Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Thursday, 1 Feb 2024

Dualgais Reachtúla faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla: An tAire Stáit ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide

Tá an cruinniú seo ar siúl i seomra coiste 1 i dTithe an Oireachtais. Is gnáthchruinniú é ach tá gné fhíorúil ag baint leis chomh maith toisc go bhfuil roinnt daoine ag freastal air trí Microsoft Teams. Sa seomra coiste, tá mé féin agus an Teachta Dála Catherine Connolly. Ar líne, feicim na Teachtaí Dála Marc Ó Cathasaigh, Aindrias Moynihan agus Pádraig O'Sullivan agus an Seanadóir Seán Kyne. Leis sin, is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Tá leithscéal faighte againn ón Seanadóir Rónán Mullen.

Is é an t-ábhar atá á phlé againn inniu ná an dualgas reachtúil atá ar An Post, An Post GeoDirectory agus Capita Business Support Services Ireland Limited faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021. Tá an t-ábhar sin á phlé leis an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers, atá anois sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Fearaim fáilte roimh chomhaltaí an choiste, roimh an Aire Stáit, an Teachta Jack Chambers, agus roimh Ben King, príomhoifigeach, agus Dan Lawlor, príomhoifigeach cúnta, atá sa rannóg um nuálaíocht dhigiteach agus éirchóid sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. Tá na finnéithe ar fad ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 1 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Ní gá dom dul tríd na gnáthchoinníollacha ach meabhraím do dhaoine na fóin phóca atá acu a mhúchadh toisc go gcuireann siad as don chóras craolacháin. Tá an gnáthchleachtas i gceist maidir le pribhléid agus a leithéid. Meabhraím do dhaoine a bheith cúramach sa mhéid atá le rá acu agus gan damáiste a dhéanamh do dhea-chlú aon duine.

Má iarraim ar éinne stop a chur leis an méid atá á rá aige nó aici, ba chóir go ndéanfaidh sé nó sí é sin láithreach. Cuirfimid tús leis an gcruinniú anois. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as teacht os ár gcomhair agus cuidiú linn díriú isteach air seo. B'fhéidir gur féidir leis an ráiteas tosaigh atá aige a léamh anois.

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach agus le comhaltaí an choiste as cuireadh a thabhairt dom freastal ar an gcruinniú den chomhchoiste inniu chun labhairt faoin tuarascáil dar teideal "Eircode agus Acht na dTeangacha Oifigiúla, 2003 agus 2021: An dualgas reachtúil teanga atá ar An Post agus ar Capita Business Support Services Ireland Ltd (Eircode) géilleadh leis an reachtaíocht ábhartha agus iad i mbun seirbhísí poiblí a chur ar fáil don phobal thar ceann an Stáit", a mhéid agus a bhaineann sé le húsáid logainmneacha sa Ghaeltacht. Mar iarAire Stáit ar a raibh freagracht as spórt agus as an nGaeltacht, tuigim an tábhacht a bhaineann leis an obair a dhéanann an coiste chun sochaí fhíor-dhátheangach a chruthú.

Mar Roinn Rialtais, táimid ar an eolas faoi na dualgais atá orainn de réir reachtaíocht éagsúil, Acht na dTeangacha Oifigiúla ina measc, agus faoin mbeartas Rialtais maidir le húsáid na Gaeilge. Mar a luaigh an tAire Stáit a tháinig romham, an Teachta Hildegarde Naughton, agus í ag déanamh cur i láthair os comhair an choiste seo i mí an Mhárta 2022, agus mar a luaigh oifigigh ón Roinn seo ina dhiaidh sin agus iad ag déanamh cur i láthair os comhair an choiste ar leithligh i mí na Samhna 2022, cuireadh in iúl don Roinn seo, tar éis dúinn comhairle dhlíthiúil a fháil ó Oifig an Ard-Aighne, nach bhfuilimid ag sárú Acht na dTeangacha Oifigiúla. Luaigh Oifig an Ard-Aighne gur chuir an Roinn na socruithe riachtanacha i bhfeidhm chun a chinntiú go n-úsáidtear na logainmneacha oifigiúla ar limistéir Ghaeltachta mar réamhshocrú chun críocha oifigiúla, rud a chomhlíonann Acht na dTeangacha Oifigiúla, an tAcht Logainmneacha agus na horduithe logainmneacha a achtaíodh.

D’ainneoin na staide dlíthiúla atá leagtha amach agam, creidim gur gá aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist seo. Ba mhaith liom a rá ar an taifead go bhfuil an Roinn seo tiomanta d’obair i gcomhar leis an gcoiste ar aon tograí praiticiúla atá aige agus a rachaidh chun tairbhe do phobal labhartha na Gaeilge. Is fiú a rá leis an gcoiste gur chuir an Roinn tús le próiseas trína ndéanfar seachadadh straitéiseach fadtéarmach Eircode a shainiú agus a áirithiú tar éis dhul in éag an chonartha atá ann cheana. Scríobh an Roinn chuig an gCoimisinéir Teanga chun fáilte a chur roimh an deis teacht ar aon ábhair imní atá aige faoi réiteach reatha Eircode agus chun iad a phlé ionas go bhféadfaí iad a chur san áireamh le linn roghanna seachadta sa todhchaí a fhiosrú. D’iarr an Roinn ar Capita freisin imscrúdú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann feidhmiúlacht shuíomh gréasáin agus aimsitheoir eircode a mhodhnú ar mhaithe le feabhas a chur ar an eispéireas úsáideora dóibh siúd atá ag iarraidh plé le Eircode trí Ghaeilge agus trí Ghaeilge amháin.

Tugaim do m’aire gurb amhlaidh, mar chuid de na seacht moladh ón tuarascáil, a moladh go gcuirfí coinníollacha conartha neamh-inchaibidle agus dochúlaithe chun feidhme don chomhlacht ar dámhadh conradh nua Eircode dó. Ba mhaith liom tuilleadh a rá faoin staid chonartha, a mhéid a bhaineann sé leis an bhfadú. Dámhadh conradh deich mbliana do Capita i mí na Nollag 2013 chun úsáid an chórais náisiúnta postchód darb ainm Eircode a fhorbairt, a chur chun feidhme, a chothabháil agus a chur chun cinn. Bhíothas in ann an conradh sin a fhadú, ar na téarmaí agus coinníollacha céanna, go ceann cúig bliana eile faoi rogha an Aire. I mí an Mhárta 2023, tugadh fógra do Capita faoin gcinneadh ón Aire an conradh a fhadú go ceann trí bliana eile. Tá an Roinn seo den tuairim nach bhféadfaí aon choinníollacha conartha a cheangal leis an bhfadú sin de réir an chreata conartha reatha.

