Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus leis an gcomhchoiste as an gcuireadh teacht i láthair anseo tráthnóna. Is mór an tacaíocht dom an tsuim leanúnach a chuireann an comhchoiste seo i gcúrsaí cearta teanga agus reachtaíochta teanga. Tá an pháirt ghníomhach atá á glacadh ag an gcoiste sna cúrsaí seo agus an díospóireacht a spreagann sé fíorthábhachtach, tráth a dteastaíonn athmhachnamh ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge.
Tugadh cuireadh dom anseo inniu chun príomhthorthaí mo thuarascála bliantúla 2018 a chur i láthair agus aon cheisteanna atá ag an gcoiste a fhreagairt chomh maith. Ar nós oifigí ombudsman agus oifigí géilliúlachta eile, tá an t-idirphlé a bhíonn againn leis an bpobal thar a bheith tábhachtach inár gcuid oibre. Bímid ag brath ar an bpobal chun na deacrachtaí a bhíonn acu seirbhísí a fháil ón státchóras i nGaeilge a chur faoinár mbráid. Réitítear cuid mhaith de na deacrachtaí aonaracha a bhíonn ag daoine, cé nach n-éiríonn linn gach deacracht a réiteach, go háirithe nuair nach ann do dhualgas reachtúil seirbhísí áirithe a chur ar fáil i nGaeilge nó i gcásanna nach dtagann comhlacht poiblí faoi scáth Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is bunfhadhbanna iad sin a bhaineann leis an Acht féin agus a bhfuil cuid mhaith plé déanta orthu roimhe seo. Táthar freisin ag brath ar thoil an Stáit caitheamh go cothrom le daoine a dteastaíonn uathu a gcuid gnó a dhéanamh trí Ghaeilge. Níl aon amhras orm ach nach bhfuil an státchóras sách réamhghníomhach i soláthar na seirbhísí sin agus go minic go mbaineann crá croí le bheith ag iarraidh cuid de na seirbhísí poiblí is bunúsaí a fháil i nGaeilge.
Bhí líon na ngearán a rinneadh le m’oifig le linn 2018 mórán mar an gcéanna leis an mbliain roimhe sin. Bhí titim an-bheag ó 638 go 634 ann. Bhain os cionn 90% de na gearáin le cúig réimse faoi leith: forálacha i scéimeanna teanga, comharthaíocht agus stáiseanóireacht, freagra i mBéarla ar chumarsáid i nGaeilge, comharthaí bóthair, agus fadhb le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge. Tháinig trian de na gearáin ó dhaoine i mBaile Átha Cliath agus ceann as gach uile chúig cinn ó dhaoine sna ceantair Ghaeltachta. Arís, ghoill sé orm mar Choimisinéir Teanga nach raibh ar mo chumas thart ar leath de na gearáin a rinneadh liom a fhiosrú de thoradh, den chuid is mó, gan dualgas a bheith ar chomhlachtaí poiblí seirbhísí cuimsitheacha Gaeilge a chur ar fáil.
Bhí an fhadhb maidir le húsáid ainmneacha agus sloinnte i nGaeilge go mór sa nuacht le deireanaí. Thagair mé sa tuarascáil chomh míshásúil is atá sé nach bhfuil córais ríomhaireachta roinnt comhlachtaí poiblí in ann déileáil le síntí fada go fóill. Is cuid lárnach de chéannacht an duine a ainm. Níl sé míréasúnta a bheith ag súil go ndéanfaí soláthar don mhéid sin i gcórais ríomhaireachta na gcomhlachtaí poiblí i ré theicneolaíochta na linne seo. Tá mé ar an eolas faoi chinneadh a rinne an Coimisiún Cosanta Sonraí ar an ábhar seo le deireanaí agus an rialú nach raibh dualgais chosanta sonraí á sárú ag Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte nuair nach raibh ar chumas a gcórais ríomhaireachta síntí fada ar ainm duine a thaifeadadh. Tuigfidh baill den choiste nach dtagann cúrsaí cosanta sonraí faoi mo dhlínse agus, mar sin, nár mhaith liom aon tuairim a thabhairt ar chinneadh an choimisiúin.
An méid sin ráite, creidim go láidir nár chóir gur cheist cosanta sonraí a bheadh anseo ó thús deireadh. Is ábhar í a bhaineann le húsáid teanga oifigiúla de chuid an Stáit seo agus is gá go ndéileálfaí leis ar an mbealach sin. Léiríonn an deacracht atá ann an tábhacht go mbeadh an t-ábhar seo cuimsithe ag reachtaíocht teanga. Gan foráil reachtúil, tá sé soiléir nach féidir glacadh leis go réiteofar an fhadhb seo go huathoibríoch nó in imeacht ama. Tá sé tráthúil mar sin go scrúdófaí an cheist seo go mion agus Bille na dTeangacha Oifigiúla ag teacht faoi bhráid an choiste go luath. Tá fáilte le cur roimh an bhforáil a bhí sna ceannteidil ina leith seo ach, mar atá ráite agam roimhe seo, creidim go dteastaíonn í a threisiú. D’fhéadfaí sin a dhéanamh ach dáta cinnte a shocrú le dlí faoina gcaithfeadh córais ríomhaireachta atá in úsáid ag an státchóras a bheith in ann glacadh le síntí fada. Ní gá agus níor cheart go bhfágfaí faoi chomhlachtaí poiblí na dátaí sin a shocrú.
