Tá mise i m’eagarthóir ar an iris Nós atá lonnaithe i mBéal Feirste agus atá á foilsiú ar líne ag nós.ie ó 7 Eanáir 2015. Is dóigh liom gurb é seo an chéad uair iris atá lonnaithe sna Sé Chontae a bheith os comhair coiste. Níl a fhios agam an bhfuil sé sin fíor ach is mór an onóir dúinn a bheith anseo mar iris lonnaithe ó Thuaidh. Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an gcuireadh.
Ní as na Sé Chontae mé féin mar is léir ó mo chuid cainte. Sula raibh mé i m’eagarthóir ar Nós chaith mé beagán le cois trí bliana i m'iriseoir le tuairisc.ie faoi Sheán Tadhg Ó Gairbhí i gContae na Gaillimhe agus roimhe sin arís i m'iriseoir ilmheáin le "Nuacht RTÉ" agus "Nuacht TG4" atá lonnaithe sa chontae céanna. Déarfaidh mé píosa beag faoi chúlra Nós ar dtús agus ansin cuirfidh mé síos ar na dúshláin a bhíonn romhainn agus na héachtaí atá bainte amach againn go dtí seo.
Tá Nós ar an bhfód i bhfoirm éigin ó Lá Fhéile Pádraig 2008, atá beagnach 14 bliain ó shin. Ba é Tomaí Ó Conghaile, iar-iriseoir don nuachtán Lá a bhí lonnaithe i mBéal Feirste, a bhunaigh an iris. Cuireadh an chéad eagrán, eagrán 0, amach mar chód digiteach ar líne ar an 17 Márta 2008. Bhí Nós ina "shaorachán" - focal de mo chuid féin le cur síos ar iris shaor in aisce - a fágadh i leabharlanna agus i mbialanna ar feadh tamaill i mBéal Feirste. Bhí sé dírithe go príomha ar an gcathair sin agus amanna eile ar an gcuid eile de Chúige Uladh. Bhí leagan clóite ar fáil go héasca ag Gael Bhéal Feirste faoi dheireadh na bliana 2009.
Mar is eol don choiste, tháinig deireadh leis an nuachtán Foinse i mí an Mheithimh 2009. Tháinig Gaelscéal a bhí lonnaithe ar an Spidéal i gCois Fharraige ar an bhfód in 2010 agus go gairid ina dhiaidh sin, chuaigh Nós i gcomhar le Gaelscéal agus foilsíodh leagan den iris ina forlíonadh míosúil taobh istigh de leathanaigh Gaelscéal.
Tháinig deireadh sách tobann le Gaelscéal in 2013 agus b'éigean do Nós a bhealach féin a dhéanamh. Rinne athdhearadh ar an iris agus tosaíodh á foilsiú ar bhonn míosúil agus á scaipeadh i siopaí móra ar fud na hÉireann in Easons agus áiteanna mar sin. Faoin am sin, bhí dearcadh beagáinín níos uile-Éireannaí ag Nós agus níorbh fhéidir a dhéanamh gur iris Fheirsteach go príomha bhí inti níos mó.
Rinne Foras na Gaeilge athstruchtúrú, mar a luaigh Cormac Ó hAodha, ar an gcóras maoinithe a bhí ann d’fhoilseacháin Ghaeilge in 2014 agus bhuaigh Rua Media, is é sin máthairchomhlacht Nós, an conradh le hiris ar líne do dhaoine óga a chur ar fáil. Ba choinníoll de chuid an chonartha nach gcaithfí pingin den airgead ar chur i gcló na hirise agus gealladh acmhainní eile. Beartaíodh nach mbeadh ann ach iris ar líne ó 17 Eanáir 2015 amach.
Bhí Tomaí Ó Conghaile, bunaitheoir na hirise, fós ina eagarthóir an t-am sin agus bhí Méabh Ní Thuathaláin, a bhog ar aghaidh go tuairisc.ie ina dhiaidh sin, ina leas-eagarthóir. Tairgeadh an post eagarthóra domsa i mí na Samhna 2017 agus thosaigh mé sa ról sin ar Lá Fhéile Bríde in 2018. Tá mé ann ó shin.
