfidh siad iad.

Tá súil agam go bhfuil an spellcheck i nGaeilge Chonamara.

Tá súil agam go bhfuil sé i mBéarla freisin. Tá cúpla ceist agam. Cé mhéad maor nó uiséir atá ag obair san Oireachtas, go garbh?

Mr. Peter Finnegan

Roughly 80 or 90.

Oibríonn siad go dian. Tá an saghas oibre a bhíonn faoi chaibidil acu feicthe agam. Bíonn siad i dteagmháil le daoine ar bhonn laethúil. Is iontach an fhoireann iad. Cuireann siad na Teachtaí Dála agus na cuairteoirí ar a suaimhneas. Is iontach an dream iad. Tugann 100% dóibh siúd a thagann anseo ar cuairt ardmholadh do na maoir i gcónaí. Tá an t-ardmholadh sin tuillte acu. Déanann siad a ndícheall Gaeilge a labhairt, fiú muna bhfuil ach cúpla focal acu. Dúradh níos luaithe go bhfuil Gaeilge ag seachtar acu. Cad iad na deiseanna atá curtha ar fáil do na fir agus na mná sin a bhíonn ag déileáil leis an bpobal chuile lá?

Thosaigh mé leis an scéim teanga agus críochnóidh mé leis freisin. Tá díomá orm go bhfuil sé as dáta. Ní thaispeánann sé sin aon aois. Níl mé ag iarraidh bheith diúltach. Tuigim go bhfuil na hoifigigh faoi bhrú. Tuigim an turas atá ar bun acu chun an Ghaeilge a spreagadh agus a fhoghlaim. Is ón gcúlra sin atá mo chuid tuairimí á nochtadh agam. Cén fáth go bhfuil an scéim as dáta? Cén ceacht atá foghlamtha ag na hoifigigh as an eachtra seo? An bhfuil liosta le feiceáil de na rudaí atá mícheart fós agus na rudaí atá foghlamtha de bharr na scéime? Nuair a bhí an Coimisinéir Teanga os ár gcomhair, fuaireamar sampla iontach den chur i gcéill atá i gceist go ginearálta maidir le scéimeanna teanga. Níl sé ráite ag an gcoimisinéir go bhfuil cur i gcéill i gceist, ach tá sé ráite aige go soiléir nach bhfuil na scéimeanna seo ag feidhmiú. Tá siad as dáta. Níl daoine ag cloí leo. B'fhéidir go mbeidh ceist nó dhó eile agam, ach iarraim ar na hoifigigh an dá cheist sin a fhreagairt i dtús báire.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Is dócha gur cheart a rá nach raibh aon rud ann go dtí gur tháinig an scéim teanga. Is iarracht a bhí sa scéim teanga na seirbhísí a bhailiú le chéile agus struchtúr éigin a-----

Aontaím leis sin. Nílim ag iarraidh am a chur amú maidir leis an gcúlra. Táim ag díriú isteach ar an bhfadhb atá againn, sé sin go bhfuil an scéim as dáta ó bhí 2015 ann. Táimid sa bhliain 2018 anois. Cén fáth go bhfuil sé as dáta?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Is dóigh liom gur ceist acmhainní atá ann. Ní raibh na hacmhainní againn ag an am luí isteach láithreach bonn ar an scéim teanga a athnuachan. Is í sin an fhírinne. Táimid ag díriú ar an obair sin a dhéanamh anois. Creidim go raibh an ceart ag an gCathaoirleach ceist a chur maidir leis an méid atá foghlamtha againn as seo ar fad. Is dóigh liom go bhfuil sé foghlamtha againn go gcaithfimid a bheith réamhghníomhach. Is ceart dúinn bogadh ar aghaidh i gcónaí agus a bheith chun tosaigh maidir leis na rudaí seo go léir. Caithfimid féachaint ar na cuspóirí a bhí againn le scéim amháin chun a fháil amach cad iad na nithe ar éirigh leo agus cad iad na nithe nár éirigh leo. Sa dara cás, caithfimid anailís a dhéanamh ar na fáthanna nár éirigh leo. An é go raibh an locht orainn féin maidir le heolas a chur ar fáil, rudaí a bhrú chun cinn-----

Tá sé sin déanta anois. An bhfuil measúnú déanta ar an scéim seo?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Tá sé sin ar siúl faoi láthair.

