Léim ar aghaidh chuig an bpríomhábhar
Gnáthamharc

Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge díospóireacht -
Wednesday, 24 Apr 2024

Éileamh don Ghaelscolaíocht: Plé

Tá an cruinniú seo ar siúl mar ghnáthchruinniú i seomra coiste 1 agus go fíorúil ar Microsoft Teams chomh maith. Tá go leor Teachtaí agus Seanadóirí i láthair, agus dá bhrí sin is féidir linn tús a chur leis an gcruinniú. Tá dhá seisiúin i gceist inniu chun breathnú ar an éileamh ar an nGaelscolaíocht ag leibhéal na hiarbhunscoile nach bhfuil á shásamh ag an Stát. Sa chéad seisiún, tá finnéithe inár gcuideachta ón bhForas Patrúnachta, Conradh na Gaeilge agus Gaeloideachas. Leanfaimid ar aghaidh go dtí 2.45 p.m. más gá. Cuirfear tús leis an dara seisiún ar 3 p.m. nuair a bhreathnóidh an comhchoiste ar an ábhar céanna le finnéithe ó fheachtais a bhaineann le Gaelcholáistí a bhunú i gCaisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo, i gCloch na gCoilte i gContae Chorcaí, i gCill Dhéagláin i gContae na Mí agus sa Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí. Leanfaidh an seisiún sin ar aghaidh go dtí 4.30 p.m. más gá.

Níl aon leithscéalta faighte againn agus dá réir is féidir liom bogadh ar aghaidh. Cuirim fáilte roimh comhaltaí an chomhchoiste, roimh comhaltaí eile atá ag freastal ar an gcruinniú agus roimh ár lucht féachana ón taobh amuigh. Chomh maith leis sin, ba mhaith liom anois fáilte a chur roimh na finnéithe atá linn le haghaidh an seisiún seo ón bhForas Patrúnachta: Caoimhín Ó hEarra, ard-rúnaí; agus Cormac McCashin, bainisteoir tacaíochta. Cuirim fáilte fresin roimh na finnéithe atá linn ó Chonradh na Gaeilge: Paula Melvin, uachtarán; Julian de Spáinn, ard-rúnaí; agus Cassie Ní Chatháin, feidhmeannach taighde agus anailíse. Cuirim fáilte freisin roimh Clare Spáinneach, bainisteoir seirbhíse, atá anseo thar ceann Gaeloideachas. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe seo ar fad ag freastal ar an gcruinniú seo ó seomra coiste 1 taobh istigh de Tithe an Oireachtais.

Sula leanfaimid ar aghaidh lenár gcomhrá ar an éileamh do Ghaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát, tá sé mar dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagadh faoi bhráid na comhaltaí, na baill foirne agus na finnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d'fhinnéithe agus do bhaill foirne a chinntiú go bhfuil a ngutháin soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur isteach ar an gcóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime atá in úsáid ag Tithe an Oireachtais.

Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe phoiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtais a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Má tá comhaltaí ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl agus iad le feiceáil ar an scáileán fad is atá siad ag labhairt. Baineann an coinníoll seo le finnéithe atá nó a bheidh ag freastal ar an gcruinniú go fíorúil freisin. Ba chóir dúinn a chinntiú go bhfuil na micreafóin múctha nuair nach bhfuil daoine ag caint.

Cuirim ar aird na bhfinnéithe inniu go bhfuil siad, de bhua alt bunreachtúla agus reachtaíochta araon, faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada agus atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais agus an fhianaise sin á tabhairt acu. Ní féidir le finnéithe brath ar an gcosaint seo agus fianaise á thabhairt acu ó áit taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe, ba chóir go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuireann siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus de chomhaltaí araon an cleachtadh parlaiminte a urramú nár chóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh ná tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfadh a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as an ráiteas sin láithreach. Tá sé ríthábhachtach go ngéillfeadh siad leis an ordú sin láithreach má eisítear é.

Agus é sin ar fad léite agus pléite, is féidir linn bogadh ar aghaidh. Iarraim ar Chaoimhín Ó hEaghra a ráiteas tosaigh a léamh.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Is cúis áthais dom labhairt leis an gcomhchoiste ar son an Fhorais Phátrúnachta, an pátrún is mó ar scoileanna lán-Ghaeilge sa tír. Má bhreathnaítear ar an méid atá scríofa i leith na Gaelscolaíochta sa chlár Rialtais agus ag an Stát ina bpolasaithe agus ina straitéisí, feictear go bhfuil go leor ann atá dearfach maidir le fás na Gaelscolaíochta. Sa chlár Rialtais, tá na spriocanna ann “líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge a dhúbailt” agus “Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur ar fáil, áit a bhfuil éileamh mór ann.” Tá na spriocanna seo ar aon dul le spriocanna an Stáit sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, an tAcht Oideachais agus araile. Ach faraor, a mhalairt ar fad atá ag titim amach.

D’fhoilsigh an Roinn Oideachais le déanaí na táscairí oideachais d’Éirinn 2023. Léirítear nach raibh aon fhás ar chéatadán na ndaltaí a fhaigheann a gcuid oideachais trí Ghaeilge ó 2018 go 2022. Ba thitim a bhí ann in 2023. Ag leibhéal na bunscoile, thit céatadán na ndaltaí ó 8.1% go dtí 8.0% idir na scoilbhlianta 2020-21 agus 2022-23 agus thit líon na scoileanna ó 252 go 249. Thit na céatadáin ó 3.7% go dtí 3.5% ag leibhéal na hiarbhunscoile le linn na tréimhse céanna agus d’fhan líon na meánscoileanna lán-Ghaeilge ag 50. Is mór an bhearna idir 3.5% agus an 20% d’earcaigh le Gaeilge don státchóras. Tugann na figiúirí seo bunphointe eile le fios; tá bearna mhór ann i gcónaí idir an sciar daltaí sa Ghaelscolaíocht ag an mbunleibhéal agus ag an meánleibhéal.

Tá an t-éileamh ar an nGaelscolaíocht soiléir. Is féidir breathnú ar an gcomhairliúchán don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge, taighde an ESRI, taighde Chonradh na Gaeilge nó an líon tuismitheoirí a vótáil ar son oideachas lán-Ghaeilge sna comórtais phátrúnachta ó 2012 go 2021. Bíonn an chonclúid chéanna ann i gcónaí. Tá an bhearna idir an soláthar agus an t-éileamh ag dul i méid.

Is é an fhadhb atá ann ag an leibhéal is bunúsaí ar fad ná nach bhfuil aon phróiseas ann chun scoil lán-Ghaeilge a bhunú. Mar gheall ar sheasamh an Stáit, tá sé dodhéanta anois an bhearna idir sholáthar agus éileamh a líonadh ach ní mar sin a bhí sé i gcónaí, mar is eol do na baill. Ag breathnú siar roimh an gcúlú eacnamaíochta deiridh, bhí pobal ar bith in ann coiste a eagrú, daltaí a bhailiú agus scoil a oscailt. Thabharfadh an Stát tacaíochtaí áirithe sula mbeadh aitheantas iomlán faighte ag an scoil. Is ar an mbunús sin a bhí an Ghaelscolaíocht ag bláthú go dtí an cúlú eacnamaíochta.

Tugadh comórtais phátrúnachta isteach ó 2012 go dtí 2021 agus bhí bunú scoileanna teoranta do cheantair ina raibh easpa áiteanna scoile iontu a bhí aitheanta ag an Roinn. Bhí deis éigin ann leis seo scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú. Bhí fadhbanna go leor leis an bpróiseas sin, mar shampla, an mionlach ar son oideachas lán-Ghaeilge a bheith in iomaíocht leis an móramh don oideachas trí Bhéarla i measc fadhbanna eile. Bhí orainn san Fhoras Pátrúnachta dúshlán a chur roimh chinntí na nAirí agus na Roinne tríd an gCoimisinéir Teanga agus san Ard-Chúirt. Ní bheadh tabhairt ar ais an chórais sin le moladh. Shocraigh an Roinn in 2022 deireadh a chur leis na comórtais phátrúnachta. Chomh maith leis sin, shocraigh sí stop a chur le bunú scoileanna nua, fiú na scoileanna a bhí fógartha aici roimhe sin. Mar sin, níl bealach ar bith ann chun bunscoil ná meánscoil d’aon chineál a bhunú. Ina áit, tá sé i gceist ag an Roinn scoileanna reatha a fhás, más gá. Mar go bhfuil easpa scoileanna lán-Ghaeilge ann sa chéad dul síos, cruthaíonn seasamh na Roinne go mbeidh na scoileanna meán-Bhéarla thuas leis agus go mbeidh an Ghaelscolaíocht thíos leis.

Tá ag teip ar an Rialtas a spriocanna féin agus polasaithe an Stáit a bhaint amach. Cad as a thiocfaidh an 20% d'earcaithe nua sa státchóras, dlí de chuid an Rialtais féin, go háirithe nuair is titim seachas fás atá ar an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht? Cruthaíonn dlíthe mar é deiseanna do dhaoine ina ngairm ach tá an Stát ag ceilt na deise seo ar dhaltaí timpeall na tíre toisc nach bhfuil teacht acu ar oideachas trí Ghaeilge. Is neamhaird den chuid is mó a dhéanann oifigigh na Roinne agus an tAire Oideachais ar iarrachtaí na bpobal Gaelcholáiste a bhunú. Mar shampla, níl aon fhreagra faighte againn ar an iarratas chun Gaelcholáiste nua a bhunú i gCaisleán an Bharraigh.

Sna ráitis uilig a bheidh déanta leis an gcoiste inniu, tabharfaidh na baill faoi deara go bhfuil na fadhbanna céanna ann ó áit go háit agus nach bhfuil aon rud á éileamh atá taobh amuigh de pholasaí an Stáit agus den chlár Rialtais. Mar sin, molann an Foras Patrúnachta próiseas chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú a thabhairt isteach. Cruthaíonn cur i bhfeidhm an pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge deis é seo a dhéanamh go córasach agus is ceart go mbeadh sé mar chuid den pholasaí sin. Molaimid freisin go mbeadh ceart ag duine ar oideachas lán-Ghaeilge, ceart go bhféadfaí a chosaint. Molaimid go dtabharfar isteach dualgas reachtúil maidir leis an líon scoileanna a ardú. Tugann an clár Rialtais agus spriocanna an Stáit bunús leis na cinntí seo a ghlacadh agus fás na Gaelscolaíochta a thabhairt ar ais. Gabhaim buíochas leis an gcoiste.

Ms Paula Melvin

Thar ceann Chonradh na Gaeilge, gabhaim buíochas mór leis an gcoiste as ucht an deis a bheith anseo inniu in éineacht lenár gcomhghleacaithe ón bhForas Pátrúnachta agus ó Ghaeloideachas le “Éileamh don Ghaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát” a phlé.

Ar an drochuair, ní haon rud nua é nach bhfuil an Stát ag freastal go sásúil ar an éileamh atá sa phobal d’oideachas trí mheán na Gaeilge dá bpáistí. Cuid mhaith den am nuair a bunaíodh Gaelscoil nó Gaelcholáiste nua thar na blianta, tharla sé mar gheall ar bhrú ón bpobal agus go minic in ainneoin iarrachtaí an Stáit gan na Gaelscoileanna nó na Gaelcholáistí céanna a aithint. Cé go bhfuil polaiteoirí éagsúla, polaiteoirí sa seomra seo ina measc, tar éis cabhrú le haitheantas a bhaint amach do Ghaelscoileanna éagsúla thar na blianta - tá ardmholadh ag dul dóibh as ucht na tacaíochta leanúnaí sin - tá teipthe ar an Rialtas agus ar rialtas i ndiaidh rialtais eile tosaíocht a dhéanamh de bhunú Gaelscoileanna ar bhonn pleanáilte agus an tacaíocht agus na hacmhainní cuí a chur ar fáil.

Nuair a thosaigh an Rialtas reatha, shíl muid go raibh athrú le teacht air seo agus go raibh sé chun feidhmiú le huaillmhian chun Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí nua a chur ar bun le héileamh tuismitheoirí agus daltaí fud fad na tíre a shásamh.

Bhí sin le tuiscint ón méid a gheall an Rialtas ina chlár Rialtais fhéin, go n-oibreodh an Rialtas i dtreo líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge faoi láthair a dhúbailt is go gcuirfeadh an Rialtas Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil áit a bhfuil éileamh mór ann dóibh. Bhí na gealltanais seo ag teacht go maith leis na gealltanais atá san áireamh i ráiteas an Rialtais i leith na Gaeilge 2006 agus a luadh chomh maith sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030:

Cuirfear oideachas lán-Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí nó a gcaomhnóirí é. Leanfar leis an tacaíocht do ghaelscoileanna ag leibhéal na bunscoile agus déanfar forbairt ar sholáthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile chun freastal ar éileamh de réir mar is gá.

Tá tábhacht nach beag ag na gealltanais seo i ráiteas an Rialtais i 2006 mar gurbh é Fianna Fáil a bhí sa Rialtas ag an am agus a thug na gealltanais ag an bpointe sin agus, dar ndóigh, tá an tAire Oideachais reatha i bhFianna Fáil chomh maith agus tá an deis tar éis a bheith aici na gealltanais ó 2006 agus sa chlár Rialtais reatha a chur i gcríoch. Faraor, níl an Rialtas reatha tar éis gníomhú ar a chlár Rialtais féin agus freastail ar an éileamh sa phobal don Ghaeloideachas. Tá an líon daltaí i nGaelscoileanna agus i nGaelcholáistí tar éis titim, mar a luaigh Caoimhín Ó hEaghra, ó 48,518 dalta i nGaelscoileanna agus Gaelcholáistí lasmuigh den Ghaeltacht sa bhliain acadúil 2019-2020 go 46,933 dalta sa bhliain acadúil 2023-2024. Is ionann sin agus titim 3% agus caithfear sin a chur i gcomhthéacs gealltanas an Rialtais le líon na ndaoine óga atá i scoileanna Gaeilge faoi láthair a dhúbailt.

Dar ndóigh, tá an-éileamh sa phobal don Ghaeloideachas agus creidtear go forleathan gur chóir go mbeadh an rogha ag tuismitheoirí a bpáistí a chur chuig Gaelscoil nó Gaelcholáiste más mian leo sin. Tá fianaise de seo i suirbhéanna neamhspleách a choimisiúnaigh Conradh na Gaeilge le Kantar in 2018 agus Ireland Thinks in 2023 nuair a dúirt 78% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé go bhfuil sé de cheart ag gach páiste Gaeloideachas a bheith ar fáil dóibh más sin a rogha. Ní raibh ach 7% in éadan an méid seo. Dúirt 73% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé gur chóir go mbeadh deis ag gach páiste a fhaigheann a cuid oideachais bunscoile trí Ghaeilge leanúint lena oideachas iarbhunscoile trí Ghaeilge. Ní raibh ach 9% in éadan an méid seo. Dúirt nach mór 50% de na daoine a ghlac páirt sa suirbhé go roghnóidís scoil a mhúineann trí mheán na Gaeilge dá mbeadh sí ar fáil ina gceantair. Ní raibh ach 25% i gcoinne seo.

Ní féidir leis an Roinn Oideachais a rá nach raibh nó nach bhfuil éileamh ann do Ghaelscoileanna nó Gaelcholáistí nua ó a thosaigh an Rialtas reatha i 2020. Léiríonn an taighde maidir le mian an phobail don Ghaeloideachas luaite roimhe seo an t-éileamh náisiúnta atá ann don Ghaeloideachas. Ag leibhéal áitiúil i gcás an éileamh do Ghaelcholáistí, mar shampla, tá ocht bhfeachtas i gceantair éagsúla fud fad na tíre ag léiriú éileamh do Ghaelcholáistí neamhspleácha dá bpáistí faoi láthair. Tá an feachtas do Ghaelcholáiste i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8 i ndiaidh a bheith ag agóidíocht lasmuigh de Theach Laighean agus den Roinn Oideachas go rialta le nach mór trí bliana anuas ag léiriú an éileamh phráinneach do Ghaelcholáiste ina scoilcheantar fhéin. Níl an Rialtas reatha, áfach, i ndiaidh aon Ghaelcholáiste a cheadú d’aon cheann de na ceantair seo.

Níl an Rialtas ag gníomhú mar sin, inár dtuairim, ar a sprioc féin leis an líon daoine óga atá i scoileanna Gaeilge faoi láthair a dhúbailt. Baineadh úsáid as an leithscéal le déanaí go bhfuil polasaí á fhorbairt do scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht faoi láthair agus go mbeidh an polasaí sin ag déileáil le soláthar Gaelscoileanna nua. Creideann muid go bhfuil an leithscéal sin ag seachaint cinntí gur féidir leis an Roinn Oideachais a ghlacadh anois le Gaelcholáistí agus Gaelscoileanna nua a bhunú agus gur cleas é, ar nós cleasa eile a úsáideadh thar na blianta, leis an éileamh léirithe ag tuismitheoirí a chur ar an méar fhada.

