Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

Cuirim fáilte roimh na comhaltaí agus na haíonna go léir anseo. Tá leithscéal faighte againn ón Teachta Pat The Cope Gallagher. Beidh an Teachta Éamon Ó Cuív anseo. Bhí sé anseo agus beidh sé ar ais. Tá an Seanadóir Mullen faoi bhrú ama.

Caithfidh mé éalú go luath mar go bhfuil cruinniú eile agam. Tá brón orm.

B'shin an chaoi i gcónaí. Bíonn coistí eile ar siúl agus an Dáil agus bíonn sé deacair. Tagann na Teachtaí Dála agus na Seanadóirí agus imíonn siad. I dtosach báire tá rud amháin le déanamh agam i gcónaí maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Ní mór dom é a léamh amach, tá sé deacair agus tá sé mar a leanas. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar a n-aird go bhfuil finnéithe, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith na fianaise acu. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina ainm, ina hainm nó ina n-ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo. Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, ina hainm, nó ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

B'shin mo chuid déanta agus ní mór dom é sin a dhéanamh agus a rá libh a bheith cúramach. Ba mhaith liom anois céad míle fáilte a chur romhaibh. Bhí an t-Ionad Tacaíochta Teaghlaigh as Indreabhán i gConamara anseo roimhe seo agus bhíomar ag iarraidh tuilleadh eolais a fháil ar na fadhbanna agus na rudaí dearfacha atá ag tarlú ar an talamh. Cheap me gurb é seo an cruinniú deireanach inniu ach beidh cruinniú eile againn, de réir mar a thuigim, an tseachtain seo chugainn agus ansin beidh sos againn go léir don samhradh.

Ba mhaith liom fáilte a chur roimh na daoine agus na heagraíochtaí seo a leanas: as Comhairle Naíonra na Gaeltachta, an tUasal Mairéad Mac Con Iomaire, bainisteoir, agus an tUasal Ray Mac Pháidín, bainisteoir airgeadais; an tUasal Eithne Mhic Fhionnlaoich as Seirbhís Luathbhlianta na nDoirí Beaga; an tUasal Mairéad Mhic Dhonncha as Seirbhís Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua; agus an tUasal Orlaith Ruiséal, Seirbhís ITT, Ionad Cúram Leanaí Bhaile ‘n Fheirtéaraigh. Chomh maith leis sin, táimid ar ais arís i Ráth Chairn, áit a bhíomar ann is dócha coicís ó shin, agus tá fáilte roimh na finnéithe as sin freisin. Níl a fhios agam cé tá díreach os mo chomhair ó Ráth Chairn. B'fhéidir go bhféadfadh sibh bhur n-ainmneacha a lua, le bhur dtoil?

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh

Úna Ní Fhaircheallaigh is ainm dom, agus táim i mo chathaoirleach ar an gcoiste san ionad cúraim leanaí. Tá an tUasal Páraic Ó Gríofa, duine de bhunaitheoirí an choiste, agus an tUasal Mary Uí Fhaogháin, bunaitheoir eile, in éineacht liom.

Go raibh maith agat agus tá fáilte romhaibh. Bhí an-lá againn nuair a bhíomar i Ráth Chairn agus go raibh maith agaibh arís as sin. Tosóimid leis na ráitis tosaigh, más mian leis an tUasal Mairéad Mac Con Iomaire.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Is é Comhar Naíonraí na Gaeltachta, CNNG, an t-eagraíocht is mó sa tír a chuireann seirbhísí luathbhlianta ar fáil, i mBéarla nó i nGaeilge, is cuma seirbhís phobail nó phríobháideach í. Gníomhaíonn CNNG i ngach ceantar Gaeltachta sa tír agus oibríonn an t-eagraíocht lámh ar lámh leis na pobail Ghaeltachta. Tá dul chun cinn ollmhór déanta ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta ó bunaíodh í i bhforbairt, i saibhriú agus i sealbhú na Gaeilge i measc páistí na Gaeltachta, agus todhchaí na teanga don chéad ghlúin eile a láidriú bliain i ndiaidh bliana. Leis sin a dhéanamh, bhí sé mar aidhm ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta go mbeadh ceannródaíocht agus dea-chleachtas ag leibhéal idirnáisiúnta á léiriú ag an gcomhlacht. Tá an ceannródaíocht sin á léiriú sa mhéid agus go bhfuil cur chuige CNNG curtha in áit ó shin ag eagrais náisiúnta luathbhlianta eile.

Maidir le cúlra na heagraíochta, is de bharr éileamh ó phobal na Gaeltachta a bhunaigh Údarás na Gaeltachta an comhlacht Comhar Naíonraí na Gaeltachta teoranta ar an 21 Bealtaine 2004 mar chomharba ar Sheirbhísí Naíonraí teoranta chun aidhmeanna agus struchtúr Sheirbhísí Naíonraí teoranta a leathnú amach. Chonacthas freisin go raibh éileamh agus gá le coinníollacha caighdeánacha oibre agus reáchtála a chur i bhfeidhm i ngréasán naíonraí na Gaeltachta. Aistríodh maoin agus freagrachtaí Sheirbhísí Naíonraí teoranta chuig CNNG i Meán Fómhair 2004 nuair a thosaigh CNNG ag feidhmiú mar chomhlacht. Tá CNNG aitheanta go náisiúnta mar cheannródaí sna luathbhlianta. Mar fhianaise ar sin, tá aitheantas tugtha do CNNG sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Ina theannta sin tá ionadaíocht tugtha do CNNG ar an bhFóram Náisiúnta Luathbhlianta den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige agus ar choiste náisiúnta cosaint leanaí, Tús Áite do Leanaí, den Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Freisin tá ionadaíocht ag CNNG ar an togra náisiúnta, Ag Aistriú ón Naíonra chuig an mBunscoil, den Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta.

I dtaobh fostaíochta de, tá ceanncheathrú CNNG lonnaithe ar an gCeathrú Rua i nGaeltacht na Gaillimhe chomh maith le trí oifig réigiúin. Tá oifig réigiúin Dhún na nGall ag freastal ar an tuaisceart, tá oifig i Maigh Eo ag freastal ar Mhaigh Eo agus ar thuaisceart agus ar oirthear na Gaillimhe, agus tá oifig i bPort Láirge ag freastal ar chúige Mhumhan. Déantar freastal ar Ghaeltacht Chonamara agus na Mí ón gceanncheathrú. Fostaíonn CNNG na múinteoirí atá faoina chúram. Faoi láthair, tá 150 duine fostaithe sna seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht.

Is é príomhról CNNG ná seirbhís luathbhlianta den scoth a sholáthar trí Ghaeilge sa Ghaeltacht. Is é an dara ról ata againn ná seirbhís tacaíochta sna luathbhlianta a chur ar fáil do choistí Gaeltachta a sholáthraíonn an tseirbhís iad féin agus a bhfuil comhaontú seirbhíse aontaithe acu le CNNG.

Feiceann CNNG an tábhacht agus an phráinn a bhaineann le bheith ag obair lámh ar lámh leis na pobail Ghaeltachta. Tá tábhacht thar cuimse le seirbhís luathbhlianta d’ard-chaighdeán a bheith ar fáil do chuile phobal Gaeltachta. Is leis na pobail Ghaeltachta na seirbhísí, agus feiceann CNNG an tábhacht a bhaineann le lán-tacaíocht a bheith ar fáil do na pobail sin lena chinntiú go mbeidh seirbhís den scoth ar fáil acu, seirbhís a mbeidh siad mórtasach astu ina bpobal féin.

Tá forbairt mhór tagtha ar na seirbhísí tacaíochtaí a chuireann CNNG ar fáil do na seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht. D’eascair an fhorbairt seo as an bhfás thar cuimse a tháinig ar na seirbhísí luathbhlianta sa Ghaeltacht le 20 bliain anuas. Tá 95 seirbhís luathbhlianta faoi choimirce CNNG agus is iad seo roinnt de na seirbhísí a chuirimid ar fáil dóibh, agus iad giorraithe agam sa phíosa seo. I dtaobh riaracháin, cuirtear seirbhís tacaíochta ar fáil do na tuismitheoirí nó na caomhnóirí agus d'fhoireann na luathbhlianta agus do theaghlaigh óga na Gaeltachta; polasaithe agus nósanna imeachta cuimsitheacha maidir le gach gné den tseirbhís luathbhlianta lena n-airítear polasaithe teanga a chur i bhfeidhm sna seirbhísí; seirbhís iomlán bainistíochta; oifigí forbartha i ngach réigiún chun tacaíocht agus cabhair a sholáthar do na seirbhísí i ngach réimse a bhaineann leis na luathbhlianta; córas íocaíochta pá; riaradh scéimeanna na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige nó Pobal, mar shampla, an scéim ECCE; riaradh deontais caipitil do na seirbhísí atá fostaithe againn; árachas do na seirbhísí; earcaíocht foirne; agus roinnt mhaith eile.

Ó thaobh oiliúna, cinntítear go bhfuil na seirbhísí a bhfuil CNNG freagrach astu ag cloí le rialacháin maidir leis an earnáil. Tugtar traenáil agus oiliúint leis na seirbhísí is fearr agus is sábháilte a chur ar fáil do phaistí na Gaeltachta. Cuirtear an creatchuraclam náisiúnta, Aistear, agus na caighdeáin náisiúnta, Síolta, i bhfeidhm sna seirbhísí.

Tugaimid tacaíocht ó thaobh lámhleabhar tuismitheoirí, an scéim pleanála teanga Borradh agus an clár gníomhaíochta Loinnir, an scéim nasc leis an mbunscoil, an nuachtlitir Bláthú, lámhleabhar luathlitríochta agus luathuimheartha, agus lámhleabhar agus teimpléid pleanála Aistear. Tá an t-ábhar ar fad á sholáthar trí Ghaeilge, cé nach bhfuil teacht ar na hábhair sin i nGaeilge go dtí go ndéanann CNNG iad a aistriú. Is iad sin cuid de na seirbhísí a chuirimid ar fáil.

Anois déanfaidh mé tagairt do na dúshláin atá ag an eagraíocht. Tosóidh mé le seirbhísí tacaíochta ón Stát. Tá géarghá go mbeadh rannóg sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a bheadh ag déileáil go hiomlán le Gaeilge; go mbeadh gach seirbhís ar fáil trí Ghaeilge, gan cheist, ó na Ranna Stáit agus ó na gníomhaireachtaí atá ag déileáil leis an earnáil, mar shampla, ábhair teagaisc, foirmeacha, an córas leictreonach an programmes implementation platform, PIP, agus mar sin de; go mbeadh gach foilseachán ar fáil ag an am céanna i nGaeilge agus i mBéarla; agus go mbeadh aon chigireacht a dhéantar sa nGaeltacht á dhéanamh trí Ghaeilge, gan cheist. Tá ceithre chigireacht á dhéanamh ar sheirbhísí CNNG. Níl i nGaeilge ach cigireacht na Roinne Oideachais agus Scileanna. Ní mór go mbeadh cigireacht Tusla, cigireacht Fheidhmeannach na Seirbhísí Sláinte, cigireacht oifigeach sláinte comhshaoil, agus cigireacht Phobal á dhéanamh i nGaeilge. Tá géarghá gur i nGaeilge a chuirfidh tuairiscí cigireachta ar na seirbhísí Gaeltachta ar fáil gan cheist; go mbeadh coinníoll teanga ag dul le deontais luathbhlianta na Roinne Leanaí agus Gnóthaí Óige sna ceantair Ghaeltachta; agus go mbeadh aontú ar ábhar idir na heagrais Stáit atá ag déanamh cigireachta nó ag teacht isteach sna seirbhísí. Tá cuid mhaith obair páipéarachais ag dul leis seo.

Maidir le fostaíocht, ba chóir go mbeadh múinteoirí na luathbhlianta aitheanta ag an Roinn Oideachais agus Scileanna ar chomhchéim le múinteoirí bunscoile agus meánscoile, agus go mbeadh pá le linn saoire an tsamhraidh ag múinteoirí na luathbhlianta. Tá múinteoirí luathbhlianta ag fágáil na hearnála agus ag dul ag obair sna scoileanna mar chúntóirí riachtanas speisialta mar go bhfuil pá samhraidh agus pá níos fearr ag dul leis an bpost sin agus go bhfuil leath na freagrachtaí ag baint leis.

Maidir le hoiliúint, is dúshlán é nach bhfuil cáilíocht Quality and Qualifications Ireland, QQI, i gcúram leanaí - an buncháilíocht le bheith fostaithe sna seirbhísí luathbhlianta - ar fáil trí Ghaeilge ar líne do na seirbhísí luathbhlianta. Is dúshlán nach bhfuil QQI leibhéal 5 nó leibhéal 6 i gcúram leanaí á chur ar fáil go leanúnach i chuile Ghaeltacht le go mbeadh fáil ar fhostaithe le cáilíochtaí. Is dúshlán é nár lean an dá mhodúl Gaeilge ó thaobh chúram leanaí - saibhriú na Gaeilge agus sochtheangeolaíocht agus an páiste - ar aghaidh ó FETAC go QQI. Is dúshlán gan foras oideachais ar leith a bheith ann do na luathbhlianta, mar atá san Iorua. Bheadh sé inmholta go mbeadh 50% d’oiliúint agus do theagasc an fhorais sin trí Ghaeilge. D’fhágfadh sin go mbeadh soláthar leanúnach múinteoirí ar ardchaighdeán ar fáil. Is dúshlán é gan fir a bheith ag léiriú spéise ná ag obair san earnáil.

Maidir le CNNG féin, is dúshlán é go bhfuil fás ollmhór tagtha ar CNNG ó bunaíodh é. Tá réimse na ndualgas maidir leis na luathbhlianta méadaithe go mór de bharr éileamh níos mó a bheith ar na seirbhísí agus an líon mór reachtaíochta nua atá tagtha i bhfeidhm sa réimse cúram leanaí agus cosaint leanaí. Tá brú ollmhór tagtha ar sheirbhísí CNNG agus ar na dualgais atá ar CNNG de bharr seo. In ainneoin sin, tá nach mór an líon céanna foirne bainistíochta ag CNNG in 2018 agus a bhí in 2004, cé go bhfuil na seirbhísí, na dualgais agus an t-ualach oibre méadaithe thar cuimse.

Ms Mary Uí Fhaogháin

Is mian linn ár mbuíochas a ghabháil leis an gcomhchoiste as ucht an cuireadh a thabhairt dúinn aitheasc a thabhairt dó tráthnóna. Is ábhar dóchais agus bróid dúinn gur léirigh an coiste suim inár gceantar agus inár n-ionad. Sula bpléimid na dúshláin atá ag baint le hionaid cúraim leanaí lán-Ghaeilge a reáchtáil i gceantar Gaeltachta ar nós Ráth Chairn, is mian linn cúlra beag a thabhairt don choiste ar ár gceantar agus ar ár n-ionad féin ó bunaíodh é. Tabharfaidh sé seo léargas níos fearr ar na deacrachtaí, na dúshláin agus na difríochtaí a bhaineann le luathoideachais agus curam leanaí trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil i nGaeltacht seachas ceantair eile nach Gaeltacht iad.