Níl sé sin déanta fós.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Níl sé críochnaithe, ach tá sé ar siúl.

Beidh sé sin le fáil.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Beidh, agus beidh an dréachtscéim ar fáil. Mar is eol don Chathaoirleach, táimid ag caint leis na Comhaltaí faoi láthair. Tá an comhairliúcháin poiblí críochnaithe anois. Thugamar cuireadh don phobal aighneachtaí a chur faoinár mbráid agus fuaireamar aighneachtaí. Faoi láthair, táimid ag caint le Teachtaí Dála agus Seanadóirí chun tuairimí a fháil uathu siúd.

Baineann sé sin leis an scéim nua.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Is ea.

Cad atá foghlamtha ón seanscéim? Is deis atá anseo. Tá sé mar chuspóir monatóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn. An bhfuil sé sin déanta? Cén dul chun cinn atá déanta laistigh den thréimhse atá i gceist anseo? Cén dul chun cinn a rinneadh idir 2015 agus an lá atá inniu ann? An bhfuil an dul chun cinn sin le feiceáil go praiticiúil ar aon cháipéis nó aon leathanach?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Níl sé i gcáipéis. Tá an t-athbhreithniú sin ar siúl mar chuid de dhréachtú na scéime nua. Cuirfear i bhfeidhm sa scéim nua aon rud atá le foghlaim againn as an tseanscéim. Mar shampla, tá sé foghlamtha againn gur minic go dteipeann ar an teicneolaíocht na rudaí a dhéanamh. Sin rud amháin atá foghlamtha againn. Tá sé luaite cheana féin anseo go bhfuil sé foghlamtha go gcaithfimid a bheith gníomhach an t-am ar fad - gan glacadh leis go bhfuil rud curtha i gcrích nó go bhfuil daoine ar an eolas faoi. Is obair leanúnach é na nithe sin a chur chun cinn. Is dóigh liom go bhfuil na pointí sin foghlamtha againn as an tseanscéim.

Bhí ceist agam freisin i dtaobh na maoir.

Mr. Peter Finnegan

As I mentioned earlier, there are five ushers who are competent transacting business in Irish. Other members of the usher team would have some level of proficiency in Irish but would not be líofa. We do a number of things for them. Our staff go on an extensive range of courses. People can avail of refund of fees schemes and we encourage them to do so. I have to say that the overall attendance level at the courses is disappointing. We are putting on these facilities for people. I will illustrate the numbers. We have an elementary course for staff and an intermediate and advanced course for staff. There are nine people in each class. The average attendance would be five or six. This means that just 18 of the 500 people in the organisation, or approximately 2% to 3%, are committed to doing weekly courses that last approximately an hour and a half. My own view is that we almost have to whet people's appetite before we put on more courses. Just as the leabharlann has social occasions, I feel there are things we can do to bring people back into using Irish. We would hope they would want to build on that and improve their Irish through courses. There is almost a kind of reintroductory piece that has to be done in respect of that.

An bhfuil deacrachtaí praiticiúla ann ó thaobh na maoir de? An é nach bhfuil siad in ann freastal ar na ranganna nuair atá siad ar fáil ós rud é go mbíonn siad ag obair ar feadh uaireanta fada? I mo thaithí, tá an-suim ag foireann na Dála ar chuile leibhéal sa Ghaeilge. Ní dóigh liom go bhfuilimid ag dul i ngleic leis an dúshlán atá ann ranganna a chur ar fáil ar amanna atá oiriúnach nó feiliúnach. Nach é sin cuid den fhadhb?