Ba chóir gníomhú ar an éileamh sa phobal don Ghaeloideachas gan a thuilleadh moille, go háirithe an éileamh léirithe ag an ocht bhfeachtas luaite roimhe seo do Ghaelcholáistí ina gceantar. Is féidir an polasaí don Ghaeloideachas a fhorbairt go comhthreomhar, ach níor chóir go mbeadh moill nó leithscéal gan Gaelscoileanna nó Gaelcholáistí a bhunú idir an dá linn. Is fiú a nótáil maidir leis na polasaithe atá á fhorbairt don Ghaeloideachas lasmuigh den Ghaeltacht, gurbh é an t-iarAire Oideachas, an Teachta Joe McHugh, a gheall an polasaí seo don chéad uair ar 30 Nollaig 2019. Táimid breis is ceithre bliana ar aghaidh anois agus fós ag fanacht ar an bpolasaí céanna. Níor chóir go mbeadh daltaí agus tuismitheoirí fud fad na tíre thíos leis ó thaobh rochtain ar Ghaelscoil nó Gaelcholáiste toisc nach bhfuil an Rialtas seo tar éis a pholasaí fhéin a fhorbairt go fóill.

B’fhiú do Rialtas na hÉireann taithí, coimitmint agus dea-shampla Rialtas na Breataine Bige a thógáil san áireamh maidir le bunú scoileanna nua a fheidhmíonn trí mheán na Breatnaise. Tá an roinn oideachais sa Bhreatain Bheag ag iarraidh an líon daltaí atá ag freastail ar oideachas trí mheán na Breatnaise a mhéadú ó 23% go 40% faoi 2050. Tá uaillmhian ag baint leis an sprioc intomhaiste seo agus tá gníomhartha bainteach léi chomh maith, ar nós nuair a d’fhógair an Rialtas céanna i 2022 go mbunófar 23 scoil nua ag feidhmiú trí mheán na Breatnaise agus go gcuirfear leis an líon soláthar i 25 scoil eile mar thús den chur chuige leis an 40% a bhaint amach. Ba cheart go mbeadh spriocanna uaillmhianacha intomhaiste le hacmhainní curtha taobh thiar dóibh ag Rialtas na hÉireann chomh maith.

Breis is 100 bliain ar aghaidh ó a bunaíodh an Stát ó dheas, nach mór an náire náisiúnta é nach bhfuil ach 6.7% de dhaltaí bunscoile sa dlínse seo ag freastail ar bhunscoileanna ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht agus 2.6% de dhaltaí iarbhunscoile ag freastail ar iarbhunscoileanna atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht, in ainneoin spéis an phobail sa Ghaelscolaíocht. Ba chóir seo a chur ina cheart gan a thuilleadh moille agus, chuige seo, tá roinnt moltaí againn don chomhchoiste don tuarascáil atá sé ag cur le chéile ar an ábhar ríthábhachtach seo. Molaimid go n-éileodh an Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, cinneadh a dhéanamh láithreach bonn le Gaelcholáiste nua a bhunú faoi dlús i ngach ceann den ocht gceantar seo a leanas: Cathair Bhaile Átha Cliath, le bheith socraithe i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8; deisceart Bhaile Átha Cliath thart ar Choill na Silíní; tuaisceart Bhaile Átha Cliath thart ar Fionnbhrú i mBaile Átha Cliath 9; Contae Átha Cliath thart ar Sord: Contae Maigh Eo i gCaisleán an Bharraigh; iarthar Chorcaí thart ar Droichead na Bandan; lár tíre thart ar Thulach Mhór; agus oirdheisceart na Mí thart ar Chill Dhéagláin. Molaimid chomh maith go n-éileodh an Comhchoiste na Gaeilge, na Gaeltachta agus Phobal Labhartha na Gaeilge ar an Aire Oideachais, an Teachta Norma Foley, go mbeadh sprioc uaillmhianach intomhaiste sa pholasaí nua don oideachas trí mheán na Gaeilge lasmuigh den Ghaeltacht atá á chur le chéile ag an Roinn Oideachais faoi láthair go mbeadh ar a laghad 20% de dhaltaí ag freastail ar oideachas trí mheán na Gaeilge i nGaelscoil nó i nGaelcholáiste neamhspleách laistigh de 20 bliain. Dar ndóigh, bheadh an pleanáil cuí le déanamh leis na nithe seo a leanas tógtha san áireamh ann: soláthar múinteoirí, soláthar infreastruchtúr fisiciúil, athrú scoileanna ó scoileanna a fheidhmíonn trí Bhéarla go scoileanna a fheidhmíonn trí mheán na Gaeilge, méadú ar an bpáirt-tumadh Gaeilge go gach bunscoil, agus neart eile.

Go raibh míle maith ag na baill as éisteacht liom agus as an tacaíocht leanúnach ríthábhachtach a thugann siad don Ghaeilge agus don Ghaeltacht.

Go raibh maith agat, Ms Melvin. Casfaimid anois ar Clare Spáinneach thar cheann Gaeloideachas.

Ms Clare Spáinneach

Táim an-bhuíoch as an deis labhartha ar son Gaeloideachas, eagraíocht dheonach náisiúnta a thugann comhairle, cúnamh agus tacaíocht do dhaoine gur mian leo oideachas lán-Ghaeilge dá bpáistí, chomh maith le seirbhísí tacaíochta agus abhcóideachta dóibh siúd atá ag obair sna naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge. Fís Gaeloideachas ná go mbeadh córas eiseamláireach tumoideachais, ón naíonra go bunscoil go hiarbhunscoil, ar fáil do gach duine, ach faraor, mar a sheasann sé, níl deis ag páistí uile na tíre freastal ar naíonra nó scoil lán-Ghaeilge.

Ní mór cur chuige straitéiseach a bheith ag an Stát maidir le soláthar an oideachais lán-Ghaeilge chun nach mbeadh aon pháiste faoi mhíbhuntáiste tíreolaíoch, socheacnamaíoch nó eile maidir le teacht ar naíonra nó áit scoile ag an dá leibhéal. Cailltear deiseanna do na céadta páistí Gaeilge a shealbhú agus iad ag tús a n-aistear oideachais mar nach mbíonn naíonra ar fáil dóibh, agus tá líon na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht ag laghdú le blianta beaga anuas.

De réir suirbhé de chuid na Roinne leanaí a foilsíodh in 2023, níl ach 53 naíonra ann anois lasmuigh den Ghaeltacht atá ag feidhmiú go hiomlán trí Ghaeilge. Go fóill, níl córas ag an Stát le naíonra a aithint mar chineál seirbhís ar leith, suíomh ina bhfuil tumoideachas á chleachtadh agus a bhfuil riachtanais tacaíochta ar leith ag a phobal dá réir. Níl fiú eolaire poiblí ar fáil ón Stát do thuismitheoirí maidir le cá háit ina bhfuil an naíonra is gaire dóibh. Tá gá le scéim a thacaíonn le naíonraí a bhunú agus a bhuanú agus a chinntíonn go mbeidh rogha lán-Ghaeilge áitiúil ar fáil do gach páiste, agus go bhfuil fáil ag tuismitheoirí ar an eolas ina leith. Bua éasca a bheadh ann don Stát cur le líon na gcainteoirí Gaeilge dá dtabharfaí tús maith do na leanaí agus iad ag glacadh a gcéad céimeanna ar a dturas teanga leis an nGaeilge. Tá Gaeloideachas ag éileamh go gcuirfí scéim fóirdheontais ar fáil do na naíonraí ar bhonn práinne; go ndéanfar infheistíocht i seirbhís tacaíochta agus comhairliúcháin sonrach dóibh; agus go dtabharfar an t-aitheantas dóibh atá tuilte acu, agus a thuileann na páistí a dtagann faoina gcúram.

Le go mbeidh sé mar rogha ag gach páiste freastal ar bhunscoil lán-Ghaeilge, tá gá cur leis an soláthar bunscoile. Sa tuairisc ar an gcomhairliúchán poiblí don pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge, mhol líon ard freagróirí go mbunófaí breis naíonraí, bunscoileanna agus iarbhunscoileanna trí mheán na Gaeilge. Tugann seo údarás don Roinn Oideachais athbhreithniú cuí a dhéanamh ar an bpróiseas

bunaithe scoile, próiseas a fhágann oideachas lán-Ghaeilge faoi mhíbhuntáiste mar go bhfuil sé bunaithe ar déimeagrafaic amháin, seachas ar phleanáil straitéiseach a bheadh ag teacht leis an gclár Rialtais.

Cuireadh fáilte roimh an leasú a tháinig ar an bpróiseas bunaithe scoile sa bhliain 2019, leasú a d’fhág go bhfuil, ar pháipéar, níos mó deiseanna ann le bunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú sa chás nach bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge sa scoilcheantar cheana. Tharla an leasú seo de bharr imscrúdú Oifig an Choimisinéara Teanga agus dúshlán a leagadh roimh an Roinn Oideachais maidir lena dualgas i leith na teanga. Ach ní leor é, áfach, mar is annamh anois go mbunaítear scoileanna nua. Ní dhéanann próiseas atá bunaithe ar fhás daonra amháin freastal ar riachtanais forbartha an oideachais lán-Ghaeilge. Go praiticiúil, mura bhfuil sa scoilcheantar ach scoileanna meán-Bhéarla, agus go bhfuil spásanna ar fáil sna scoileanna sin, níl aon deis ann scoil lán-Ghaeilge a bhunú agus níl aon spreagadh nó tacaíocht ann ón Stát le scoil a iompú ina scoil lán-Ghaeilge.

Ní bhíonn ach achar ama gearr ann le tuismitheoirí le páistí faoi aois scoile a eagrú le dul i mbun feachtais le bunscoil nua a bhunú. Cé go bhfaigheann Gaeloideachas fiosrúcháin ar bhonn rialta, níl aon fheachtais ghníomhacha ann le bunscoileanna nua a bhunú i láthair na huaire, mar nach bhfuil deiseanna ann dóibh faoin gcóras atá á fheidhmiú ag an Stát. Ní ceart go mbeadh troid, feachtasaíocht agus dua ollmhór i gceist do thuismitheoirí le háit a fháil i scoil lán-Ghaeilge dá bpáistí. Tá Gaeloideachas ag éileamh go mbeadh próiseas ar leith ann chun bunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú de réir éilimh agus cruthúnais ar inmharthanacht, lasmuigh de chóras reatha na Roinne Oideachais. Bíodh buntáistí na Gaelscolaíochta ar fáil mar rogha do gach páiste.

Níor tharla leasú comhchosúil ar an bpróiseas bunaithe scoile ag an iarbhunleibhéal, mar gur bhain imscrúdú Oifig an Choimisinéara Teanga le cás bunscoile amháin. Is próiseas iomaíoch bunaithe ar déimeagrafaic amháin atá ann le pátrúin scoile a roghnú ag an iarbhunleibhéal, cuma an bhfuil soláthar lán-Ghaeilge ar fáil sa scoilcheantar nó nach bhfuil. Mar atá ag leibhéal na bunscoile, más scoileanna meán-Bhéarla amháin atá sa scoilcheantar agus go bhfuil spásanna ar fáil iontu, níl deis ann le scoil lán-Ghaeilge a bhunú. Má tá gá le scoil nua, is an t-iarratas leis an líon is airde léirithe spéise ó thuismitheoirí a bhronnfar pátrúnacht na scoile orthu. Go hiondúil, áfach, sna ceantair ina bhfuil an daonra ag fás agus scoileanna nua de dhíth, is oideachas meán-Bhéarla a theastaíonn ó fhormhór na dtuismitheoirí dá bpáistí, cé go bhfuil scoileanna meán-Bhéarla ann cheana; mar sin, is scoileanna meán-Bhéarla eile a bhunaítear. Ní oibríonn córas iomaíoch den chineál seo i gcás teanga mionlaigh, agus tá sé ag dul glan in aghaidh spriocanna an Stát mar a bhaineann leis an nGaelscolaíocht. Tá an córas reatha ag déanamh leithcheala ar dhaltaí ar mian leo aistriú go hiarbhunscoil lán-Ghaeilge. Tá sé ag ceilt deiseanna ar phobail lárionaid teanga agus oideachais a bhunú a chuirfeadh le hinniúlacht sa Ghaeilge do na glúine amach romhainn. Tréaslaímid agus tacaímid leis na tuismitheoirí sna ocht gceantar ina bhfuil feachtais láidre le hiarbhunscoileanna nua a bhunú, daoine a ndeachaigh i muinín an chórais tumoideachais dá bpáistí agus gur mian leo cearta a éileamh dóibh leanúint leis an oideachas lán-Ghaeilge. Is a leithéidí a chinnteoidh todhchaí an teanga in ainneoin neamhshuim na Roinne Oideachais. Tá Gaeloideachas ag éileamh go mbeadh próiseas ar leith ann chun iarbhunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú de réir éileamh agus cruthúnas ar inmharthanacht arís, agus lasmuigh de chóras reatha na Roinne Oideachais. Bíodh sé de cheart ag daltaí leanúint leis an oideachas lán-Ghaeilge agus caidreamh fadsaoil a chruthú leis an teanga.

Tá castacht sa bhreis ann le ceist an tsoláthair ag an iarbhunleibhéal, sé sin múnla an aonaid, nuair a chuirtear oideachas trí mheán na Gaeilge ar fáil laistigh de scoil meán-Bhéarla. Níl sainmhíniú beacht ag an Roinn Oideachais ar cad is aonad ann, agus níl polasaí ag an Roinn le raon, caighdeán agus inmharthanacht an tsoláthair a chinntiú. In ainneoin seo, áfach, socraíonn an Roinn gur múnla inghlactha é agus bunaítear aonaid mar réitigh ar cheist an tsoláthair. Is deacair fiú a rá go cinnte cé mhéad aonaid atá ag feidhmiú sa tír i láthair na huaire, mar nach bhfuil córas aitheantais ann dóibh. Ní gá cead na Roinne Oideachais a fháil le haonad a bhunú nó le haonad a dhúnadh. Má lorgaíonn agus má fhaigheann scoil tacaíocht oifigiúil ón Roinn, ní leor an allúntas múinteora a cheadaítear dóibh leis na huaireanta teagaisc atá de dhíth a chlúdach. Ní féidir le daltaí bheith cinnte de, agus iad ag tosú amach in aonad, go mbeidh siad in ann leanúint le hoideachas trí mheán na Gaeilge go leibhéal na hardteistiméireachta, nó go mbeidh an rogha chéanna ábhair ar fáil dóibh trí mheán na Gaeilge. Ní bheadh sé seo inghlactha in aon suíomh oideachais eile. Fós féin, bíonn aonad luaite mar rogha ar na foirmeacha léirithe spéise atá ag an Roinn Oideachais do thuismitheoirí nuair atá scoileanna nua le bunú, cé nach ndéanann an Roinn comhphlé leis an bpobal nó le pátrúin ionchasacha maidir leis. Tá cruthúnas ann nach bhfuil múnla an aonaid mar atá inghlactha nó inmharthana mar sholáthar tumoideachais. Tuigtear do Gaeloideachas gur dhún ar a laghad sé aonad le deich mbliana anuas. Do na haonaid atá ag feidhmiú, is gá a aithint go bhfuil obair ollmhór ar bun acu, gan tacaíocht chuí ón Roinn Oideachais, ach go bhfuil siad leochaileach agus nach soláthar tumoideachais iad sa chiall is leithne. Níl seo cothrom ar dhaltaí nó ar fhoireann na n-aonad.

Tá Gaeloideachas ag éileamh ar an Roinn Oideachais a aithint, mar chuid den pholasaí nua don oideachas lán-Ghaeilge, gur scoileanna neamhspleácha is gá a bhunú in áit aonaid, de bharr nach bhfuil múnla an aonaid lán-Ghaeilge inchurtha le scoil neamhspleách tumoideachais ó thaobh cur chuige ná eispéireas an tumoideachais. Do na haonaid reatha, tá Gaeloideachas ag éileamh go n-aontófar polasaí láithreach a éascaíonn an próiseas dóibh feidhmiú go neamhspleách gan mhoill. Spreagfar tuismitheoirí le hoideachas trí mheán na Gaeilge a roghnú má chuirtear ar fáil dóibh é ina gcuid pobail féin agus mar chuid de ghnáth sholáthar oideachais seachas mar rogha atá imeallaithe agus uaireanta, neamhchinnte. Ba cheart don Roinn Oideachais deis chothrom a thabhairt do pháistí dul chun cinn a dhéanamh agus leanúint lena gcuid oideachais trí Ghaeilge. Má chuirtear polasaithe láidre agus tacúla i bhfeidhm ag leibhéal an Stáit, beidh Gaeloideachas réidh le pobail a spreagadh agus a stiúradh trí na céimeanna le naíonraí agus scoileanna nua a bhunú.

Tosóimid na ceisteanna anois. Tá an Teachta Éamon Ó Cuív ar dtús.