Is Gaeltacht bheag í Ráth Chairn i lár Chontae na Mí timpeallaithe ag an nGalltacht. Bunaíodh Gaeltacht Ráth Chairn in 1935 nuair a d’aistrigh 27 teaghlach as Conamara go Contae na Mí. Tháinig 11 teaghlach eile ina dhiaidh sin in 1937. Tá Ráth Chairn suite in aice Abhainn Átha Buí idir Baile Átha Buí agus Baile Átha Troim, agus is ar an dá bhaile seo is mó a bhíonn pobal Ráth Chairn ag tarraingt le rochtain a fháil ar sheirbhísí, ar shiopaí agus, i gcásanna áirithe, ar scoileanna. Bíonn go leor de mhuintir Ghaeltacht Ráth Chairn ag taisteal go Baile Átha Cliath, atá idir 55 agus 65 ciliméadar uainn, go laethúil le dul ag obair ann chomh maith. Tá bunscoil, scoil náisiúnta Uí Ghramhnaigh, agus meánscoil, Coláiste Pobail Ráth Chairn, lonnaithe sa gceantar. Déantar an teagasc uilig trí mheán na Gaeilge sa mbunscoil agus múintear formhór na n-ábhar trí Ghaeilge sa mheánscoil. Bíonn páistí ó cheantar Ráth Chairn ag freastal ar scoil náisiúnta Chill Bhríde chomh maith, atá díreach taobh amuigh de theorainn na Gaeltachta.

Bhí naíonra faoi choimirce Chomhar na Naíonraí Gaeltachta ag feidhmiú le blianta fada i Ráth Chairn. In 2008, tháinig coiste deonach áitiúil le chéile le breathnú ar na feidearthachtaí a bhí ann le hionad cúraim leanaí a oscailt. Rinne an coiste sin an-chuid pleanála, staidéar indéantachta san áireamh, agus lorg sé maoiniú leis an ionad a bhunú. Chuir an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maoiniú ar fáil don choiste agus osclaíodh Ionad Cúraim Leanaí Ráth Chairn in 2011. D’aistrigh an naíonra isteach san ionad agus cuireadh naíolann, seirbhísí réamhscoile agus seirbhísí iarscoile ar fáil ann.

I láthair na huaire tá deichniúr fostaithe san ionad, ceathrar acu siúd go lánaimseartha. Don scoilbhliain 2017 go 2018, d’fhreastal 24 ar an naoílann, 40 ar an naíonra, 12 ar an gclub bricfeasta agus 28 ar an gcúram iarscoile. Bíonn an t-ionad ar oscailt ó 7.30 a.m. go dtí 6 p.m. gach lá ó Luan go hAoine. Bíonn campaí samhraidh agus Cásca á reachtáil san ionad do gasúir idir trí bliana agus sé bliana d’aois.

I dtús baire ní mór a rá go bhfuil an t-ádh linn leis na fostaithe atá faighte againn go dtí seo, ach tá dúshlán faoi leith ag baint leis an nGaeltacht bheag seo nach mbeadh ag na ceantair mhóra Ghaeltachta. Mar is eol don choiste, tá sé deacair ag fostaitheoirí timpeall na tíre fostaithe le caighdeán ard Gaeilge a fháil. Tá sé níos deacra arís againne daoine le hardchaighdeán Gaeilge a bhfuil na cáilíochtaí FETAC leibhéal 5 suas a earcú. Is sna hionaid cúraim a thosnaíonn bóthar oideachais na ngasúr, agus mar gheall ar sin ba cheart go mbeadh caighdeán an-ard Gaeilge ag na fostaithe. Tá sé deacair daoine as an gceantar agus daoine nach as an gceantar a mhealladh le teacht ag obair san ionad. Níl ach 18 uair in aghaidh an lae le fáil sna seomraí ECCE. Ní poist lánaimseartha iad agus mheallann ionaid eile a bhfuil uaireanta breise acu agus atá lonnaithe in áiteanna nach bhfuil chomh iargúlta le Ráth Chairn na hiarrthóirí ionchasacha a bheadh againn. Níl pá le fáil i rith an tsamhraidh agus níl scéim pinsin ann dóibh. Mar sin níl an spreagadh ceart ann le hiad a mhealladh isteach nó iad a choinneáil.

Tá daonra an-bheag sa cheantar - thart ar 600 duine. Téann formhór de dhaltaí Ráth Chairn ar aghaidh go triú leibhéal ag ollscoileanna i mBaile Átha Cliath, Má Nuad agus cathair na Gaillimhe agus níl suim acu siúd sna postanna atá ar fáil san ionad ach an oiread. Is ag bunmhúinteoireacht agus múinteoireacht meánscoile a théann daoine óige Ráth Chairn a bhfuil suim acu i ngairm bheatha a bhaint amach sa réimse oideachais.

Cuireann Comhar na Naíonra Gaeltachta cúrsaí traenála ar fáil do na fostaithe maidir le céad chabhair, láimhsiú sábháilte agus araile. Tá muid an-bhuíoch dó as sin. Níl cúrsa oiliúna curtha ar fáil dó áfach a chabhródh le fostaithe leibhéal níos airde FETAC a bhaint amach chun chur le caighdeán an ionaid. Ní bheadh sé d’acmhainn ag coiste an ionaid iad a chur ar fáil ach an oiread. Má tá suim ag fostaithe dul chun cinn a dhéanamh agus a gcuid scileanna a fhorbairt, níl maoiniú ar fáil dóibh agus caithfidh siad íoc as iad féin, rud atá deacair do dhaoine ar phá íseal agus uaireanta páirtaimseartha. Ba bhreá leis an gcoiste a bheith in ann caighdeán a ardú go leanúnach agus, dá bharr sin, tuilleadh tuismitheoirí a mhealladh lena bpáistí a chur chuig an ionad.

Toisc gur póca beag Gaeltachta í Ráth Chairn, tá tionchar an Bhéarla ann. Tá teaghlaigh sa cheantar go bhfuil Gaeilge ag tuismitheoir amháin agus teanga eile ag an duine eile. Chomh maith leis sin, tá daoine ón gceantar ag tógáil clainne in Átha Buí agus Baile Átha Troim a chuireann a ngasúir chuig an ionad. Ciallaíonn sé sin go bhfuil caighdeáin éagsúla Gaeilge ag na leanaí agus is dushlán é seo d'fhostaithe an ionaid caighdeán ard Gaeilge a chruthú agus a choinneáil.

Tá muid buíoch do Chomhar na Naíonraí Gaeltachta as an tacaíocht a thugann sé dúinn i dtaobh aistriúchain agus araile. Tá obair bhreise, áfach, ag an ionad seachas ionad cúraim leanaí Béarla mar gur trí Bhéarla a fheidhmíonn na seirbhísí poiblí i gContae na Mí, ar nós seirbhísi sláinte, Pobal agus Tusla, agus trí Ghaeilge a fheidhmíonn an t-ionad.

Cruthaíonn sé seo breis oibre cáipéisí agus comhfhreagras a aistriú go Gaeilge. Nuair a thugann siad cuairt ar an ionad, is trí Bhéarla a bhíonn na comhráite agus mar sin bíonn Béarla le cloisteáil ag na gasúir, rud atá in aghaidh ár n-eitic. Mar a dúirt muid cheana, tá daonra an-bheag i Ráth Chairn. Toisc gur pobal an-láidir í, tá an-chuid eagraíochtaí deonacha ar nós eagraíochtaí pobail, spóirt, cultúir, caitheamh aimsire agus araile ag feidhmiú sa cheantar. Tá na heagraíochtaí seo ar fad ag brath ar an tobar beag céanna sin le hairgead a aimsiú. Is dúshlán bunúsach é don choiste airgead a chur le chéile chun an t-ionad a chothabháil, trealamh a cheanach agus ábhar nuálach a chuirfeadh le samhlaíocht agus le hoideachas na bpáistí a athnuachan go rialta. Gabhaim buíochas don choiste arís as ucht éisteacht linn trathnóna agus beimid an-sásta ceisteanna a fhreagairt agus na dúshláin a phlé.

Go raibh míle maith agat. An bhfuil cur i láthair ag Seirbhís Ionad Cúram Leanaí na Ceathrún Rua ag an bpointe seo?

Ms Orlaith Ruiséal

Níl, táimid anseo le Máiréad Mac Con Iomaire.

Tá a fhios agam é sin. Is féidir libh teacht isteach de réir a chéile maidir le ceisteanna.

Gabhaim buíochas do na finnéithe as an gcur i láthair cuimsitheach. Tá an-chuid eolais ann. Tá jab an-mhór á dhéanamh mar braithim féin i gcónaí, nuair a thagann na leaids isteach sa bhunscoil tá an cath caite cheana féin. Is roimhe sin sa bhaile agus ag na naíonraí atá an jab is tábhachtaí i gcomhair an Ghaelainn a thabhairt chun cinn agus tá ról an-tábhachtach ann. Tá cúpla pointe ansin a theastaíonn uaim díriú isteach orthu agus beidh mé ar ais arís ar ball le breis ceisteanna. Deirtear go bhfuil an fhoireann chéanna ag an Uasal Mhic Donncha thart ar an méid daoine a bhí aici i 2004, ab ea?

Ms Mairéad Mhic Dhonncha

Is ea.

An bhfuil an t-ualach méadaithe go mór? An bhfuil breis méadú le teacht amach anseo? An bhfuil peak tagtha ar an ualach anois nó cén áit a bheidh an fás amach anseo má tá sé ann?

Ms Mairéad Mhic Dhonncha

Níl-----

Cuirfimid na ceisteanna ar dtús agus ansin is féidir leat teacht ar ais.

Tuigim gur ón údarás a thosnaigh an comhar naíonraí. An bhféadfadh an finné a shoiléiriú cad é an ról, má tá aon ról a thuilleadh, atá ag an údarás maidir leis an líon daoine atá ar an bhfoireann ag an gcomhar naíonraí nó an bhfuil sé go hiomlán neamhspleách anois? Cá sheasann rudaí ansin? Cad go díreach é an srian atá ar an bhfoireann nó ar earcú breise?

Tá an comhar naíonraí ag plé leis an tír ar fad agus mar sin beidh blas i bhfad níos fearr acu ar na heagraíochtaí cosúil le Tusla síos suas an tír, an HSE agus a leithéid. An bhfuil aon áiteanna ina bhfuil na heagraíochtaí sin ag plé leis an gcomhar naíonraí as Gaelainn? Shamhlófaí go bhfuil rud éigin ann. Tá sé áiféiseach amach is amach nach mbeadh na húdaráis ábalta plé leis an gcomhar naíonraí as Gaelainn. An bunaidhm atá ag an gcomhar naíonraí ná cúrsaí Gaelainne a sheoladh chun cinn agus shamhlófaí go mbeadh na húdaráis ábalta tacaíocht a thabhairt dó in áit éigin. Aontaím leis na moltaí gur chóir go mbeadh na tuariscí agus circulars go léir ag teacht ar ais chuig an gcomhar naíonraí as Gaelainn chun go mbeadh siad ábalta dul chuig na tuismitheoirí agus léiriú dóibh gur sin é an tuairisc is déanaí.

Tagraím don mhéid a dúirt an finné mar gheall ar an bhfoireann tar éis signing on a dhéanamh le déanaí don samhradh - ba chóir go mbeadh tacaíocht éigin dóibh ann. An bhfuil teagmháil déanta le na húdaráis mar gheall ar na deacrachtaí sin agus cén toradh a fuarthas? Toisc go bhfuil dream ag plé go laethúil leis an dúshlán ann chomh maith, tá meascán mór de dhaoine tagtha isteach chucu le leibhéil Ghaelainne difriúla. Conas a dhéantar é sin a láimhseáil sa seomra ranga nó an é go mbíonn seisiún amháin le na daoine níos láidre nó conas a láimhseáltair an meascán sin?

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Maidir le ceist a haon agus an t-ualach mór atá ar an eagraíocht, 'séard a bhí ag tarlú nuair a thosaigh muid leis an gcomhlacht i 1997 le Seirbhís na Naíonraí teoranta, bhí 18 fostaithe ag an eagraíocht agus in 2007 bhí 57 ann. Ach an rud is iontaisí ar fad, tháinig níos mo seirbhísí chun cinn, rud a d'fhágadh go raibh an eagraíocht ag méadú agus muid ag tabhairt ualach níos mó oibre orainn féin. Cinnte níl aon cheist ann ach go bhfuil an eagraíocht ag méadú agus tá deontas faighte ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta againn chun beirt eile a fhostú ach beidh siad sin ag plé leis an bpolasaí oideachais Gaeltachta. Go bunúsach, sin a tharla ó thaobh na ndúshlán atá ann ó thaobh foirne de.

Mr. Ray Mac Pháidín

Maidir le ceist an dúshláin a luaigh an Teachta mar gheall ar dhaoine ag síneáil on sa samhradh, tá deacracht mhór againn ó thaobh foireann a choinneáil mar níl pá samhraidh acu agus níl sé ceart go mbeadh siad fágtha ag síniú agus ag fanacht ar feadh sé nó seacht seachtaine le haghaidh pá nó liúntais leasa shóisialta a fháil. Is deacracht mhór é sin atá againn agus tá sé an-deacair na daoine sin a choinneáil sna jabanna tar éis airgead a chaitheamh ar thraenáil, oiliúnt agus chuile rud a chur ar fáil dóibh.

Tá an ceart ag an bhfinné ansin. Tá an dúshlán sin ann lasmuigh de na Gaeltachtaí chomh maith ach tá brú breise ar na finnéithe ansin. An bhfuil aon tuairim nó aon fhigiúr acu maidir leis an dúshlán faoi leith sin? Cén fhad a leanann daoine leo nó cén saghas turnover atá ann?

Mr. Ray Mac Pháidín

Caillim na daoine go mion is go minic. Cuireann siad isteach le haghaidh poist sna bunscoileanna mar tá na cáilíochtaí agus an caighdeán Gaeilge acu.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Agus tá pá samhraidh ag dul leis.

Mr. Ray Mac Pháidín

Tá.

B'fhéidir go gcloisfimid ó na daoine ar an talamh maidir leis na tuairiscí ag teacht ar ais trí Ghaeilge nó trí Bhéarla agus na seirbhísí. Chuir an Teachta Moynihan ceist maidir leis an fheidmeannacht shláinte agus na seirbhísí eile. Cén chaoi a bhfuil sé sin ar an talamh?