Mr. Peter Finnegan

Obviously, there are practical difficulties in facilitating people. Where possible, we always try to ensure people can make Irish classes. I am not aware of difficulties. It has not been said to me that there are difficulties in attending classes. If that is the case, we will be happy to address them.

Is dócha go bhfuil ceisteanna ag an Seanadóir Ó Clochartaigh. Maidir leis an tseirbhís leabharlainne, fuair an choiste seo duine breise chun cabhair a thabhairt dúinn. Níl mé chun é a ainmniú, ach is duine iontach é. Tá sé ag obair go crua, ach níl Gaeilge aige. Cén fáth nach raibh duine le Gaeilge ar fáil? Tá duine sa leabharlann le Gaeilge. Nach raibh duine le Gaeilge ar fáil chun cabhair a thabhairt don choiste lán-Ghaeilge seo?

Ms Elaine Gunn

I apologise for speaking English.

Tá tú ceart go leor. Níl mé ag iarraidh díriú isteach ar rud pearsanta.

Ms Elaine Gunn

Yes.

De réir mar a thuigim, fuaireamar duine breise le cabhair a thabhairt maidir le cúrsaí taighde i gcomhthéacs Acht na dTeangacha Oifigiúla, atá thar a bheith práinneach. Níl Gaeilge ag an duine sin.

Ms Elaine Gunn

I am not familiar with the details. I would need to know the details. Perhaps we can find out a little bit more after the meeting.

Tá sé admhaithe ag na hoifigigh nach bhfuil Gaeilge ach ag duine amháin sa tseirbhís leabharlainne. Tiocfaidh mé ar ais chuige sin.

Tá an-bhrón orm go raibh orm seasamh amach, ach bhí mé ag labhairt sa Seanad. Má tá na ceisteanna seo curtha cheana féin, iarraim ar na hoifigigh é a mhaitheamh dom.

Baineann an chéad cheist atá agam leis an bhfoireann atá san Oireachtas. Thar na blianta, tá mé tar éis aithne a chur ar go leor daoine a oibríonn anseo a bhfuil Gaeilge acu, ina measc daoine sa bhialann, uiséirí agus Státseirbhísigh ag leibhéil éagsúla. Bhraith mé ariamh go mbeadh sé an-úsáideach dá mbeadh baill foirne an Oireachtais in ann suaitheantas nó badge de shórt éigin a chaitheamh sa chaoi is go dtuigfeadh muid go bhfuil Gaeilge acu. Tá daoine sa seomra seo agus murach go raibh a fhios agam trí obair an choiste go bhfuil Gaeilge acu, bheinn ag siúl tharstu sna pasáistí i ngan fhios dom gur Gaeilgeoirí iad, agus gach seans ann gur Béarla a labhródh muid le chéile. Nílim ag rá go gcaithfeadh fáinne bheith i gceist, ach suaitheantas de chineál éigin, b'fhéidir. Tá eagraíochtaí ar nós Gaillimh le Gaeilge agus Glór na nGael tar éis rudaí a dhéanamh ar nós suaitheantais le teachtaireachtaí mar "tá Gaeilge agam", "tá beagán Gaeilge agam" nó "úsáid do chuid Gaeilge liom" a chur le chéile. Bheadh a leithéid iontach úsáideach sa Teach seo ionas go dtuigfimís cé hiad na daoine le beagáinín Gaeilge. Deireann na daoine le beagáinín Gaeilge liom gur mhaith leo níos mó Gaeilge a labhairt, ach go mbíonn siad cúthaileach. B'fhéidir go dtabharfadh suaitheantas deis dúinn comhrá Gaeilge a bheith againn leo.

B'fhéidir go bhfuil an cheist eile atá agam níos tromchúisí. Is dócha go mbaineann líon na mBillí atá fós le n-aistriú le Rannóg an Aistriúcháin. De réir mar a thuig mé cúpla bliain ó shin, bhí go leor leor Billí nach raibh aistrithe ag an am sin. Bhí riaráistí móra ansin. Bhraith mé gur bhain sé sin le easpa foirne, easpa tacaíochta, easpa acmhainne nó easpa áise sa rannóg. An bhfuil sé sin leigheasta? An bhfuil an rannóg tagtha suas go dáta ó thaobh na mBillí atá á n-aistriú? An bhfuil na haistriúcháin ag teacht ar aghaidh go comhuaineach, nó cá seasann muid leis na ceisteanna sin?