In 2006, d'fhoilsigh an Rialtas ráiteas i leith na Gaeilge. Rud atá ráite ann go soiléir ná go gcuirfear "oideachas lán Ghaeilge ar ardchaighdeán ar fáil do dhaltaí scoile arb é mian a dtuismitheoirí / a gcaomhnóirí é." Tá an rud a bhí geallta simplí. Tuigim an t-éileamh gearrthéarmach ach tá fadhb chórasach anseo, de réir mar a thuigim, nach bhfuil ag teacht leis seo. Níor chuala mé riamh aon Rialtas ag rá gur athraigh sé an polasaí sin. Go deimhin féin, deimhníodh é sa straitéis 20 bliain. An polasaí atá ann faoi láthair ná aon scoil nua a bhunaítear, bíonn comórtas idir gasúir in ionad fáil amach an bhfuil dóthain gasúr le Gaeilge ann atá ag iarraidh oideachas le Gaeilge agus má tá, an bhfuil scoil ar fáil dóibh agus mura bhfuil, an gcuirfear scoil ar fáil dóibh. Baineann an rud céanna leis an meánscolaíocht. Tá polasaí nua ag teastáil. Tá sé simplí. Tá mé tinn tuirseach chuile uair a chloisim go bhfuil polasaí mór nua ag teacht amach, deirim “bhuel, sin bealach le cinntiú nach dtarlóidh tada i dtréimhse an Rialtais seo". Go maithe Dia dom é ach deirim liom féin go dtógfaidh sé trí nó ceithre bliana ansin dul tríd na rúibricí ar fad a bhíonn i gceist le ceapadh polasaí agus go minic, nuair a fhoilsítear é, ní bhíonn ann ach copy and paste.

Is dóigh liom go pearsanta, agus is tuairim na bhfinnéithe é, go dteastaíonn ráiteas neamhbhalbh. Má tá éileamh áirithe ann, b'fhéidir ó 300 scoláire nó cibé figiúr i gcás meánscoile - b'fhéidir go gcuirfeadh na finnéithe figiúr air - nó ó fhigiúr áirithe i gcás bunscoile, bunaithe ar an ráiteas sin, ba cheart freastal ar an éileamh sin laistigh de cheantar réasúnta. Ní féidir le daoine a bheith ag taisteal rófhada le hoideachas a fháil.

Maidir leis an réamhscolaíocht, naíolanna agus naíonraí, ba cheart mír faoi leith a bheith ag an gcoiste ag déileáil leis an gceist áirithe sin. Ní léir domsa go n-aithníonn an Roinn leanaí aon dualgas i leith na Gaeilge do ghasúir na tíre i gcoitinne. Tá sé seo ardaithe sa Dáil agam míle uair. Níl aon chúis nach mbeadh físeáin bheaga á dtaispeáint nó rannta beaga á rá i ngach uile naíonra sa tír. Tá go leor leabhar beaga ina bhfuil rannta beaga agus amhráin bheaga. Ba chóir go ndéanfar é sin do chuile ghasúr sa tír, is cuma cárb as iad. Ar ndóigh, ba cheart go mbeadh soláthar naíolann ann. Ba cheart go dtiocfadh sé seo mar chéatadán d'airgead na Roinne leanaí. Ba chóir go mbeadh sé príomhshruthaithe, má thuigeann na finnéithe an rud atá i gceist agam, seachas mar mhír faoi leith ar an leataobh. Tá an rud céanna i gceist maidir leis an ECCE, na naíonraí mar a thugann muid orthu i nGaeilge. Ba cheart go mbeadh an soláthar céanna ann agus go mbeadh polasaí réamhoideachais ann idir ECCE agus naíolanna a dhéanfadh soláthar ar dhaoine ar mhian leo go mbeadh sé seo rite trí Ghaeilge. Is mór an dúshlán é sin i ngach uile chathair agus i ngach uile áit sa tír. Tá go leor scoileanna lán-Ghaelach istigh i gcathair Bhaile Átha Cliath ach níl na naíolanna ná na naíonraí ann. Creidim gur mar sin atá. Chomh maith leis sin, ba cheart go mbeadh naíolanna agus naíonraí nua ar aon suíomh gur féidir i mbunscoileanna na tíre.

Cad iad tuairimí na bhfinnéithe ar na ceisteanna sin? Idir an dá linn, cuirfimid leis an troid ceann ar cheann ar na scoileanna a luaigh siad ach ní freagra na ceiste é sin. Tá an iomarca troda le rud bunúsach a bhaint amach. Is polasaí soiléir simplí a thiocfadh i líne le geallúint an Rialtais agus nach gcuirfear ar ceal riamh a chaithfidh a bheith ann. Má tá oiread áirithe scoláirí ag lorg oideachas trí Ghaeilge, ba cheart go mbeadh sé ar fáil is cuma cé mhéad scoil atá sa cheantar.

Cé atá ag iarraidh freagra a thabhairt air sin?

Mr. Julian de Spáinn

Le tagairt a dhéanamh do rud a luaigh an Teachta, aontaím go huile agus go hiomlán leis gur fadhb é go bhfuil an córas briste. Nuair atá sé mar thoil ag an Roinn Oideachais rud éigin a dhéanamh, is féidir léi. Mar shampla, is scoileanna ilchreidmheacha iad gach scoil nua a cuireadh ar bun le deich mbliana anuas. Tá an Roinn ag aithint go bhfuil an pobal ag iarraidh go mbeidh scoileanna ilchreidmheacha mar rogha acu ach níl sí ag cur na Gaeilge san áireamh ansin. Cé go bhfuil an sprioc sin ag an Rialtas ó 2006 ar aghaidh, mar a luaigh an Teachta, níl an Roinn ag feidhmiú air. Luaigh an Teachta an clár Rialtais. Táimid ag iarraidh beagáinín tagairt a dhéanamh dó sin. Tá an clár Rialtais atá ann faoi láthair ag caint faoi líon na ndaltaí atá sna scoileanna a dhúbailt ach níl an Roinn ag feidhmiú air sin. Níl sí ag feidhmiú ar an éileamh atá luaite sa chlár Rialtais freisin ná ar an gceann eile atá ann maidir leis an bpáirt-tumoideachas a bhí le bheith i ngach scoil. Tá rud éigin i gcóras iomlán na Roinne Oideachais atá frith-Ghaeilge. Níl aon bhealach eile le breathnú air mar níl sí ag feidhmiú ar an gclár Rialtais atá ag na polaiteoirí atá le bheith i gceannas ar chlár oibre na Roinne. Níl sí ag feidhmiú air sin. Tá an Roinn Oideachais ag feidhmiú in aghaidh thoil an Rialtais faoi láthair mar nach bhfuil sí ag feidhmiú ar na rudaí atá geallta sa chlár Rialtais.

Mar is eol do Julian de Spáinn, aontaím go mór leis an éileamh a bhí ag an gconradh Aire Stáit a bheith ann le freagracht as oideachas trí Ghaeilge agus múineadh na Gaeilge i gcoitinne. Go dtí go mbeidh sé sin ann, tá an iomarca rudaí idir lámha ag an Aire. Dar liom, ba chóir jab lánaimseartha a thabhairt do dhuine amháin chun breathnú ar na ceisteanna seo ar fad. Mar aon le ceist na dtéacsleabhar, tá go leor rudaí le déanamh. Dar liom, dá mbeadh an rud a bhí an conradh ag lorg i bhfeidhm, thabharfadh sé deis don Rialtas na spriocanna uaillmhianacha seo atá i gclár an Rialtais a bhaint amach. Táimid ag deireadh na tréimhse agus níl siad bainte amach agus ní bheidh siad bainte amach. Níl siad bainte amach fós agus tá deich mí le himeacht.

Mr. Julian de Spáinn

Aontaím go huile agus go hiomlán leis an Teachta go bhfuil gá le hAire Stáit a bheadh i mbun polasaithe mar seo a bhrú chun tosaigh agus na hacmhainní cuí a lorg agus a fháil chun iad a chur i bhfeidhm ach ní sin le rá nach bhféadfaí cinntí ar nós na ocht gceantar sin a aithint do Ghaelcholáistí láithreach bonn, roimh dheireadh thréimhse an Rialtais seo.

D'fhéadfaí é sin a dhéanamh.

Mr. Julian de Spáinn

D'fhéadfadh an tAire Oideachais reatha é sin a dhéanamh láithreach bonn.

D'fhéadfaí é sin a dhéanamh ach ní réitíonn sé sin an fhadhb chórasach.

Mr. Julian de Spáinn

Ní réitíonn ach, ar a laghad, bheadh sé mar chéim ina threo sin.

Mr. Cormac McCashin

Ba mhaith liom an pointe a rinne an Teachta maidir leis an gá le polasaí nua a thabhairt isteach a fhreagairt. Sílim go bhfuil sé aitheanta sa seisiún seo go bhfuil polasaithe ann. Tá an ceart ag an Teachta. Tugadh polasaí isteach in 2006. Tá sé ann go fóill. Níl sé curtha ar ceal ag aon duine. Tá na rudaí dearfacha seo sa chlár Rialtais. Tá rudaí dearfacha i leith na ceiste seo is cuma cén áit a mbreathnaíonn tú. Is í an fhadhb ná nach é polasaí atá ag teastáil. Teastaíonn rud éigin difriúil gur féidir leis a chinntiú go leanfaidh rialtas ar bith na gealltanais atá tugtha. Le polasaí, ní féidir an Rialtas a thabhairt os comhair an Choimisinéara Teanga ná os comhair na cúirte agus a rá go bhfuil dualgas reachtúil air é seo a chur i bhfeidhm. Dá dtabharfaí reachtaíocht isteach, mar shampla, bheadh tú in ann toradh níos fearr a chinntiú nuair atá dualgas reachtúil ar an Roinn Oideachais rud éigin a dhéanamh. Tá an Roinn an-chumasach agus tá sí in ann rudaí a bhaint amach má tá dualgas uirthi. Níl dualgas uirthi i leith na rudaí atá sa chlár Rialtais. Is cineál mianta iad sin. Is é sin an fáth gur gá dúinn foghlaim ón teip atá ann go dtí seo agus ó na fadhbanna atá aitheanta agus atá ag dul ar aghaidh agus ar aghaidh agus a rá nach féidir linn brath ar Aire amháin, ar státseirbhíseach sa Roinn nó ar pholasaí. Is gá anois féachaint ar rud éigin nua a thabhairt isteach a thabharfadh ceart do dhaoine chun go bhféadfaidís an Stát a choinneáil cuntasach nuair atá an ceart sin á dhiúltú. Is éileamh i bhfad níos mó ná polasaí a fháil scríofa é sin ach, mar a d'aithin an Teachta, bhí agus tá polasaithe ann ach níl aon bhealach againn ar an taobh seo atá ag troid ar son na dtuismitheoirí sna ceantair a chinntiú go gcuirtear na mianta maithe sin i bhfeidhm.

Braitheann sé ar an leibhéal de pholasaí atá i gceist. Is ráiteas ginearálta, na ceannteidil, a bhí i gceist anseo. Ní mionpholasaí a bhí ann. Ní dúirt muid sa doiciméad áirithe sin cén chaoi go bhfeidhmeofaí é. Bhí an straitéis níos iomláine ach arís ní raibh na mionrudaí ann. Dar liom, is é an rud a theastaíonn ná go leagfaí síos ina dhlí nó ina riail - tá go leor scéimeanna feidhmiúcháin sa tír agus feidhmíonn siad - má tá éileamh ó líon áirithe daoine, go mbunófar meánscoil nó bunscoil agus gur mar sin a bheadh. Is ar leibhéal feidhmiúil é seo. Níl aon rud gur féidir linn brath air. Fiú leis an Aire, ní féidir linn. Is polaiteoir mé agus ní chreidim gur ceart é go mbeadh ar dhaoine dul go dtí na cúirteanna le rudaí bunúsacha a thagann le polasaí an Stáit a bhaint amach. Tá sé thar cionn do na habhcóidí agus do na haturnaetha mar tá siad ag iarraidh nach mbeidh ar dhaoine é sin a dhéanamh, just go mbeidh an rud ann agus go mbeidh sé soiléir cad iad na tairsigh scoláire a chaithfear a chomhlíonadh. Níor scríobhadh é sin síos riamh. Go deimhin féin, is é a mhalairt a tharla. Cuireadh córas ar bun ina bhfiafraítear de chuile dhuine cén cineál scoile atá uathu má tá scoil nua le bunú i mbaile.

Faoin gcóras sin, má tá móramh i bhfabhar cineál áirithe scoile, is cuma cé mhéad duine atá ag iarraidh oideachais trí Ghaeilge, ní bhfaighfidh siad é. Is córas é sin nach bhfreagraíonn do riachtanais na Gaeilge. Ba mhaith liom deireadh a chur leis an gcóras sin agus a rá go bhfuil na Gaeilgeoirí éagsúil uaidh seo. Dá mba rud é go raibh daoine ag iarraidh scoil do chreideamh mionlaigh agus go raibh 300 duine ar fáil, is cinnte go gcuirfí an scoil ar fáil. Ar bhonn matamaitice, caithfimid idirdhealú a dhéanamh idir an dá chineál agus gan iad a mheascadh. Ba chóir go gcoinneofaí an t-éileamh ar oideachas trí Ghaeilge agus an t-éileamh ar oideachas trí Bhéarla neamhspleách ar a chéile agus go ndéarfaí, má tá an t-éileamh ann don oideachas trí Ghaeilge, is cuma cé mhéad scoil Béarla atá sa cheantar. Má tá an iomarca scoileanna Béarla sa cheantar, is fadhb é sin do na scoileanna Béarla, ach bíodh an scoil Ghaeilge ann. Go dtí go ndéanann muid é seo, ní réiteoimid é seo. Caithfidh sé sin a bheith scríofa síos mar pholasaí ag an Roinn.

Mr. Cormac McCashin

Bíodh is go bhfuil an chéad pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge ó bunaíodh an Stát á scríobh faoi láthair-----

Tá sé á scríobh, beidh sé ann agus rachaidh sé amach le dhá bhliain de dhul i gcomhairle agus mar sin de. Táimid ar fad-----

An cuid den Rialtas é an Teachta?

Ní mór dom an cheist a chur arís agus arís.

Bhí mé sa Rialtas agus faraor géar nach bhfuilim go fóill.

Mr. Cormac McCashin

Is é an pointe gur cóir a aithint mar chuid den chruinniú seo ná go bhfuil an polasaí sin á scríobh. Nach maith é sin? Mar sin féin, is é an fhadhb atá ann ná, de réir ár dtuisceana, an FOI a bhí déanta agus é sin ar fad, nach bhfuil an cheist bhunúsach seo-----

Mr. Cormac McCashin

------freagartha mar chuid den dréacht a bhfuiltear ag obair air. Níl muid ag súil le haon seoladh mór nó aon rud mar sin ag leibhéal an Stáit ach níl sé faofa, níl sé críochnaithe agus níl an doras sin iomlán dúnta go fóill. B'fhéidir go bhfuil deis againn tionchar a imirt trí obair an choiste seo. B'fhéidir go bhfuil brúphointe i gceist leis an obair atá ag dul ar aghaidh ansin. Tá dhá rud á dhéanamh anseo. Mura mbainfimid amach ár mianta ar fad, bíodh an chéad chéim aitheanta ansin. Is féidir cuid de na héilimh atá curtha os comhair an choiste inniu a chlúdach mar chuid de sin ach, faoi láthair, ní fheicim go bhfuil aon cheann acu clúdaithe. Bheadh deis ollmhór caillte againn mura n-éireoidh linn é sin a fháil athraithe sula dtiocfaidh an polasaí i bhfeidhm.

Le blianta, bhí mé i gcónaí cineál amhrasach faoi na mórpholasaithe seo. Is ceann de na fáthanna nach raibh polasaí oileánda nua ón Státseirbhís nuair a bhí mé mar Aire é sin. Bhí mo pholasaí agam agus ní raibh a fhios agam cad a bhí mé le dul a dhéanamh. Thógfadh sé dhá nó trí bliana agus is copy and paste de na rudaí a bhí ar bun ag na Ranna Stáit a bheadh ann. Go deimhin, ceithre nó cúig bhliain ó shin, dúradh go réiteofaí polasaí do na hoileáin. Tháinig sé amach agus ní raibh tada ann ach díreach na rudaí a bhí ar bun cheana féin ag an Stát. Ní raibh aon rud ann le freastal ar na riachtanais atá ar na hoileáin. Tá Cormac McCashin tar éis leid a thabhairt gurb é sin atá le tharla leis an bpolasaí oideachais. Dá mba rud é go raibh sé leagtha síos gur aontaigh muid ar rud amháin, cuir the bloody policy ar leataobh agus déan na rudaí: a haon, a dó, a trí, a ceathair. Is é sin an méid. Bhainfeadh sé sin níos mó amach. Táim ag éirí soiniciúil. Tagann an tAire isteach. Tá an tAire lán le fuinneamh agus ag iarraidh polasaí nua. Faoin am atá an polasaí nua ann, beidh an tAire sin imithe. Is cynic's guide to politics é sin.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe ó Chonradh na Gaeilge, ón bhForas Pátrúnachta agus ó Ghaeloideachas. Bhí seisiún thar a bheith suimiúil agus spreagúil againn an tseachtain seo caite leis na hintéirnigh ó TG4. Táim ar ais in ísle brí. Bhí mé suas leis an bhfuinneamh an tseachtain seo caite. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Tá a fhios agam go bhfuil sé thar a bheith tábhachtach. Ní aontaím go huile agus go hiomlán leis an Teachta Ó Cuív.

Smaoinigh air sin.

Cén uair ar aontaigh an Teachta liom?