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh

Tá sé níos bunúsaí i ndáiríre ná na tuariscí. Is féidir linn deileáil leis na tuairiscí mar bíonn na daoine fásta ag deileáil leis sin ach nuair a thagann siad isteach ag déanamh cigireachta ar an áit, is trí Bhéarla a bhíonn sé agus is ionad beag é so cloiseann na gasúir an Béarla. Tá muidne ag iarraidh go mbeadh tumoideachas i gceist leis an nGaeilge agus nach gcloisfeadh siad Béarla. Má thagann cigire isteach agus tá siad ag labhairt Béarla timpeall an ionaid, ní chabhraíonn sé sin linne leis an atmaisféar Gaeilge a choinneáil suas. Tacaím leis an méid a dúirt an tUasal Mac Pháidín faoi choinneáil foirne. Táimid ag cailliúnt foireann go rialta go háiteanna eile mar nach bhfuil pá acu tríd an samhradh agus nach bhfuil pinsin acu. Tá cáilíochtaí tríú leibhéal acu anois agus tá siad in ann postanna a fháil in áiteanna eile. Breathnaímid i gcónaí in Éirinn ar dhaoine a thugann cúram do dhaoine agus níl aon mheas againn orthu. Léirímid é sin leis an méid pá a íocaimid agus tá sé sin níos measa arís nuair a táimid ag cuardach duine atá chun cúram nó aire a thabhairt do dhuine nach bhfuil Gaeilge aige nó aici leis an jab sin a dhéanamh. Tá an-chuid fhadhbanna againn i Ráth Chairn ó thaobh chaighdeán na Gaeilge atá ag na fostaithe agus na fostaithe go bhfuil Gaeilge acu a choinneáil.

Ms Eithne Mhic Fhionnlaoich

Tá an deacracht chéanna againne. Tá mise ag obair i naíonra agus le bliain anuas tá 57 páistí sa naíonra againn agus trí sheisiún ar siúl againn.

Bhí mé ag tabhairt daoine isteach fá choinne ionadaíochta nuair a bhí daoine tinn le seasamh isteach orthu. Thug muid daoine isteach le linn na bliana le haghaidh taithí oibre a bheith acu agus le go mbeadh siad againn mar ionadaithe. Roimh dheireadh na bliana, fuair siad jabanna sna scoileanna mar SNAanna, tá siad ag fáil pá i rith an tsamhraidh agus níl strus ar bith leis. Tá sé i bhfad níos fearr dóibh ná a bheith ag dul thall i rith an tsamhraidh go dtí an Roinn ag lorg leasa shóisialaigh. Tá sé deacair foireann eile a fháil sa naíonra. Níl sé ag mealladh daoine óga isteach sa naíonra mar níl an pá ann fána gcoinne. Tá sé ceart go leor do mo mhacasamhail féin le fear céile agus pá ag teacht isteach, agus táthar ag leanúint ar aghaidh mar sin. Le daoine óga, níl an pá ann fána gcoinne. Níl pá sa samhradh acu. Dá mba rud é go bhfuil siad ag pósadh, níl siad ábalta cur isteach fá choinne iasachta nó rud ar bith mar sin. Tá sé ag cur isteach ar an earnáil.

An tseachtain atá imithe thart, chríochnaigh mé suas fá choinne an tsamhraidh. Beidh mé díomhaoin agus beidh orm dul ag "signing on", mar a thugtar air. Dúradh liom teacht ar ais an 17ú lá den mhí seo le hagallamh a bheith agam le duine ansin. Tugadh foirmeacha dom le líonadh isteach agus beidh orm iad a chur ar ais ar an 17ú lá. Dá mbeinnse ag brath ar an airgead atá mé ag fáil uaidh sin, beidh deireadh na míosa ann sula dtagann sé. Níl ciall ar bith leis sin bliain i ndiaidh bliana. Tá mé anseo le seacht mbliana. B'shin an rud atá ag dul ar aghaidh achan bhliain. Ní mheallfaidh sé daoine óga isteach san earnáil, is é sin na daoine óga atá ann sa cheantar. Is daoine ó 40 bliana suas atá ag obair linn sna naíonraí sa cheantar uilig. Níl daoine óga ar bith ag glacadh na jabanna. Tá siad ag déanamh na cúrsaí agus ar nós achan rud, níl athrú ar bith ag teacht air. Níl pá sa samhradh acu agus níl aon mhaith ann.

Ms Orlaith Ruiséal

Is laigeacht eile é sin toisc go bhfuil na Gaeltachtaí ar fad tar éis a bheith ag obair go crua ag ullmhú pleananna teanga. Ní féidir pleananna teanga a thógáil mura bhfuilimid ag féachaint ar an earnáil seo i gceart. Níl faic ar domhan níos tábhachtaí ná na blianta tosaigh agus sealbhú teanga. Ní fiú faic aon phlean agus an t-airgead ar fad a bheidh á chaitheamh ag an Rialtas ar na pleananna seo mura bhfuilimid chun féachaint ar na blianta tosaigh agus an tábhacht a bhaineann leo. Táimid ag magadh fúinn féin i ndáiríre. Níl a fhios agam conas a bhféadfaí dul i ngleic leis, ach caithfear aitheantas ceart a thabhairt do na blianta tosaigh agus an réamhscolaíocht.

An bhfuil aon cheist eile ag an Teachta Moynihan nach raibh freagartha, ón meascán atá tagtha isteach?

Nílim ag tagairt d'áit na ndaoine anseo ach go háirithe ach an bhfuil eolas acu maidir leis an tslí a dhéantar láimhseáil ar an meascán mórthimpeall na tíre? An mbíonn seisiúin difriúla ann?

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh

Tá brón orm nach ndearna mé an cheist sin a fhreagairt. Pléimid é sin go rialta ag an gcoiste atá againn. Níl aon duine den triúr seo againne ag obair san ionad. Is an coiste atá ann. Pléimid go rialta é. Is é an rud a rinne an bainisteoir i mbliana ná déanamh cinnte de go raibh naíonra láidir leis an nGaeilge ann agus naíonra nach raibh chomh láidir sin leis an nGaeilge. Thriaileamar rudaí eile i rith na mblianta. Níl freagra na ceiste sin againne. Táimid ag breathnú air ach faoi láthair an chaoi a dhéanaimid é ná go bhfuil naíonra ann a bhfuil Gaeilge láidir ann agus naíonra eile a gcaithfidh siad níos mó aire a thabhairt ó thaobh na teanga agus iad a mhealladh le feabhas a chur ar an teanga.

An fáth gur bunaíodh an t-ionad ná go rabhamar ag iarraidh go mbeadh naíolann ann agus go dtosódh na páistí ag éisteacht leis an nGaeilge lá i ndiaidh lae, is é sin chuile dhuine san ionad ó bheith ina pháiste beag nó leanbh. Níl spás againn ach do thriúr nó ceathrar. Cé mhéad spás atá againn sa naíolann i gcomhair na bpáistí beaga?

Mr. Páraic Ó Gríofa

Thart ar chúigear.

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh

Caithfimid cur leis sin de réir na mblianta.

Ar mhaith leis an Seanadóir Ó Domhnaill teacht isteach?

Tá cur i láthair maith déanta anseo ag na finnéithe. Aontaím leis na pointí go léir atá ardaithe. Tá siad tábhachtach. Ó thaobh réamhscolaíochta go ginearálta de, tá sé tábhachtach do pháistí. Nuair a chuirtear isteach sa mix ansin go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite leis an réamhscolaíocht sin, tá sé níos tábhachtaí arís. Is é tobar na Gaeilge don todhchaí an tseirbhís a chuireann na finnéithe ar fáil. Tá sé fite fuaite leis na bpleananna éagsúla i dtaca leis an nGaeilge ata á gcur chun cinn ag Údarás na Gaeltachta faoi láthair.

Tá obair iontach déanta ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá a fhios féin agam i nDún na nGall an obair atá ar siúl. Tá sé fíorthábhachtach go deo. Níl tuiscint ar chor ar bith agam ar an bhfáth a caitheadh leis na daoine atá ag obair sna scoileanna seo mar sin toisc go bhfuil siad ag cur seirbhíse ar fáil atá chomh tábhachtach leis an tseirbhís a chuireann múinteoirí ar fáil. Tá a fhios agam féin toisc go bhfuilim pósta le múinteoir agus tuigim, go háirithe maidir leis na páistí óga sna naíonáin bheaga, go bhfuil níos mó brú ar na múinteoirí sin ná b'fhéidir ar na múinteoirí ata ag teagasc rang a cúig nó rang a sé mar go bhfuil níos mó oibre i gceist. Má cuirtear é sin ar ais bliain nó dó go dtí an réamhscoil, is cinnte go mbeadh níos mó oibre i gceist leis sin arís.

Caidé go bhfuil an fhadhb anseo? An é go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna i gceist nó an é go bhfuil aitheantas le fáil agus is dócha go mbeadh ról ag an INTO ansin agus go mbeadh tuairim aige? Beidh aitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna le fáil anseo. Ó thaobh an bhuiséid agus an pá seo a chur ar fáil, beidh ceist ann maidir le hÚdarás na Gaeltachta, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta nó an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur cosc air seo, agus caidé is féidir linn a dhéanamh mar choiste le tacaíocht a thabhairt do na finnéithe? Ar an taobh seo den tábla, déarfainn go bhfuil iomlán tacaíochta gur chóir go mbeadh na hionadaithe nó na hoibrithe atá ag obair san earnáil seo díolta le linn an tsamhraidh.

Ceist eile ar phioc mé suas é agus mé ag déanamh camchuairt thart ar na Gaeltachtaí éagsúla ná an ráta pá féin. Ní hamháin é go mbeadh pá ar fáil i rith an tsamhraidh ach an ráta pá chomh maith, agus an bhfuil ceist ansin fosta toisc gur seirbhís thábhachtach atá i gceist, agus an féidir an cheist sin a chur? Má tá moltaí a thig linne a dhéanamh mar choiste, bheinnse ag tabhairt iomlán tacaíochta dó seo. Tá a fhios agam féin faoi dhaoine atá ag obair san earnáil seo, agus le teacht saoire an tsamhraidh, caithfidh siad dul go dtí an oifig dóil agus síniú ann. Más rud é go bhfaigheann duine jab aníos i Lidl nó i Tesco nó áit ar bith eile, tá siad caillte ag an gcóras. Tá an obair thraenála go léir atá caite ag an Stát caillte fosta. Glacaim leis go bhfuil sin ag cur brú ar bhuiséid na bhfinnéithe féin gach bliain toisc go gcaithfidh siad daoine úra a thabhairt isteach agus iad a thraenáil. Níl ciall ar bith leis seo. Ní airgead mór atá i gceist agus tig linn moladh a dhéanamh. Measaim gur rud fiúntach a bheadh ann. Beirim iomlán tacaíochta do na finnéithe agus go raibh míle maith acu as teacht anseo.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Ó thaobh na ceiste sin a fhreagairt, is dóigh liom maidir leis an earnáil ar fad, is é an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a chuireann maoiniú ar fáil le haghaidh na seirbhísí luathbhlianta ar fad. Íocann sé 38 seachtaine sa bhliain agus is amhlaidh é sin ar fud na tíre. Is é an t-aon eagras Gaeltachta a bhfuil an oiread sin seirbhísí fostaithe aige agus atá soláthar na seirbhísí aige. Nuair a bhreathnaítear ar leithéid na hIorua agus roinnt tíortha eile, mar shampla, an Iodáil, a rinneamar staidéar orthu, ach go mór mór an Iorua, mar is iontach an sampla sin, tá múinteoirí na luathbhlianta íoctha díreach cosúil le múinteoirí bunscoile agus meánscoile.

Is rud a chaithfear a thógáil ar fud na tíre ar fad. Ní bhaineann sé dáiríre leis an nGaeltacht, ach is cinnte go bhfuil an fhadhb ann. Sílim go dtiocfaidh an lá go mbreathnófar ar na luathbhlianta, mar a dúirt Bean Ruiséal ansin ar ball, agus go bhfeicfear go bhfuil siad thar a bheith tábhachtach agus práinneach agus gurb iad céad chloch nó bunchloch an oideachais. Go dtí go bhfeicfear sin nó go dtógfar é sin dáiríre, sílim go mbeimid ag caitheamh cúpla punt anseo agus cúpla punt ansiúd. Caithfimid é sin a thógáil i ndáiríre agus go mbeidh sé istigh sa struchtúr.

Is aoibhinn liom a bheith ag cuimhneamh ar an Iorua arís. Tá ollscoil ansin acu do na luathbhlianta a thugtar Queen Maud uirthi.

Déanann siad na cúrsaí in áiteanna eile ar fad na hIorua ach, ar a laghad, tá an ollscoil seo ann ina bhfuil na luathbhlianta ar fad fite fuaite isteach ann. Ansin tá daoine ag fáil cáilíochtaí agus tá fir ag obair sna seirbhísí ar fad. Tá na seirbhísí ar chomhchéim. Ní gheofaí fir ag obair sna seirbhísí luathbhlianta in Éirinn, is cuma sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht, mar níl an t-airgead ann. Níl ann ach uaireanta moch dóibh atá sa mbaile. Fiú amháin na daoine atá ag déanamh na gcéimeanna, muna bhfuil post acu i gceannas ionaid cúraim leanaí, níl sé maith dóibh a bheith ag obair sa tseirbhís.

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh

Tacaím arís leis sin. Ceann de na rudaí a luann ár bhfostaithe linn freisin ná an pinsean. Níl aon phinsean ann. Maidir leis an bpinsean Stáit, ní chabhraíonn sé go bhfuil siad ag cailleadh seachtainí i rith an tsamhraidh. Is fadhb é sin. Nuair a théann daoine ag obair anois, bíonn siad ag smaoineamh ar an bpinsean, go háirithe nuair a chloistear ar an raidió an t-am ar fad na fadhbanna atá romhainn maidir leis an daonra a bheith ag éirí níos sine agus go gcaithfidh an Stát íocadh as an bpinsean dóibh. Bíonn daoine ag smaoineamh go mbeidh siad ag brath ar an Stát nuair a imíonn siad toisc nach bhfuil aon phinsean ag baint leis an bpost seo. Tá sé sin luaite go rialta ag ár bhfostaithe.

Mr. Ray Mac Pháidín

Ba mhaith liom cur leis an bpointe sin. Nuair atá na fostaithe ag fáil leasa shóisialta, tá a tax credits laghdaithe i mí Mheán Fómhair. Tá míbhuntáiste ansin freisin. Tá sé mar pháirt den cháin.