Mr. Peter Finnegan

We would be very happy to look at the badge issue. I think it would be helpful to people if we had that type of system in place. We will take the Senator's proposal away and examine it.

It is well known at this stage that there is a backlog in Rannóg an Aistriúcháin for a number of reasons. It dates back to 1992, when there were issues with resources. The requirement in the Official Languages Act for the simultaneous production of legislation put further pressure on the rannóg. It is something we have to get on top of as an organisation. At the moment, we have a capacity review which is taking place. We have commissioned PricewaterhouseCoopers to come in and look at Rannóg an Aistriúcháin. The review has two parts: there is a cultural aspect to the operation of the rannóg and then there is a capacity aspect. The capacity aspect deals with a number of separate issues. Essentially, it involves looking at the capacity of the rannóg to perform its statutory functions and all of the other functions for which it is responsible within the Houses of the Oireachtas service. That entails looking at the overall number of staff, the systems that are used to translate legislation and the use of technology. We are currently introducing a new state-of-the-art translation system, Trados, which is used in the European Parliament. That will help us considerably. Other models are also being looked at to determine whether some non-core translation work should be outsourced. For example, we had a positive experience when we outsourced the translation of the website. A considerable amount of text - I think I said earlier that 250,000 words have been translated - has been translated using an outsourced model. We are waiting on the PricewaterhouseCoopers report, which is due to be delivered at the end of February. At that stage, we will have to go through the recommendations and put the required resources in place. I envisage that there will be fairly significant changes in how the organisation functions. We have to get on top of the backlog. It is not sustainable to continue as we are.

Ba mhaith liom soiléiriú a fháil maidir leis an backlog sin. Cé chomh dona atá sé?

Mr. Peter Finnegan

It is significant. I think there are 344 Acts outstanding from the period between 1992 and 2006.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

The figure is 354.

Mr. Peter Finnegan

In terms of the backlog-----

Níor thuig mé é sin, nó b'fhéidir nár chuala me é. Ó bhí 1992 ann-----

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Tá 354 Acht i gceist.

Mr. Peter Finnegan

Yes, the figure is 354.

Tá 354 píosa reachtaíochta nach bhfuil aistrithe fós.

Mr. Peter Finnegan

No. Tá siad aistrithe. Most of this legislation has been translated, but the problem is at the editing stage. That is the difficulty on which we have to try to focus. In the last three years, we have recruited an additional three editors in Rannóg an Aistriúcháin, which has helped the situation somewhat. It is very clear that we need to put in significantly more resources to deal with that.

An bhféadfainn ceist thánaisteach eile a chur? Leagadh cúraimí breise ar an tseirbhís ó thaobh an chaighdeáin oifigiúla de cúpla bliain ó shin. D'fhoilsíodh an caighdeán sin. An raibh dóthain acmhainní ag an rannóg le déileáil leis an obair bhreise sin nó an raibh sé sin tógtha ar an obair eile a bhí le déanamh? Dúirt roinnt teangeolaithe dom, agus ní saineolaí teanga mise, go raibh deacrachtaí leis an gcéad leagan a gcuireadh i gcló agus gurbh éigean athchló a dhéanamh. Ar chruthaigh é sin deacrachtaí faoi leith ó thaobh úsáid an chaighdeáin oifigiúla?