Aontaímid ó thaobh cúrsaí neodrachta. Tá gá le polasaí ach ní leithscéal gan rud a dhéanamh é sin. Tá sé sin ráite ag na finnéithe. Is féidir an dá thrá a fhreastal go comhthreomhar. Is é an fhadhb atá agam ná go bhfuil sé ag tógáil an iomarca ama an polasaí sin a fhoilsiú. Sa cheist is déanaí a bhí agamsa, ar an 16 Aibreán, chuir mé an cheist cathain a fhoilseofar an beartas nua. Fuair mé gach rud ach an dáta. Níl aon dáta ó thaobh an pholasaí de sa fhreagra. Ceapaim go ndearna an Roinn Oideachais nó an Rialtas éacht ó thaobh polasaí oideachais don Ghaeltacht. Tá an t-aiseolas atá faighte ar ais iontach dearfach. Tá fadhbanna anseo agus ansiúd ó thaobh acmhainní agus liúntais do mhúinteoirí ach bhí gá leis an bpolasaí. Tá gá leis an bpolasaí toisc go bhfuil bearna ollmhór ann. Táim ag rá é sin agus ní saineolaí mé ach ní leithscéal é. Is é sin an rud atá ag tarlú. Tá gá le dáta. Cén uair a bheidh an polasaí sin foilsithe? Tá sé deacair an t-eolas sin a fháil.

Tá na ráitis léite agam agus d'éist mé leis na finnéithe. Táim beagáinín measctha. Tá líon na ndaltaí agus líon na scoileanna íslithe in ainneoin an éilimh atá ann. Is dea-scéal é go bhfuil éileamh ollmhór ann. Is dea-scéal amach agus amach é sin ach tá bearna idir an t-éileamh agus cur i gcrích ón Rialtas. Tá bearna ollmhór freisin ó thaobh daltaí atá ag freastal ar na bunscoileanna toisc nach bhfuil Gaelcholáistí ann chun leanúnachas a thabhairt dóibh. Tuigim é seo.

Dúirt Caoimhín Ó hEaghra go raibh sé i bhfad níos fearr ag dul siar ach gur athraigh rudaí ansin. Thug sé 2020 nó 2021 mar bhliain dó sin. Thug Clare Spáinneach eolas freisin. Táim ag iarraidh é seo a thuiscint. Bhí córas maith ann a raibh bunaithe ar éileamh agus ar mhian na dtuismitheoirí go dtí go raibh an cúlú eacnamaíochta ann, an raibh? An míneoidh na finnéithe é sin dom? Cad a tharla ansin? Cén chaoi ina raibh sé? Cad a tharla?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Má bhreathnaímid siar ar an bhfás a tháinig ar an nGaelscolaíocht ó 1970 ar aghaidh, bhí borradh ar leith ann sna hochtóidí agus sna nóchaidí. Bhí an borradh sin bunaithe ar an éileamh ó thuismitheoirí ar an talamh. Go bunúsach, ba é an córas a bhí ann ná go dtiocfadh grúpa tuismitheoirí le chéile ag lorg bunscoil lán-Ghaeilge a bhunú ina gceantar.

Fuair siad tacaíocht ansin ón Roinn, an bhfuair?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Fuair siad tacaíocht. Bhí an eagraíocht Gaelscoileanna ar an bhfód sna nóchaidí agus ansin bunaíodh an foras. Fuair siad tacaíocht ón dá eagraíocht sin chun iarratas a dhéanamh ar an Roinn agus fuair siad aitheantas sealadach mar scoil. Más rud é gur fhás an scoil agus go raibh sé inmharthana, tugadh aitheantas buan dóibh. Thiocfadh an Stát isteach agus chuirfeadh sé maoiniú ar fáil chun cíos a íoc ar fhoirgneamh, d'íocfadh sé pá múinteoirí agus d'fhásfadh an scoil. Bhí sé sin ag fás aníos ón talamh. Ní raibh aon stiúir ná lámh ag an Rialtas i spreagadh bhunú na scoileanna sin. De bharr an chúlaithe eacnamaíochta a tharla in 2008 nó 2009, tháinig córas nua isteach inar chinn an Roinn nach mbunófaí aon scoil mura raibh fás sa daonra sa gceantar sin agus nach raibh an líon scoileanna a bhí ann in ann freastal ar an bhfás sin.

Ba é an daonra agus easpa spáis an t-aon chritéir amháin.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Yes. Bhreathnaigh an Roinn ar an gceantar agus, má raibh fás sa daonra agus nach raibh an líon scoileanna a bhí ann in ann freastal ar na páistí a bheadh ag teacht chun cinn, chinn sí go mbeadh comórtas pátrúnachta ann chun scoil nua a bhunú. Níor aontaigh an foras leis an gcomórtas sin mar, má théann tú isteach-----

Bhí siad in adharca a chéile.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Bhí. Bhí muid i gcomórtas le pátrúin Bhéarla. B'é sin an áit ina raibh an laige ba mhó.

Tuigimid ar fad go mbeidh tromlach na ndaoine ag lorg oideachas lán-Bhéarla dá bpáistí mar is é sin an ghnáthshaol a bhfuil aithne acu air agus chuile shórt. Bhí thart ar 26% ag lorg oideachas lán-Ghaeilge, ach mar gheall ar an gcóras a bhí ann, is córas first-past-the-post a bhí ann ó thaobh vótaí ó thuismitheoirí, agus dá bhrí sin, bronnadh pátrúnacht ar an bpatrún Béarla go minic seachas na comórtais ar éirí linn a dhéanamh. Bhí fadhbanna againn leis an gcóras sin. Tá an córas sin críochnaithe anois mar tá an Roinn tar éis a rá nach bhfuil sé chun aon scoil nua a bhunú mura bhfuil géarghá leis. An polasaí atá aige faoi láthair ná síneadh agus cur leis na scoileanna atá ann faoi láthair, agus de bharr go bhfuil tromlach na scoileanna ina scoileanna Béarla, is iad sin na scoileanna a gcuirfear leo. Mar sin tá an Ghaelscolaíocht thíos leis arís ar an gcaoi sin. Ní fheileann an beartas nó an cur chuige nua atá ag an Roinn Oideachais ach an oiread.

Maidir leis an bpolasaí do scoileanna lán-Ghaeilge, nuair a seoladh an polasaí don oideachas Gaeltachta agus nuair a bhí sé á fhorbairt, bhí muidne sa Foras Pátrúnachta, Gaeloideachas, Conradh na Gaeilge agus aon dream a bhí bainteach leis an Gaelscolaíocht taobh amuigh den Ghaeltacht ag iarraidh ag an am go mbeadh na scoileanna lán-Ghaeilge tógtha san áireamh sa pholasaí sin, ach an cinneadh a bhí ann ná go mbeadh sé don Ghaeltacht, agus tá sé sin go breá. Bhí ríméad agus áthas orainn nuair a fógraíodh go mbeadh polasaí don oideachas lán-Ghaeilge ann. Beidh sé ina chabhair iontach agus táimid ag súil go mór leis. Mura mbeidh próiseas sa pholasaí sin a bheidh á fheidhmiú ag an Roinn Oideachas inar féidir linn bunscoileanna, meánscoileanna agus naíonraí a bhunú, tá bearna ollmhór sa pholasaí agus tá ceisteanna móra faoi cén fiúntas atá leis in aon chor.

An dréachtpholasaí nó an polasaí ar a bhfuil an Roinn ag obair.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

An dréachtpholasaí. Mura bhfuil córas curtha san áireamh ansin gur féidir bunscoileanna lán-Ghaeilge a bhunú, beidh teip air.

Maidir leis sin, dar leis na freagraí a fuair mé, bhí próiseas comhairliúcháin i gceist. An raibh na finnéithe páirteach sa phróiseas? An raibh an próiseas sin go maith? Ar éisteadh leo agus cad atá tagtha as an bpróiseas sin?

Mr. Julian de Spáinn

Níl an dréacht den pholasaí foilsithe fós so-----

Mr. Julian de Spáinn

-----níl a fhios againn go díreach céard atá chun teacht amach as fós. Bhí próiseas comhairliúcháin ann le linn an phróisis do na díolúintí sna scoileanna, mar shampla, agus níor éisteadh le rud ar bith a bhí luaite sa cheann sin.

Mr. Julian de Spáinn

É sin ráite, éisteadh le linn an phróisis comhairliúcháin do pholasaí an oideachas Gaeltachta so is féidir leis an Roinn moltaí agus eile a thógáil ar bord agus táimid ag súil go dtógfaidh sé ar bord na moltaí atá déantar. Mar atá luaithe ag Caoimhín Ó hEaghra, táimid ag súil go mbeidh polasaí ar conas gur féidir an t aitheantas a thabhairt do scoileanna nó scoileanna nua a chur ar bun, mar dhlúthchuid de. Chomh maith leis sin, creideann muid gur chóir go mbeadh spriocanna ann freisin ar nós mar atá sa Bhreatain Bheag, áit a bhfuil siad ag rá go bhfuil siad ag 23% don oideachas trí mheán na Breatnaise agus go bhfuil siad ag iarraidh bogadh go dtí 40%. Ciallaíonn sé sin go dtuigeann siad, trasna an státchórais, go mbeidh acmhainní ag teastáil chuige sin. Cheana féin agus iad ag fógairt seo, bhí siad ag caint faoi 23 scoil nua. Ní raibh siad ag fanacht ar thuairiscí nó ar thoil an phobail nó aon rud eile. Bhí siad ag rá chun go mbeadh an milliún cainteoir Breatnaise acu sa Bhreatain Bheag, go bhfuil siad ag breathnú ar an oideachas mar cheann de na dlúthphíosaí mar chuid de sin. Tá straitéis 20 bliain don Ghaeilge againn atá ag lorg 250,000 cainteoir. Tá an 20% maidir le hearcaigh nua le Gaeilge le baint amach san earnáil phoiblí. Is dlúthchuid, dár ndóigh, é an Ghaelscolaíocht chuige sin so ní dhéanann sé ach ciall dúinne mar sin sprioc intomhaiste, uaillmhianach a bheith san áireamh sa pholasaí sin. Mura mbíonn sprioc intomhaiste agus uaillmhianach ann, fiú má tá polasaí ann ar conas gur féidir aitheantas a bhaint amach do scoil, níl aon chinnteacht go dtabharfar an t-aitheantas sin mar go mbeidh siad ag rá nach bhfuil na acmhainní ar fáil nó níl sé sin mar thosaíocht acu sa mhór chur chuige. Tá an rud breise sin ag teastáil sa pholasaí ar a bhfuil an Roinn ag obair faoi láthair.

Ms Clare Spáinneach

Ní raibh Gaeloideachas sásta leis an bpróiseas comhairliúcháin ar roinnt mhaith chúiseanna. Bhraith muid go raibh dhá mhórphíosa taighde in easnamh agus tá siad in easnamh go fóill, ainneoin go bhfuil an comhairliúchán, mar dhea, curtha i gcrích. Is iad sin an tuairisc ar na haonaid nach bhfuil foilsithe go fóill, ach de réir mar a thuigimid atá curtha i gcrích, agus freisin, tuairisc ó na cigirí sa Roinn Oideachas ar na luathbhlianta agus na naíonraí lasmuigh den Ghaeltacht. Ní dóigh liom go bhfuil an píosa oibre sin curtha i gcrích go fóill agus ní raibh sé fiú beartaithe nuair a cuireadh tús leis an bpróiseas comhairliúcháin.

Bhraith muid go raibh an comhairliúchán an-saintreorach ó thaobh na Roinne de agus nach raibh na ceistneoirí a scaipeadh in oiriúint do pháistí scoile, ainneoin gurb iadsan an pobal go bhfuil an próiseas seo ceaptha a bheith ag freastal orthu. Is cinnte nár déanadh aon chomhairliúchán le lucht na luathbhlianta. Ní raibh na ceistneoirí ar líne in oiriúint do pháistí bhunscoile. Is ar éigin go rabhadar in oiriúint do pháistí iarbhunscoile. Rinneamar roinnt oibre ag iarraidh na scoileanna agus na múinteoirí a chumasú le go bhféadfaidís na páistí a thabhairt tríd an bpróiseas comhairliúcháin dá mba mhian leo é, ach bhí go leor lochtanna ar an bpróiseas dár linne.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Níl sé sin sásúil beag ná mór, go háirid agus polasaí chomh tábhachtach i gceist.

Ó thaobh na tuairisce maidir leis na hionaid Ghaeilge, tá béim ollmhór curtha ag an Aire ar na hionaid sin sna freagraí a fuair mise. An bhfuil an tuarascáil sin le fáil nó an bhfuil sé foilsithe?

Ms Clare Spáinneach

Níl sé foilsithe go fóill.

Níl sé foilsithe. Mar sin ní bhfuair na finnéithe aon chóip de?

Mr. Julian de Spáinn

Ní bhfuair.

Ms Clare Spáinneach

Ní bhfuair.

Beimid in ann é sin a leanúint suas. Maidir leis na réamhscolaíochta, an é nach bhfuil Clare Spáinneach cinnte an bhfuil an píosa taighde sin críochnaithe?

Ms Clare Spáinneach

Níl. Is taighde é sin a bhí le cur i gcrích ag cigireacht na Roinne Oideachais a dhéanann an cigireacht oideachais ar na naíonraí. Ní heol dom go bhfuil sé curtha i gcrích go fóill.

Is é seo an chéad chruinniú de sraith cruinnithe so beidh tuarascáil i gceist. Ach ní féidir glacadh leis sin nó le polasaí nach bhfuil againn atá ag dul siar ní fios cé mhéid blianta anois. Gabhaim buíochas leis na finnéithe. Is dóigh go bhfuil frustrachas orainn go léir. Is dócha go bhfuil easpa tuisceana nó b'fhéidir dearcadh frith-Ghaeilge ann i gcónaí. Tá easpa tuisceana ar cé chomh tábhachtach is atá sí. Is bronntanas é an dátheangachas agus tá sé ráite go mion minic agam. Leanfaimid ar aghaidh ag cur na gceisteanna.

Feicim go bhfuil lámh in airde ag an Teachta Aindrias Ó Muineacháin.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe agus gabhaim buíochas leo as na cuir i láthair. Bhíos ag éisteacht go dtí seo agus aontaím go láidir gur chóir go mbeadh straitéis ann don Ghaelainn tríd an gcóras ar fad, ón réamhscolaíocht go dtí an bhunscolaíocht, an mheánscolaíocht agus ar aghaidh go dtí oideachas leanúnach. Bhí an cheist céanna agam leis an Teachta Connolly an lá sin a lua sí. Cé go raibh an-chuid eolas sa bhfreagra a fuarthas ón Aire, ní raibh, mar a lua an Teachta, an spriocdháta luaite leis.

Is dóigh liom gur an Foras Pátrúnachta a rinne tagairt go luath sa chaint mar gheall ar líon na scoileanna agus an laghdú a bhí orthu, seachas aon fhás nó an líon a bheith seasmhach. An bhféadfaí soiléiriú a thabhairt air sin? Conas a bheadh laghdú ar líon na scoileanna nó cén laghdú a bhí le feiscint?

B'fhéidir go bhfuil cuid den dara cheist saghas freagartha ag Clare Spáinneach cheana. Tá an-béim ar fad sa chomhrá ar scoileanna nua a bhunú. Níl an córas a bhí ann in úsáid anois nó b'fhéidir nach bhfuil aon chóras in úsáid, mar atá luaite ag na finnéithe. Tá sruthanna Gaelainne laistigh de na scoileanna atá ann faoi láthair. Cén dearcadh atá ag na finnéithe orthu siúd? Táthar ag freastal ar phobal Gaelainne chomh maith.

I mo dhúthaigh féin, feicim Coláiste Choilm i mBaile an Chollaigh atá ag freastal ar phobal mór. Is amhlaidh gur sruth Gaelainne atá ann laistigh den mhórscoil. Tá sí an-láidir. Tá an-éileamh uirthi sa dúthaigh. Táim ag iarraidh tomhas a dhéanamh air sin. Cén dearcadh atá ag na finnéithe ar na sruthanna? An féidir leo freastal ar phobail atá ag éileamh Gaeloideachais? Luaigh Clare Spáinneach stádas neamhspleách a thabhairt dóibh sin. Má tá polasaí i gcomhair Gaeloideachais le bheith tugtha chun cinn amach anseo, caithfidh an chuid sin den scolaíocht atá ag freastal ar dhream mór a bheith mar chuid éigin den pholasaí. Bheadh an-suim agam cloisteáil ó na finnéithe an dearcadh atá acu ar a leithéid. An bhfuil todhchaí ann dóibh? An bhfuil éileamh chun breis cinn a chur ar fáil? An bhfuil siad mar chuid den réiteach in aon chor? Ar chóir tosú le scoileanna neamhspleácha ar fad? An féidir tagairt a dhéanamh ar na sruthanna sin?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Rinne an Teachta tagairt don titim i líon na scoileanna ó 252 go dtí 249. Is cónascadh scoileanna Gaeltachta atá i gceist ansin. Chun tagairt a dhéanamh do cheist an Teachta maidir leis na haonaid, conas a shuíonn iad sin, an dearcadh atá ann ina leith and an bhfuil áit dóibh sa chóras amach anseo, sula ndéarfaí aon rud faoi seo, ba chóir a lua gur thagair Clare Spáinneach do na haonaid níos túisce. Luaigh sí an easpa comhairle, easpa treorach, easpa tacaíochta agus easpa acmhainní atá curtha ar fáil ag an Roinn do na haonaid. Tá easpa leithdháiltí, easpa liúntas agus a lán easpa eile i gceist. Dá bhrí sin, is eiseamláir é aon aonad atá ag déanamh go maith faoi láthair de ghrúpa agus de scoil atá ag déanamh éacht den scoth. Níl cothrom na Féinne á fháil acu agus ní rud é gur féidir a dhéanamh go córasach. Ar bhealach-----

An mbraitheann Caoimhín Ó hEaghra go bhfuil ról acu chun freastal ar an éileamh nó ar chóir stopadh ar fad agus treo eile a thógáil? Tá siad ar an tírdhreach faoi láthair agus ag freastal ar chuid den éileamh atá ann. Má tá straitéis chun a bheith leagtha amach i gcomhair na Gaelscolaíochta, cá seasann siad?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Má táimid ag caint ar straitéis i leith na Gaelscolaíochta, chur chun cinn na Gaeilge agus oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do pháistí, ní dóigh liom gurb iad na haonaid an chéad rogha a bheadh ag aon cheann de na grúpaí. Bheadh tuismitheoirí, múinteoirí agus lucht tacaíochta pátrúnachta ag roghnú scoileanna neamhspleácha ag an mbunleibhéal agus ag an dara leibhéal, má táimid ag caint ar-----

Nílim ag moladh gurb é sin an áit ina bhfuil an réiteach. Cloisim an méid atá á rá, is é sin go mbeadh éileamh ar scoileanna neamhspleácha, ach tá siad ann. Táim ag díriú isteach ar conas gur chóir é sin a láimhseáil.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Dá mba rud é go bhfuil aonaid ann faoi láthair, is é a bheith á moladh ag an bhForas Pátrúnachta ná go mbeadh cosán forbartha acu chomh luath agus ab fhéidir chun go bhféadfadh siad aitheantas neamhspleách a fháil agus a bheith ag feidhmiú go neamhspleách. Tá súil againn go n-eiseofar an tuairisc agus an taighde atá déanta ar na haonaid agus go dtabharfaidh sé sin léargas, comhairle agus moltaí dúinn i leith na haonaid agus an pháirt a bheidh acu san oideachas lán-Ghaeilge amach anseo. Tá súil agam go mbeidh sé sin foilsithe go luath.