Ms Mairéad Mhic Dhonncha

Cuirimid seirbhís den scoth ar fáil agus tá foireann an-mhaith againn ar bhuiséad an-bheag. Bíonn orainn fanacht taobh istigh den bhuiséad sin. Arís, mar a luaigh chuile duine, ní bhfaightear pá sa tsamhradh agus ní bhíonn a ndóthain foirne againn i dtaobh ratio. Bíonn orainn cloí le polasaithe agus nósanna imeachtaí Comhar Naíonraí na Gaeltachta, a thugann chuile chúnamh dúinn, ach fós bíonn orainn 50:50 a reachtáil agus go leor rudaí eile a reachtáil le haghaidh an t-airgead a thabhairt isteach. Tá cíos orainn. Nuair a bhíonn cíos, pá, leictreachas agus teas le híocadh, ní bhíonn tada fágtha.

Ms Orlaith Ruiséal

Luaigh Ms Mac Con Iomaire rud atá an-tábhachtach níos luaithe, is é sin go mbeadh daoine ábalta oiliúint a fháil ar líne as Gaolainn. Bhí fadhb mhór againn i gCorca Dhuibhne nuair a rinneamar cúrsa a reachtáil as Gaolainn don chéad uair. Ní raibh sé déanta as Gaolainn cheana. Bhí an-fhadhb ar fad againn leis an Kerry Education and Training Board an bhliain sin. Tharla sé nach raibh an bhean a raibh muid ág plé léi báúil leis an nGaolainn. Bhí briseadh toisc nár féidir linn teacht ar theagascóir chun an cúrsa a dhéanamh as Gaolainn. Bhí briseadh nach mór leathbhliain ann do dhaoine a bhí ag freastal ar an gcúrsa agus ar theastaigh uathu bogadh ar aghaidh.

Thógamar seasamh ó thaobh na teangan de mar go mbraithimid go raibh sé tábhachtach. Ní raibh muid sásta leanúint ar aghaidh as Béarla leis, cé go mbeadh sé i bhfad níos fusa é a dhéanamh. Bhíomar tar éis é a thosnú as Gaolainn agus theastaigh uainn go leanófaí leis as Gaolainn. Dá mbeadh rud éigin ar líne as Gaolainn, bheadh sé nótálaithe ar fad. Conas is féidir a bheith ag súil go mbeadh daoine ag teacht amach agus ag obair san earnáil, go háirithe sna Gaeltachtaí, agus a gcuid oiliúna faighte as Béarla? Bheadh an téarmaíocht ar fad acu as Béarla. Nuair atá siad chun a bheith sáite sa Ghaeltacht ag obair, le cúnamh Dé, ba cheart go mbeidís ag fáil an oiliúint as Gaolainn chomh maith. Bheadh sé nótálaithe ar fad dá mbeadh rud éigin ar líne as Gaolainn.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá an méid atá le rá acu thar a bheith spéisiúil. Bhreathnaigh mé ar an éileamh atá acu. Brisim i ndá chuid é - an t-éileamh náisiúnta atá ar an earnáil luathoideachais a bhaineann le Gaeilge sa nGaeltacht agus sa nGalltacht, agus an t-éileamh ar an earnáil a bhaineann le Béarla agus Gaeilge. Feictear dom gurb é an bhealach is fearr leis sin a throid ná ar bhonn na hearnála ar fad. Is é mo chéad cheist ná cén comhoibriú nó cén ceangal atá ag na finnéithe leis na grúpaí a bheadh ionadaíoch don earnáil luathoideachais trí Bhéarla ó thaobh na buncheiste, ceist an bhunphá? Sin an cheist atá na finnéithe ag lua. Tá siad ag rá go mba cheart go mbeadh daoine íoctha i bhfad níos fearr ná mar atá siad íoctha faoi láthair. De réir mar a thuigim an scéal ó bheith ag éisteacht leis na rudaí atá ar bun anseo, ní rud é sin a bhaineann leis an earnáil Gaeilge amháin ach leis an earnáil luathoideachais go ginearálta.

Tá go leor rudaí anseo a bhaineann le Gaeilge agus le seirbhísí trí Ghaeilge. Feictear dom go luíodh sé le réasún go mbeadh comhéileamh déanta idir na finnéithe agus Gaeloideachas atá ag breathnú, de réir mar a thuigim, ar na naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht. Cén gaol atá ag na finnéithe le Gaeloideachas? Cén comhoibriú atá acu leis? An bhfuil na héilimh seo aontaithe leis? Tá rud amháin cinnte sa Teach seo. Dá mhéad duine nó grúpa nó téagar atá leis na grúpaí atá ag déanamh éisteachta, is mó éisteacht a thugtar dóibh. Luíonn sé le réasún. Feictear dom go mbeadh sé thar cionn ar fád dá bhféadfadh na finnéithe a rá go bhfuil an earnáil ar fad - Béarla agus Gaeilge - taobh thiar de na héilimh mhóra. Maidir leis na héilimh ar fad a bhaineann le seirbhísí trí Ghaeilge, agus áirím ansin go mba cheart go mbeadh pá breise ó thaobh múineadh nó feidhmiú trí Ghaeilge mar go bhfuil dua féin ag baint leis, ba cheart go mbeadh comhaontas idir na finnéithe agus Gaeloideachas fúthu. Ba cúnamh é sin do na finnéithe. Láidreodh siad a lámh.

Smaoinigh ar an Teach seo. Má tá daoine ag caint ar an nGaeltacht, tá seacht gcontae ina bhfuil Gaeltacht. Tá seacht nDáilcheantar ina bhfuil Gaeltacht. B'fhéidir go bhfuil ocht ann toisc go bhfuil Corcaigh roinnte ó thaobh Dáilcheantar de. Más rud a bhaineann le luathoideachas i gcoitinne atá i gceist, tá chuile chontae agus chuile Teachta i gceist. Má tá rud a bhaineann le naíonraí Gaeilge agus Gaeltachta i gceist, tá go leor contaetha i gceist. Mar shampla, tá muintir Bhaile Átha Cliath láidir san earnáil sin. Tá go leor scoileanna i mBaile Átha Cliath a bhfuil naíolanna ceangailte leo. Tá formhór na scoileanna sin i ndeisceart an cathrach. Cá seasann na finnéithe leis na grúpaí sin ar fad madir lena n-éilimh a chur? Dá mhéad Teachtaí agus Seanadóirí is féidir dul i bhfeidhm orthu, is fearr a bheadh sé. Breathnaíonn daoine amach go mór dá nDáilcheantair féin. Luíonn sé sin le réasún. Ní féidir milleán a chur ar dhaoine faoi sin.

Feicim cúpla naíolann luaite ach, de réir mar a thuigim, tá difríocht idir an luathoideachais a bhíodh ar fáil sna naíonraí agus luathoideachais a bhaineann leis an dá bhliain atá ar fáil anois agus atá íoctha, de réir mar a thuigim, ag an Roinn Oideachais agus Scileanna. Níl na naíolanna san áireamh - na crèches agus na háiteanna a dtugtar gasúir uaireanta. Má táimid ag féachaint ar shealbhú teanga, sin an t-am le breith ar ghasúir. An bhfuil plé ar bun idir na finnéithe agus an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta maidir le forbairt earnáil na naíolann ar fud na Gaeltachta? Chomh fada agus atá sé léir domsa, tá roinnt áiteanna ann ina bhfuil naíonraí Gaeilge ach ina bhfuil na naíolanna ag feidhmiú trí Bhéarla ar bhonn gairmiúil, fiú sa nGaeltacht. Tá sé sin ag cothú dúshlán.

Ba mhaith liom tuairimí na finnéithe a fháil faoin tábhacht atá ann go bhforbródh an Stát naíolanna Gaeltachta, mar chuid den straitéis 20 bliain den Ghaeilge, le go mbeadh teagmháil leis an ngasúr leis an nGaeilge ón am a shaolaítear iad. An raibh aon rud sa bplean a fógraíodh an tseachtain seo caite? Ní fheadar an raibh aon dream de na finnéithe i dTír Chonaill nuair a bhí an tAire Stáit ag fógairt an fhorbairt a rinne é féin agus an Cathaoirleach amuigh in Inis Meáin. Bhí an aimsir thar cionn. An bhfuil aon rud ansin d'fhorbairt na hearnála seo?

An bhféadfadh na finnéithe soileiriú a thabhairt dom ar rud éigin? Tá a fhios agam go bhfaigheann siad deontais ón údarás. Tagann siad ón Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ach íoctar iad tríd an údarás. Bheidh Tusla agus an Roinn Oideachais agus Scileanna ag íoc airgid leo ó thaobh pá do mhúinteoirí, d'fheighlithe nó do dhaoine a bhíonn ag plé le cúram leanaí sna naíolanna agus sna naíonraí.

An ndéanann na finnéithe éileamh ar na deontais ar fad atá ar fáil ar fud na tíre do luathoideachas nó do naíolanna pobail? Creidim i gcónaí nár cheart go mbeadh muintir na Gaeltachta thíos leis sa mhéid is ba cheart go mbeadh an fáil ceanann céanna ag pobal na Gaeltachta ar na seirbhísí náisiúnta agus iad ar fáil trí Ghaeilge agus atá ag an gcuid eile den tír trí na seirbhísí ceanann céanna agus iad ar fáil trí Bhéarla. An mbíonn fadhb, moill agus anró ag baint leis na deimhnithe seo a bhíonn le fáil ón nGarda Síochána d'oibrithe? Cloisim go mórmhór i Meán Fomhair gach bliain go mbíonn moill ar fháil an glantacháin a deireann go bhfuil daoine saor le dul ag obair agus mar sin de, go mórmhór maidir le cúram leanaí. Tá sé thar a bheith tábhachtach go mbeadh a leithéid ann ach an mbíonn fadhb ann leis an gcóras agus an bhféadfaí an córas sin a fheabhsú le go bhféadfadh daoine dul ag obair i bhfad níos túisce? Creidim féin go pearsanta, má tá deimhniú ón nGarda le fáil ag duine atá ag súil le dul ag obair le páistí, go mba cheart go seasfadh sé sin ar feadh bliana mura thagann rud chun solais don Gharda agus má thagann, ba cheart go ndéarfadh an Garda leis an bpost é. Fiú má tá an deimhniú faighte, ba cheart go ndéarfadh é má thagann rud suas. Is corruair a tharlóidh sé ach ar an drochuair go dtarlódh a leithéid ba cheart go ndéarfaí láithreach é. Ní haon mhaith é a rá go bhfuil deimhniú ag duine don eagras seo ach nach bhfuil don eagraíocht siúd nuair a tháinig an fhadhb. Seasann deimhniú amháin ach ní sheasann an deimhniú eile. Tá sé craiceáilte. Ba mhaith liom a fháil amach an bhfuil fadhb ann leis an rud sin faoi na deimhnithe ón nGarda. Tá na cuir i láthair thar a bheith soiléir. Is maith liom an leagan amach agus ní bhféadfadh éinne dul ag troid leis na finnéithe faoi na héilimh ach má tá muidne ag dul i gcath leo agus ag cur na héilimh ar aghaidh leis an méid tacaíochta atá againn, is é is fearr agus is sin an fáth go bhfuil mé ag cur an oiread sin béime ar, mar shampla, comhghaol a bheith ar na heagraíochtaí Béarla ó thaobh pá go ginearálta agus comhoibriú ó thaobh na rudaí Gaeilge le na naíonraí taobh amuigh den Ghaeltacht.

Mr. Ray Mac Pháidín

Tagraím do dheimhniú Gharda, Garda vetting. Táimid ag úsáid an comhlacht Early Childhood Ireland anois le haghaidh na deimhnithe sin, mar roimhe sin bhí muid ag úsáid comhlachta eile, Barnardos, agus bhí moill leis ach anois táimid in ann na deimhnithe a fháil taobh istigh de thrí seachtaine so tá sé i bhfad níos éifeachtaí.

Má tá duine ag dul go dtí na-----

Is féidir leis an Teachta teacht ar ais. Lig do na finnéithe freagraí a thabhairt ar dtús. Bhí cúpla ceist ag an Teachta.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Ó thaobh ceangal a bheith idir na seirbhísí Gaeltachta agus na seirbhísí taobh amuigh den Ghaeltacht, tá an ceangal sin ann mar tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ar fhóram náisiúnta na luathbhlianta. Ar an bhfóram náisiúnta sin, tá eagraíochtaí náisiúnta ar fud na hÉireann ar fad agus pé cineál faidbhe atá againne, tá fadhbanna níos measa ag an dream atá ag feidhmiú taobh amuigh den Ghaeltacht toisc nach bhfuil an ceanneagras acu mar atá ann ó thaobh Chomhar Naíonraí na Gaeltachta.

Luaigh an Teachta an plean gníomhaíochta a sheol an tAire Stáit, Teachta McHugh, i dTír Chonaill. Ceann de na rudaí a chonaic mise ansin a bhí tábhachtach ná go mbeadh na heagrais Ghaeltachta ag teacht le chéile agus go mbeadh na heagrais cúraim luathbhlianta, an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige, an Roinn Oideachais agus Scileanna, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, Údarás na Gaeltachta, agus Gaeloideachas ag tacú le naíonraí agus ag breathnú ar an rud ar fad. Táim ag súil go dtiocfaidh rud éicint as sin. Maidir leis na hiarratais atá déanta, tá sé déanta go mion agus go minic ag an eagras atá againne ó thaobh an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Is cinnte gur cheart go mbeadh na cearta teanga céanna againn agus atá ag na seirbhísí Béarla. Ceapaim, le bheith ionraic, go bhfuil feabhas ag teacht air ach níl aon cheist nach bhfuil muid á dhéanamh go láidir. Tá an-cheangal eatarthu agus tá an-obair á déanamh. Táimid ar fad ag breathnú cén bealach le dul ó thaobh pá de. Tá an fhadhb chéanna ar fud na tíre. Na dúshláin a táimid á gcur os comhair na coiste inniú, níl ceist ach go bhfuil na dúshláin cheanann chéanna ann ar fud na tíre seachas an dúshlán teanga nó cearta teanga. Ó thaobh Chomhar Naíonraí na Gaeltachta de, ó thaobh na heagraíochta de, is seirbhísí luathbhlianta atá ann agus is é sin luathoideachas agus cúram trí Ghaeilge a chuirtear ar fáil, lán trí Ghaeilge gan cheist. Tá polasaí teanga an-láidir againn agus bhí sé sin riamh ag an eagraíocht. Níl a fhios agam an bhfreagraíonn sé sin na ceisteanna.