Tarraingítear aird sa tuarascáil freisin ar chásanna inar tharla sé, i dtuairim an choiste, gur taispeánadh logainmneacha neamhcheadaithe Béarla ar aimsitheoir eircode tar éis seoltaí Gaeltachta a chuardach. D’inis Capita dom gur féidir le haon duine atá ag iarraidh an aimsitheoir eircode a úsáid trí Ghaeilge an méid sin a dhéanamh go héasca tríd an rogha Gaeilge a roghnú ar an suíomh gréasáin. Ós rud é gur dátheangach atá an t-aimsitheoir eircode agus suíomh gréasáin Eircode araon, soláthraítear leagan iomlán Gaeilge díobh d’úsáideoirí, áit a bhfuil leideanna, leathanach ceisteanna coitianta agus rogha tuairiscithe chun tuilleadh cúnamh a fháil.

Maidir le seoltaí poist a sholáthar, lena n-áirítear seoltaí Gaeilge, in aimsitheoir eircode agus i mbunachar sonraí seoltaí Eircode, díorthaítear iad go hiomlán ó sheoltaí poist a ndéanann An Post iad a thiomsú agus a chothabháil agus soláthraíonn An Post GeoDirectory d'Eircode iad sa bhunachar sonraí GeoDirectory faoi cheadúnas. Chomh maith leis sin, ní athraíonn Eircode seoltaí atá ann cheana, cibé acu is seoltaí Gaeilge nó seoltaí Béarla iad, agus is féidir eircode a chur go simplí leis an seoladh a úsáidtear don réadmhaoin de ghnáth. Is féidir an seoladh is coitianta a úsáid, an seoladh poist nó an seoladh geografach.

Le linn chéim deartha thionscadal Eircode, d’fhéach an Roinn lena chinntiú i ngach cás go gcomhlíonfaí na dualgais reachtúla atá orainn maidir leis an nGaeilge. Le linn na céime oibriúcháin, nuair a sainaithníodh neamhréireachtaí idir an bunachar sonraí GeoDirectory agus an bunachar sonraí logainmneacha maidir le seoltaí i nGaeilge, chuaigh an Roinn i dteagmháil leis na geallsealbhóirí ábhartha. Mar thoradh air sin, bíonn na neamhréireachtaí maidir le logainmneacha Gaeltachta sa bhunachar sonraí GeoDirectory á nuashonrú go tráthrialta ag An Post agus An Post GeoDirectory. Leanann an Brainse Logainmneacha le comhad ina bhfuil logainmneacha Gaeilge ar athraíodh nó ar nuashonraíodh iad a sholáthar do An Post GeoDirectory. D’inis An Post GeoDirectory don Roinn go n-áirítear leis an mbunachar sonraí GeoDirectory sonraí logainmneacha oifigiúla, mar a sholáthair an Brainse Logainmneacha iad, agus go nuashonraíonn sé an bunachar sonraí go tráthrialta tar éis sonraí den sórt sin a fháil.

Leanfaidh an Roinn leis na dualgais atá uirthi faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla a chomhlíonadh as seo amach, idir dhualgais ghinearálta agus dhualgais a bhaineann go sonrach le tionscadal Eircode. Tá m'oifigigh agus mé féin sásta freagra a thabhairt ar aon cheisteanna atá ag an gcoiste.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit as a bheith anseo. Mar is eol dó, tá neart oibre curtha isteach ag an gcoiste agus, níos mó ná sin, ag na finnéithe a tháinig os ár gcomhair. Ag dul siar, bhí neart gearán chuig an iarChoimisinéir Teanga agus a oifig ó thaobh sáraithe cearta maidir le rud chomh bunúsach le seoltaí Gaeilge. Níl muid ach ag caint faoi dhaoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht. Bhí cruinnithe againn. Tá sé leagtha amach sa tuarascáil. Tá an fhadhb thar a bheith soiléir faoi dheireadh. Bhí sé an-deacair a fháil amach cén áit a raibh an fhadhb. Bhí na cruinnithe againn le linn 2022. D'fhoilsigh muid an tuarascáil in 2023 chun a chur in iúl don Aire Stáit na fadhbanna a bhí ann ionas go mbeadh deis aige nó ag an iarAire Stáit a bhí ann réiteach a fháil ar an bhfadhb. De réir mar a thuigim ó ráiteas an Aire Stáit, níl sé réitithe fós. Tá síneadh ama curtha leis an gconradh trí bliana atá i gceist agus, le linn na tréimhse sin, beidh cearta fós á sárú. Tuigim go bhfuil obair déanta agus go bhfuil beagáinín dul chun cinn déanta ach tá an tAire Stáit ag rá nach raibh an Roinn in ann an conradh a athrú. Tá síneadh ama trí bliana ann. Tar éis na tréimhse sin, an mbeidh sé de cheart ag daoine a seoltaí féin a úsáid i nGaeilge mar atá de cheart acu faoin reachtaíocht?

Beidh an conradh seo críochnaithe i gceann cúpla bliain. Táimid ag déanamh obair fhadtéarmach anois chun conradh eile a chruthú.

Tá na hoifigigh agus an fhoireann sa Roinn ag obair chun an conradh seo a fheabhsú sa chaoi go mbeidh níos mó a dhéanamh leis an gconradh nua a bheidh ag teacht amach as an bpróiseas seo i gceann cúpla mí.

Tá tús curtha ag mo Roinn leis an bpróiseas chun seachadadh straitéis fadtéarmach ar chóras náisiúnta postcode nó Eircode a shainiú agus a dhaingniú agus muid ag obair le príomhpháirtithe leasmhara amhail an Coimisinéir Teanga, An Post agus Tailte Éireann san iomad réimsí a bhféadfaí feabhas a chur orthu toisc go mbaineann sé leis an nGaeilge maidir le féinsoláthar seirbhísí a scaipeadh.