Cé nach bhfuilimid ag moladh iad seo mar réiteach, an bhfuil tuairim ag na finnéithe ar conas a líonann siad bearna in áiteanna nach bhfuil aon scoil nua á bunú?

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Ó thaobh an Fhorais Phátrúnachta agus an taithí atá againn óna bheith ag plé le haonaid, tá dúshlán mór millteach ag baint le feidhmiú aonad. Déarfaidh mé arís, dá mbeadh aon duine ag tosú amach anois ag breathnú ar cheantar agus ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil dó, ní dóigh liom go mbeadh muid san fhoras ag breathnú ar aonad mar an chéad rogha. Bheimis ag breathnú i gcónaí i dtreo scoil neamhspleách. Is é an pointe atá taobh thiar de seo ar fad ná, nuair a thagann éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal agus nuair atá na polasaithe agus an cur chuige seo ag an Roinn agus sa chlár Rialtais na figiúirí atá sa Ghaelscolaíocht a dhúbailt, oideachas lán-Ghaeilge a chur ar fáil do thuismitheoirí gur mian leo é agus chuile shórt mar sin, ba cheart go mbeadh an Roinn ag breathnú ar inmharthanacht na nGaelcholáistí seo agus ag leagan síos cur chuige ina gcinnteofaí nach mbeadh ceist ann ach go mbeadh freastal ann ó na Gaelscoileanna ag an mbunleibhéal chun a chinntiú go bhfuil sruth páistí ann d'aon Gaelcholáiste bheag atá á tosú. Tá sé sin feicthe agus aitheanta ag an bhforas sna hiarratais atá curtha isteach ag an Roinn sna ceantair, mar shampla, i gCaisleán an Bharraigh, i lár tíre, i Sord agus i mBaile Átha Cliath 2, 4, 6 agus 8. Tá siad seo ar fad inmharthana. Is é sin an córas gur cheart a bheith ann. Tá súil againn go mbeadh sé sin ag teacht chun cinn sa bpolasaí don oideachas lán-Ghaeilge.

Cuirim fáilte roimh na finnéithe. Tá fadhb ann. Níl go leor bunscoileanna, Gaelscoileanna, Gaelcholáistí ná naíonraí ann. Tá fadhbanna againn maidir leis an supply chain. Tá cuid mhór fadhbanna ann maidir leis an gcóras i leith na n-aonad. Níl sé sin ag obair. Is féidir linn caint faoi Ghaelcholáiste Dhún Dealgan. Tá baint mhór ag an bhForas Pátrúnachta leis seo. Tá ceist agam. Cad é tuairim an fhorais maidir le scoileanna satailíte? An córas maith é seo? An oibríonn sé? Níl plean ag an Roinn i leith daltaí ag dul ón naíonra ar aghaidh chuig an nGaelcholáiste agus, ina dhiaidh sin, go dtí an tríú leibhéal. Tá cuid mhór le déanamh. Nílim cinnte go bhfuil na freagraí againn ná go bhfuil duine ar bith ag cur na ceiste, is é sin, cad a chaithfimid a dhéanamh? Tá córas againn agus níl sé ag obair. Táim ag lorg freagraí ó na finnéithe.

Cé atá ag iarraidh é sin a fhreagairt?

Baineann na ceisteanna le scoileanna satailíte, córas na n-aonad agus an sórt plean atá de dhíth don chosán ón naíonra go dtí an tríú leibhéal.

Mr. Caoimhín Ó hEaghra

Tá brón orm go bhfuilim ag caint arís ach braithim nach córas atá ag an Roinn Oideachais faoi láthair ach cur chuige. Is éard atá ag teastáil ná córas. Teastaíonn córas don oideachas lán-Ghaeilge. Níl sé ann. Ní ceart go mbeadh sé ad hoc agus go mbeadh scoil á bunú anseo, naíonra á bhunú ansin agus iarratas ar mheánscoil lán-Ghaeilge ag teacht ón taobh sin.

Má tá ráiteas i leith na Gaeilge 2006 ag leagan amach gur chóir go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge ar fáil do pháistí dá mba mhian leo, má tá sé sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge go mbeidh 250,000 cainteoir líofa againn faoi 2030, agus má tá sé sa chlár Rialtais go bhfuil muid chun dúbailt a dhéanamh ar líon na ndaltaí atá ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge, cén fáth mar sin nach bhfuil plean córasach ag an Roinn Oideachais chun na spriocanna seo a bhaint amach? Is é sin an áit a bhfuil an bhearna mhór san iris. Is é an áit ar cheart go mbeadh sé, ná sa pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge agus sa chur chuige. Nuair atá muid ag labhairt ar satailít, ar aonaid agus ar na múnlaí seo, tá muid ag aithint go bhfuil éileamh éigin ann agus go gcaithfear rud éigin a dhéanamh. Is é sin atá an Roinn Oideachais ag rá. An chéad rogha a bheadh ag gach duine ná bunú scoil neamhspleách inmharthana, is é sin bunú Gaelcholáiste inmharthana, agus chun go mbeadh Gaelcholáiste inmharthana ann, caithfear lorg go mbeadh bunscoileanna ag cur daltaí ar fáil dó.

Go dtí go bhfuil an córas sin ann, tá muid ag cruthú múnlaí chun freastal a dhéanamh ar nós na satailíte agus ag iarraidh seirbhíse éigin a chur ar fáil i gceantar éigin san áit a bhfuil an múnla. Bheinnse ag lorg go mbeadh plean cuimsitheach ann, mar atá ag an Roinn Oideachais ó thaobh spriocanna atá aici go mbeidh 400 bunscoil ilchreidmheach sa tír faoi 2030. Níl aon phlean aige go mbeidh 400 bunscoil lán-Ghaeilge sa tír faoi 2030. Cén fáth nach bhfuil? Tá pleananna gnímh agus tá obair á dhéanamh ag oifigí na Roinne chun cinntiú go mbeidh na scoileanna ilchreidmheacha seo ann, agus tá tacaíocht an Fhoras Pátrúnachta á lorg ina leith. Ba chóir go mbeadh an plean céanna ann don oideachas lán-Ghaeilge agus ní thuigim cén fáth nach bhfuil.

Ó thaobh mhúnla na satailíte mar atá sé, ceapaim go bhfuil buntáistí ag baint le múnla na satailíte ach go dteastaíonn tacaíocht agus plean forbartha uaidh. Bhí muid ag caint ar na haonaid roimhe seo ó thaobh plean forbartha de. Má tá tú ag bunú aonaid chun freastal ar cheantar, ba cheart go mbeadh cosán ann go bhfásfadh sé. Ciallaíonn an cosán sin go bhfásfadh sé ina scoil neamhspleách ach teastaíonn plean chun forbairt a dhéanamh ar bhunscoileanna timpeall air chomh maith céanna, mar an gcéanna leis an satailít.

Mr. Julian de Spáinn

Tá pointe beag amháin eile agam a bhaineann leis an gceist seo faoi éileamh sa phobal. Ní chaitear mórán ama ag baint leis mar cheist ach luadh níos luaithe é. Bhí an ESRI ag rá go ndúirt 23% den phobal go roghnódh siad oideachas trí mheán na Gaeilge dá mbeadh an rogha acu, agus sa suirbhé a rinneamar le Ireland Thinks, bhí an figiúr thuas go 49%.

Is é ceann de na rudaí is mó nach bhfuil muid ag déanamh ná nach bhfuil muid ag breathnú ar na buntáistí leis an dátheangachas san oideachas agus níl muid ag breathnú air gur chóir go mbeadh an rogha agus an fhéidearthacht ag gach tuismitheoir mar go bhfuil se mar an rogha níos fearr ná mar atá an gnáth-oideachas ó thaobh torthaí de agus na rudaí breise a fhaigheann daoine as an oideachas trí mheán na Gaeilge. Bíonn eagla orainn i mbealach áirithe an Gaeloideachas a dhíol le daoine mar go mbíonn siad ag rá cá bhfuil an scoil go bhfuil siad chun a gcuid páistí a chur ann. Tá an t-easnamh sin ann.

Is é ceann de na rudaí is mó a théann i bhfeidhm orm nuair atá mé ag labhairt faoi seo le tuismitheoirí agus nuair a thagann daoine chuig na cruinnithe nuair atá caint ann faoi scoil an bhunú ná gurb í cheist is mó atá ann ná an mbeidh tuismitheoirí in ann cabhrú lena gcuid páistí leis an obair bhaile. Nuair a fhreagraítear an cheist sin, freagraítear an-chuid den bhuairt atá ar an tuismitheoir. Ón phointe sin ar aghaidh, abair, go ndéanfaimis é sin leis an bpobal trí chéile maidir leis seo, cén éileamh a bheadh ann don Ghaeloideachas?

Má tá muid ag iarraidh bogadh ar aghaidh agus má tá muid i ndáiríre faoi phobal nó tír dátheangach agus go bhfuil muid ag iarraidh an méid atá sa Bhunreacht, i ráitis an Rialtais agus eile a chur i bhfeidhm, mothaím go bhfuil an t-éileamh i bhfad Éireann níos mó ná mar a fheiceann muid, fiú. Níor chóir go mbeadh an argóint sin ann choíche. Nuair atá muid ag caint faoi bhunú scoileanna, mar a bhí Caoimhín Ó hEaghra ag déanamh tagairt de ó thaobh na scoileanna ilchreidmheacha, ba chóir go mbeadh an uaillmhian an-mhór. Tiocfaidh muid ar na daoine nuair is féidir linn labhairt leo faoi na buntáistí a bhaineann leis. Níl aon fhadhb leis sin.

Ó thaobh an sprioc sa Bhreatain Bheag dul ó 23% go 40% de, caithfidh sprioc uaillmhianach mar sin a bheith againn chomh maith, bíodh sé i bhfoirm 400 scoil faoi bhliain áirithe, mar a luaigh Caoimhín Ó hEaghra, nó bíodh sé an 20% atá muid ag moladh, is é sin, go mbeadh 20% de dhaltaí ag freastal ar an oideachas trí mheán na Gaeilge. Muna bhfuil an uaillmhian ann agus muna n-aithníonn muid go bhfuil an t-éileamh ollmhór sa phobal agus go bhfuil níos mó ann fiú nach bhfuil muid ar an eolas faoi, ní éireoidh linn.

Faoin am seo, níl an Roinn agus níl muid lán-dáiríre because níl córas ann. Tá an finné ag caint faoi bespoke solutions faoi choinne ad hockery in achan áit. Tá tacaíocht, spriocanna agus plean de dhíth. Is é sin uilig atá de dhíth orainn.

Sin an méid. Caithfimid críochnú.

Tá ceist amháin eile agam. Is as Dún Dealgan mé agus tá fadhb ann maidir le daltaí ó Thuaidh atá ag iarraidh teacht go dtí Dún Dealgan agus aois na ndaltaí sin. Is dócha go gcaithfidh muid é seo a athrú ach bíonn cuid mhór fadhbanna ann nuair atáthar ag iarraidh go mbogfaidh an Roinn ar chúrsaí cosúil leis seo. Is dócha go bhfuil sé ag cur isteach ar chuid mhór daltaí agus a gcuid tuismitheoirí faoin am seo.

Mr. Julian de Spáinn

Tá an-spéis ag an Rialtas seo go háirithe leis an aonad oileán comhroinnte i gcomhar rudaí fisiciúla agus infreastruchtúr agus caipitil a chaitheamh isteach-----

Narrow Water Bridge.

Mr. Julian de Spáinn

-----ach caithfear breathnú ar na daoine. Tá na daoine tábhachtach agus ba chóir go mbeadh siad lárnach. Tá an ceart ag an Teachta Ó Murchú. Ba chóir go mbeadh an riail sin athraithe chun gur féidir leis na paistí ó Thuaidh freastal ar na scoileanna ó Dheas. Chabhródh sé sin go mór le Dún Dealgán mar shampla, mar a dúirt an Teachta. Aontaím go huile is go hiomlán leis.

Tá brón orm. Tá loads of ceisteanna agam. Níl an oiread sin agam mar bhí na finnéithe an-soiléir sna cuir i láthair a bhí acu. Tuigim na fadhbanna. Tá mé tar éis déileáil leis na finnéithe ar fad ó thaobh ceisteanna ar na fadhbanna agus conas cur chuige a dhéanamh le scoil a bhunú i gceantar, fiú in áiteanna nach bhfuil aon cheann i scoil cheantar. Tá an feachtas fós ann i mBaile Átha Cliath 10 agus 12. Tá siad fós ag lorg. Bhí suíomhanna ann agus beidh suíomhanna ann ach níl an cur chuige ag teacht ón Rialtas agus ón Roinn ach go háirithe mar tá fadhb bhunúsach ann. Tá siad ag caint faoi 50,000 duine breise a bheith ina gcónaí sa cheantar sin roimh 2050 agus fós níl aon phlean ann ó thaobh na Gaeilge de. Is dhá scoil cheantar atá i gceist nach bhfuil Gaelscoil iontu agus níl aon duine ag déanamh aon stocaireachta seachas na Gaeilgeoirí agus na díograisí ó na tuismitheoirí. Níl an Stát ag déanamh aon rud chun éileamh a chothú, gan trácht ar an éileamh a shásamh, agus is é sin ceann de na hobbyhorses atá agamsa. Tá sé ann i gcónaí. Deir an Rialtas, má tá éileamh ann, go ndéanfaidh sé é a shásamh ach ní dhéanann sé fiú sin. Measaim go bhfuil dualgas breise air dul amach agus an t-éileamh sin a chothú.

Ó thaobh dúbailt a dhéanamh ar líon na ndaltaí a bheith sa scoileanna, chuir mé an cheist sin i rith na seachtaine ar an Aire nó pé duine a scríobh an fhreagra di, agus bhí neamhaird iomlán ar an gceist. Déanadh trácht ar gach uile rud eile faoi pholasaí agus polasaí eile seachas ar an gceist a cuireadh, is é sin, cá bhfuil an Roinn maidir leis an bplean agus an polasaí sin a bhí curtha sa phlean Rialtais.

Ag an staid seo, caithfidh mé críoch a chur leis an gcruinniú. D’fhéadfadh muid a bheith anseo cúpla uair an chloig eile. Tá muid ar fad ar bís ag fanacht ar an bpolasaí nua seo agus fiú torthaí an chomhairliúcháin, is é sin, na comhairliúcháin difriúla agus na tuairiscí difriúla chun gur féidir linn ar fad, na finnéithe san áireamh, cur leis an sórt éilimh atá againn amach anseo.

Is é an rud atá i gceist leis an sraith cruinnithe seo ná go mbeidh, ag deireadh na sraithe seo, an tAire Oideachais, an Teachta Foley, os comhair an choiste, go mbeidh muid in ann na ceisteanna a d’ardaigh na finnéithe sna cuir i láthair a bhí acu, agus na ceisteanna a ardaíonn Teachtaí eile idir seo agus an tAire ag teacht os comhair an choiste, a chur díreach go dtí an Aire agus go mbeidh go leor ama aici iad ar fad a fhreagairt ar an lá sin.