Mr. Peter Finnegan

Perhaps I will answer the question on resources and let Mr. Uíbh Eachach talk about the content of the caighdeán. On the resource issue, extra resources are not required. A review of the caighdeán is required every seven years. There is an intensive period of work over a short period of time and then the revised caighdeán is published. We cannot attribute any difficulties to the latest review of the caighdeán.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Maidir le formhór na hoibre a deineadh an uair sin, is tionscadal é sin a bhí le bainistiú laistigh den Rannóg ach bhí coiste comhairleach ann de shaineolaithe seachtracha ó institiúidí tríú leibhéal agus eagraíochtaí Gaeilge agus de dhaoine a bhí ionadaíoch, ar an-chuid slite, de na canúintí agus de na heagraíochtaí pobail agus a leithéid ansin. Ó thaobh an chaighdeáin féin, ní heol domsa go raibh aon deacracht leis. Cuireadh i gcló an Caighdeán Oifigiúil arís toisc gur díoladh amach é. Díoladh gach cóip agus fuaireamar an-aiseolas ar ais mar gheall ar an gCaighdeán Oifigiúil. Is eol dúinn go léir go raibh a lán easaontais ann mar gheall air. Bhí tuairimí éagsúla ag daoine. Bhí tuairimí ag daoine a bhí go léir ar an taobh ceart agus ar an taobh céanna den argóint. Is é an t-aiseolas atá faighte againn ó na páirtithe sin anois ná go bhfuil siad sásta go bhfuil pé fadhbanna a bhain leis an gcaighdeán réitithe. Faighimid an-aiseolas ó dhaoine a bhíonn ag obair leis an nGaeilge oifigiúil scríte go bhfuil siad an-sásta go bhfuil an uirlis sin ar fáil dóibh anois. Ó thaobh acmhainní de, féachaimid air sin mar rud atá déanta. Ní gá dúinn laistigh den Rannóg acmhainní a chur ar fáil le haghaidh na hoibre sin go ceann, mar a dúirt an tArd-Rúnaí, seacht mbliana eile.

Is athchló seachas atheagar a bhí i gceist, an ea?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Is athchló a bhí ann agus thapaíomar an deis cúpla typos a bhí ann a cheartú agus, toisc gur daoine trédhearcacha sinn, thugamar liosta de na nithe sin ar an leathanach cúil. Thairis sin, ní raibh aon deacracht ann.

Bhí sé sin ardaithe ag daoine liom. Bhí ceisteanna faoi sin.

Ó thaobh na reachtaíochta de, ina bhfuil suim faoi leith agam, an bhfuil na finnéithe ag rá go bhfuil 354 píosa reachtaíochta ann atá aistrithe ach ar a bhfuil eagarthóireacht le déanamh? An bhfuil botúin i reachtaíocht i gceist de bharr easpa foirne? An moill atá i gceist nó moill agus botúin? Baineann seiceáil botún le cúrsaí eagarthóireachta. Cad é an mhoill faoi láthair ó thaobh reachtaíocht a aistriú? Beidh mise ag cur deireadh le mo cheisteanna. De ghnáth ní thagaim isteach go dtí an deireadh. Sin maidir leis an reachtaíocht. Maidir leis an scéim teanga arís, tá béim faoi leith ar an aonad cumarsáide ar leathanach 15, "an t-aonad den tSeirbhís is mó a bhíonn ag plé leis an bpobal", agus leantar ar aghaidh mar sin. Cad iad na háiseanna agus an fhoireann atá ar fáil ansin? An dtabharfaidh an tUasal Finnegan soiléiriú faoin aonad cumarsáide?

Mr. Peter Finnegan

There are three staff members in the communications unit who can deal with the public in Irish.

An bhfuil Gaeilge líofa ag an triúr? Triúr as cé mhéad?

Mr. Peter Finnegan

There are three out of 12.

Agus an bhfuil Gaeilge líofa acu?

Mr. Peter Finnegan

Yes. The three includes one person at assistant principal level who is a former Raidió na Gaeltachta journalist and who has very good Irish. In terms of the output from that unit, the target for press releases under the official language scheme was 5% and when we checked back on it, the output was actually 7.5%. We are doing a considerable amount, although we will seek to improve that further in the new language scheme. It is something on which we are doing reasonably well relative to other organisations.