Ar ábhar gaolmhar, ní mór chomh maith aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb a bhíonn ag daoine a n-ainm i nGaeilge a úsáid nuair a bhíonn na sonraí sin i mBéarla ar bhundoiciméid chéannachta. Is fadhb leanúnach í seo agus ba cheart an deis atá ann réiteach reachtúil a fháil ina leith a thapú anois.
Tá cur síos sa tuarascáil bhliantúil chomh maith ar cheann de na himscrúduithe is tábhachtaí a rinneadh i stair na hoifige, ba é sin an t-imscrúdú ar an gcraoltóir seirbhíse poiblí, RTÉ. D’eascair an t-imscrúdú seo ó ghearán a rinne duine den phobal liom faoi easpa chraoltóireachta trí Ghaeilge a bhí le brath ar sheirbhísí craoltóireachta RTÉ.
Léirigh an t-imscrúdú féin gur beagán le cois 100 uair an chloig de chláir theilifíse Ghaeilge a craoladh ar RTÉ le linn 2017, i gcomparáid le hos cionn 18,000 uair an chloig de chláir Bhéarla. Is ionann sin agus 0.7%. Is léir, faraor géar, go bhfuil craoladh clár teilifíse Gaeilge beagnach caite i dtraipisí ar fad ag an gcraoltóir náisiúnta faoin tráth seo. Cibé céard faoi aon shárú reachtaíochta, is bocht an scéal é d'aon chraoltóir náisiúnta go mbeadh céad teanga oifigiúil na tíre fágtha ar lár ar fad beagnach ó chraoladh teilifíse an chraoltóra chéanna. Ba í seo an chéad uair a fiosraíodh na forálacha reachtúla teanga de chuid an Achta Craolacháin 2009. Sorchaíonn na fionnachtana agus na moltaí atá déanta agam fasach thábhachtach don todhchaí. Chinn mé san imscrúdú go gcaithfeadh RTÉ réimse cuimsitheach clár Gaeilge a chraoladh ar sheirbhís raidió agus teilifíse an chraoltóra. Nuair a socraíodh an fhoráil reachtúil seo, ba léir gurbh é toil an Oireachtais go mbeadh an Ghaeilge le feiceáil agus le cloisteáil ar sheirbhís teilifíse agus raidió an chraoltóra náisiúnta. Socraíodh an dualgas sin agus lánfheasacht ar ról TG4. Gan dabht, tá breithiúnas i gceist le céard is brí le "réimse cuimsitheach", ach nuair ba leibhéal íosta ar fad an méid clár a bhí á chraoladh ar an tseirbhís teilifise, b'éasca a aithint nach raibh an dualgas á chomhlíonadh.
Má chuirtear mo chuid moltaí i bhfeidhm, mar a bheinn ag súil go ndéanfadh aon chomhlacht poiblí freagrach, beidh tionchar mór aige ar sholáthar na gclár teilifíse Gaeilge san am atá le teacht. Sna míonna beaga amach romhainn, beidh mé ag súil le tuarascáil agus plean ó RTÉ ar an mbealach a dtabharfar faoi chomhlíonadh na ndualgas reachtúil teanga seo. Is é comhlíonadh na ndualgas sin an t-aon slat tomhais a bheidh in úsáid agam agus mé ag tabhairt mo bhreithiúnais an leor na moltaí a dhéantar in aon phlean a thagann ó RTÉ. Tráth ar eisíodh an tuarascáil bhliantúil, thagair RTÉ in athuair do na réimsí seirbhísí eile, idir seirbhísí digiteacha agus ar líne, a chuirtear ar fáil i nGaeilge. Níl aon cheist ach go bhfuil fiúntas le forbairt na réimsí sin, ach déanaim an pointe go daingean in athuair nach laghdaíonn siad an dualgas atá ann maidir le craoladh réimse cuimsitheach clár teilifíse agus raidió i nGaeilge. Ar ndóigh, má thagaim den tuairim nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe á gcur i bhfeidhm go sásúil, d'fhéadfainn tuarascáil maidir leis an méid sin a chur faoi bhráid Thithe an Oireachtais i gcomhréir leis na cúraimí atá leagtha orm.