Tá sé i gceist againn, mar chuid de seo, díriú isteach ar cheisteanna níos comhionainne, ceisteanna bunscolaíochta agus ollscolaíochta sa tsraith. Tá súil againn go mbeidh tuairisc againn go luath tar éis an tsamhraidh. Tá sraith trí, ceithre nó cúig chruinniú leagtha amach go dtí seo. B'fhéidir go mbeidh níos mó ann sula gcríochnófar leis an tsraith sin roimh an samhradh. Measaim go raibh sé i gceist ag an Aire bheith linn ag deireadh mhí an Mheithimh. Leis sin ráite, cuirfidh mé an cruinniú seo ar fionraí go dtí 3.15 p.m., nuair a bheidh an dara seisiún againn ar cheist na nGaelcholáistí i gCaisleán an Bharraigh, Cloich na Coillte, an Tulach Mhór agus Cill Dhéagláin. Go raibh maith agaibh.

Chuaigh an comhchoiste ar fionraí ar 3.01 p.m. agus cuireadh tús leis arís ar 3.09 p.m.

Tá córam againn mar is leanúint é an seisiún seo ón seisiún deireanach.

Is mian liom fáilte a fhearadh roimh na finnéithe seo a leanas: Frainc Ó Clochartaigh, ionadaí thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i gCaisleán an Bharraigh i gContae Mhaigh Eo; Traolach Ó Donnabháin agus Carmel Nic Airt, ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i gCloich na gCoillte i gContae Chorcaí; Niamh Ní Bhroin, Vincent Hussey agus Joy Coyle, ionadaithe thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú sa Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí; agus Cormac McCashin, ionadaí thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú i gCill Dhéagláin i gContae na Mí. Is mian liom a chur ar an taifead go bhfuil na finnéithe ar fad atá luaite agam ag freastal ar an gcruinniú ó sheomra coiste 1 taobh istigh de phurláin Thithe an Oireachtais, ach amháin Niamh Ní Chléirigh má thagann sí isteach. Tá sí ag teacht isteach thar ceann an fheachtais chun Gaelcholáiste a bhunú sa Tulach Mhór i gContae Uíbh Fhailí agus beidh sí ag freastal ó chian ar Microsoft Teams taobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais.

Is iad seo na rialacha. Ní gá do na finnéithe a bheith buartha. Is é seo an píosa is deacra. Caithfidh mé é seo a léamh amach agus ansin tosaíonn an cruinniú i gceart. Sula leanfaidh muid ar aghaidh lenár mbreathnú ar an ábhar, is é sin, an t-éileamh ar Ghaelscolaíocht ag leibhéal na hiarbhunscoile nach bhfuil á shásamh ag an Stát, tá sé de dhualgas orm na rialacha agus na treoracha seo a leanas a leagan faoi bhráid na gcomhaltaí, na mball foirne agus na bhfinnéithe atá ag freastal ar an gcruinniú seo. Meabhraím do chomhaltaí, d’fhinnéithe agus do bhaill fhoirne a chinntiú go bhfuil a gcuid guthán soghluaiste múchta le linn an chruinnithe mar is féidir leis na gléasanna sin cur as do chóras craolacháin, eagarthóireachta agus fuaime Thithe an Oireachtais. Tá an rogha ag comhaltaí freastal ar an gcruinniú go fisiciúil sa seomra coiste nó go fíorúil ar Microsoft Teams ar an gcoinníoll, i gcás cruinnithe poiblí, gur óna n-oifigí i dTithe an Oireachtas a dhéantar sin. Is riachtanas bunreachtúil é sin. Dóibh siúd atá ag freastal óna n-oifigí, ba chóir dóibh a bhfíseáin a bheith ar siúl an t-am go léir agus iad ag féachaint ar an scáileán. Baineann an coinníoll sin le finnéithe freisin agus iad ag freastal ar chruinniú go fíorúil. Ba chóir dóibh cinntiú go bhfuil na micreafóin múchta nuair nach mbeidh siad ag caint. Is é sin dóibh siúd atá ag teacht isteach go fíorúil; déanann na daoine anseo é dóibh siúd atá anseo go físicúil.

Is mian liom cur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua Bhunreacht na hÉireann agus reachtaíocht araon, finnéithe faoi chosaint ag lán-pribhléid maidir leis an bhfianaise a thugann siad don chomhchoiste chomh fada is atá siad lonnaithe laistigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Is fíric é nach féidir le finnéithe brath ar an gcosaint sin agus fianaise á tabhairt acu ó thaobh amuigh de phurláin Thithe an Oireachtais. Molaim d’fhinnéithe a bheith cúramach agus iad ag tabhairt fianaise. Má ordaíonn an comhchoiste dóibh éirí as fianaise i leith ní áirithe, go ndéanfar amhlaidh láithreach. Ordaítear dóibh gan aon fhianaise a thabhairt nach fianaise í a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí atá á bplé ag an gcomhchoiste. Ba chóir dóibh a bheith ar an eolas go ndéanfar na ráitis tosaigh a chuir siad faoi bhráid an chomhchoiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an chomhchoiste tar éis an chruinnithe seo. Fiafraítear d’fhinnéithe agus do chomhaltaí araon cleachtadh parlaiminte a urramú, nár chóir, más féidir, daoine nó eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, nó tuairimí a thabhairt maidir leo ina ainm, ina hainm nó ina n-ainmneacha ar shlí ina bhféadfaí iad a aithint. Chomh maith leis sin, fiafraítear dóibh gan aon rud a rá a d’fhéadfaí breathnú air mar ábhar díobhálach do dhea-chlú aon duine nó eintiteas. Mar sin, dá bhféadfaí a ráitis a bheith clúmhillteach do dhuine nó eintiteas aitheanta, ordófar dóibh éirí as láithreach agus tá sé ríthábhachtach go ngéillfidh siad don ordú sin má eisítear é.

Tá sé sin ar fad ráite. Níl ach mé féin anseo go fóill ach beidh - tá súil agam - comhaltaí eile anseo ar ball. Bhí roinnt dóibh istigh ar an gcéad cuid den chruinniú. Uaireanta, bíonn siad isteach is amach ar an scáileán. Tiocfaidh na hainmneacha aníos má tá siad istigh ar an gcruinniú. Ar dtús báire, iarraim ar Fhrainc Ó Clochartaigh a ráiteas tosaigh a dhéanamh.

Mr. Frainc Ó Clochartaigh

Tá mé ag labhairt leis an gcoiste seo mar chathaoirleach an choiste stiúrtha do bhaile seirbhíse Gaeltachta Chaisleán an Bharraigh. Chomh maith leis sin, is tuismitheoir mé le páistí a fhreastalaíonn ar Ghaelscoil Raifteirí i gCaisleán an Bharraigh. Mar thuismitheoir agus ball gníomhach feachtais, táim ionadaíoch ar go leor daoine eile i mo cheantar. Táim anseo chun cur síos a dhéanamh ar na fáthanna gur cheart Gaelcholáiste a bhunú i gCaisleán an Bharraigh.

Is é Caisleán an Bharraigh an baile is mó i Maigh Eo agus is é lárionad riaracháin an chontae é. Tá ceithre Gaelscoil ann le fada an lá: Gaelscoil Raifteirí, Gaelscoil na Cruaiche, Gaelscoil Uileog de Búrca agus Gaelscoil na gCeithre Maol. Is ionann é sin agus 667 dalta, a d’fhéadadh fás go 825 dalta, agus iad uilig laistigh de 35 nóiméad ó Chaisleán an Bharraigh.

Is í an fhadhb is mó atá againn ná nach bhfuil aon leanúnachas san oideachas ar fáil do pháistí a fhaigheann a gcuid oideachais náisiúnta scoile trí mheán na Gaeilge. Mar atá cúrsaí faoi láthair, níl aon phróiseas ar fáil chun Gaelcholáiste a bhunú chun an leanúnachas sin a sholáthar.

Tacaíonn snáitheanna éagsúla polasaithe Rialtais agus Stáit le bunú Ghaelcholáiste Mhaigh Eo i gCaisleán an Bharraigh. Ar an gcéad dul síos, tá aitheantas tugtha ag an Stát do Chaisleán an Bharraigh mar bhaile seirbhíse Gaeltachta de bhun Acht na Gaeltachta, 2012. Chun an t-ainmniú sin a chomhlíonadh, ní mór roinnt critéir pleanála teanga a thabhairt chun críche i gCaisleán an Bharraigh trí phlean teanga seacht mbliana a chur i bhfeidhm. Áirítear sna critéir seo soláthar bunoideachais agus iarbhunoideachais trí mheán na Gaeilge. Tá soláthar na Gaelscolaíochta ag teacht le comhpháirt eile de pholasaí an stáit, is é sin, an straitéis 20 bliain don Ghaeilge a deir go leanfar ag tacú le Gaelscoileanna ag an mbunleibhéal agus an soláthar lán-Ghaeilge ag an iarbhunleibhéal a fhorbairt chun freastal ar éileamh leantach.

Sa bhliain 2022, d’fhoilsigh an Roinn Oideachais tuarascáil, Léargas ar Sholáthar don Oideachas Lán-Ghaeilge lasmuigh den Ghaeltacht. Bhí Gaelscoileanna Chontae Mhaigh Eo faoi thrácht sa tuairisc sin; léirítear nach ndeachaigh ach beirt scoláirí i rang a sé ar aghaidh go dtí Gaelcholáiste dá gcuid oideachais iarbhunscoile sa bhliain 2020. B’éigean don chuid eile, 90 scoláire san iomlán, a gcuid oideachais iarbhunscoile a fháil i scoileanna Béarla, de dheasca a laige is atá an soláthar lán-Ghaeilge ag leibhéal na hiarbhunscoile i gContae Mhaigh Eo. Léiríonn sé seo go soiléir nach bhfuil an “freastal ar éileamh”, a dtagraítear dó sa straitéis 20 bliain don Ghaeilge, á chomhlíonadh i gcás Chaisleán an Bharraigh agus an ceantar máguaird, in ainneoin stádas an bhaile mhóir sin mar bhaile seirbhíse Gaeltachta ó 2022 i leith.

Is í an iarmhairt phraiticiúil atá ar an easpa soláthair sin ná go gcailltear cainteoirí gníomhacha féideartha Gaeilge chuile bhliain; 90 scoláire a bhí ann san iomlán in 2020 amháin. Ceiltear an deis orthu an cúrsa a choinneáil leis an nGaeilge isteach sa mheánscoil. Sin an chaoi a seasann cúrsaí i Maigh Eo faoi láthair in ainneoin bheartais éagsúla an Stáit, cosúil leis an straitéis 20 bliain don Ghaeilge ina dtagraítear don chóras oideachais mar bhealach chun “cumas i nGaeilge a leathnú” agus chun “dearcthaí dearfacha” i leith “úsáid na Gaeilge” a chothú. Ina theannta sin, beidh sé den riachtanas cainteoirí cumasacha Gaeilge a chruthú, trí bhíthin Ghaelcholáiste mar shampla, más mian leis an Stát cloí lena chuspóir reachtúil féin a leagtar amach in Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú), 2021 go mbeidh 20% d’earcaigh nua sa chóras poiblí ina gcainteoirí Gaeilge faoi 2030.

Mar atá luaite agam, baile seirbhíse Gaeltachta is ea Caisleán an Bharraigh anois. Tá bunú an Ghaelcholáiste mar phríomhaidhm ag an bplean teanga. Chun iarracht ar fhorbairt a dhéanamh leis seo, seoladh iarratas foirmiúil chun Gaelcholáiste neamhspleách a bhunú chuig an Roinn Oideachais i mí Dheireadh Fómhair 2023. Mar atá luaite agam, tá an cuspóir leis an nGaelcholáiste seo a bhunú ag teacht go réidh le polasaithe reatha an Stáit a bhaineann le forbairt na Gaeilge agus le tacaí riachtanacha a sholáthar dó, is iad sin ná an straitéis 20 bliain don Ghaeilge; an tAcht Oideachais, 1998; Acht na Gaeltachta, 2012 agus na critéir pleanála teanga ó 2019.

Ní hamháin go bhfuil bunú meánscoile tumoideachais lán-Ghaeilge i gCaisleán an Bharraigh ag teacht leis na polasaithe seo ach cuireann sé go mór lena gcur i gcrích. Ó mhí Dheireadh Fómhair seo caite go dtí seo, níl aon fhreagra faighte againn ón Roinn nó ón Aire. In 2024 ba cheart go mbeadh ceart aitheanta ag duine ar oideachas lán-Ghaeilge. Ní mór soláthar meánoideachais trí mheán na Gaeilge a chumasú i Maigh Eo. Ba cheart meánscoil lán-Ghaeilge neamhspleách a sholáthróidh leanúnachas i tumoideachais lán-Ghaeilge do pháistí Gaelscoileanna Mhaigh Eo a bhunú i gCaisleán an Bharraigh gan a thuilleadh moille.

Táim buíoch as an deis labhartha a tugadh dár bhfeachtas inniu. Go n-éirí libh leis an obair thábhachtach seo. Go raibh maith agaibh.

Gabhaim buíochas le Frainc Ó Clochartaigh agus glaoim ar Thraolach Ó Donnabháin thar ceann an feachtas i gCloich na Coillte.

Mr. Traolach Ó Donnabháin

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Gabhaim féin agus Carmel Nic Airt, atá anseo liom ó Chloich na Coillte i gContae Chorcaí, buíochas leis an gcomhchoiste as an deis a bhronnadh orainn teacht os comhair an choiste seo mar ionadaithe choiste stiúrtha Ghaelcholáiste iarthar Chorcaí. Tá an coiste stiúrtha seo i mbun iarrachtaí ó 2016 i leith Gaelcholáiste a bhunú le freastal ar dhaltaí na bunscoileanna lán-Ghaeilge, cúig scoil ina iomlán, in iarthar Chorcaí. Tá Cloich na Coillte suite i gceartlár iarthar Chorcaí, dúthaigh ina bhfuil Droichead na Bandan, An Sciobairín agus Beanntraí, bailte ina bhfuil scoileanna lán-Ghaeilge ag fás agus ag forbairt ó 1994 ar aghaidh. Sa cheantar leis, tá Oileán Chléire, ceantar Gaeltachta, áit ina bhfuil bunscoil lán-Ghaeilge chomh maith.

Ms Carmel Nic Airt

Tá an-éileamh ar scolaíocht lán-Ghaeilge sa cheantar áirithe seo agus meon fíor-dhearfach ina leith. Mar is léir ó fhigiúirí na Roinne, tá geall le 800 dalta ag freastal ar scoileanna lán-Ghaeilge sa cheantar faoi láthair. I ndiaidh dom na figiúirí a dheimhniú maidin inniu, chonaic mé go bhfuil 776 páiste ina iomlán cláraithe sna scoileanna sin. Is in airde atá na huimhreacha agus an éileamh ag dul. Bunaithe ar ionrolluchán atá tuartha do Mheán Fómhair 2024, beidh 820 cláraithe sa chúig scoil agus tá sé tuartha go mbeidh breis is 1,000 dalta sna scoileanna sin taobh istigh de cheithre bliana.

Faoi láthair, tá isteach is amach le 80 dalta ag fágáil rang a sé sna scoileanna lán-Ghaeilge bunléibhéal bliain ar bhliain. Seasann an ráta aistrithe chuig scoileanna lán-Ghaeilge dara léibhéal ag 15%. Tá daltaí ó Ghaelscoil Bheanntraí ag clárú sa mheánscoil Ghaeltachta i mBeal Átha an Ghaorthaigh. De bharr cúinsí tíreolaíochta, níl an rogha seo ag na daltaí sna scoileanna lán-Ghaeilge eile agus mar thoradh, tá easpa rogha acu leanúint le hoideachas lán-Ghaeilge ag an dara léibhéal ina ndúthaigh féin.

I bpíosa taighde a rinneadh sna scoileanna lán-Ghaeilge áitiúla in 2023, dírithe ar dhaltaí rang a ceathair, rang a cúig agus rang a sé, chuir 77% de thuismitheoirí an dúthaigh in iúl go rachadh siad i dtreo an oideachais lán-Ghaeilge dara léibhéal dá mbeadh an rogha ann dá bpáistí. Cuireadh in iúl chomh maith gurb é príomhchúis an rogha sin ná an luach a leagtar ar thairbhe an tumoideachais agus na scolaíochta lán-Ghaeilge trí chéile. Léirigh fianaise an-láidir sa phíosa taighde sin go bhfuil an-éileamh ar scoileanna lán-Ghaeilge dara léibhéal in iarthar Chorcaí agus nach bhfuil a gcearta á bhfáil ag daltaí nó ag tuismitheoirí na dúthaigh faoi láthair maidir le rogha sochrúcháin scoile.