On the legislation issue, first of all, it is a legacy issue. One of the reasons the problem arose was that in the 1990s the emphasis was very much on quality, which was absolutely right, but the resources were not there to keep up with the output. As a result the section fell far behind in terms of its level of output. In recent years we have increased the staffing of Rannóg an Aistriúcháin from 17 to 23. Being realistic and given the increase in the usage of the Irish language and the legislative output of the Houses, we are going to have to put in significantly more resources. I am conscious that we have a statutory obligation which we must meet.

Chuir mé ceist maidir leis an moill faoi láthair ó thaobh aistriúcháin de.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Faoi láthair tá sé deacair a rá cad é an tréimhse áirithe a bheadh i gceist. Braitheann sé ar cé chomh fada agus cé chomh casta agus atá an tAcht etc. Táimid go léir ar aon intinn go bhfuil an tréimhse feithimh idir Bille a achtú agus an tiontú oifigiúil a bheith ar fáil gan a bheith inghlactha. Tá sé rófhada ar fad. Is é an cuspóir-----

Cén tréimhse atá i gceist?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

I gcásanna áirithe d'fhéadfaí a bheith ag caint faoi dhá bhliain, i gcásanna eile b'fhéidir go mbeadh Acht ar fáil tar éis cúpla mí. Braitheann sé ar an Acht áirithe atá i gceist. Mar a dúirt an tArd-Rúnaí, is é an cuspóir atá leis an anailís atá ar siúl ag PricewaterhouseCoopers ná go mbeidh na tiontuithe oifigiúla ar na hAchtanna ar fáil laistigh de thréimhse réasúnach gairid tar éis a n-achtaithe. Is é sin an cuspóir atá againn.

An bhfuil an tuarascáil sin ó PricewaterhouseCoopers ar fáil trí Ghaeilge?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Níl.

Nuair a tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla isteach in 2003, bhí sé i gceist go mbeadh gach Acht á aistriú go comhuaineach mar tá dualgas bunreachtúil ann é sin a dhéanamh agus ansin go ndéileálfaí leis na riaráistí. Sílim go raibh trí nó ceithre de bhlianta dóibh i gceist. Maidir le cuid de na riaráistí, faoin am go mbeadh an tAcht aistrithe, bheadh Acht nua ina áit agus, go pointe, ní bheadh an oiread éilimh ar na hAchtanna sin. An dtuigim ó na finnéithe nach bhfuil an rannóg ag aistriú na Billí atá le hachtú anois go comhuaineach, gan trácht ar tabhairt faoi na riaráistí? An aistrítear na Billí ar fad, mar shampla, i dTionól Náisiúnta na Breataine Bige? An éiríonn leis an dúshlán a shárú? Má éiríonn, cén chineál foirne atá aige chun é a dhéanamh? Céard iad na modhanna teicneolaíochta á úsáideann sé leis an jab a éascú? De réir mar a thuigim, bíonn go leor athrá i reachtaíocht agus, mar sin, tá sé an-fheiliúnach úsáid a bhaint as an teicneolaíocht. An dtarlaíonn sé riamh, nuair a bhíonn an rannóg ag aistriú Achtanna go Gaeilge, go bhfaigheann na haistritheoirí amach go bhfuil an Béarla thar a bheith lochtach? An bhfuil sé deacair Béarla lochtach a aistriú go Gaeilge mhaith?

Gabh mo leithscéal. An bhfuil aon cheist eile? No. Tá na comhaltaí sásta. Okay.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Maidir le droch-Bhéarla a aistriú, déanaimid iarracht droch-Bhéarla a aistriú go dea-Ghaeilge más féidir linn. Ó thaobh na tagarmharcála nó benchmarking, ceann de na cúraimí atá curtha ar na daoine atá ag déanamh scrúdú ar an Rannóg ná féachaint conas a dhéantar an gnó seo in áiteanna eile. Luadh an Bhreatain Bheag mar shampla, cé gur dóigh liom gur reachtaíocht thánaisteach a bhíonn i gceist ansin. Luadh an Chomhairle Eorpach, an Coimisiún Eorpach, Québec, an Bheilg agus parlaimintí eile ina ndéantar reachtaíocht a chur ar fáil in dhá theanga oifigiúla.