Tuigim é sin agus tá sé léite agus cloiste agam. Bhí sé soiléir agus an iar-Aire ag rá nach raibh sárú dlí i gceist ó thaobh na Ranna de. Tá sárú dlí i gceist, nach bhfuil? Aontaíonn an tAire Stáit agus a oifigigh go léir leis sin. Tá sárú dlí i gceist. Go praiticiúil, níl muintir na Gaeltachta i dteideal a gcuid seoltaí a úsáid. Is é sin bun agus barr an scéil, nach ea? Tá sárú dlí i gceist anseo. An aontaíonn an tAire Stáit leis sin?

Fuaireamar comhairle ó Oifig an Ard-Aighne maidir leis an dlí atá ann.

Tá sé sin ansin agus tá sé ráite go soiléir ag an Aire Stáit nach bhfuil an dlí á sárú ag an Roinn ach faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla mar a leasaíodh é, tá sé de cheart ag daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht an seoladh Gaeilge a úsáid, nach bhfuil? Is ceart atá ansin.

Is é sin an fáth go bhfuilimid ag obair leis An bPost agus leis an gconradh nua a bheith amach chun an straitéis seo a chruthú.

Tuigim go bhfuil a dhícheall á dhéanamh ag an Aire Stáit ach táimid anseo ó 2022 de bharr gearáin agus rudaí a d'eagraigh daoine leis an gCoimisinéir Teanga agus breathnaímid air ansin mar choiste. Tá an t-uafás ama curtha isteach againn chun píosa céille a bhaint amach as an bpraiseach seo. Tuigim go bhfuil a dhícheall á dhéanamh ag an Aire Stáit agus go raibh sé linn go minic ag an gcoiste Gaeilge agus ag obair linn, ach tá an dlí á shárú agus tá an Roinn á rá go mbeidh tréimhse trí bliana eile i gceist sula mbeidh an Roinn in ann an rud a chur ina cheart. An dtuigeann an tAire Stáit an cheist sin?

Is í comhairle Oifig an Ard-Aighne don Roinn nach bhfuil scéim Ghaeilge an Achta a sárú againn. Maidir leis an gceanglas faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla go bhfuil bailíocht ag logainmneacha Gaeltachta a bheith i nGaeilge amháin, amhail faoin ordú logainmneacha na bliana 2004, is í comhairle an Ard-Aighne nach bhfuil feidhm aige sin ach maidir le hAchtanna an Oireachtais, léarscáileanna na Suirbhéireachta Ordanáis nó comharthaí bóithre nó sráide de chuid na húdaráis áitiúla, agus nach dtéann sé thairis sin. Cuireadh comhairle an Ard-Aighne in iúl don chomhchoiste Oireachtais.

I gcomhairle a fuarthas thairis sin ag éirí as tuarascáil chomhchoiste an Oireachtais a bhí ag díriú ar na hionstraimí reachtúla a luaitear sa tuarascáil, dúradh go mbíonn ionstraimí reachtúla, seachas i gcás a úsáidtear i reachtaíocht phríomhúil iad, gan dochar. Tá bearna idir an gcomhairle atá ann, na réitigh a baineadh amach as an tuarascáil agus an taithí atá ag daoine sa Ghaeltacht. Tá na hoifigigh sa Roinn ag obair chun na réitigh seo a chur isteach leis An Post. Tá próiseas ann idir phobal na Gaeltachta agus An bPost ionas, mar shampla, gur féidir le daoine ar mian leo go ndéanfaí athbhreithniú ar a seoladh Eircode é sin a dhéanamh trí ríomhphost a sheoladh chuig seirbhísí atá tiomnaithe ag Eircode ag anpost.ie. Tá sé iarrtha ag an Roinn go ndéanfaidh Capita imscrúdú iomlán ar réiteach teicniúil a chuirfeadh ar chumas cainteoirí Gaeilge, agus iad ar an leagan Béarla de shuíomh gréasáin d'aimsitheoir eircode, faisnéis seoltaí maidir le seoltaí Gaeilge a fháil i nGaeilge amháin. Táimid ag obair chun na réitigh a chur ann freisin ach tá bearna idir an tuarascáil agus an píosa ón gcoiste Gaeilge sin agus an chomhairle a bhí ag an Ard-Aighne.

Tá sé deacair gan frustrachas a bheith orm. Aontaíonn an Roinn go bhfuil cearta faoin reachtaíocht do dhaoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht seoltaí i nGaeilge a úsáid. Is buncheart é sin. An aontaíonn an Roinn leis sin?

Tá daoine ábalta nasc a chruthú leis an bpróiseas atá ag An bPost chun réiteach a chruthú má bhíonn fadhb leis an seoladh, mar shampla.

Bhí fadhb leis an seoladh mar níor glacadh leis an seoladh i nGaeilge agus bhí leithscéalta éagsúla ó thaobh an ruda sin de. Ag an bpointe seo - tá an cheist curtha go minic agus cúpla uair agam faoin am seo - i mo thuairim, tá ceart faoin dlí go mbeadh daoine atá ina gcónaí sa Ghaeltacht in ann a gcuid seoltaí a úsáid go huathoibríoch gan aon stró agus dua. Tá ceisteanna agam dá réir. Baineann an chéad cheist leis an tréimhse trí bliana a bheidh i gceist. An bhfuil an tAire Stáit ag rá linn nuair a bheidh conradh eile i gceist i gceann trí bliana go mbeidh an dualgas a bheidh ar Eircode, nó cibé cén eagraíocht a bheidh i gceist, soiléir istigh ansin? Idir an dá linn, beidh an Roinn ag obair go crua chun an fhadhb a réiteach ach an é nach gcuirfí aon chonradh nó síneadh ama nua i gceist i gceann trí bliana gan an fhadhb seo a bheith réitithe agus leagtha amach ag an Roinn?

Táimid ag obair go crua chun na réitigh a chur i bhfeidhm anois leis An Post, leis an Roinn agus leis na comhlachtaí Stáit atá sa phróiseas seo. Le conradh nua, ámh, ba mhaith liom go mbeidh an próiseas agus an taithí atá ag daoine sa Ghaeltacht i bhfad níos fearr ná an próiseas atá ann anois. Is é sin an plean. Tá conradh ann ar feadh cúpla bliain eile ach ba mhaith liom go mbeidh an conradh eile seo ina dhiaidh sin. Táimid ag obair anois chun an réiteach a chur idir gach páirtí ionas go mbeidh réiteach ann do dhaoine sa Ghaeltacht ach, le conradh nua, ba mhaith liom go mbeidh an conradh agus na cearta do dhaoine sa Ghaeltacht i bhfad níos fearr de bharr an chonartha nua seo a bheith amuigh ón bpróiseas seo.