Faighimid €62,000 sa bhliain agus táthar ag súil gur féidir iris ardchaighdeán nua-aimseartha a reáchtáil ar an airgead sin. As sin, íoctar mo thuarastal, is é sin €28,000; íocaíochtaí na scríbhneoirí seachtracha, is é sin €24,000 sa bhliain ó 2009; tuarastal an riarthóra agus eagarthóra físeáin, Gráinne Holland, atá fostaithe go páirtaimseartha agus a fhaigheann thart ar €6,000 sa bhliain; cíos ar an oifig i mBéal Feirste, €3,000 agus costais bheaga eile leis an gcuid eile den airgead sin.
Is é deontas Fhoras na Gaeilge an t-aon teacht isteach rialta atá ann agus íoctar é sin uair sa ráithe. Bíonn deontais eile ar fáil ón choiste craoltóireachta ó Thuaidh anois is arís. Ní bhfuaireamar é sin le dhá bhliain anuas. B'fhéidir go raibh baint ag Covid leis sin. Ó cuireadh deireadh leis an iris clóite seacht mbliana ó shin, ní thagann aon airgead isteach ó lucht léitheoireachta na hirise agus ní bhíonn fógraí tráchtála ar Nós.
Is iris chultúir agus stílmhaireachtála é Nós a bhfreastalaíonn go príomha ar dhaoine atá idir 18 agus 34 in Éirinn ach ní hé le rá nach mbíonn daoine atá níos sine ná níos óige ná sin á léamh agus nach mbíonn daoine atá taobh amuigh d'Éireann á léamh ach an oiread. Tá 46% de na léitheoirí san aoisghrúpa sin, is é sin 18 go 34. Tá 34% de na léitheoirí san aoisghrúpa 35 go 54 agus tá 20% san aoisghrúpa os cionn 55 bliain d'aois.
Níl figiúirí ar fáil do na daoine atá faoi bhun 18 bliain d'aois. Tá sé mar pholasaí againn gan díriú ar an aoisghrúpa sin ar chor ar bith, mar gheall ar chuid den ábhar a bhíonn ar an suíomh. Bíonn caint ar chúrsaí collaíochta, drugaí agus alcóil agus rudaí mar sin. Ní dhírímid ar an aoisghrúpa sin ar aon chaoi.
Léiríonn na figiúirí léitheoireachta gur sna 26 Contae atá 54% dár léitheoirí, méadú ar an 49% in 2020. Baineann na figiúirí seo le 2021. Tá 24% sna Stáit Aontaithe agus 10% sa Ríocht Aontaithe ach tá na Sé Chontae san áireamh leis an bhfigiúr sin. Ní féidir é a dhéanamh amach. Tugtar figiúr dom don Ríocht Aontaithe uile. Ar na tíortha eile ba mhó a bhí léitheoirí Nós in 2021 bhí Ceanada, An Bheilg, An Fhrainc, An Ghearmáin, An Astráil, An Ísiltír agus An Iorua agus tíortha eile nach iad.
Tá cóimheá 50:50 idir léitheoirí ban agus fear. Tagann na figiúirí seo ar fad ó Google Analytics. Tá ardú mór millteanach tagtha ar líon na léitheoirí atá ag Nós le cúig bliana anuas. Thug tuairim agus 27,000 duine cuairt ar an suíomh in 2017. Méadaíodh an líon sin go 62,000 in 2018, 69,000 in 2019 agus chomh hard le 92,000 duine uathúil, i mbliain mhór na paindéime, 2020.
Anuraidh, 2021, léigh 72,000 duine an iris. Is laghdú é sin ar an mbliain roimhe sin agus is laghdú is féidir a thuiscint agus na srianta diana á maolú i gcaitheamh na bliana. Bhí an fás sin in 2020 thar a bheith mór.
Murab ionann agus tuairisc.ie, ní iris laethúil muid agus murab ionann agus Feasta ní iris mhíosúil ach an oiread muid. Is annamh a fhoilsítear ábhar ag an deireadh seachtaine agus bíonn laethanta áirithe ann i gcaitheamh na seachtaine nach mbíonn alt ann ar chúis amháin nó ar chúis eile. Mar sin féin, éiríonn linn ár sprioc 48 alt nó mír sa mhí a chur amach. B'fhéidir nach alt ach físeán nó rud mar sin ann.