Dar linne, tá an iliomad cúiseanna gur gá agus gur ceart Gaelcholáiste a bhunú mar ábhar práinne in iarthar Chorcaí. Mar atá léirithe agam, is mian le 77% de thuismitheoirí na scoileanna lán-Ghaeilge sa dúthaigh go mbeadh leanúnachas ann ó thaobh na scolaíochta lán-Ghaeilge ón mbunléibhéal go dtí an dara leibhéal de. Luíonn sé sin leis taighde náisiúnta a rinneadh anuraidh inar léirigh na rannpháirtithe - tuistí agus oidí go príomha mar atá léirithe sa léaráid thíos anseo - gurb é an tumoideachas agus na buntáistí a bhaineann leis mar aon le hinniúlachtaí teanga agus feasacht cultúrtha na cúiseanna gur mian le tuismitheoirí go mbeadh leanúnachas ar fáil dá bpáistí ag fágáil na bunscoile dóibh. Luíonn na torthaí seo ó 2023 go láidir le taighde a rinneadh cheana, mar shampla ag Fiona Ní Fhionnlaoich in 2021, agus ag Aisling Ní Thuairisg agus Pádraig Ó Duibhir in 2016. Cúis eile gur chóir Gaelscoil a bhunú in iarthar Chorcaí ná gur cheantar mór fáis é iarthar Chorcaí. I bplean an chontae 2022-28, áitítear go méadófaí an daonra sna ceithre baile sin - Cloich na Coillte, An Sciobairín, Droichead na Bandan agus Beanntraí - ó 16,049 in 2016 go dtí 21,120 sa bhliain 2028. Méadú 32% atá tuartha. É sin ráite, sa chéad sé bliana den phlean sin, leathslí tríd, tá méadú 20.6% tagtha cheana féin ar an daonra, rud a chiallaíonn go seasann an daonra maidin inniu ag 19,355. Tá tuilleadh méaduithe beartaithe. An tríú chúis is ea na figiúirí a thagann ón bPríomhoifig Staidrimh. Tuairiscítear sna figiúirí sin gur tógadh 886 teach nua sa dúthaigh ar fad ó Eanáir 2022 go dtí deireadh na bliana 2023. Anuas ar sin agus mar eiseamláir den chineál forbartha atá ag tarlúint go leanúnach, tá sé beartaithe 600 teach nua eile a lonnú i gCloich na Coillte. Tá cuid acu tosaithe cheana féin.

Nuair atá estáit mhóra tithíochta á dtógáil go leanúnach, tá impleachtaí aige sin don infrastruchtúr, go háirithe i dtaobh an oideachais de. Maítear i bplean an chontae 2022-28 i dtaobh an oideachais:

The scale of growth for West Cork in this plan will place significant new demands on social and community infrastructure, schools, recreational facilities, healthcare etc. It is important that new community infrastructure is delivered in a timely fashion.

Ag eascairt as sin, tuairscítear go bhfuil na meánscoileanna ar fad sa dúthaigh geall le lán go barra faoi láthair. Leis an méadú atá tagtha agus fós le teacht ar an daonra, ní bheidh na meánscoileanna atá ann in ann freastal ar líon na ndaltaí sa dhúthaigh a bheidh ag lorg áiteanna. Tá síneadh curtha agus tuilleadh le teacht le Coláiste Bhrógáin i nDroichead na Bandan agus tá síneadh curtha leis an bpobalcholáiste i gCloich na Coillte. Tá obair fheabhasúcháin le tosnú i Meánscoil na Trócaire i gCloich na Coillte. In ainneoin an mhéidithe, tuairiscítear go bhfuilid cheana féin ag cur leanaí atá ag iarraidh clárú ón doras. I gcás Dhroichead na Bandan, mar shampla, níl rogha ag buachaillí ach dul go Cionn tSáile, scoil atá ar tí a bheith lán leis, nó isteach fán gcathair. Caithfidh na cailíní dul i dtreo Chlochar na Toirbhirte, scoil chailíní amháin in ainneoin iarrachtaí í a athrú go scoil mheascaithe. Cúis eile agus rud nár chóir dúinn dearmaid a dhéanamh air ná go stairiúil, cuireadh aonad lán-Ghaeilge ar fáil do dhaltaí iarthar Chorcaí ó 2001 go dtí 2006. Bhí éileamh agus fás suntasach ar an aonad sin le linn dó a bheith ar fáil. Faoi Mheán Fómhair 2005, bhí 60 mac léinn cláraithe, in ainneoin nach raibh ach clár trí bliana ar fáil ann go dtí leibhéal an teastais shóisearaigh, figiúir a chiallaigh go raibh ráta aistrithe breis is 35% de dhaltaí rang a sé ag an am sin ann. Tar éis do phríomhoide na máthar-scoile éirí as an ról sin in 2006, níor cuireadh aon dua le caomhnú, buanú nó le forbairt an aonaid ón bpointe sin ar aghaidh. Fianaise an-láidir a bhí ansin de laige shuntasach coincheap na n-aonad agus cúis an-láidir Gaelcholáiste neamhspléach a chur ar bun, ina mbeidh daltaí lonnaithe i suíomh an tumoideachais iomláin chun freastal ar riachtanais, ar mhianta agus ar éileamh thuistí agus leanaí.

Ag an meánleibhéal, is scoileanna sainchreidmheacha ar fad atá sna scoileanna sa dúthaigh timpeall orainne. Ag an mbunléibhéal, tá Gaelscoil ilchreidmheach lonnaithe faoi láthair i gCloich na Coillte agus geal le 400 dalta ag freastal uirthi, cuid acu ag taisteal ó áiteanna suas go 40 km ón scoil féin mar gheall ar an eiteas sainchreidhmeach. Is gá agus is ceart rogha maidir le heiteas sainchreidmheach scoile ag an dara léibhéal a sholáthair do thuismitheoirí iarthar Chorcaí.

Thar aon ní eile, ní féidir agus ní ceart dearmad a dhéanamh ar dhaltaí le riachtanais oideachais. Tá aonad uathachais ag feidhmiúil go han-ráthúil trí mheán na Gaeilge i nGaelscoil Mhichíl Uí Choileáin. Tá ceithre rang inti ón rang luath-idirghabhálach go dtí an rang sinsearach; sé sin, rang a sé. Ba é an chéad aonad a bunaíodh i scoil lán-Ghaeilge sa Stát seo é. Mar nach bhfuil scoil lán-Ghaeilge dara leibhéal sa cheantar faoi láthair, ní mór do na daltaí leochailleacha seo bogadh ó shuíomh lán-Ghaeilge go suíomh mheán an Bhéarla don mheánscolaíocht. Ní freastal ceart, cuí nó oiriúnach é nuair a chuirtear iachall ar dhaltaí uathacha, go minic le dushláin teanga, aistriú ó shuíomh teanga ar a bhfuil siad eolach agus compordach go suíomh éagsúil eile le teanga eile mar mheán teagaisc.

Mar achoimre, is mian liom a rá nach córas aon-leibhéal é córas na Gaelscolaíochta. Cuirtear tús leis an scolaíocht lán-Ghaeilge ag leibhéal na naíonraí. Leantar leis sna scoileanna lán-Ghaeilge ag an mbunleibhéal agus an dara leibhéal. Le bunú na gcúrsaí breise lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal, ar nós an Baitsiléir Oideachais trí mheán na Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, tá freastal éigin á dheánamh maidir le hoideachas lán-Ghaeilge ag an tríú leibhéal.

In iarthar Chorcaí, tá bearna suntasach sa chóras cheal scoileanna lán-Ghaeilge ag an dara leibhéal. Is ar an Rialtas agus an Roinn Oideachais an fhreagracht maidir leis seo. Ní mór don Rialtas a chuid dualgaisí agus freagrachtaí mar atá leagtha amach in alt 42(4) a chomhlíonadh le cinntiú go bhfuil na rudaí seo a leanas á gcur i gcrích. Ar an gcéad dul síos, ní mór a chinntiú go bhfuil leanúnachas ar fáil do dhaltaí i scoileanna lán-Ghaeilge ón mbunleibhéal go dtí an meánleibhéal. Ní mór a chinntiú go bhfuil rogha oscailte cothrom ceart ag tuismitheoirí. Ní mór a chinntiú go bhfuil rogha oscailte maidir le heiteas sainchreidmheach ag an dara leibhéal. Mar a dúirt mé cheana, ní mór a chinntiú go bhfuil leanúnachas do dhaltaí uathacha go práinneach. Ní mór geallúintí an Rialtais seo maidir le soláthar scoileanna lán-Ghaeilge mar a luaitear i bplean an Rialtais a chomhlíonadh. Luaitear "Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí a chur ar fáil, áit a bhfuil éileamh mór ann” sa phlean sin. Tá éileamh ollmhór in iarthar Chorcaí. Ní mór na spriocanna sonracha maidir le méadu líon na gcainteoirí Gaeilge a mhéadú agus iad a chomhlíonadh trí chóras na scolaíochta lán-Ghaeilge. Tá gá le próiseas oscailte trédhearcach chun bunú scoileanna lán-Ghaeilge a éascú a chur ar fáil agus tacaithe ag an Rialtas. Ar deireadh, ní mór cearta oideachais agus teanga shaoránaigh iarthar Chorcaí a chomhlíonadh de réir Bhunreacht na tíre seo.

Is daoine réamhghníomhacha sinn agus mar sin tá moltaí againn daoibh. An chéad mholadh ná go mbunófar Gaelcholáiste in iarthar Chorcaí chun freastal ar an éileamh ar oideachas lán-Ghaeilge mar a sheasann sé faoi láthair. Níl aon cheist ach go bhfuil an t-éileamh ann. An dara moladh ná go bhfreastalófaí ar mhéadú tuartha ar dhaonra na dúthaigh agus an gá le hinfreastruchtúr oiriúnach oideachais a chur ar fáil go práinneach. Mar mholadh deiridh, ba cheart go gcomhlíonfaidh an Rialtas a dhualgais i leith an oideachais, na teanga agus teaghlaigh agus mhuintir na hÉireann trí Ghaelcholáiste a bhunú in iarthar Chorcaí. Go raibh míle maith agaibh.

Gabhaim buíochas le Carmel Nic Airt. Iarraim ar Niamh Ní Bhroin a ráiteas tosaigh a léamh thar ceann an fheachtais sa Tulach Mhór.

Ms Niamh Ní Bhroin

A Chathaoirligh, a chomhchainteoirí agus a dhaoine uaisle, ba mhaith liom fáilte a chur roimh Joy Coyle, tuismitheoir ó Éadan Doire, Vincent Hussey, tuismitheoir ón dTulach Mhór agus Niamh Uí Chléirigh, príomhoide Ghaelscoil na Laochra, atá ar líne. Táim anseo inniu chun an éileamh don Gaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát a phlé. Is oth liom a rá nach bhfuil an Stát ag cur Gaelscolaíocht ar fáil ag an dara leibhéal do mhuintir Thulach Mhór. Is cinnte go bhfuil éileamh don Ghaelscolaíocht nach bhfuil á shásamh ag an Stát.

Tá mé i mo chónaí sa Tulach Mhór. Bhí an t-ádh liom go raibh mé in ann freastal ar scoileanna lán-Ghaelacha, Scoil Mobhí agus Scoil Chaitríona i nGlas Naíon, Baile Átha Cliath. Bhí an t-ádh chomh maith ar sheanmháthair agus shinseanmháthair mo pháistí freastal ar Scoil Chaitríona ar Shráid Eccles i mBaile Átha Cliath. Fuair seanathair mo pháistí scolaíocht trí mheán na Gaeilge i gContae Chiarraí. Ní bheidh mo pháistí in ann oideachas iarbunscoile trí mheán na Gaeilge a bhaint amach de bhrí go bhfuil siad ina gcónaí sa Tulach Mhór i lár na tíre.,

Nuair a thosaigh mé ar an bhfeachtas seo chun Gaelcholáiste a bhaint amach don Tulach Mhór in 2020 bhí mo mhac is sine sna naíonáin mhóra. Ag an am sin ba é an grá don Ghaeilge ba chúis leis an bhfeachtas. Le déanaí agus mé ag seoladh téacs chun carad liom faoi nuacht a chuala mé tháinig téacs ar ais chugam leis an nath "dúirt bean liom go ndúirt bean léi". Ag an bpointe sin, bhí a fhios agam an tábhacht a bhaineann le nathanna cainte, le frásaí Gaeilge a dhéanann cur síos ar ghníomhachtaí laethúla. Is é seo saibhreas na teanga.

Le 30 bliain anuas, tá naíonra agus bunscoil Ghaelach sa Tulach Mhór. Tá sé bunscoil Gaelach timpeall an Thulach Mhór - Gaelscoil an Eiscir Riada, Gaelscoil Éadan Doire, Gaelscoil na Laochra i mBiorra, Gaelscoil an Choillín sa Mhuileann gCearr, Gaelscoil an Mhuilinn sa Mhuileann gCearr agus Scoil na gCeithre Máistrí i mBaile Átha Luain - le thart ar 1,000 dalta ag freastal orthu. Níl aon Gaelcholáiste ag freastal ar na daltaí bunscoile seo.

Tá an Tulach Mhór 35 noiméad ó hÉadan Doire in oirthir an chontae, ó Bhiorra in iarthar an chontae agus ón Mhuileann gCearr. Is féidir Baile Átha Luain a bhaint amach i 40 noiméad. Níl Gaelcholáiste chun freastal ar na bunscoileanna. Tá an Gaelcholáiste is gaire d’Éadan Doire i Maigh Nuad, an Gaelcholáiste is gaire do Bhiorra i mBaile Átha an Rí i gContae na Gaillimhe, an Gaelcholáiste is gaire do Mhuileann gCearr i Ráth Chairn i gContae na Mí agus an Gaelcholáiste is gaire don Tulach Mhór i Nás i gContae Chill Dara. Bhí aonad i mBaile Átha Luain ach theip air blianta ó shin. Bhí sé foilsithe sa The Irish Times in 2002 go raibh iarracht á déanamh oideachas trí mheán na Gaeilge a chur chun cinn i gColáiste Thulach Mhór. Theip air sin chomh maith.

Tá an obair-déanta ag an Stát maidir le cursaí oideachais, mar shampla ó thaobh mórthionscadail atá ag cur scoileanna ar fáil agus an dul chun cinn maidir le hoideachas riachtanais speisialta. Níl an Roinn ag cur Gaelcholáistí ar fáil ag an dara leibhéal, áfach. Tá sé in am don Stát Gaelcholáiste a bhunú sa Tulach Mhór. Tugann na bunscoileanna bunchloch na teanga do pháistí ach is ag aois na ndéagóirí a thagann forbairt ar an teanga. Bíonn déagóirí tapaidh lena smaointe, cliste lena gcaint agus bíonn comhrá glic agus greannmhar acu. Gan Ghaelcholáiste, ní bheidh an Tulach Mhór in ann stádas nua-Ghaeltachta nó aidhmeanna de réir an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge 2010-2030 a bhaint amach. Mar a dhuirt an tAire, an Teachta Foley, in 2023, tá gealltanas tugtha ag an Roinn Oideachais deiseanna a chruthú chun oideachas trí mheán na Gaeilge a leathnú lasmuigh den Ghaeltacht.

Sa Phlean Forbartha Chontae Uíbh Fhailí 2021-2027, tá an Roinn Oideachais den tuairim go mbeidh bunscoil agus iarbhunscoil nua ag teastáil má fhásann an daonra de réir mheastachán an phlean. Mhol an Roinn suíomh a chur ar fáil le haghaidh scoileanna nua sa Tulach Mhór. Ó foilsíodh an litir sin, tá tithíocht tar éis dul i méid sa Tulach Mhór agus méadú tagtha ar an daonra. Beidh Teachta Dála sa bhreis againn san olltoghchán atá le teacht. Beidh triúr Teachtaí Dála againn i dtoghcheantar Uíbh Fhailí. Beidh Oifigeach na Gaeilge fostaithe go luath ag Comhairle Contae Uíbh Fhailí. Níl Gaelcholáiste againn fós.

Sa Tulach Mhór tá an Ghaeilge á cur chun cinn sa chomhluadar. Tá Comhaltas Ceoltóirí Éireann go breá láidir sa Tulach Mhór le béim ar an nGaeilge ó thaobh teanga agus cultúr de. Tá ciorcal comhrá Gaeilge sa leabharlann chomh maith le pop-up Gaeltachtaí. Tá Cumann Lúthchleas Gael An Tulach Mhór agus Cumann Camógaíochta Tulach Mhór ag cur na Gaeilge chun cinn. Tá na cumainn páirteach i bhFondúireacht Sheosaimh Mhic Dhonnacha. Tá na nuachtáin áitiúla ag tabhairt tacaíochta do na hoifigigh Gaeilge sna cumainn. Caithfidh an Roinn polasaí nua a chur i bhfeidhm chun Gaelcholáiste a bhunú sa Tulach Mhór. Tá gá ann dá leithéid agus ba chóir go mbeadh sé againn. Is trua nach bhfuil Ghaelcholáiste sa Tulach Mhór. Gan Gaelcholáiste, ní thiocfaidh fás ar an nGaeilge. Tá an Ghaeilge nasctha le hoidhreacht na tíre. Tír gan teanga, tír gan anam. Mar a deirtear sa dán:

Mise Éire,

Sine mé ná an Chailleach Bhéarra,

Mór mo ghlóir,

Mé a rug Cú Chulainn cróga,

Mór mo náir,

Mo chlann féin a dhíol a máthair,

Mise Éire,

Uaigní mé ná an Cailleach Bhearra.

Go raibh maith agaibh a chairde.

Go raibh maith agat, a Niamh. Beidh an píosa cainte deireanach ó Chormac McCashin ó Chill Dhéagláin.