Is í seo mo cheist dheireanach. Cén fáth nach raibh an tAire Stáit in ann é sin a dhéanamh nuair a rinneadh an cinneadh síneadh ama a thabhairt don chonradh? Cén fáth nach raibh an Roinn in ann coinníollacha nua a chur isteach, go háirithe maidir le cearta bunúsacha sa todhchaí?

Bhí rogha ann maidir leis an téarma agus na trí bliana eile a dhéanamh sa téarma a bhí ann deich mbliana ó shin. Nuair a bheidh an t-am seo críochnaithe, i gceann trí bliana, beidh conradh nua ann. Bhí rogha againn conradh eile a chur amach ar feadh trí bliana ach ar na téarmaí a bhí ann nuair a rinneadh an conradh deich mbliana ó shin. Is mar sin atá sé.

Cén dáta a bheidh bheidh an conradh críochnaithe?

Beidh sé críochnaithe i mí na Nollag 2026.

Beidh sé críochnaithe i mí na Nollag 2026. Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit.

An bhfuil aon duine eile ag iarraidh teacht isteach ag an staid seo? Ar mhiste leis an Teachta Ó Muineacháin labhairt?

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit. Bhí deis agam sracfhéachaint a thabhairt tríd an tuairisc ansin níos luaithe. Tá roinnt eolais ann. Tá cúpla ceist an-mhaith curtha cheana féin ag an Teachta Ní Chonghaile. Chualamar na samplaí ansin maidir leis an tslí a theastaigh ó dhaoine a seoltaí a úsáid nó a chur isteach as Gaeilge.

Bhí mé ag plé le déanaí, le cúpla lá anuas, le fear gnó i mo cheantar féin a raibh duine ag teacht chuige ón Spáinn. Bhí siad ag úsáid an eircode chun iad a threorú chuig an gceantar agus chuig an áit ina raibh an obair le déanamh. Bhí siad in ann na comharthaí bóithre a leanúint ar an mbóthar nó nuair a bhí siad ag teacht amach ó Chorcaigh. Tá le fios go bhfuil an bóthar nua tógtha againn agus bhí deis ag an Aire Stáit féin taisteal air. A bhuíochas don tacaíocht chun an bóthar sin a chur i gcrích. Tá comharthaí, mar a bheifeá ag súil leo, as Gaeilge nuair a threoraítear daoine chuig an nGaeltacht. Bhí mo dhuine ag leanúint an GPS nuair a thángadar anuas ón mbóthar agus bhí orthu stop agus féachaint mórthimpeall orthu mar go raibh an GPS á dtreorú iad chuig Ballymakeery ach bhí na comharthaí bóithre go léir i gcomhair Bhaile Mhic Íre. Ní dhearnadar an connection.

Is léir gur saghas galar tógálach atá ann sa mhéid is go bhfuil an GPS ag brath ar an GeoDirectory chun iad a threorú. Má tá éagóir istigh ansin, scaiptear amach é chuig áiteanna eile agus d’aon duine eile ag úsáid an eolais chéanna. Tá sé tábhachtach é sin a cheartú agus go mbeadh an t-aitheantas ceart tugtha do na háiteanna sa Ghaeltacht le go mbeidís ábalta a n-ainmneacha agus a seoltaí féin a úsáid mar atá sé. Is maith é go bhfuil na céimeanna, mar a luaigh an tAire Stáit, á nglacadh.

Maidir le síneadh an chonartha, cuireadh síneadh le trí bliana. Nuair a bheidh an síneadh ama sin thart, an mbeidh deis síneadh ama breise á chur leis an conradh nó an mbeidh iachall ar an Roinn conradh nua ar fad a dhréachtú, b'fhéidir retendering, agus coinníollacha nua ar fad a dhéanamh? An bhféadfadh an tAire Stáit breis eolais a thabhairt dom air sin, lena thoil? Más rud é go mbeidh deis ann é a cheartú, teastaíonn uainn a chinntiú nach sleamhnódh an deis sin uainn agus go mbeidh sé ceartaithe faoin tráth sin.

Gabhaim buíochas leis an Teachta. Maidir leis an bhfadhb a luaigh sé, fuair mé an t-eolas seo inné maidir leis an sampla seo agus beidh mé in ann é a thaispeáint ó thaobh na Gaeilge de agus féachaint air. Beidh mé i dteagmháil leis An Post agus le daoine eile maidir le taithí na ndaoine seo.

Maidir leis an gconradh, beidh sé críochnaithe i mí na Nollag 2026 agus beidh rogha ag an Rialtas an t-am seo an conradh a chríochnú nó a dhéanamh ar feadh dhá bhliain eile. Ba mhaith liom anois go mbeidh réiteach na faidhbe sin ann a fhorbairt chun an taithí atá ann sa Ghaeltacht a réiteach. Nuair a bhí cruinniú sa Roinn againn, bhíomar ag caint faoi é a réiteach agus ba mhaith liom go mbeadh réiteach ann le linn na bliana seo agus na bliana seo chugainn. Beidh rogha ag an Roinn an t-am sin go mbeidh, b'fhéidir, conradh nua a bheith aici nó go mbeimid in ann réiteach a chur isteach ar an gconradh seo. Táimid ag obair anois chun taithí níos fearr a fhorbairt ar feadh phobal na Gaeltachta. Is é sin an rud is tábhachtaí ag an tráth seo.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus is maith an rud é go bhfuil na céimeanna sin á nglacadh chun an ceartúchán sin a dhéanamh le go mbeadh rudaí ceartaithe chomh luath in aon chor agus is féidir.

Táimid ag díriú isteach ansin, más féidir, ar Nollaig 2026. Is cosúil go bhfuil rogha ann fanacht anonn chun síneadh ama dhá bhliain a chur leis an gconradh. Más é sin an scéal, an síneadh ama leis na coinníollacha atá ann cheana féin a bheidh ann? Táim ag féachaint ar an scéal is measa a d'fhéadfadh a bheith ann, is é sin go mbeadh síneadh ama arís agus gan réiteach a bheith curtha i bhfeidhm roimh an am sin.