Ó tháinig mé féin ó chúlra nuachta agus rinne mé iarracht do mo bhlianta tosaigh le Nós cuid den obair sin a thabhairt isteach san obair nua ach tomhaiseadh dom, tar éis bliana nó mar sin, nach raibh na hacmhainní airgeadais ná daonna ann le cos a choinneáil le leithéidí tuairisc.ie nó
suíomh na Gaeilge RTÉ ná TG4 agus d'athraigh mé an cúrsa sin agus thug mé aghaidh ar chineál iriseoireachta eile. Is colúin agus gné ailt den chuid is mó a bhíonn ann anois. Ní bhímid ag iarraidh nuacht a chur ar fáil chomh minic sin.
Tá grúpaí beaga scríbhneoirí cumasacha againn a bhíonn ag scríobh go rialta do Nós agus grúpaí níos mó a bhíonn ag scríobh anois agus arís. Nuair a thóg mé an stiúir ar Nós ag tús na bliana 2018, leag mé amach romham roinnt spriocanna. Ar cheann acu sin a bhí cur chun cinn óige na Gaeltachta ar ardán náisiúnta agus go deimhin idirnáisiúnta na hirise.
D'éirigh liom é sin a dhéanamh le ceithre bliana anuas. San achar sin, tá ailt rialta againn le Sláine Ní Chathalláin agus Aoife Ní Chiobháin as Corca Dhuibhne; Máirtín Seoighe, Kate Scott, Aifric Ní Scolaí agus Dónal Ó Braonáin as Conamara agus Póilín Nic Géidigh agus Seán Ó Dubhchon as Tír Chonaill. Tá sé i gceist agam an nasc láidir le hóige na Gaeltachta a choinneáil agus a chothú sna blianta atá amach romhainn freisin.
Táimid anseo inniu le labhairt ar conas is féidir foilsitheoireacht agus léitheoireacht nuachtán, iris agus tréimhseachán Gaeilge a chur chun cinn. Tá páirt nach beag imeartha ag na scríbhneoirí óga Gaeltachta ó thús borradh a chur faoi léamh agus scríobh na teanga ina gceantar dúchais féin. Is rud é atá thar a bheith tábhachtach domsa agus a bhfuil mé an-bhuíoch as.
Anuas ar na scríbhneoirí a luaigh mé cheana, tá gréasán scríbhneoirí ann atá lonnaithe taobh amuigh den Ghaeltacht agus tá cuid acu sin ar an gcoigríoch fiú, rud a léiríonn a thábhachta agus atá an iris do lucht labhartha na Gaeilge ar fud na hÉireann agus ar fud an domhain. Tá ról tábhachtach ag Nós maidir le hábhar sultmhar spreagúil a sholáthar do chainteoirí líofa Gaeilge. Cuirimid fáilte roimh lucht foghlamtha na teanga an iris a léamh agus tá sleachta as an iris curtha ar leabhair d'fhoghlaimeoirí ag foilsitheoirí éagsúla ach ní dhéanaimid aon leithscéal de gur ar sholáthar ábhair i nGaeilge mhaith atáimid do léitheoirí líofa Gaeilge.
Tá an teicneolaíocht ag síorathrú agus na modhanna léitheoireachta ag síorathrú dá réir. Tá tarraingt mhór ag na meáin uilig ar phobal na Gaeilge sa lá atá inniu ann agus bíonn ábhar físe agus fuaime againn ó am go chéile ach tá sé an-tábhachtach dúinn go bhfuil ábhar scríofa ar fáil do phobal na Gaeilge freisin. Tá géarghá le tacaíocht agus maoiniú breise má tá na meáin scríofa le cos a choinneáil leis na forbairtí nua-aimseartha seo.
Is gá do na meáin a bheith tarraingteach, ábhartha agus ar ardchaighdeán agus tá sé sin níos dúshlánaí fós i gcás mionteanga ar nós na Gaeilge. Braitheann mé féin agus lucht stiúrtha Nós ar an iris mar rud atá níos mó ná an iris féin. Cé go bhfuil sé deacair léitheoirí agus scríbhneoirí a thabhairt le chéile le dhá bhliain anuas, tá iarracht déanta againn ó thús a bheith i lár an aonaigh i saol na Gaeilge ar fud na hÉireann agus pobal á chruthú agus á chothú againn idir léitheoirí agus scríbhneoirí ar aon.