Bhí dhá cheist an-shonrach ann. Is é sin, ar na nithe atá ar an liosta a bhaineann le luathoideachas go ginearálta, an bhféadfaí a rá go bhfuil comhaontú ón earnáil ar fad, Béarla agus Gaeilge, faoi na héilimh sin? Maidir leis na rudaí a bhaineann le seirbhísí trí Bhéarla agus mar sin de agus a bhaineann le Gaeilge, an bhfuil comhaontas idir Comhar Naíonraí na Gaeltachta agus na dreamanna taobh amuigh den Ghaeltacht faoi fheidhmeanna na naíonraí taobh amuigh den Gaeltacht maidir le na héilimh sin? Luíonn sé le réasúin, má théann duine isteach ag déanamh cur síos ar na héilimh atá san earnáil go ginearálta, beidh chuile Theachta Dála sa Dáil ar bord ag troid ar a son. Abair gurb iad seo na héilimh atá ag teacht ó earnáil na Gaeilge, beidh chuile Teachta Dála ar bord ar fud na tíre. Má táimid ag caint mar Theachtaí Gaeltachta, agus píosaí beaga dóibh, i chuile cheann, fiú i nGaillimh, beimid i bhfad níos laige agus sin an fáth go bhfuil tábhacht do straitéis leis an gcomhoibriú ar dhá leibhéal ar fud na tíre. B'fhéidir nár thuig mé an finné i gceart ach níl mé iontach soiléir an bhfuil an dá leibhéal comhoibrithe sin ann.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Tá sé ann tríd an bhfóram luathbhlianta agus-----

Tá sin ann maidir le Gaeilge agus Béarla.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Bhí fochoiste Gaeilge ansin agus táimid féin agus Gaeloideachas ar an bhfocal céanna-----

Bheadh sé an-úsáideach - níl a fhios agam faoin gcuid eile den choiste - ag éirí as sin, más rud é go raibh na finnéithe in ann a rá go bhfuil na héilimh comhaontaithe trasna an bhoird leis an gcomhcoiste luathoideachais agus go bhfuil sé aontaithe le na heagraíochtaí atá ag plé le na naíonraí Gaeilge ar fud na tíre ionas go bhféadfaimis é sin a rá nuair a bheadh muid ag dul go dtí na Ranna Stáit. Ní neart go cur le chéile, an rud atá i gceist agam.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Tá sé sin ann.

Níl sé ráite anseo.

Gabhaim míle buíochas leis na finnéithe. Tá brón orm go bhfuil mé déanach, bhí mé ag sochraid ar maidin. Tá aithne agam ar go leor daoine atá anseo agus d'fhreastal mo pháistí ar naíonra Ráth Chairn ar feadh trí bliana so tá an-aithne agus eolas agam mar gheall ar an naoílann agus an naíonra ansin agus caithfidh mé a rá gur bhain siad an-taitneamh as agus bhí siad go hiontach ar fad. D'aithin mé gur cheann de na deacrachtaí agus na dúshláin a bhí ag na finnéithe ag an am ná teacht ar dhaoine le Gaeilge ar ard-chaighdeán chun obair ann. Caithfidh mé a rá go raibh na mná a bhí ag obair ann go hiontach ar fad. Is ait an rud é, bíonn daoine i gcónaí ag cur anuas ar an teanga ag rá nach bhfuil aon obair nó slite beatha sa Ghaeilge. Tá go leor slite beatha sa Ghaeilge agus tá ganntanas soláthair mar gheall ar na poist sin sa tír.

Níl an Rialtas dáiríre mar gheall ar an nGaeilge i mo thuairim. Is é an t-oideachas luathbhlianta an tslí is éasca chun an Ghaeilge a thabhairt d'éinne. Má cruthaítear córas ceart, bheadh sé i bhfad níos éasca an Ghaeilge a chruthú agus a chothú sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ag an am seo ceapaim go bhfuil an móramh sa Ghaeltacht ag freastal ar naíonraí lán-Bhéarla.

I mo thuairim ba cheart go mbeadh an Rialtas ag cur rud ar bun cosúil leis an gcóras aitheantais atá aici le haghaidh bunscoileanna agus meánscoileanna. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag oscailt córas nua chun iad nach bhfuil ag feidhmiú trí Ghaeilge a mhealladh isteach agus go gcuirfeadh sé tacaíocht agus rudaí ar fáil chun go mbeadh siad in ann an obair a dhéanamh i gceart.

Is í an dara fadhb atá ann, agus is fadhb í a théann tríd an gcóras oideachais ina hiomlán, ná caighdeán na Gaeilge. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis a rá nach bhfuil caighdeán cuí Gaeilge ag ceathrú de na múinteoirí atá amuigh sna bunscoileanna agus sna meánscoileanna ar chor ar bith. Tá na finnéithe faoi bhrú mar gheall ar airgeadas. Baineann sé seo leis an dara rud. Bíonn daoine ag rá go n-aithnímid, mar shochaí, luach iontach ár bpáistí. Cuirim question mark mór thar an ráitis sin toisc nach bhfuil muid ag tabhairt an airgid chuí ná an terms and conditions cuí dóibh siúd atá ag tabhairt aire dár bpáistí. Go dtí go bhfuil sé sin déanta againn, ní bheimid in ann na fadhbanna a réiteach. Caithfidh go mbeadh é sin ar siúl. Ba cheart go mbeadh liúntas speisialta ag baint le múineadh trí Ghaeilge mar tá níos mó le déanamh ag daoine atá i bhfeighil leanaí nó ag múineadh sa naíonra nuair atá sé á dhéanamh acu i nGaeilge.

Tá ceist agam faoin Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Táimse tar éis go leor ceisteanna a chur isteach chuici le fada an lá. Ní thuigeann sí go bhfuil dualgais shonracha uirthi mar gheall ar an nGaeilge. B'fhéidir go bhfuil sí ag feabhsú de réir an taithí atá ag na finnéithe léi anois, ach is rud imeallach di fós. Is rud é atá ag cur isteach uirthi ar shlí éigin. Caithfidh go mbeadh athrú iomlán intinne sa Roinn sin. Caithfidh sí a thuiscint gur fíorearnáil é sin agus déileáil leis i gceart. An bhfuil go leor continuing professional development, CPD, sa chóras? Tá daoine ag baint amach cáilíochtaí ach ní pháirt den cháilíocht an Ghaeilge go fóill. Níl an Ghaeilge ann mar fíorábhar sa scéim ECCE. Cad is féidir leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a dhéanamh chun na fadhbanna sin a réiteach i gceart?

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Tagann na deontais ar fad don earnáil ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tagann tacaíocht do roinnt de na seirbhísí atá thar a bheith beag ó Údarás na Gaeltachta, ach tagann an gnáthairgead ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Cuireann sé imní orm go pearsanta gur féidir le haon duine nó aon dream dul agus seirbhís luathbhlianta a thosú - fiú istigh i gcroílár na Gaeltachta más mian leo é sin a dhéanamh - gan coinníoll teanga. Sílim gur rud mór é sin. Ag eascairt as sin, b'fhéidir nach bhful an oiread sin seirbhísí luathbhlianta i gcroílár na Gaeltachta ag feidhmiú trí Bhéarla, ach tá siad ann sa Ghaeltacht. Tá siad go mór sna breacGhaeltachtaí agus ní fada nach bhféadfaidís dul isteach i gcroílar na Gaeltachta. Chuirfeadh sé imní ar dhuine nach bhfuil coinníoll teanga ag dul leis an deontas.

An gceapann na finnéithe go mba cheart go mbeadh liúntas speisialta ag baint le bheith ag obair trí Ghaeilge? An raibh a leithéid ann riamh?

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Ní raibh. Ní raibh aon liúntas speisialta ag baint le bheith ag obair trí Ghaeilge ann riamh. Is é an t-airgead ceannann céanna, an t-allúntas céanna agus na deontais chéanna a bhfaightear ar fud na tíre ar fad. Tá sé sin i bhfeidhm sna seirbhísí s'againne. Is é an t-aon difríocht amháin ann ná go dtugann Comhar Naíonraí na Gaeltachta tacaíocht do sheirbhísí ar oileán nach bhfuil inti ach ceathrar nó cúigear páistí agus sheirbhísí an-bheaga in áiteanna iargúlta as deontas Údarás na Gaeltachta.

Mar gheall ar FETAC, an bhfuil an Ghaeilge mar ábhar san oideachas a chuireann sé ar fáil?

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Ó thaobh FETAC, bhí lá ann ina raibh dhá mhodúl Gaeilge - sochtheangeolaíocht agus an páiste, agus saibhriú na Gaeilge. Cuireadh an dá mhodúl sin le chéile go háitiúil ag grúpa saineolaithe agus ghlac FETAC leo. Níl siad ann ó d'athraigh an comhlacht go QQI. Ba é an míniúchán a thug QQI nuair a phléigh muid é ná nach raibh dóthain daoine ag déanamh na modúl agus nach raibh dóthain éilimh orthu. D'imigh an dá mhodúl sin. Caithfear díriú isteach ar mhodúil Ghaeilge a dhéanamh arís ó thaobh saibhrithe agus sealbhaithe teanga sna ceantair Ghaeltachta. Tá práinn leis sin. Caithfidh é sin a bheith ann go náisiúnta chomh maith. Bhí modúl ann i leith feidhmiú trí Ghaeilge nó rud éicint, ach deineadh páistí ocht mbliana d'aois é sin. Ní shin atá i gceist agam. Is é an rud atá i gceist ná go mbeifí ag díriú ar shealbhú agus ar shaibhriú teanga - an rud a bhí ann. Tá sé sin ag teastáil. Caithfear é sin a chur ar ais ar an gclár arís ar bhealach amháin ná ar bhealach eile, fiú mura bhfuil mórán éilimh air. Ó thaobh na seirbhísí s'againne, cuireadh cáilíocht ar chuile dhuine ar dtús agus bhí na modúil sin á ndéanamh ag an am sin. Anois tá na cáilíochtaí bainte amach. B'fhéidir nach mbeadh ach 20 nó deichniúr sa bhliain ag déanamh na modúl ach is cuma. Ba chóir go mbreathnófar air sin agus go mbeadh sé sin ar fáil. Tá práinn agus tábhacht le go mbeadh sé sin ar fáil agus le go mbeadh ardchaighdeán ann ó thaobh saibhrithe agus sealbhaithe teanga sna ceantair Ghaeltachta.

Is ait an rud é nach bhfuil sé mar mhodúl i ngach cáilíocht atá ar fáil mar gheall ar chúram leanaí thart timpeall na tíre. Tá na páistí istigh in ionaid chúraim leanaí in Éirinn agus is príomhtheanga na tíre seo í an Ghaeilge. Is ait an rud gur rud imeallach í agus nach bhfuil sí lárnach sa chóras sin. Bhí mé ag caint leis an bhfinné cheana mar gheall ar an mbac a bhí istigh sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige maidir le hobair a dhéanamh léi trí Ghaeilge. An bhfuil an bac sin fós ann? An bhfuil deacrachtaí ann go fóill?

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Ní dhéarfainn gur bac é. Baineann ceann de na príomhrudaí atá ag teastáil leis an bhfadhb atá ann. Ba cheart go mbeadh rannóg sa Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a bhféadfaí glaoch a chur uirthi agus, gan cheist, obair a dhéanamh trí Ghaeilge. Ba cheart go mbeifí in ann chuile ábhar a dhéanamh i nGaeilge agus go mbeadh fáil ar an gcóras leictreonach PIP trí Ghaeilge. Ba cheart go mbeadh sé sin ar fáil don earnáil teanga agus d'aon duine atá ag feidhmiú trí Ghaeilge. Ba cheart nach mbeimis i gcónaí ag cuardach ábhar i nGaeilge agus nach mbeadh sé orainn é a aistriú. Tá rud éicint ag rá liom go bhfuil sé sin ag dul sa treo ceart agus go bhfuil sé ag dul leis an bplean gníomhaíochta a foilsíodh an lá cheana, ach caithfimid fanacht go bhfeicimid. Tá práinn leis sin. Is í sin an Roinn is mó a bhfuil orainn déileáil léi ó thaobh deontas, cigireachta agus chuile rud eile de.

Is é an rud céanna leis na cigireachtaí. Is i mBéarla atá siad. Chomh maith leis sin, is i mBéarla a thagann na tuairiscí cigireachta amach. B'fhéidir go gcuirtear leagan Gaeilge leo. Níl sé sin fíor faoin Roinn Oideachais agus Scileanna. Caithfidh mé bheith ionraic faoi sin. Tá cigireachtaí an Roinn Oideachais agus Scileanna go huile is go hiomlán i nGaeilge. Nuair a thugann an Roinn cuairt ar rud, déantar chuile rud trí Ghaeilge. Caithfidh mé bheith an-ionraic leis sin.

Nach bhfuil scéim teanga ag an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige? Nach bhfuil dualgas dlíthiúil uirthi mar gheall ar a cuid idirbheartaíochta agus seirbhísí? De ghnáth, nuair a bhíonn easpa Gaeilge le fáil ón HSE, is féidir linn dul go dtí an Comisinéir Teanga agus gearán a dhéanamh faoi. B'fhéidir gur cheart dúinn mar choiste a fháil amach cad é an scéim teanga atá ag an Roinn, an bhfuil sé á sárú, agus an cheart dúinn brú a chur ar an Roinn scéim a chur ar siúl.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Is léiriú féaráilte é sin ach tá rud éicint ag rá liom, ag breathnú ar an bplean gníomhaíochta, go bhfuil an Roinn sásta beirt oifigeach Gaeilge a chur ar fáil do thaobh amuigh den Ghaeltacht. Deireann an Roinn go mbeidh cead againn úsáid a bhaint astu. Breathnaíonn sé go bhfuil sé ag dul sa treo ceart. Is é sin an t-aon solas a fheicim féin faoi sin. Beidh daoine ann a mbeidh orthu díriú isteach air sin agus a bheidh ag dul ar choiste le breathnú ar an tseirbhís atá á cur ar fáil trí Ghaeilge. Creidim go mbeidh siad ag plé leis na heagrais luathbhlianta Ghaeltachta. Creidim é sin.

Tiocfaidh mé isteach ag an bpointe seo agus ansin ligfidh mé arís do na Teachtaí teacht ar ais. Tá na ceisteanna go léir curtha ach tá ceann eile agam ó mo shuim féin. Tuigim ó na daoine atá ag obair ar an talamh go bhfuil géarghá maidir leis an nGaeilge. Táimid anseo le breis is dhá bhliain agus tá dream os ár gcomhair chuile choicís. Bhí an Roinn Oideachais agus Scileanna os ár gcomhair agus tá polasaí iontach aici. Aontaím leis an bhfinné faoi sin. Maidir leis an tumoideachas, cén chaoi a bhfuil na finnéithe in ann é a chur i bhfeidhm ar an talamh agus, ag an am céanna, daoine gan Ghaeilge a mhealladh?