Beimid ag féachaint ar conas a dhéanann siad siúd é agus an bhfuil aon rud le foghlaim againne as sin. Ó thaobh riaráiste de, nuair a tháinig mise isteach mar Phríomh-Aistritheoir bhí beagnach 15 bliana de riaráistí ann cheana féin. Ó tháinig Acht na dTeangacha Oifigiúla i bhfeidhm i mí Iúil 2006 táimid ag streachailt chun breith suas leis an riaráiste stairiúil agus na hAchtanna a chur ar fáil go comhuaineach. Is é sin an cuspóir atá againn. Teastaíonn uainn ag an bpointe seo, leis an staidéar seo atá ar siúl, deireadh a chur leis sin agus a chinntiú go bhfuil na hacmhainní agus an struchtúr gnó againn chun na hAchtanna a chur ar fáil go comhuaineach. Is é sin an cuspóir atá againn leis seo.

Ó thaobh na teicneolaíochta de, mar a dúirt an Teachta Ó Cuív, tá bogearraí aistriúcháin ar fáil anois atá an-fhorbartha ar fad agus a dhéanann an-scrúdú ar an téacs atá le haistriú agus a thugann rud ar a dtugann siad "match fit" - match 100%, match 80% nó a leithéid. Leis an scagadh a dhéantar ar an téacs leis na bogearraí sin, cabhraítear ó thaobh gan bheith ag aistriú faoi dhó. Is é an baol atá ansin ná go n-aistreoidh duine rud éigin i gceart, ach go n-aistreoidh sé nó sí ar shlí dhifriúil arís é agus go mbeidh sé nó sí fágtha, mar atáimidne, le tiontuithe ar nithe atá go breá ach nach bhfuil de réir a chéile. Cabhróidh an teicneolaíocht linn ní hamháin an jab a dhéanamh faoi dheireadh agus faoi dheoidh, ach é a dhéanamh ar ardchaighdeán. Is é sin an cuspóir atá againn. Táimid dóchasach ag an bpointe seo go bhfuil an tuiscint ann go forleathan, má táimid chun é seo a dhéanamh, go mbeidh acmhainní ag teastáil chuige sin. Mar a deir an tArd-Rúnaí, tá na hacmhainní teicniúla faighte againn; tá oiliúint ar siúl sa Rannóg faoi láthair, an tseachtain seo agus an tseachtain seo caite; beimid ag cur na mbogearraí sin i bhfeidhm ansin i rith na bliana; agus beimid ag feitheamh ar an struchtúr gnó agus ar na hacmhainní chun iad a chur leis an teicneolaíocht chun an cuspóir atá againn go léir a bhaint amach.

An cheist eile a bhí ansin ná: an bhfuil an rannóg ag coinneáil suas leis an stuif reatha seachas na riaráistí?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Is é an freagra air sin i gcoitinne ná nach bhfuil.

Dúirt an tUasal Uíbh Eachach go bhfuil tréimhse dhá bhliain i gceist.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Tá, i gcásanna áirithe.

Is é sin an cás faoi láthair.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Is ea.

Nach bhfuil sé soiléir le fada an lá go raibh tuilleadh acmhainní ag teastáil? Ní raibh gá le PricewaterhouseCoopers. Bhí sé soiléir go raibh an rannóg ag streachailt. Tá dualgais faoin dlí anseo.

Mr. Peter Finnegan

To a large extent it is clear. The issue with the simultaneous translation of Acts was resolved with the Civil Law (Miscellaneous Provisions) Act 2011 which allowed Acts to be published on the web. The difficulty was that once we hit 2010 or so, we had a moratorium because of the economic situation. It took until approximately 2014 before we could begin working our way out of that. In 2015 we sanctioned an additional three editors ar grád II and they commenced their work. It has been in the last year or so that we have been getting our heads around the exact extent of the problem and what we need to do about it. We took the decision collectively as a management team that, rather than operating on a piecemeal basis and introducing more staff, we needed to have an overall review of the area, which was why a capacity review was commissioned. PricewaterhouseCoopers was the firm which was subsequently engaged to carry that out. I envisage that we are facing into a fairly significant programme of change management.