Maidir leis an síneadh dhá bhliain sin, an iad na coinníollacha atá ann faoi láthair nó an mbeidh deis feabhsúchán a chur isteach ag an tráth sin agus, más gá, síneadh ama a chur air? Is é an rud is fearr, is dócha, ná go mbeadh conradh nua ar fad, ach más rud go gcaithfeadh an tAire Stáit roghnú síneadh ama a dhéanamh, an mbeidh deis aige nó aici an tráth sin feabhsúchán a chur ar fáil?

Táimid ag obair anois chun níos mó a dhéanamh gach rud a fheabhsú tríd an gconradh atá ann. Beidh rogha ann conradh nua a dhéanamh nó dhá bhliain eile a ghlacadh ar an téarma atá ann ag an am seo. Táimid in ann go leor rudaí a dhéanamh sa chonradh atá ann freisin. Bhí mé agus beidh mé i dteagmháil níos mó leis An Post chun níos mó a dhéanamh chun gach rud a fheabhsú maidir le daoine sa Ghaeltacht. Tá deiseanna ann anois tríd an gconradh atá ann chun níos mó a dhéanamh do gach duine sa Ghaeltacht, agus is é sin an rud is tábhachtaí anois. Beidh rogha ann ach táimid ag iarraidh na réitigh a chruthú tríd an gconradh atá ann faoi láthair agus tá deiseanna ann chun é sin a dhéanamh.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus go n-éirí leis na hiarrachtaí.

Labhróidh mé anois mura bhfuil aon duine eile ag iarraidh labhairt. Gabhaim buíochas leis an Teachta Ó Muineacháin mar thuig mé a mhalairt nuair a bhí an tAire Stáit ag caint. Thuig mé, nuair a bheadh deireadh leis an gconradh 2026, gur deireadh a bheadh leis an gconradh sin, nach mbeadh síneadh ama i gceist, bheadh conradh nua ann agus bheadh téarmaí nua ann. Anois tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil rogha fós ann.

Beidh rogha ann dhá bhliain eile a chur leis an gconradh atá ann.

Beidh an rogha sin ag an Rialtas agus ag An Post.

Beidh an rogha sin ag an Rialtas.

Bhí an rogha sin ag an Rialtas roimh Nollaig agus lean sé ar aghaidh le síneadh ama gan choinníollacha nua a chur isteach.

Ní raibh rogha ann. Sa téarma a bhí ann deich mbliana ó shin, bhí an rogha ann trí bliana eile chur leis an téarma a bhí ann. Is é sin an téarma a scríobhadh síos deich mbliana ó shin.

Tuigim é sin ach cén difríocht a bheidh ann i gceann tréimhse trí bliana mar tá an tAire Stáit ag rá go mbeidh síneadh ama i gceist arís leis na téarmaí céanna?

Ba mhaith liom níos mó a dhéanamh chun réiteach-----

Go neamhoifigiúil. Tuigim.

-----a fháil, mar aon leis an taithí, ach más rud é gurb é an cás-----

-----a bheidh ann go mbeidh onus ar an Rialtas conradh nua a dhéanamh chun an taithí seo-----

Mura bhfuil na fadhbanna réitithe.

Is ea é. Tá an spás ann anois níos mó a dhéanamh maidir leis an gconradh. Tá fadhbanna leis an struchtúr agus an nasc atá ann idir an pobal agus An Post chun réiteach a chur ar fáil. Táimid in ann é sin a dhéanamh anois leis An Post agus leis an bpróiseas atá ann.

Is é sin an-----

Cén fáth nár tugadh síneadh cúig bliana agus gur roghnaíodh trí bliana? Tá cead cúig bliana a roghnú - is é sin a dúirt an tAire Stáit sa mhéid a dúirt sé – ach níor tugadh ach conradh trí bliana. Anois, tá sibh ag rá go mb’fhéidir go dtabharfaí síneadh dhá bhliain eile amach anseo. Cén fáth atá le sin?

An chomhairle a bhí ann ag an am ná conradh trí bliana a thabhairt agus athbhreithniú a dhéanamh roimh an trí bliana seo.

Tá sé sin ait. Déantar athbhreithniú nuair atá conradh á thabhairt in aon chaoi. Do chonarthaí móra mar sin, ní tharlaíonn mórán i dtréimhse trí bliana nó idir sin agus dhá bhliain. An é nach raibh an t-athbhreithniú déanta go hiomlán nó nach raibh sé críochnaithe?

Cosúil le go leor conarthaí, tá rogha ag daoine dhá bhliain, trí bliana nó ceithre bliana a dhéanamh-----

Tá an rogha ann ach ní thuigim cén fáth gur roghnaíodh trí bliana seachas cúig bliana, dhá bhliain, nó fiú bliain amháin fad is atáimid ag déileáil le seo. D’fhéadfaí síneadh ama sé mhí a thabhairt go dtí go mbeadh an cheist seo réitithe.

Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh córas ann maidir le hEircode.

Is tusa an duine a d’fhág é go dtí an nóiméid deireanach chun síneadh a thabhairt.

Tá sé tábhachtach go mbeadh an córas Eircode ann ar son gach duine sa phobal.

Tá fadhbanna eile agam leis an gcóras ach ní hí sin an fhadhb anseo.

Ar mhaith le haon duine eile ceist a chur?

Nuair a smaoinímid ar seo, bhí ar dhaoine gearáin a dhéanamh don Coimisinéir Teanga. Ansin, bhí orainn sraith cruinnithe a eagrú, tuarascáil a fhoilsiú, agus an tAire Stáit a tharraing os comhair an choiste díreach chun athruithe bunúsacha a chur isteach. Fiú sin déanta againn, tá trí bliana eile i gceist agus beagáinín amhrais faoin méid a bhéas ag tarlú ag an bpointe sin freisin. Is í sin an fhadhb atá agamsa.

Beimid in ann go leor rudaí a dhéanamh anois chun céimeanna a thógáil chun an córas atá ann a fheabhsú. Beidh An Post ábalta é sin a dhéanamh sa chonradh atá aige.

Ardaíonn sé sin an cheist cén fáth nach raibh sé sin déanta roimhe seo, fad is a bhí daoine ag teacht os ar gcomhair agus-----

Thóg an Roinn agus An Post céimeanna chun an córas a fheabhsú le linn na bliana seo caite. Ba mhaith liom, mar iar-Aire Stáit le freagracht ar an nGaeltacht, níos mó a dhéanamh chun taithí leis an gcóras gach duine sa Ghaeltacht a fheabhsú. Ba mhaith liom é sin a dhéanamh agus beidh cruinnithe leis An Post chun gach rud a dhéanamh chun an córas a fheabhsú.