Tá na dúshláin atá romhainn mar a chéile don triúr againn anseo inniu agus do na foilsitheoirí eile atá taobh amuigh den seomra seo; roimh Chormac Ó hAodha, roimh Sheán Tadhg Ó Gairbhí agus roimh Chathal Goan i gComhar. Is iad easpa acmhainní agus foirne na cinn is mó de na dúshláin sin. Is ar phinginí beaga atá Nós ag soláthar na hirise faoi láthair agus bhí an iris i mbaol le briseadh cúpla uair i gcaitheamh na mblianta.
Táimid buíoch d'Fhoras na Gaeilge as an airgead a chuireann sé ar fáil dúinn. Nuair a bhreathnaítear ar an maoiniú a chuirtí ar fáil d'fhoilseacháin eile na blianta fada ó shin, cur i gcás, Foinse a bhfuair beagnach €1 milliún sa bhliain in airgead an lae inniu, is cuid an-bheag atá á fháil ag tuairisc.ie, Comhar, Nós agus Feasta anois. Is iad sin na trí fhoilseachán a dhéanann an Stát maoiniú orthu. Tá siar infheistíocht ag teastáil uainn le seirbhís mhaith rialta a chur ar fáil agus leis an gcéad ghlúin eile de scríbhneoirí agus léitheoirí Gaeilge a chruthú agus a chothú. Is chuige sin atáimid.
Níl ach fíorbheagán daoine sa tír a bhfuil an Ghaeilge agus na scileanna scríbhneoireachta acu le hábhar a chur ar fáil dúinn. Téann an fhadhb seo siar an bealach ar fad ag na naíonáin bheaga agus na naíonáin mhóra.
Tá daltaí, idir chainteoirí dúchais Ghaeltachta agus glan-fhoghlaimeoirí teanga, ag teacht trí chóras oideachais gur cuma leis i ndáiríre faoin nGaeilge agus faoi chothú léitheoirí agus scríbhneoirí Gaeilge. Tá roinnt mhaith cúrsaí coláistí agus ollscoileanna ann anois a chuireann leagan éigin de chúrsa iriseoireachta nó cúrsa cumarsáide ar fáil i nGaeilge, ach feictear domsa gurb í an Ghaeilge féin an dris chosáin is mó atá roimh na scríbhneoirí óga seo. Tá siad ag teacht amach as an gcóras scolaíochta gan tuiscint mhaith acu ar an nGaeilge, ar an ngramadach, ar an litriú, ar na difríochtaí idir chanúint agus caighdeán, ná ar stair agus oidhreacht na scríbhneoireachta, na léitheoireachta agus foilsitheoireachta na Gaeilge. Ní féidir ach méid áirithe a dhéanamh i gcúrsa trí bliana ar choláiste. Caithfear an scríbhneoireacht, an léitheoireacht agus an fhoilsitheoireacht a chothú ag aois i bhfad Éireann níos óige ná sin. Molaim an cur chuige déshrathach atá molta ag Conradh na Gaeilge agus grúpaí eile nach iad an córas scolaíochta.
An t-aon mholadh eile atá agam ná gur chóir maoiniú cuí a chur ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge, atá fágtha in áit na leathphingine le blianta fada anois. Is féidir forbairtí iontacha a dhéanamh ar an iriseoireacht Ghaeilge ach an maoiniú ceart a bheith ar fáil dúinn. Sna blianta amach romhainn, ba mhaith le Nós an fhoireann lánaimseartha atá againn a mhéadú, mar níl ann ach mé féin atá fostaithe go lánaimseartha anois, agus tuilleadh scríbhneoirí seachtracha rialta a chur i mbun pinn. Iarraim ar bhaill an choiste a chur ina luí ar na heagrais Stáit agus na Ranna ábhartha chomh tábhachtach is atá obair na n-irisí, na nuachtán agus na bhfoilseachán Gaeilge do stádas agus do bheocht na teanga in Éirinn agus thar lear. Iarraim ar an gcoiste fiafraí orthu siúd go bhfuil an sparán acu maoiniú breise agus maoiniú rialta a chur ar fáil don earnáil.