Cén uair a bheidh sé sin réidh?

Mr. Peter Finnegan

The report will be ready at the end of February. PricewaterhouseCoopers has been working since the beginning of November.

Níl an locht ar na finnéithe agus is é an rud is íoróntaí ná go raibh airgead á chur amú ar aon nós ar chomhlachtaí ón taobh amuigh a bhí i mbun aistriúcháin de bharr easpa foirne laistigh den Oireachtas.

Mr. Peter Finnegan

No.

Nach raibh agency staff nó comhlachtaí príobháideacha ag fáil oibre? Chuala mé duine ag rá go raibh an tseirbhís ag baint úsáid as duine ón taobh amuigh.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

B'shin le haghaidh an tsuímh Idirlín.

Mr. Peter Finnegan

I mentioned the private company in respect of the website only.

Gabh mo leithscéal. Níor bhain an tseirbhís riamh úsáid as comhlachtaí nó daoine ón taobh amuigh.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Ar baineadh úsáid astu i Rannóg an Aistriúcháin?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Baineadh, ach le haghaidh an aistriúcháin chorparáidigh amháin. Is é sin le rá, dá mbeadh an Rannóg faoi bhrú leis na hAchtanna go bhféadfaí rudaí ar nós an tuarascáil bliaintúil a chur amach.

Bhí úsáid á bhaint as comhlacht ón taobh amuigh de bharr easpa foirne taobh istigh.

Mr. Vivian Uíbh Eachach

Cinnte.

So tá an ceart agam. Cé mhéad airgid a bhí i gceist?

Mr. Vivian Uíbh Eachach

As mo sheasamh níl a fhios agam agus is airgead an-bheag a bhí ann. Bhí na cuideachtaí lonnaithe in iarthar na hÉireann agus ní dóigh liom go rabhadar ag fáil mórán as na conarthaí sin.

Mr. Peter Finnegan

On the legislative side of things, one of the challenges we face with translating legislation is the degree of specialism that is required. That is a particular challenge at the editing stage. If people are required to build up a capacity and a knowledge of legislation, it takes time. Things like the annual report and the website can always be outsourced, but it cannot really be done on the-----

Níl mise i bhfabhar rudaí a chur amach ar chor ar bith. Ní hé sin an pointe a bhí a dhéanamh agam, ach go raibh sé déanta.

Mr. Peter Finnegan

Okay. Ceart go leor.

Tá sé deacair mar Chathaoirleach agus tá sé deacair ar na baill freisin. Táimid anseo le beagnach bliain go leith ag déileáil leis na deacrachtaí atá ag muintir na Gaeilge ó thaobh seirbhísí a fháil ar chuile leibhéal. Sin an teachtaireacht an t-am go léir, in ainneoin na dea-thola atá i gceist. Táimid i sáinn. Táimid thar a bheith buíoch do na finnéithe teacht os ár gcomhair agus na ceisteanna a fhreagairt. Tá éacht déanta acu. Nílim ag iarraidh locht a fháil ar chor ar bith. Gabhaim míle buíochas le Ms Devlin, Mr. Uíbh Eachach, Mr. Finnegan agus Ms Gunn.

Mr. Peter Finnegan

I thank the Cathaoirleach very much.

Táim ag tnúth leis an gcéad chruinniú eile a bheith trí Ghaeilge. Cuirfidh mé clabhsúr leis an ndíospóireacht ag an bpointe seo agus beidh seisiún príobháideach againn.

Chuaigh an comhchoiste isteach i seisiún príobháideach ar 6.40 p.m. agus cuireadh ar athló é ar 7 p.m. go dtí 5 p.m. Dé Máirt, 6 Feabhra 2018.