Ms Orlaith Ruiséal

Ní fheadar an bhfuil cur chuige againn. Is Gaeltacht sinn. Mar sin tá gach aon rud á dhéanamh trí mheán na Gaolainne. Tá an scoil tar éis cinneadh a thógáil go mbeidh sí ag imeacht i dtreo an tumoideachais. Ag teacht ar ais go rud éigin a luaigh an Teachta Ó Muimhneacháin níos luaithe, tá dúshláin mhóra ag na stiúrthóirí naíonra ach go háirithe. Faoi mar atá ag na múinteoirí bunscoile, tá siad ag plé le ceithre shaghas foghlaimeoir difriúil. Tá siad ag plé le leanaí nach bhfuil aon Ghaolainn in aon chor sa tigh nó cloiste cheana acu. Tá siad ag plé le leanaí a bhfuil Gaolainn agus Béarla acu. Tá siad ag plé le leanaí nach bhfuil ach Béarla acu agus tá an-sheans ann go bhfuil siad ag plé le leanaí a bhfuil Spáinnis nó Polainnis nó rud éigin eile cloiste acu.

Is é sin croílár mo cheiste. Cén chaoi a bhfuil na finnéithe ag déileáil leis sin?

Ms Orlaith Ruiséal

Tá ceathrar shaghas foghlaimeoir difriúil os ár gcomhair amach. Tá sé an-dian. Ón méid a chímse, tá sé an-dúshlánach. Má tá an t-ádh ann, beidh duine éigin a bhfuil an-taithí aige nó aici ann, mar shampla, stiúrthóir atá ag plé leis an rud le han-tamall. Beidh a leithéid de duine ábalta dul i ngleic leis sin ach tá sé an-dúshlánach é sin a bhaint amach laistigh de trí uair an chloig. An rud a dhéantar ná go ndéantar grúpáil bheag i ngan fhios do na leanaí. Cuirtear na leanaí beaga a bhfuil Gaolainn líofa acu in aice le chéile. Beifear ag súil le Dia go réiteoidh siad le chéile. Bítear ag grúpáil chomh mór agus is féidir. Táim díreach ag caint ar an dúshlán nach bhfuil ag seirbhísí eile nach bhfuil an cheist teangan i gceist acu, mar ní bhítear ag plé leis sin i seirbhís Bhéarla. Tá ualach mór gnéithe ar na daoine san earnáil Ghaolainne sa réamhscolaíocht. Arís, toisc go bhfuil rudaí ag fáil níos déine, tá níos mó oiliúint ag teastáil chun dul i ngleic leis sin. B'fhéidir go n-aontóidh Ms Mhic Dhonncha liom faoi sin. Tá sé ag fáil níos deacra agus níos deacra. Theastódh cuid nach mór a bheith i gcroí duine nó draíocht de shaghas éigin uathu nó uaithi chun é a bhaint amach. Tá Borradh, Blathú agus rudaí mar sin ann. Bíonn na leanaí á ngrúpáil i ngan fhios dóibh. Arís, is fadhb mhór í.

Ms Eithne Mhic Fhionnlaoich

Táim ag obair i naíonra mé féin. Tá athrú mór ann. Tá cuid mhór daoine tagtha isteach ón Pholainn agus ó tíortha eile. Is í Gaeilge an teanga sa naíonra atá againn. Is é an rud a dhéanaimid ná, má tá grúpa de 20 páistí ina bhfuil cainteoirí dúchais, i ngan fhios dóibh féin, cuirimid tábla de chainteoirí dúchais le chéile ag am lóin. Tá deichniúr páiste ag tábla. Cuirimid an leath eile ag an tábla eile. Is iad sin na páistí nach bhfuil Gaeilge acu. I ngan fhios dóibh fein, tá na cainteoirí dúchais ag caint le chéile agus tá an comhrá ag dul ar aghaidh. Tá muidne ag caint leo. Tá na páiste eile ag piocadh suas an Ghaeilge i ngan fhios dóibh féin. Tá siad ag foghlaim trí cheoil, dánta agus craic. Cuireann sé iontas orm an dóigh ina dtéann na páistí nach raibh an Ghaeilge ar aghaidh nuair atá siad ag cloisteáil é seo. B'fhéidir go bhfuil siad cairdiúil le páistí a bhfuil Gaeilge acu. Tagann siad ar aghaidh agus ag deireadh na bliana chítear an difear iontu nuair atá siad measctha le chéile. Tá siad ag éisteacht má tá comhráite ann. Thig le deichniúir páiste a bheith ann agus bíonn comhráite trí Ghaeilge acu agus iad ag súgradh. Má bhíonn deichniúr ann a mbíonn craic acu agus a mbíonn comhrá acu faoi rudaí sa bhaile, bíonn na páistí eile ag éisteacht agus piocann siad suas an Ghaeilge.

Ansin, tá na stiúrthóirí ag caint Gaeilge agus ag ceol trí Ghaeilge. An t-am ar fad, ó thagann siad isteach ar maidin go dtí a théann siad amach, tá gach rud uilig ag dul ar aghaidh trí Ghaeilge agus, i ngan fhios dóibh féin, tá an Ghaeilge ag teacht leo. Sin an chaoi a chímse é. Tá dhá ghrúpa againn ar maidin. Má tá cainteoirí dúchais againn, cuirim iad uilig le chéile i seomra amháin agus na páistí nach bhfuil Gaeilge acu i seomra eile. Braitheann sé ar lá breithe. Ní oibríonn sé amach go bhfuil leath agus leath cothrom ann, ach tá sé ag obair go breá linn. Tá na stiúrthóirí ina gcainteoirí dúchais. Bímid ag caint agus bíonn an rud uilig ag dul ar aghaidh. Tá toradh le feiceáil ag deireadh na mbliana.

Ms Mairéad Mhic Dhonncha

Aontaím leis an méid atá ráite. Mar a dúradh, nuair a bhíonn na páistí sna grúpaí agus nuair a bhíonn ríspraoi agus ceol-----

An mbíonn siad le chéile le spraoi nó an bhfuil deighilt ann an lá uilig?

Ms Mairéad Mhic Dhonncha

Bíonn siad le chéile le spraoi. Mar a luadh, piocann na páistí suas an Ghaeilge agus bíonn na torthaí ann ag deireadh na bliana. Bíonn an Ghaeilge pioctha suas ag na gasúir nach raibh mórán Gaeilge acu. Sin cinnte.

Bhí daoine i dteagmháil liom ag rá go raibh deighilt nach bhfuil nadúrtha á dhéanamh idir gasúir ar son na Gaeilge. Aontaím go huile agus go hiomlán leis an tumoideachas. Níl drogall ar bith agam é sin a rá. Dar leis na tuismitheoirí, áfach, bhí fadhbanna á gcothú sa chaoi a chuireann ionaid áirithe é sin i bhfeidhm. Dúradh liom go raibh deighilt rómhór idir na daoine a bhí Gaeilge ó dhúchas acu agus na daoine a bhí ag foghlaim. Dúradh liom go raibh dhá shruth i gceist an t-am uilig. Níl a fhios agam an bhfuil siad ceart nó mícheart but mhothaigh na tuismitheoirí sin nach raibh sé ceart go raibh idirdheighilt rómhór á dhéanamh idir na gasúir le Gaeilge agus na gasúir a bhí ag foghlaim. Dúradh liom nach raibh deis ag an dá ghrúpa teacht le chéile. An bhfuil sé sin fíor?

Ms Mairéad Mhic Dhonncha

Ní aontaím leis sin.

Ba mhaith liom é sin a chloisteáil.

Ms Mairéad Mhic Dhonncha

Ní aontaím leis sin mar, mar a luaigh mé cheana, bíonn na gasúir le chéile le ríspraoi agus gach rud. Ní dhéantar an deighilt. Ní aontaím leis sin. Caitear le chuile pháiste mar----

Ní aontaíonn an finné leis sin mar choincheap.

Ms Mairéad Mhic Dhonncha

Go díreach.

Ms Eithne Mhic Fhionnlaoich

Ag dul ar ais cúpla bliain ó shin, bhí sé ag teacht aníos go raibh cainteoirí dúchais i seomra amháin agus páistí eile i seomra eile. Bhí tuismitheoirí ag iarraidh go dtosódh muid le rang do na páistí gur chainteoirí dúchais iad le huair a chloig eile agus nach mbeadh cainteoirí dúchais i seomra eile. Bhí sé sin ceart go leor ach ní raibh sin ag dul ag obair dúinn ag an am mar ní raibh an t-airgead ag teacht ó Pobal. Ní raibh go leor spáis againn le haghaidh na páistí uilig. Tá a fhios agam gur cuireadh ráfla amach go bhfuil seo ag tarlú.

Bhí siad ag iarraidh brú a chur orainn. Chuaigh ráfla amach go raibh seomra amháin fá choinne cainteoirí dúchais. Tháinig máthair amháin go dtí an teach agam ag deireadh na bliana. Shíl sí go raibh difear á dhéanamh idir na ranganna. Dúirt sí go raibh sí iontach briste, go raibh sí ann lena páistí chun Gaeilge a fhoghlaim agus cad ina taobh de a bhí difear á dhéanamh agus na cainteoirí dúchasacha a bheith i seomra amháin. D'iarr sí orm, cén dóigh a bhí a pháistí chun dul a piocadh suas an Gaeilge muna raibh siad ag meascadh leis na cainteoirí dúchais. Dúirt mise nach é sin an rud a bhí ag tarlú, go raibh muid uilig ag caint Gaeilge agus nach raibh an difear sin ann. Bhí an ráfla ag dul amach san am agus ní raibh sí sásta. Shíl sí go raibh difear mhór á dhéanamh. Caithfidh go mbeadh a páistí ag suí le cainteoirí dúchais Gaeilge. Ní raibh an ráfla sin fíor gur sin an rud a bhí ann. Ní oibreodh sé dá mba sin an rud a bhí ann.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Más féidir liom teacht isteach ansin ó thaobh an eagraíocht comhar naíonraí de, an polasaí a bhí ag comhar naíonraí riamh ná go ndéanfaí grúpáil ar pháistí ó chuile ghné agus gníomhaíocht d'obair an naíonra agus teanga san áireamh mar is i nGaeilge amháin a fheidhmítear seirbhísí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, CNNG: ní in aon teanga eile ach an Ghaeilge, gan cheist. Le tacú leis na páistí maidir leis an nGaeilge, a gcéad teanga - braitheann sé ar cé mhéad páistí a bhí sa tseirbhís - tógfaí iad mar ghrúpaí páistí le chéile, go ndéanfaí an rud céanna leis na páistí a bhí ag sealbhú na teanga agus sin é an fáth gur thug muid amach an scéim pleanála teanga, Borradh, le go mbeadh deis saibhriú agus sealbhú teanga ag na páistí. Bhí sé sin fíor ó thaobh grúpaí de. Tá a fhios agam go raibh an t-uafás ráflaí amach faoin eagraíocht sa phobail ach an rud a bhí ann riamh, agus an rud ab fhearr liom, ná dá raibh dhá sheirbhís á rith le chéile, d'fhan siad mar ghrúpa. Abair go raibh dhá sheirbhís á rith le chéile agus go raibh 22 páistí i ngach aon seirbhís agus go raibh 19 cainteoirí dúchais ann, ansin cuirfí iad sin le chéile ó thaobh saibhris de agus an méid cainteoirí maithe Gaeilge is féidir in éineacht leo. Is sin ar son na bpáistí agus bheadh meascán ann tríd an lá ar rudaí eile.

Tá polasaí teanga an comhair naíonraí anseo agam. Níl a fhios agam ar mhaith leis an gcoiste go léifinn píosa dó nó go léifinn é ar fad ach seo é an polasaí atá ag an eagraíocht ar fud na seirbhíse atá muidne ag feidhmiú sna ceantair Ghaeltachta agus mar sin léifidh mé é:

Is trí Ghaeilge ar fad a reáchtálfar seirbhísí CNNG. Is Gaeilge amháin a laibhrófar sa Naíonra i gcónaí leis an páistí, na tuismitheoirí agus idir baill foirne Naíonra. Is i nGaeilge a reachtálfar cruinnithe coiste agus cruinnithe uile na seirbhíse. Mura bhfuil tuiscint ag duine/daoine ar an teanga, déanfar gach uile rud a thiteann amach ag an gcruinniú a mhíniú ina dhaidh don duine/do na daoine ach an teanga i gceist a bheith ag an té atá ag reachtáil an chruinnithe.

Molfar do thuismitheoirí/caomhnóirí nach bhfuil ag tógáil a bpáiste le Gaeilge iarracht a dhéanamh suim agus spéis a léiriú sa Ghaeilge i na bealaí seo a leanas

1. Má tá an Gaeilge ar a t(h)oil ag duine amháin de thuismitheoirí/chaomhnóirí an pháiste, moltar don teaghlach cinneadh a dhéanamh ar mhaithe leis an bpáiste go labhróidh an duine sin Gaeilge leis an bpáiste ag amanna áirithe gach uile lá agus ar an mbealach chuig agus abhaile ón Naíonra

2. Más ar bheagán Gaeilge, nó gan aon Gaeilge tuismítheoirí/caomhnóirí an pháiste, moltar dóibh iarracht a dhéanamh a bheith páirteach agus tacú lena bpáiste trí:

- Rainn/amhráin de chuid an Naíonra a chleachtadh i gcuideachta an pháiste. Is féidir de na hamhráin/rainn a bhíonn á gcleachtadh ag na páistí sa Naíonra a fháil ón Stiurthóir.

- Freastal ar ranganna Gaeilge.

Úsáidtear an cláir oibre Loinnir, Síolta, Aistear [sin an caighdeán, Síolta, an curaclam náisiúnta, Aistear, agus an uirlis pleanála teanga] Borradh chun forbairt iomlán a dhéanamh ar an páistí, forbairt teanga san áireamh.

- Beidh clár oibre an Naíonra leagtha amach chun freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpáistí maidir le sealbhú agus saibhriú na Gaeilge chun úsáid nádúrtha na Gaeilge a chothú agus a bhuanú i measc na bpáistí.

- Cuirfear béim láidir ar Ghaeilge agus ar chanúint an cheantair ina bhfuil an Naíonra lonnaithe.

- Is i nGaeilge amháin a bheas gach fógra, lipéad agus comhartha crochta in Ionad an Naíonra.

- Gaeilge amháin a labhrófar sa Naíonra ach beidh fáilte roimh gach páiste, is cuma cén teanga, cultúr nó aicme lena mbaineann sí/sé.

- Maidir le Naíonra ina bhfuil dhá sheisiún ar bun ag aon am amháin - cuirtear na cainteoirí Gaeilge ó dhúchas le chéile mar ghrúpaí i seisiún amháin agus cuirtear páistí nach i an Ghaeilge a gcéad teanga le chéile mar ghrúpaí sa seisiún eile, ag brath ar an méid páistí atá ceadaithe ag gach seisiún ag Tusla.

- Maidir le Naíonraí nach bhfuil iontu ach seisiún amháin - cuirtear na páistí ar cainteoirí dúchais iad i ngrúpa astu féin ag gníomhaíochtaí áirithe i rith an tseisiúin agus déantar an rud céanna leis na páistí nach í an Ghaeilge a gcéad teanga chun deis saibhriú agus sealbhú teanga a thabhairt don dá ghrúpa.