Cad é an feabhas atá i gceist agaibh a dhéanamh?

Mar shampla, leanann An Post ar aghaidh leis an obair ar bhunachar logainmneacha na hÉireann a chabhraíonn chun seoltaí Gaeilge a fhiosrú agus a sheiceáil ó thaobh bunachar An Post a uasghrádú agus fiosruithe ar leith araon. D’iarr an tAire ar An Post go ngealladh sé go hiomlán go mbeadh gach seoladh Gaeltachta á aistriú go Gaeilge, tréimhse ama don ghníomh seo a chur ar fáil, agus tuilleadh cothabháil a dhéanamh ar gach seoladh Gaeilge lena n-airítear iad siúd sa Ghaeltacht. Mar a dúirt mé, tá tús curtha ag mo Roinn leis an bpróiseas chun seachadadh straitéis fadtéarmach ar an gcóras náisiúnta cóid poist Eircode a shainiú agus a dhaingniú. Táimid ag iarraidh réitigh idirmheánacha a thabhairt freisin.

Leis an méid sin, tá an tAire Stáit ag admháil go bhfuil an dlí á shárú faoi láthair mar tá sé tar éis a admháil go gcaithfear na seoltaí a aistriú go Gaeilge. Is i nGaeilge atá na seoltaí oifigiúla sa Ghaeltacht. Má lorgaím stáisiún Garda i mBaile an Fheirtéaraigh, ní thiocfaidh mé air. Beidh sé blank agus beidh orm aistriú go Ballyferriter Garda station. Má lorgaím an scoil náisiúnta san áit ceanann céanna, sráidbhaile beag bídeach, is i mBéarla atá sé go huile is go hiomlán, agus seoltaí eile cosúil leis. Má théann tú ar shuíomh Eircode agus breathnaíonn tú ar an léarscáil atá ceangailte leis, tá Baile an Fheirtéaraigh le feiceáil go soiléir. Mar sin, tá duine éigin ag aistriú an seoladh oifigiúil Gaeilge go Béarla agus ag sárú an dlí. Tá an tAire Stáit tar éis conradh a shíniú atá ag cur síneadh leis an sárú dlí seo agus ag fáil comhairle ó Ard-Aighne a luann go gcuireann an Roinn na socraithe riachtanacha i bhfeidhm chun a chinntiú go n-úsáidtear na logainmneacha oifigiúla. Níl sé seo ag tarlú mar sin tá an tArd-Aighne mícheart sa chás seo. Tá an dlí á shárú. Tá sé go maith go bhfuil an Roinn chun feabhas a chur air ach é seo á lua aige, tá an dlí á shárú. Ní coinníollacha in aon chur ab iad na coinníollacha a bhí á lorg againn agus ag an Coimisinéir Teanga. Níl muidne ach ag iarraidh go gcomhlíonfar an dlí. Nuair a dúirt an tArd-Aighne leis an Aire Stáit nach féidir coinníollacha breise a chur ar chonradh agus síneadh á dhéanamh air, níl muid ag iarraidh aon rud breise ach go ndéanfar an dlí a comhlíonadh.

Táimid ag tógáil na céimeanna chun an taithí a fheabhsú i measc daoine sa phobal anseo agus sa Ghaeltacht. Tá an chomhairle ann ó Oifig an Ard-Aighne maidir leis an dlí atá ann, ach maidir leis an bhfadhb a luadh sa sampla a thug an Cathaoirleach, táimid ag iarraidh na réitigh a chur isteach chun é sin a fheabhsú.

Níl fadhb ar bith agam leis an bhfreagra agus an méid atá le teacht. Táimid tar éis dul tríd seo. Níor admhaigh aon cheann de na grúpaí a tháinig os comhair an choiste cé hiad na daoine a d’aistrigh logainm Gaeilge go Béarla. Chuir siad ar fad an milleán ar a chéile. Cibé más GeoDirectory, logainm.ie nó pé dream eile atá ann, tá an dlí á bhriseadh agus caithfear é sin a réiteach ó bhun go barr, agus ansin is féidir cinnte a dhéanamh de nach dtarlaíonn sé arís agus gach rud eile. Is é sin a feabhas a luadh níos luaithe. Tá an tArd-Aighne mícheart sa chás seo mar measaim nach dtuigeann sé go bhfuil an dlí á shárú ag comhlacht Stáit nó ag conradh Stáit trí Béarla a bhrú i gceantair Gaeltachta. Tá a lán rudaí eile gur féidir linn a lorg in Eircode amach anseo ó thaobh na Gaeilge de ach sa chás seo tá fadhb. Is féidir liom an suíomh a úsáid i nGaeilge; níl fadhb ar bith ansin. Ní dhéanann sé aon difríocht maidir le an mbunábhar. Má chuirim Ballyferriter isteach sa bhosca cuardach, tiocfaidh Ballyferriter Garda station suas. Má chuirim isteach stáisiún na ngardaí, Baile an Fheirtéaraigh, ní thiocfaidh faic suas. Déarfaidh sé “does not exist”. Má chuirim isteach “scoil náisiúnta” tagann liosta mór scoileanna náisiúnta i ngach uile chontae agus dhá cheann i gCiarraí. Cliceáileann tú ar sin agus níl scoil náisiúnta Bhaile an Fheirtéaraigh le feiceáil. An bhfuil an locht ar an Roinn Oideachais? Níl, mar ní hé a thugann an seoladh d’aon duine. An bhfuil an locht ar An Garda Síochána? Níl. Má théann tú chuig Tigh Uí Chatháin, an teacht tábhairne áitiúil, ní hí a chuireann na sonraí isteach sa bhunachar atá á úsáid ag Eircode. GeoDirectory, logainm.ie, nó pé dream eile. Tá fadhb bhunúsach ann ó thaobh an stuif atá istigh sa chóras. Seachas sin, tá fadhb bhunúsach ann go bhfuil an Béarla á bhrú agus go bhfuil sé sin ag teacht salach ar Achtanna na dTeangacha Oifigiúla agus an tús áite atá ag logainmneacha Gaeilge sa Ghaeltacht.

Ar an gceist maidir le cúrsaí aistriúcháin, is An Post a dhéanann an t-aistriú seo mar sin beidh sé in ann-----

Bhí na hionadaithe ar fad os ar gcomhair agus níor fhreagair aon duine na ceisteanna seo go hiomlán.