I measc na n-imscrúduithe eile is suntasaí a tugadh chun críche le linn na bliana, tá ceann ar an Roinn Talmhaíochta, Bia agus Mara, a shocraigh poist a fhógairt in dhá cheantar Gaeltachta gan aon riachtanas Gaeilge a bheith luaite leo; tá ceann ar an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil as an gcreat náisiúnta pleanála, a bhí mar chuid de Thionscnamh Éire 2040, a fhoilsiú i mBéarla amháin; tá ceann ar Chomhairle Contae Chorcaí as Google Translate a úsáid chun suíomh gréasáin na heagraíochta a aistriú ó Bhéarla go Gaeilge; agus tá ceann ar Amharclann na Mainistreach de thoradh comharthaíocht a bheith ar neamhréir leis na rialacháin. Tá tábhacht le gach ceann de na himscrúduithe seo astu féin ó tharla gur bhain siad le neamhchomhlíonadh gné éigin d'fhoráil teanga nár éirigh linn a réiteach tríd an bpróiseas neamhfhoirmiúil réitithe gearáin a fheidhmíonn m'oifig. Ach oiread le RTÉ, scrúdófar cur i bhfeidhm mholtaí na n-imscrúduithe sin le linn na bliana seo.
D'fhógair mé anuraidh ag cruinniú den chomhchoiste seo go raibh mé ag cur deireadh leis an bpróiseas monatóireachta a bhí i bhfeidhm ag m'oifig go dtí sin, is é sin iniúchadh ar scéimeanna teanga aonaracha den chuid is mó. Is mar thoradh ar mo thráchtaireacht ar chóras na scéimeanna teanga, a léirigh go raibh úsáid á baint as an gcóras chun cúngú agus lagú a dhéanamh ar sheirbhísí trí Ghaeilge, a chinn mé an méid sin a dhéanamh. Mheas mé nach mbeadh sé cuí dom mar Choimisinéir Teanga acmhainní teoranta na hoifige a dhíriú den chuid is mó ar chóras atáthar a fheidhmiú go fabhtach. Ó lár na bliana seo caite, chuir m'oifig córas nua faireacháin i bhfeidhm lena ndéantar iniúchadh ar líon na bpost atá sainaitheanta ag Ranna Rialtais lena mbaineann riachtanas Gaeilge, úsáid na dteangacha oifigiúla ar chomharthaíocht ag suíomhanna oidhreachta de chuid Oifig na nOibreacha Poiblí agus cur i bhfeidhm gealltanas reachtúil a bhaineann le suíomhanna gréasáin de chuid na n-údarás áitiúil. Tá súil agam an tuarascáil faireacháin don bhliain 2018 a fhoilsiú faoi cheann roinnt seachtainí agus na torthaí sin a chur faoi bhráid an choiste seo. Idir an dá linn, táim féin agus tá ár mbainisteoir géilliúlachta, Eileen Seoighe, breá sásta tuilleadh plé a dhéanamh leis an gcoiste ar an múnla nua agus an modh oibre a bhí againn. Forbrófar an córas seo de réir a chéile. Tá sé i gceist agam tuarascáil faireacháin a fhoilsiú go bliantúil feasta. Faoi láthair, níl aon údarás agam monatóireacht a dhéanamh ar chomhlíonadh aon fhorálacha teanga d'aon achtacháin eile seachas na cinn sin a bhaineann le hAcht na dTeangacha Oifigiúla. Creidim go gcuirfeadh sé go mór le mo chuid feidhmeanna dá bhféadfainn aghaidh a thabhairt air seo agus an tAcht á leasú.
Tá tagairt déanta agam sa tuarascáil bhliantúil don mhoill atá ann le foilsiú Bhille na dteangacha oifigiúla chun leasú a dhéanamh ar an Acht reatha. Tá an tAcht ar an bhfód anois le hos cionn 15 bliana, agus tá dhá bhliain caite ó foilsíodh na ceannteidil is deireanaí. Mar sin féin, táimid fós ag fanacht le foilsiú an Bhille. Tá na leasuithe a theastaíonn pléite agus athphléite faoin tráth seo. Tá moltaí stuama an choiste seo curtha i láthair sa tuarascáil a fhoilsíodh i mí na Bealtaine 2018. Is beag eile is féidir a rá faoin ábhar nach bhfuil ráite go minic cheana. Ní theastaíonn uaim dóchas ná éadóchas a léiriú faoi fhoilsiú an Bhille ag an tráth seo ó tharla gur ábhar í nach bhfuil aon smacht agam air. Is faoin Aire agus faoin Roinn atá sé an Bille a fhoilsiú agus a achtú. Glactar leis go coitianta go dteastaíonn Acht nua go géar chun aghaidh a thabhairt ar na feabhsúcháin atá de dhíth. Dá fheabhas a bhíonn aon reachtaíocht, ní leor í aisti féin. Níl aon amhras orm ach go dteastaíonn athrú ón mbun aníos ar chur chuige an státchórais chomh maith. Níor cheart go mbeadh eagraíochtaí Stáit ag féachaint ar an nGaeilge mar ualach nó mar dhualgas atá le comhlíonadh go drogallach nó le seachaint nuair is féidir. Ba cheart go bhféachfaí i gcónaí le stádas a thabhairt don teanga agus a húsáid a chur chun cinn in chuile bheartas agus gníomhaíocht de chuid an Stáit más ann go bhfuiltear chun caitheamh léi mar theanga oifigiúil atá ar chomhchéim leis an mBéarla.