- Cuirtear béim ar luathoideachas trí mheán na Gaeilge i seirbhísí CNNG. Is seirbhís páistelárnach í agus tabharfar tús áites i gcónaí do riachtanais an pháiste.

Sin é an polasaí a bhí agus atá againn don tseirbhís.

An féidir leat cóip a thabhairt dúinn?

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Tá mé in ann é sin a thabhairt don choiste.

Míle buíochas.

Bhí dhá cheist agam. Theastaigh uaim filleadh ar an ábhar sin mar gheall ar na cainteoirí measctha agus táim sásta, leis an gcomhrá ansin le cúpla nóiméad anuas, go bhfuil an freagra faighte agam. An t-ábhar eile gur theastaigh uaim filleadh air ná an fhoireann. Luaigh an finné go raibh an líon céanna daoine ann agus a bhí in 2014. An bhfuil an comhar naíonraí neamhspleách ón údarás anois nó an bhfuil air dul chuig an údarás ag lorg cead i gcomhar foirne breise? Cá bhfuil an srian maidir leis an líon daoine atá acu? An é chuig an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe nó chuig an údarás nó cad ina thaobh go bhfuil an uimhir chéanna agus cad é an nasc anois leis an údarás?

Mr. Ray Mac Pháidín

Is ceist achmhainní atá ann. Tá buiséad €535,000 againn ón údarás agus sin an srian so níl muid in ann an méid áirithe a fhostú. Tá seachtar ball bainistíochta ann. Sin an srian is mó a bhfuil i gceist.

Mar sin chun foireann bhreise is cinneadh-----

Mr. Ray Mac Pháidín

Bheadh acmhainní breise ag teastáil.

Acmhainní ón údarás.

Mr. Ray Mac Pháidín

Is ea.

Feictear domsa nach bhfuil aon fhreagra simplí i gceist faoi mheascadh nó gan mheascadh. Is daoine fásta muidne, agus má théimid amach agus má tá triúr no ceathrar inár gcomhluadar agus gan aon Ghaeilge acu, cuirfidh mé geall go mbeidh muid ag caint an Bhéarla leo, ní hamháin go n-iompóimid ar Bhéarla ag caint leo ach iompóidh an comhrá ar fad ar Bhéarla. Caithfimid a bheith réalaíoch faoi seo. Is dóigh liom gurb é sin an dúshlán atá ann agus is bunú nósmhaireacht teanga inár n-aghaidh ná an dúshlán atá anseo. Thug mé faoi deara é le gasúir a bhfuil Gaeilge acu ó dhúchais. Níl aon gasúir ar aois 13 bhliain sa tír seo nach bhfuil Béarla acu. Más rud é go bhfuil, cuireadh faoi ghlas in áit éicint iad agus gan aon teilifís nó aon ghaolta a bheith ceadaithe dóibh. Tugaim faoi deara nuair a tógadh iad leis an dá theanga - tá gasúir an-chliste - má tá an teanga acu labhróidh siad Gaeilge le gasúir a bhfuil aithne acu orthu. Níl aon fhadhb ansin acu. Mura bhfuil is tríd rud éicint a d'fhoghlaim siad ar an teilifís. Aon am a chasann siad le gasúir amuigh ar an tsráid agus gan aon Ghaeilge acu agus Béarla acu féin, céard a ndéanann siad? Iompaíonn siad ar an mBéarla just mar sin. Níl aon fhadhb ag gasúir mar is é an cás céanna dóibh é. De réir mar a thuigim an dúshlán nó an cheist atá ann go gcaithfimid aghaidh a thabhairt air agus é a phlé go hoscailte. Má thógtar scór gasúr, deichniúr le Gaeilge ó dhúchais agus deichniúr le Béarla amháin, beidh Béarla ag an dream le Gaeilge ó dhúchais agus ná habair éinne liom nach bhfuil agus má chuirtear iad leis an dream le Béarla amháin, eatarthu féin beidh an Béarla mar theanga chomónta. An fhadhb a fheicim leis sin ná, go hiondúil an teanga a thosaíonn duine ag labhairt le duine eile, leanann siad leis. Má thosnaíonn daoine ag labhairt Béarla le chéile, leanfaidh siad ag labhairt Béarla.

Feictear é sin go mór le daoine fásta agus feicim daoine áirithe nach smaoiníonn siad ar Bhéarla a labhairt leo. Tá daoine áirithe a bhfuil Gaeilge acu agus nach labhróidh Gaeilge go ginearálta leo mar ní mar sin a chas siad.

An cheist atá agam ná cé mhéad plé atá ar bun. Níl mé ag iarraidh go ndéarfadh na finnéithe go bhfuil freagra simplí ann, ach cé mhéad plé, taighde agus obair atá ar bun le teacht ar fhuascail na faidhbe seo, sna Gaeltachtaí is láidre sa tír, mar ní dóigh liom go bhfuil réiteach nó foirmle shimplí ann? Mar shampla, tá cuid againn anseo a labhraíonn Gaeilge eadrainn féin, ach tá daoine eile le Gaeilge sa Teach seo agus caithfidh mise a admháil gur Béarla an cleachtas atá ann labhairt leo siúd. Mar sin, agus muidne mar dhaoine fásta ag déanamh é, an bhfuil éinne i ndáiríre á rá go bhfuil gasúir 14 bliana d'aois ag dul ag déanamh cinneadh polasaí nach labhróidh siad aon Bhéarla le duine nach bhfuil aon Ghaeilge acu?

Ag teacht isteach ar an bpointe sin, tá sé ráite domsa, ó theaghlach le fíor-Ghaeilge dúchais, nuair a théann an páiste isteach go dtí an naíonra, tagann sí abhaile le Gaeilge lofa uaireanta mar go bhfuil siad ag meascadh le páistí eile nach bhfuil go leor Gaeilge acu nó go bhfuil Gaeilge ar chaighdeán íseal acu agus nuair a bhíonn daoine ag cumarsáid le chéile, bíonn siad ag teacht ar chomhchéim i gcónaí. Tá sé sin fíor le páistí freisin. Faigheann siad an common denominator i gcónaí. Is ceist tábhachtach é mar tá a fhios againn féin, mar gheall ar an nGaeltacht, go bhfuil muid i gcónaí ag caint faoi fhorbairt tithíochta nua agus an tionchar a bhíonn ag an rud sin ar an nGaeltacht agus cé chomh fada agus a maireann an Ghaeltacht agus má tá teach tábhairne ann agus má tá deichniúr thuas ag ól pionta agus má thagann cúpla duine isteach gan aon Ghaeilge ar chor ar bith, iompaíonn an teanga go dtí an Béarla uaireanta mar níl daoine ag iarraidh a bheith drochbhéasach. Is ceist dheacair í. Tá gach duine den mheon go bhfuil sé go hiontach go mbeadh gach duine measctha le chéile go neodrach ach freisin caithfimid an Ghaeilge a chosaint agus na cainteoirí dúchasacha a chosaint chun go mbeidh an rud is annamh atá ann anois in ann maireachtáil go deo.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Dá bhféadfadh chuile dhuine sa Ghaeltacht Gaeilge a labhairt, bheadh sé thar barr. Ní féidir linn a dhéanamh ach ár seacht ndícheall, rud atáimid ag déanamh ó thaobh na seirbhísí luathbhlianta de sa chaoi go mbeidh Gaeilge ag na páistí nuair a bheidh siad críochnaithe ag deireadh na bliana nó ag tacú leis sin. Cinnte bheadh sé thar bharr dá mbeadh chuile dhuine ag tógáil a clann nó a chlann le Gaeilge nó dá mbeadh na tuismitheoirí ar fad ag tógáil a gclann le Gaeilge.

Ms Orlaith Ruiséal

Ba mhaith liom é seo a fhreagairt ar bhonn pearsanta agus ní ar son Chomhar Naíonraí na Gaeltachta mar tá mé ag plé le cúrsaí Gaolainne ar an talamh sa phobal le blianta fada agus tá mé ag obair mar chomhordaitheoir ar scéim pleanála teanga darb ainm Tús Maith. Is dóigh liom gur ceist mhór, ghroí, chasta í seo atá lán go barra de mhothúcháin agus níl a fhios agam an bhféadfadh aon Rialtas é a chur ina cheart i ndáiríre muna bhfuil daoine sásta suí síos agus comhrá ionraic a bheith acu mar gheall ar cá bhfuil siad agus cad atá ar siúl acu. Ó mo thaithí féin, tá an-chuid daoine amuigh ansin atá ag obair ó 9 a.m. go dtí 5 p.m. atá Gaolainn líofa acu féin agus gur cainteoirí dúchais iad. B'fhéidir go bhfuil siad ag feighlí linbh go bhfuil Gaolainn acu, b'fhéidir nach bhfuil. Ina gcroíthe istigh, tá siad ag tógáil a leanaí le Gaolainn, ach níl i ndáiríre mar ní fheiceann siad na leanaí. Tagann siad isteach, deireann siad gur cainteoirí dúchasacha na leanaí, cé nach bhfuil na leanaí ag labhairt puinn Gaolainn in aon chor. Istigh ina gcroíthe, teastaíonn uathu go mbeidís ag labhairt Gaeilge, tá siad ag déanamh na hiarrachta is mó gur féidir leo go mbeidís ach ní tharlaíonn sé so tá ceist mór millteach anseo dúinn féin le freagairt mar dhaoine. Cá bhfuilimid agus cá bhfuilimid ag imeacht? An féidir linne ar mhaithe leis an teanga, gan a bheith chomh tógálach agus a admháil nach cainteoir dúchas mo leanbh mar ní tchím mo leanbh agus níl Gaolainn ag mo leanbh agus caithfidh mé é sin a rá don naíonra, toisc go dteastaíonn uaim istigh i mo chroí go mbeidis mar chainteoirí dúchais? Ansin tá an dainséar ann go mbeidh an leanbh gur cainteoirí dúchais é nó í thíos leis mar tá an meascán ann. Tá an rud ar fad chomh casta agus ón méid a tchímse, tá Comhar Naíonraí na Gaeltachta ag iarraidh imeacht i ngleic chomh mór agus is féidir leo ach b'fhéidir go bhfuil daoine ag déanamh níos mó díobháil don teanga toisc go mbraitheann siad chomh láidir mar gheall ar go dteastaíonn uathu go mbeadh a leanaí mar chainteoirí dúchais nuair nach cainteoirí dúchais iad. Tá an rud ar fad chomh casta but bá bhreá liom dá bhféadfaimis, mar Stát, tús a chur le comhrá ionraic mar gheall air seo agus stop a chur leis an gcur i gcéill seo agus ligint do na daoine atá ag déanamh an rud seo i gceart, scaoileadh leo agus tabhairt faoi ach níl a fhios agam. Ón méid a tchím, tá sé ag imeacht ar aghaidh agus ar aghaidh agus níl a fhios agam cad é an réiteach a bheidh air i ndáiríre.

Tá an-chiall geo deo leis an méid atá ráite ag an bhfinné agus ní ceist don Stát é.

Ms Orlaith Ruiséal

No.

Is ceist do thuismitheoirí é.

Ms Orlaith Ruiséal

Is ea.

Ach an fhadhb a fheicim sa rud ná cén chaoi a thosaítear nósmhaireacht labhartha Gaeilge i measc gasúir óga. Nuair atá nós bunaithe leanfaidh siad leis ach an rud is deacra a dhéanamh ná teanga a thiontú agus nós mar sin a bhriseadh. Tá baint aige le huallachas ach tá baint aige freisin le nósmhaireacht teanga le daoine áirithe.

Ms Orlaith Ruiséal

Is dócha go bhfuil an-bhaint aige le dlús chomh maith. Braitheann sé ó bhliain go bliain ar an méid cainteoirí dúchasacha a thagann isteach. Bhí blianta áirithe a bhí go hiontach ar fad, bhí an nósmhaireacht bunaithe acu agus tá siad fós ag labhairt le chéile as Gaolainn, ach braitheann sé. Má bhíonn 20 leanbh agus má bhíonn 18 cainteoirí dúchasacha ann beidh an-bhliain ann ach má bhíonn bliain ann le 20 leanbh agus nach bhfuil ach ceathrar cainteoirí dúchasacha ann, beidh bliain an-deacair ann i ndáiríre.

An t-aon rud ná an féidir le duine comhrá a tosú, agus gan éinne ag mothú go bhfuil siad faoi bhagairt ach ag an am céanna go gcaithfidh daoine a bheith ionraic maidir le cén fáth go bhfuil an plé seo ar bun.

Ms Eithne Mhic Fhionnlaoich

Tá foirm iontrála againn sa naíonra agus tá píosa ann fadúda cainteoirí dúchais idir athair, máthair agus na páistí. Sin an treoir atá againne. Nuair a thagann an foirm isteach, labhraímid leis na cainteoirí dúchais agus níl focal Gaeilge ag roinnt dóibh agus tá sé thíos ar an foirm ag tuismitheoirí go bhfuil Gaeilge acu agus uaireanta tá tuismitheoirí ann a ndeireann gur cainteoirí dúchais iad ach níl focal Gaeilge ag na páistí.

Ms Orlaith Ruiséal

Is rud an-deimhin é. Tá sé chomh deimhin nach féidir fiú amháin é a míniú i gceart. Cuimhnigh ar an méid daoine a chuala sibh ag rá "you speak Irish, I would love to to be able to speak Irish" agus an-mhinic bíonn fonn orm a rá "Bhuel, téir agus foghlaim í, níl sé chomh deacair sin". Ba bhreá liomsa Mount Everest a dhreapadh ach ní tharlóidh sé go deo mar tá sé ábhairín níos deacra. Is rud an-deimhin é. Teastaíonn ó a lán Éireannach an teanga a labhairt ach tá fadhb leis an gcur chuige. Tá sé chomh deimhin níl a fhios agam cá háit chun tosú leis i ndáiríre.

Tá sé suimiúil. Tá tús curtha le díospóireacht-----

Ms Orlaith Ruiséal

Ba bhreá liom é.

Sin é an fáth a luaigh mé agus an Teachta Aindrias Moynihan freisin é. Nuair a chuir mé an cheist, an dream a bhí ag caint liom, bhí Gaeilge acu, bhí Gaeilge ó dhúchais ag tuismitheoir amháin ach an rud a bhraith siad ar an talamh ná go raibh idirdhealú á dhéanamh, ní ar thréimhse gairid, Ní raibh deis ag na gasúir teacht le chéile.

Ms Orlaith Ruiséal

Ní féidir liom ach labhairt ar son Chorca Duibhne mar bím ag imeacht timpeall na naíonraí agus bíonn siad ar fad le chéile. Bíonn ábhairín beag de shuí ag an mbord ach go hiondúil bíonn siad ar fad le chéile istigh in aon seomra amháin measctha le chéile.