Faigheann foireann Eircode na seoltaí ó An Post agus GeoDirectory.

Dúirt na hoifigigh in An Post go bhfuil siad ag plé le cúrsaí aistriúcháin.

Tá beagán iontais orm faoi sin sa mhéid is go bhfuil agus go mbeidh an bunachar is fearr ar fad de sheoltaí ag an Revenue de bharr go bhfuil sé ag bailiú cánach ar na foirgnimh agus tithe ar fad. Cén bhaint a bhí ag an mbrainse logainmneacha sa Roinn cultúir le seo ar fad?

Bhí an Roinn ann le linn an phróisis. Mar sin, agus dá réir, is féidir le logainmneacha oifigiúla Gaeilge a bheith mar chuid de sheoladh ar bith agus d’fhéadfadh an chuid eile den seoladh a bheith i mBéarla. Is é an coiste logainmneacha an chomhlacht a chuireann comhairle ar an Aire turasóireachta, mar is eol don Teachta. Is é an brainse logainmneacha den Roinn chultúir agus Gaeltachta a dhéanann an taighde i muinín an choiste logainmneacha. Logainm a thugtar sa ghnáthchaint ar an suíomh gréasán bunachar na hÉireann a gheofar ar logainm.ie, taisceadán ar líne ina gcuirtear sonraí logainmneacha an Stáit ar fáil, araon leis na taifid agus an taighde a bhaineann le logainmneacha. Maidir leis na hainmneacha le dathú Gaeilge agus na haonaid riaracháin agus gnéithe críocha a bhíonn le feiceáil ar léarscáileanna oifigiúla OSI, déanann an tAire Gaeltachta iad a dhearbhú in ionstraimí dlíthiúla ar a dtugtar orduithe logainmneacha, a dhéantar faoi alt 5 d’Acht na dTeangacha Oifigiúla. Is é an brainse logainmneacha a fhoilsíonn na horduithe logainmneacha agus is iad seo na leaganacha údarásacha Gaeilge de logainmneacha don úsáid oifigiúil agus úsáid phoiblí.

De réir mar a thuigim, réitíonn an brainse de chuid na Roinne na leaganacha údarásacha Gaeilge don tír uilig agus déanann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán na horduithe agus tá siad sin oifigiúil ansin. Sin sin. Ní féidir leis An Post nó éinne eile iad a athrú. Is é sin an seoladh. I gcás na Gaeltachta, tá sé sa dlí freisin go bhfuil an leagan Gaeilge mar an leagan oifigiúil ach gur féidir an leagan Béarla a úsáid ar nós go bhfuil sé oifigiúil agus taobh amuigh den Ghaeltacht tá an leagan Gaeilge agus Béarla oifigiúil. Shílfeá go n-úsáidfí an leagan Gaeilge den éirchód sa Ghaeltacht ó tharla gur b’shin an ceann oifigiúil agus gur b’shin a thiocfadh aníos go huathoibríoch. Thug mise faoi dearadh, áfach, nuair a bhí mé ag plé le bainc lá amháin agus d’iarr sé éirchód, ar an bpointe, tháinig siad ar ais leis an seoladh i mBéarla cé go n-úsáidim an seoladh Gaeilge i gcónaí.

B’fhéidir gur mhaith le Ben King an cheist sin a fhreagairt. Tá próiseas ann leis An Post chun é sin a dhéanamh agus tá-----

Cén chaoi a bhfuil An Post ag sárú feidhmeanna an Aire chultúir ag é ag leagann síos na leaganacha oifigiúla de na hainmneacha seo? Cén údarás atá ag An Post a bheith ag athrú na n-ainmneacha seo? Is í sin an cheist a chuirim.

Beidh Ben King in ann an cheist sin a fhreagairt.

Mr. Ben King

Regarding An Post and the database, it works with Fiontar and logainm.ie to take those translations and populate its database. Therefore, the addresses which contain the Irish places, the SIs, are then brought into the An Post database which then go into the eircodes. The issue of which we spoke in earlier meetings was the number of translated addresses in the Gaeltacht areas. Since we last spoke, within the last year, An Post has updated its database for 3,700 addresses to bring it up to a level of nearly 94% fully translated addresses in the Gaeltacht areas in its database which then gets transferred to eircodes.

Would these be urban or non-urban Gaeltacht areas because in most rural areas, tá siad ag úsáid na bailte fearainn agus tá leaganacha oifigiúla de déarfainn 100% acu sin i gceantair Ghaeltachta? Go deimhin féin, tá obair déanta i roinnt ceantair Ghaeltachta beagnach ar na carraigeacha agus ar ainmneacha na ngarrán, gan trácht ar bhailte fearainn. Mar sin, ab shin eastáit tithíochta nó áiteanna ar nós Gaillimh? Céard é an 6%? An bhféadfaí an t-eolas sin a fháil dúinn?

Mr. Ben King

An Post have informed us that it uses housing estate name and address plates, local knowledge, and it goes to logainm.ie as well. It has a selection of different inputs.

Cén fáth gur 94% atá ann? Shílfeá nuair a thabharfadh údarás áitiúil cead d'eastáit tithíochta nua, go gcaithfidís, ó thaobh cead pleanála agus mar sin de, ainm Ghaeilge chomh maith le ainm Béarla a chur ar fáil ar an eastáit.

Mr. Ben King

An Post have informed us that of new addresses - because we are now doing monthly eircodes - within the last year, 813 Irish translations of addresses have gone into the Gaeltacht databases. We can confirm this with An Post but I think the issue is that it is the existing addresses that are there and it is a process of translation because they may or may not have been available at the time. It is something we will have to put to An Post but it is at 94%.

Is rud éigin a chaitheas muid a chur ag Aire na Gaeltachta, is é sin cén fáth nach bhfuiltear ag ceadú d'fhorbairtí nua sa Ghaeltacht an leagan Gaeilge a úsáid agus cén fáth, ar nós mar a dhéantar i nGaillimh, nach leagan Gaeilge amháin a bheadh leagtha síos ag na húdaráis áitiúla sa Ghaeltacht. Is cuma baile nó whatever, mura dteastaíonn ó daoine a bheith sa Ghaeltacht, tá mé cinnte nach mbeadh aon chur ina gcoinne má theastaíonn uathu éirí as. Má tá tú istigh sa chluiche, áfach, imir an cluiche.