Maidir le deimhneacht agus chomh casta agus atá sé, labhair mise i nGaeilge ar feadh dhá nóiméad le déanaí le hUachtarán an Choimisiún Eorpaigh a bhí anseo os comhair na Dála.

An fáth a luaim é ná an t-aisfhreagra a bhí air sin á rá cé chomh drochbhéasach is a bhí mé. Bhí aisfhreagra dearfach freisin, ach luaim é sin chun a chur in iúl cé chomh casta is atá sé.

Ó Juncker an ea?

Ní ó Juncker ach ó dhaoine ar an Idirlíon ag rá go raibh mé drochbhéasach, agus is é seo ag labhairt le duine ón Eoraip a bhfuil taithí na mblianta aige. Níl mé ag labhairt fúm féin ná faoin bhfear ach ag rá cé chomh casta is a léirigh an t-aisfhreagra an chás ó thaobh na Gaeilge de. Cheap daoine áirithe gur drochbhéasach an ní é an Ghaeilge a úsáid sa Dáil. Níl sé ar leibhéal na ngasúr amháin.

Tá sé sin thar a bheith spéisiúil mar tá fadhb sa Dáil anseo má labhraíonn duine Gaeilge. Diúltaíonn go leor de na Teachtaí nach bhfuil Gaeilge acu na cluasáin a úsáid. Téann na Teachtaí céanna anonn go dtí an Bhruiséil, gabhann siad isteach sna cruinnithe agus ní thuigeann siad Slóvaicis nó Seicis nó na teangacha sin uilig. Rud a thug mise faoi deara a tharla nuair a bhíodh mise ag dul ann - ní raibh mé an oiread sin amanna ann ach bhí mé ann réasúnta minic - ná go labhródh chuile dhuine ina dteangacha féin ar maidin agus tráthnóna labhródh na Beilgigh agus na Francaigh i bhFraincis agus labhródh chuile dhuine eile i mBéarla. Ar maidin bhí an rud ar fáil i chuile theanga agus dá bharr d'úsáid mise i gcónaí an Ghaeilge. Ghlac chuile dhuine leis gur chuir siad na cluasáin orthu. Is Juncker is lú a chuirfeadh iontas ar dhuine a bheith ag labhairt teanga nár thuig sé agus a d'úsáidfeadh na cluasáin. Baineann an meon aisteach seo le hÉirinn.

Taispeánann sé-----

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Nuair atá an páiste trí bliana, tá sé beagán deireanach do thuismitheoirí ag an am sin de. Sílim gurb é an am go gcaithfimid dul i bhfeidhm ar thuismitheoirí ó thaobh na Gaeilge de ná nuair atá an páiste sa bhroinn ionas go bhfeicfidís féin an tábhacht agus an phráinn a bhaineann leis an teanga agus ansin go dtiocfadh sé go nádúrtha. Sílim gurb é sin an áit go gcaithfimid díriú air. Táim ag ceapadh go mb’fhéidir go bhfuil beagán díriú á dhéanamh air sin faoi láthair ó thaobh na Roinne Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta de.

Táim ag cuimhneamh ar shraith fógraí a bhí ann an chéad uair nuair a bhí clár feasachta againn ar an teilifís, agus bhí sé bunaithe ar an gcoincheap sin, ar an ngasúr sa bhroinn agus go gcaithfí tosú ansin. Nuair a smaoinítear air, ag glacadh leis go bhfuil an ceart ag an bhfinné go bhfuil an Béarla ag chuile ghasúr, agus níl aon ghasúr ag fás aníos gan Bhéarla, is féidir Gaeilge ó dhúchas a bheith ag na tuismitheoirí agus an gasúr a fhás suas gan Ghaeilge. Tá sé craiceáilte an gasúr a robáil ar an rud is éasca a thabharfaidh siad leo, is é sin an dá theanga. Ní bheadh fadhb dá laghad ag gasúr dhá theanga a thabhairt leis nó léi nó an tríú teanga a thabhairt leis nó léi da mba rud é go mbeadh sé aige nó aici le labhairt. Sílim féin go bhfuil síolteagasc le déanamh i ndearcadh phobal na Gaeltachta. Bhí sé intuigthe gur bhain an Ghaeilge le bochtanas agus go ndeachaigh daoine go Sasana suas go dtí na 1960í nó fiú amháin na 1970í gan mórán Béarla. Tá an saol sin imithe ach tá an rud fós i gcloigeann na ndaoine agus tógfaidh sé tamall sula n-imeoidh an rud sin.

Ina choinne sin, bhí sé thar a bheith spéisiúil, nuair a bhíomar ag plé leis an mBille um oideachais, go raibh plé ollmhór á dhéanamh maidir le coinníollacha iontrála scoile anseo i mBaile Átha Cliath go mórmhór. Bhí scoil amháin sa chathair agus bhí siad ag iarraidh go mbeadh coinníoll ann go mbeadh tús áite ag gasúr atá á dtógáil i ndáiríre píre le Gaeilge sa bhaile, i lár chathair Bhaile Átha Cliath. Chuir mé ceist orthu agus bhí céatadán suntasach de ghasúir ag dul go dtí an scoil seo agus an Ghaeilge a labhraítear leo i ndáiríre sa bhaile. Baineann sé seo le meon nua atá sna cathracha, agus le cúnamh Dé tiocfaidh sé go dtí na Gaeltachtaí. Feiceann an duine go bhfuil fadhb ollmhór ar dhaoine go bhfuil faitíos orthu áit a dtógfaí iad go mbeadh an gasúr fásta aníos agus gan aon Bhéarla a bheith acu.

Ms Orlaith Ruiséal

Luaigh Bean Mac Con Iomaire ansin go gceapann sí go gcaithfidh muid dul i bhfeidhm ar dhaoine agus an leanbh sa bhroinn. Bheinn ag imeacht isteach agus amach ó Ospidéal Ollscoile Chiarraí i dTrá Lí go dtí ranganna réamhbhreithe. Is é sin an áit a théadh muintir Ghaeltacht Chorca Dhuibhne. Theastaigh uaim go mbeadh teacht agam orthu. Is dóigh liom go bhfuil féidearthacht mhór ann do Dhún na nGall, do Ghaillimh, do Ráth Chairn agus do na Gaeltachtaí eile, mar go rabhadar chomh fáiltiúil sa rang a bhí san ospidéal, agus cé nach raibh aon Ghaeilge ag na mná cabhracha a bhí ag plé leo, thuigeadar mar sin féin an tábhacht a bhain leis an Ghaeilge. Rachadh mé isteach ar feadh deich nóiméad ag labhairt mar gheall ar ábhar níos leithne ná an Ghaeilge, ach bhí mé ag labhairt mar gheall ar an nGaeilge nó aon teanga eile, agus an tábhacht a bhaineann le do theanga dhúchais a thabhairt dá leanbh. Fuair mé aiseolas ó chúpla duine ag rá nach raibh siad ag labhairt nó fiú ag smaoineamh mar gheall air agus go raibh mé tar éis iad a chur ag smaoineamh agus go rachaidís ar aghaidh agus a leanaí a thógáil le Gaeilge.

Is dóigh liom go bhfuil féidearthacht mhór ann don tír tógáil air sin, agus an tábhacht a bhaineann leis. Faoi mar a dúirt Bean Mac Con Iomaire, nuair a bhíonn leanbh trí bliana d'aois, tá an-chuid teanga sealbhaithe aige nó aici faoin tráth sin. Tá sé an-deacair, ach is féidir tabhairt faoi má dhéantar iarracht coinsiasach. Tá sé an-deacair ach is fiú dul i bhfeidhm ar na daoine seo sula dtagann an leanbh ar an saol.

B'fhéidir gur cheart dúinn iarracht dul i bhfeidhm orthu sa mheánscoil sula dtosaíonn ag gabháil le cúirtéireacht, agus ag cuimhneamh ar cad a bheadh acu amach anseo do na leanaí, ach ní fheadar. Is dóigh liom go bhfuil féidearthachtaí ann ach féachaint orthu chun dul i bhfeidhm roimh ré ar dhaoine.

An bhfuil aon duine eile ar mhaith leis nó léi labhairt? Tá ceist amháin agam eile maidir le Ráth Chairn. Freastalaíonn cuid de na gasúir ar scoil taobh amuigh den Ghaeltacht. An bhfuil sé sin trí Ghaeilge?

Ms Úna Ní Fhaircheallaigh

Níl. Freastalaíonn an chuid is mó de ghasúir Ráth Chairn ar bhunscoil Ráth Chairn. Tá scoil bheag lasmuigh den Ghaeltacht i gCill Bhríde agus téann siad chuige sin. Is scoil Bhéarla é sin. Nuair a thagann siad ag an meánscoil, tá fadhbanna againn muintir na Gaeltachta a choinneáil ag an meánscoil atá i Ráth Chairn. Seans go mbaineann sé le hoideachas. De réir taighde, má théann cailín ag scoil le cailíní eile, déanann siad níos fearr ná dul ag scoil measctha, agus is scoil measctha an scoil i Ráth Chairn. Is é sin fáth amháin, b'fhéidir, go bhfuil daoine ag dul lasmuigh den Ghaeltacht.

Tá plé á dhéanamh ar an gceist seo nuair a bhíonn muid ag labhairt faoi pleananna teanga agus tá fáthanna eile ann freisin. Tá fadhbanna againn i Ráth Chairn múinteoirí a fháil atá in ann oideachas trí mheán na Gaeilge a chur ar fáil sa scoil sin. Tá daoine a bhfuil d’acmhainn acu a gcuid ghasúr a chur chuig Coláiste Eoin nó Coláiste Íosagáin i mBaile Átha Cliath mar is trí Ghaeilge ar fad a dhéantar an scolaíocht ansin. Tá na fadhbanna sin ann freisin. Tá muidne i Ráth Chairn buailte le Baile Átha Cliath, agus bainimid úsáid as an gcathair ach ní chabhraíonn sé sin leis an nGaeltacht bheag atá againn.

Ba mhaith liom aontú le han-chuid a dúirt Bean Ruiséal ansin. Mothaíonn daoine bagairt ó thaobh na Gaeilge de. Tá bagairt eile i gceist nach mbaineann seachas an bagairt a luadh an Teachta Ó Cuív. Ceapann daoine eile go bhfuil éirí in airde i gceist leis an nGaeilge agus go bhfuil postúlacht i gceist leis. Mothaíonn siad go bhfuil daoine ag bagairt ar dhaoine eile go gcaithfidh siad an Ghaeilge a labhairt agus nach bhfuil sé féaráilte. Tá fadhbanna éagsúla ag Ráth Chairn toisc an áit a bhfuilimid.

Go raibh míle maith ag na finnéithe as an dá chur i láthair. Bhí siad cuimsitheach agus an t-uafás eolais iontu. Tá ceist dheireanach agam ar Bhean Mac Con Iomaire maidir leis na dúshláin atá aitheanta aici agus an géarghá le seirbhís tacaíochta ón Stat. Tá seacht bpointe luaite aici anseo go soiléir. An bhfuil an méid sin curtha in iúl ag na finnéithe do na Ranna?

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Tá.

I scríbhinn agus freagra faighte ag na finnéithe.

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Tá. Ní féidir cuid acu a dhéanamh, tá siad ag breathnú ar chuid acu, tá siad ag rá faoin gcóras leictreonach go mbeidh sé sin ar fáil, agus níl acmhainní acu. Tá sé curtha i scríbhinn agus tá freagra faighte againn.

An fáth a luaim é sin ná go ndeirtear go minic linn anseo nach bhfuil an t-éileamh ann. Tá sé cruthaithe ag na finnéithe go bhfuil an t-éileamh ann. Chuile Roinn, chuile choicís-----

Ms Mairéad Mac Con Iomaire

Chomh maith leis sin, thug an Coimisinéir Teanga an-chúnamh dúinn le go leor dár gcuid ábhar, mar ní líonfadh muid na hionaid aonair i mBéarla, agus d'fhanfadh muid go gcoinneodh muid in áit éigin é. Ní chuirfeadh muid aon ábhar ar fáil i mBéarla ar chor ar bith, do thuismitheoir, do mhúinteoirí ná do pháistí, agus d'fhanfadh muid go dtí go dtiocfadh muid air nó go n-aistreodh muid féin é. Fuair muid cuid mhaith chúnaimh ó Oifig an Choimisinéara Teanga le cuid de na hacmhainní a bhí uainn a fháil.

Is é an rud is measa faoi ná go bhfaigheadh duine rud i mbliana, ach bheadh an duine ar ais arís ar a ghlúine á iarraidh an chéad bhliain eile agus an chéad bhliain eile, mar níl polasaí ann.

Níl mise ag rá go bhfuil aon phráinn leis an teanga, ach níl an polasaí ann le go mbeadh rud a chaithfear a bheith ag muintir na Gaeltachta nó ag muintir na Gaeilge nó pé rud é féin le fáil go furasta agus nach mbeadh sé á iarraidh. Is é an rud a ghoileann ormsa mar bhainisteoir ar an eagraíocht ina haonar ná a bheith ag iarraidh go síoraí nuair a chreidim gur de ceart é go mbeadh ár gcuid ábhar agus seirbhísí ar fáil dúinn trí Ghaeilge, go mbeadh seirbhís Ghaeilge ar fáil do phobal na Gaeltachta leis an nGaeilge, ár gcéad teanga, agus go bhfaighimid iad sin gan cheist. Tá an-tábhacht leis na focail sin: gan cheist. Tá i bhfad an iomarca ceisteanna ann. Tá freagraí faighte againn, tá na ceisteanna againn, ag an gcomhlacht, agus tá siad curtha. Mar a deir mé, ní dheachamar ar chúl a téarmaí nuair a chuamar go dtí an Coimisinéir Teanga. D'inis muid go hoscailte gur muid a bhí ann agus céard a bhí uainn. Fuaireamar roinnt ábhar.

Go raibh míle maith ag na finnéithe go léir: an tUasal Mairéad Mac Con Iomaire, an tUasal Ray Mac Pháidín, an tUasal Mairéad Mhic Dhonncha, an tUasal Páraic Ó Gríofa, an tUasal Úna Ní Fhaircheallaigh, an tUasal Mary Uí Fhaogháin, an tUasal Eithne Mhic Fhionnlaoich agus an tUasal Orlaith Ruiséal. Tá a fhios agam nach raibh sé éasca teacht os ár gcomhair inniu agus an aimsir chomh hálainn is atá sé. Tá sé tábhachtach dúinne agus thar a bheith cabhrach dúinne freisin. Beidh tuarascáil i gceist againn freisin i gceann cúpla seachtain.

Beidh sos beag againn anois.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 6.11 p.m. agus cuireadh tús arís leis i seisiún príobháideach ar 6.14 p.m.
Lean an coiste le gnó príobháideach, agus cuireadh an coiste ar fionraí ag 6.30 p.m. go dtí 5.30 p.m., Dé Máirt, 10 Iúil 2018.