Feicim lámh Aindrias Moynihan in airde. An bhfuil sé ag iarraidh teacht isteach arís?

Teastaím uaim díriú isteach ar ghné amháin ansin a bhí á lua ag Ben King. B'fhéidir go bhfuil an Teachta Ó Cuív tar éis tagairt a dhéanamh de chomh maith. Tá sé an-suimiúil go dtugann Ben King "translations" ar ainmneacha na n-áiteanna sa Ghaeltacht agus go bhfuiltear ag cur “translations” isteach sa database. Is é sin bun agus barr na faidhbe; níl "translation" i gceist maidir le hainmneacha sa Ghaeltacht. Níl ach leagan amháin ann, an leagan Gaelainn. An bhféadfadh Ben King a mhíniú dúinn cad atá i gceist aige le "translations"?

Mr. Ben King

I apologise for using that language. The Deputy is right. It should have been the official placenames and the English then is part of that as well. Apologies, my language was a bit loose there.

Ach níl the English "part of that" then ach an oiread. Níl ach leagan amháin den ainm.

Mr. Ben King

That is what I referred to earlier in that the postal address that An Post has takes that information - the Irish-language addresses - and populates its databases. It uses the SI to populate the English version of the placename also. What I was saying there is that is what An Post has informed us of, regarding-----

Ach níl aon "English version". Níl ach ainm amháin ar an áit agus tá an t-ainm sin i nGaeilge. Cuirim i gcás Cúil Aodha, níl ach Cúil Aodha ann. Níl ainm eile ann.

Tá ceantar eile ann, agus tugadh "Shanvallyard" air. Shílfeá gur thíos i ngleann a bheadh sé ach tá sé thuas in airde ar an gcnoc. Is é an rud atá ann ná "sean", old, "bhaile", townland, agus "ard", high. Nuair a théann tú ann, feiceann tú gurb é sin atá ann ach tá leagan a bhíodh ann go coitianta i mBéarla. Is fadhb í atá ann leis an Roinn Coimirce Sóisialaí agus leis na heagraíochtaí seo ar fad. Is rud é "Rosmuck", leis an litriú sin, a tháinig isteach sa 19ú haois. Táimid ag iarraidh fáil réidh leis sa nGaeltacht agus ugach a thabhairt do dhaoine. Tugaim faoi deara go dtugann na cainteoirí dúchasacha an leagan Gaeilge domsa gan cheart ach tuigeann siad, má théann siad chuig an Roinn, go mbeidh an leagan a tháinig aníos ar an gcóras á úsáid. Ní fhéadfá a rá gur leaganacha Béarla iad. Is corruptions go hiomlán is go huile iad. Is béarlagair atá iontu.

Ba mhaith liom freagra a chloisteáil. Mar a dúirt an Teachta Moynihan, tá leagan amháin ann: Cúil Aodha. Cárb as a bhfuil translations ag teacht?

Gabhaim buíochas as sin ach an féidir é sin a fhreagairt?

Mr. Ben King

I cannot say other than to mention that the postal address database is populated by An Post. Both the Gaeltacht placenames and the English versions are populated by An Post and those details are provided to us in the Eircode system. We do not get sight of how it populates that database or what rules it has in place.

Beidh orainn dul ar ais air sin.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe as teacht inniu. Níl réiteach na faidhbe againn fós. Beidh orainn dul ar ais go dtí An Post, cé go ndéarfaidh sé an rud ceannann céanna linn. Tá sé de dhualgas ar an Rialtas déanamh cinnte de go gcloínn An Post leis an dlí agus nach bhfuil mí-eolas nó leaganacha míchruinne de logainmneacha á úsáid faoi aon chonradh a shíníonn an Rialtas. Tá an ceart aige conradh a shíniú le An Post GeoDirectory nó le Capita i leith an chóras Eircode ach tá leaganacha bréaga á scaipeadh acu. Is as aineolas a rinneadh é seo agus tá sé sin ceart go leor ach, ó thosaigh an Coimisinéir Teanga ag déileáil leis seo, tá an t-eolas acu go bhfuil an bunábhar atá á úsáid acu mícheart. Caithfidh an Rialtas brú a chur ar An Post a chinntiú go bhfuil an leagan ceart á úsáid. Déanfaidh muidne ár jab agus labhróimid leis An Post arís. Más gá, tiocfaimid ar ais ag an gceist seo ach bhí gach uile fhadhb atá luaite inniu sa tuairisc. D'fhoilsigh muid í chun a chinntiú go dtuigfeadh an tAire Stáit agus an Roinn go raibh an bhunfhadhb seo ann nuair a bheadh síneadh ar an gconradh á thabhairt acu. Is fadhb bhunreachtúil i slí amháin í toisc gur athrú ón nGaeilge go Béarla atá i gceist, rud a mhaslaíonn an teanga, ach is fadhb reachtúil í go raibh an dlí á bhriseadh. Bhí leaganacha bréaga nó leaganacha Béarla - pé rud gur mhaith leat a thabhairt orthu - de logainmneacha Gaeltachta á n-úsáid agus tá go fóill. Mar a dúirt mé, tá rudaí eile gur féidir iad a fheabhsú, mar shampla, seoltaí daoine ó lasmuigh den Ghaeltacht a bheith as Gaeilge más mian leo. Is féidir féachaint air sin ach is é an príomh-mholadh a bhí sa tuarascáil a chur muid le chéile ná gur chóir déanamh cinnte nach bhfuil an dlí á shárú. Tá súil agam, má thagaimid ar ais i gceann trí bliana nó roimhe, go mbeidh gach rud réitithe agus gur féidir síneadh eile nó conradh nua a thabhairt d'Eircode nó do pé dream eile toisc go bhfuil an bunábhar i gceart agus nach dtagann sé salach ar an dlí nó ar an mBunreacht.

Gabhaim buíochas leis an Aire Stáit agus le Dan Lawlor agus Ben King, atá anseo thar ceann na Roinne, as teacht os ár gcomhair. Cuirfimid deireadh leis an gcuid seo den chruinniú. Beidh cruinniú príobháideach againn chun déileáil le tuarascáil.

Cuireadh an suí ar fionraí ar 2.35 p.m., cuireadh tús leis arís i seisiún príobháideach ar 2.38 p.m. agus cuireadh an comhchoiste ar athló ar 2.44 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 7 Feabhra 2024.
Barr
Roinn