Mr. Cormac McCashin

A chairde, tá mé ag labhairt libh mar chathaoirleach ar Ghaelscoil na Mí, an ceann is mó de dhá Ghaelscoil i gCill Dhéagláin, baile atá deich nóiméad ón M50. Is ceantar mór fáis é oirdheisceart na Mí agus tá eastáit mhóra tithíochta á dtógáil go leanúnach ann. Bhí an ceantar ar cheann de bheagán áiteanna sa tír ina raibh gá aitheanta le bunscoil nua agus le meánscoil nua le deich mbliana anuas. Is scoileanna meán-Bhéarla a bhí bunaithe, faraor. Tá an-éileamh ar an nGaelscolaíocht sa cheantar seo agus is meon dearfach atá ag an bpobal uirthi. Tá trí Ghaelscoil eile taobh istigh de 20 nóiméad ó Ghaelscoil na Mí: Gaelscoil na Cille, Gaelscoil na Ríthe agus Gaelscoil Thulach na nÓg. Tá 1,200 áit scoile iontu san iomlán. Tá breis ag 1,100 páiste ag freastal ar an gceithre scoil faoi láthair ach tá an ráta aistrithe go Gaelcholáistí gar do náid.

Maidir leis na fadhbanna atá ann, sílim gurb í an bhunfhadhb ná go bhfuil an Stát, a bhfuil sé mar aidhm aige an líon cainteoirí Gaeilge a fhás tríd an nGaelscolaíocht, ag cur bac orainn scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú. Tá an Roinn Oideachais ag déanamh beag is fiú de spriocanna agus seasamh an Stáit leis an easpa gnímh i leith na Gaelscolaíochta.

An t-aon áit go mbeidh scoil lán-Ghaeilge nua ag oscailt i mbliana ná in oirthear Bhéal Feirste. Is iontach an rud é go mbeidh an pobal sin ag baint leasa as an nGaelscolaíocht don chéad uair. Cé gur rud dearfach é seo, mothaím gur údar náire atá ann go bhfuil an Stát ag tabhairt maoinithe do bhunú Gaelscoile lasmuigh den Stát ach ag cur bac ar a leithéid laistigh den Stát féin.

Ní córas oideachais aon chéim amháin atá againn agus bíonn nasc ann ó scoil go scoil. Cuireann an easpa Gaelcholáiste isteach ar an éileamh ar na Gaelscoileanna agus ar na naíonraí sa cheantar. Tá ráite ag tuismitheoirí linn nach fiú an tairbhe an trioblóid naíonra ná Gaelscoil a roghnú má tá an páiste ag dul an Ghaeilge a chailliúint ag an meánleibhéal.

Ritheadh comórtas pátrúnachta i nDún Seachlainn chun meánscoil nua a bhunú in 2021. Tá Gaelscoil na Ríthe suite ansin i measc roinnt scoileanna meán-Bhéarla. Rinne an Roinn Oideachais neamhaird ar an mbreis agus 1,000 dalta Gaelscoile sa mhórcheantar agus ar an gcaoi gur scoileanna meán-Bhéarla a bhí i 100% de na scoileanna reatha. Níor tugadh aon seans do thuismitheoirí sa trí Ghaelscoil eile mórthimpeall ar Dhún Seachlainn tacú le Gaelcholáiste a bhunú. Mar sin, caitheadh níos mó vótaí d’oideachas trí Bhéarla agus cheadaigh an t-Aire meánscoil mheán-Bhéarla eile ar mholadh na Roinne. Is léir nach bhfuil oifigigh na Roinne buartha faoin rud ceart a dhéanamh seachas rudaí a dhéanamh i gceart. Tá aon sprioc faoin nGaeilge fágtha ar an gcloch is faide siar cé go dtuigeann siad go bhfuil ag teip orthu spriocanna an Stáit a bhaint amach.

Is Gaelscoil ilchreidmheach agus ionchuimsitheach í Gaelscoil na Mí. Tá daltaí ó gach cearn den domhan ag freastal ar an scoil agus táimid ag súil leis an dara rang uathachais a bhunú an bhliain seo chugainn. Ach nuair atá ár ndaltaí ag fágáil rang a sé, níl aon Ghaelcholáiste ann dóibh. Go stairiúil, bhíodh roinnt de na daltaí ón nGaelscoil seanbhunaithe, Gaelscoil na Cille, ag taisteal chomh fada le Scoil Chaitríona i nGlas Naíon. Ní rogha é sin dár ndaltaí leis an ró-éileamh ar an scoil sin anois. Tá stair uathúil ag Gaelscoil na Mí. Nuair a dhiúltaigh an Stát tacú le bunú na scoile in 2011, rinne na tuismitheoirí agus na heagrais cinneadh an scoil a bhunú neamhspleách ón Stát. D’éirigh leo agus tugadh aitheantas don scoil níos déanaí. Tá an fhadhb chéanna againn 13 bliana ar aghaidh. Is trua liom é ach leis an easpa gnímh ón Rialtas agus ón Roinn, cé go bhfuil a mhalairt mar pholasaí acu, tá rudaí ag bogadh i dtreo iad a náiriú arís agus Gaelcholáiste a bhunú neamhspleách ón Stát.

Molaimid go dtabharfaí próiseas isteach chun scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú; go mbeadh ceart dlíthiúil ag duine ar oideachas lán-Ghaeilge; agus go mbeadh dualgas reachtúil ann maidir leis an líon scoileanna lán-Ghaeilge a ardú.

Mar chríoch, tá an Stát tar éis infheistiú a dhéanamh sa cheantar seo ag an mbunleibhéal. Beidh 1,200 dalta sna Gaelscoileanna go luath. Cén luach ar an infheistíocht atá ann má tá na daltaí ag dul a gcumais sa Ghaeilge a chailliúint sa mheánscoil? Tá an daonra ag fás gan stad sa cheantar, ach is síneadh agus síneadh eile ar na meánscoileanna Béarla a cheadaíonn an Roinn Oideachais, seachas Gaelcholáiste nua a cheadú. Cé atá ag coinneáil na státseirbhísigh sa Roinn cuntasach agus polasaithe an Stáit agus an Rialtais á gcaitheamh sa bhruscar? In oirdheisceart Contae na Mí, tá na huimhreacha againn a shásaíonn aon chritéar a úsáideadh riamh Gaelcholáiste nua a bhunú. Ná glacaimis le leithscéalta an Aire agus na Roinne a thuilleadh.

Gabhaim buíochas leis an gcoiste as an deis ionadaíocht a dhéanamh ar son an fheachtais in oirdheisceart na Mí.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe ar fad. Tá deis anois ag Teachtaí Dála agus Seanadóirí ceisteanna a chur. An chéad duine a chur a lámh in airde ná an Teachta Donnchadh Ó Laoghaire.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir. Ó thaobh na faidhbe atá ann, cúpla bliain ó shin, thosaigh an Roinn an córas seo go raibh sé ag iarraidh a dhéanamh amach cá raibh borradh ó thaobh daonra ann agus conas pleanáil a dhéanamh ó thaobh cá háit a mbeadh na scoileanna. I gcoitinne, tá roinnt céile le sin ach is léir go gcuireann sé daoine a bhfuil fonn orthu oideachas lán-Ghaelach a fháil faoi mhíbhuntáiste, in éineacht le daoine atá ag iarraidh córas oideachais níos ilchreidmhí. Dá bharr, tá sé nach mór ar nós an córas first past the post. Cé go léiríonn sé sin an rogha is mó i gceantar, ní léiríonn sé go bhfuil rogha fairsing agus suntasach ann i gcomhar oideachas lán-Ghaeilge nó oideachas ilchreidmheach. Bhí cur chuige ann freisin atá b'fhéidir athraithe. Tá roinnt uaireanta ann nuair a ghlacann an Roinn leis, nuair nach bhfuil Gaelscoil i gceantar pleanála scoile, go mbeidh deis ann do Ghaelscoil ach ní dóigh liom go mbaineann sé sin leis na meánscoileanna. Is léir go bhfuil cuid mhaith den tír, go mór mhór lár na tíre ach ceantair ar nós iarthar Chorcaí freisin, áit a bhfuil nach mór fásach ann ó thaobh Gaelscoileanna. Tá nach mór ceithre áit sna bunscoileanna anois do gach áit sna Gaelcholáistí. Tá fadhb an-suntasach ansin.

Tá roinnt cur amach agam ar thíreolaíocht iarthar Chorcaí agus in Uíbh Fhailí freisin mar a tharlaíonn sé. Is as Banagher do mo mháthair so tá roinnt cur amach agam ar an gcuid sin tíre. Níl an cur amach céanna agam ar chontae na Mí, ach ó thaobh polasaí de, tá na ceisteanna mar an gcéanna. Caithfidh straitéis faoi leith a bheith ag an Roinn chun a fheiscint go bhfuil líon leordhóthanach i gceantar faoi leith chun go mbeadh Gaelcholáiste ann. Ní gá go mbeadh 300, 400 nó 500 scoláire ann. Is léir gur féidir meánscoil a bheith ann le 100, 120 nó 200 scoláire. Má tá sé mar aidhm againn an Ghaelainn a chur chun cinn agus cinnte a dhéanamh de go bhfuil an deis ag daoine dul ón oideachas luathbhlianta go dtí an ollscoil trí mheán na Gaeilge, ba chóir go mbeadh sé de chumas ag an Roinn ceadú do mheánscoil bheag nó mheánach más gá agus má tá an t-éileamh ann sa cheantar. Tá gá le hathrú polasaí ag an leibhéal náisiúnta. Tá roinnt de na rudaí lena bhfuil an trí cheantar ag déileáil mar an gcéanna. An cheist ná cén feedback atá faighte ag na finnéithe ón Roinn? An bhfuil sé i gcónaí ag rá go bhfuil an córas seo aige nó an bhfuil aon fhianaise go bhfuil solúbthacht ann le déanaí agus go ndéarfadh sé nach bhfuil sé ag cur aon chomórtas os comhair an phobail ach b'fhéidir go bhféachfadh sé ar Ghaelcholáiste dá mbeifí in ann A, B agus C a léiriú? An bhfuil aon fhianaise go bhfuil solúbthacht ann ón Roinn le déanaí nó an bhfuil sé de shíor ag dul ar ais go dtí an ráiteas gur seo an chóras agus gur seo mar a dhéantar cinntí ar scoileanna?

Tosóidh mé leis na finnéithe arís ag tosú le Frainc Ó Clochartaigh. Dúirt sé gur scríobh baill an fheachtais i gCaisleán an Bharraigh chuig an Roinn.

Mr. Frainc Ó Clochartaigh

Do scríobh, agus chuir muid an-chuid fuinnimh isteach inár n-iarratas foirmiúil. Is cinnte go bhfuil 100 leathanach scríofa againn le taighde, tacaíocht, agus chuile shórt san áireamh,chun an t-éileamh a thomhais agus a léiriú go bhfuil sé ann i gContae Mhaigh Eo agus i gCaisleán an Bharraigh ach go háirithe. Sheol muid an t-iarratas sin isteach i mí Dheireadh Fómhair seo caite agus níor chuala muid tada ó shin i leith. Níl córas ann. Ní tada ann dúinne.

Chaill mé píosa cainte Fhrainc Uí Chlochartaigh mar sin ní raibh a fhios agam faoin iarratas. Tá a fhios agam go bhfuil feachtas i gCaisleán an Bharraigh agus déanaim comhghairdeas leo. Is ceantair é áit a mbeadh an-éileamh ann freisin.

Ms Carmel Nic Airt

Chomh fada is go mbaineann sé linne, an rud deireanach a dúradh linn ná nach mbunófaí aon scoil ag an meánleibhéil go dtí go mbeadh an polasaí don oideachas lasmuigh den Ghaeltacht foilsithe, agus ghlacamar go pointe leis sin. Má tá polasaí nua le cur i bhfeidhm, bheifeá ag súil go mbeadh sé curtha san áireamh go bhfuil áiteanna lasmuigh den Ghaeltacht a bhfuil scoileanna ag teastáil uathu, amhail is an cás atá againn thíos i gCorcaigh. Táimid tar éis an bóthar a bhuaileadh agus labhairt leis na meánscoileanna ar fad. Bhuaileamar leis na hoifigigh is sinsearaí san ETB. Taibhsíodh agus dealraíodh dúinn nach bhfuil suim acu ann mar go ndeir an ETB, dar leis na hoigifigh, nach bhfuil tacaíocht na Roinne ann dá leithéid.

Tá sé thar a bheith dian agus deacair dúinn glacadh leis sin sa mhéid is go bhfuilimid ag féachaint síos tollán anois ina mbeidh 1,000 go 1,200 dalta taobh istigh de sé bliana. D'fhéadfainn geallúint a leagadh dá dtiocfadh an bheirt againn thar n'ais anseo i gceann sé bliana, go mbeadh 1,200 dalta in iarthar Chorcaí gan an rogha agus fós tá sé ag rá linn nach féidir leis é sin a dhéanamh.

Iarradh orainn an t-éileamh a thaispeáint. Dheineamar píosa cuimsitheach taighde le tuismitheoirí rang a ceathair, rang a cúig agus rang a sé, mar bhíomar ag aithint go dtógfadh sé am scoil a bhunú. Bhí orainn labhairt le tuismitheoirí ón trí rang sin agus léirigh 77% suim ghníomhach agus suim láidir, ag cur in iúl dúinne go mbeadh oideachas lán-Ghaeilge mar chéad rogha acu ag an dara leibhéal dá mbeadh a leithéid ann. Go stairiúil, bhí cás ann inár gcás go raibh páistí ó iarthar Chorcaigh ag dul síos go Coláiste Íde sa Daingean. Chuaigh roinnt acu ann. Ach chun dul go dtí an Daingean ó Chloich na Coillte agus Cúirt Mhic Shéafraidh, táthar ag caint ar cheithre uair a chloig bóthair chun é a bhaint amach.

Ms Carmel Nic Airt

Bhí leanaí ag fágáil Cloich na Coillte ag 7.15 a.m. agus ag dul síos go Coláiste an Phiarsaigh i nGleann Maghair chun scolaíocht lán-Ghaeilge a fháil. Ní féidir leanúint leis sin. Níl aon inbhuanaitheacht ná aon seasmhacht ag baint leis, agus fós tá na leanaí sa bhaile gur mian leo dul ag scolaíocht lán-Ghaeilge.

Rud ollmhór inár gcás ná an easpa rogha ó thaobh inscne de. Go bunúsach, i gCloich na Coillte, tá scoil na gcailíní ann ag an dara leibhéal agus tá scoil mheasctha sa phobalcholáiste, ach tá céatadán fíorbheag cailíní ag freastal ar an scoil sin, so go réalaíoch, táimid ag caint faoi 90% buachaillí ann. Go stairiúil, téann na buachaillí ansin agus téann na cailíní go dtí an áit eile. Níl rogha ann dóibh. Deir ár bpáistí agus ár dtuismitheoirí dhá bhliain nó trí bliana ar an meánscoil gurb é ceann de na rudaí a mbraitheann siad go mór uathu, anuas ar a bheith ag braith go bhfuil an Ghaelainn imithe uathu, ná an t-athrú maidir le próifíl na scoile ó thaobh inscne de. Cuireann sé sin isteach orthu go mór.

Maidir leis an t-ilchreidmheachas, ní gan dua a bunaíodh scoil ilchreidmheach in áit beag tuaithe in 1994. Bhí an-cur inár gcoinne. Bhí an-chuid ráflaí agus, mar a thugann siad air anois, misinformation maidir leis an scoil ilchreidmheach ag an am. Ceann de na clocha is mó atá ar phaidrín na dtuismitheoirí anois - tá brón orm íomhá mar sin a úsáid sa chás seo - ná gur scoil ilchreidmheach é. Níl aon rogha acu ó thaobh éitis sainchreidmheach ag an dara leibhéil. Níl aon chóras ag an Roinn. Tá sé ag dul i bhfolach taobh thiar den pholasaí seo don oideachas lasmuigh den Ghaeltacht atá le foilsiú. Tá a fhios agam go bhfuil sé ag teacht, agus má bhíonn sé leath chomh rathúil is a bhí an polasaí oideachas Gaeltachta, beidh linn. Ach chun go mbeadh sé rathúil, ní foláir aird agus aire a thabhairt do na dúichí, cosúil leis an dúiche atá againne, an dúiche i Maigh Eo agus sa Tulach Mhór i lár na tíre agus go bhfuil na leanaí seo ag dul ar scoil agus ag caitheamh ocht mbliana sa bhunscoil agus dhá bhliain roimhe sin sa naíonra atá ceangailte lenár gcuid scoileanna. Níor chóir dúinn dearmad a dhéanamh, agus táim paiseanta faoin rud seo, are na páistí a thagann isteach chugainn go dtí an rang idirghabhálach, an t-aon rang den chineál sa chontae atá ag feidhmiú trí mheán na Gaeilge agus an chéad rang luath idirghabhálach a bhí i gcontae Chorcaí. Tá na páistí sin tar éis deich mbliana a chaitheamh ann agus táimid ag tabhairt bata is bóthair dóibh ag rá leo, "Good luck now. We have done our bit. Go wherever you want to go." Níl aon áit ann dóibh áit a mbeidís ar a gcompord agus tá siad á scaipeadh timpeall na ndúichí isteach i scoileanna Béarla. Tá sé seo iomlán éagsúil ón taithí a bhí acu ar feadh deich mbliana roimhe sin. Go bunúsach, níl polasaí ann.

Ms Niamh Ní Bhroin

B'fhéidir gur mhaith le Niamh Uí Chléirigh an cheist sin a fhreagairt.

Ms Niamh Uí Chléirigh

Dia daoibh a chairde. An bhfuil sibh in ann mé a chloisteáil?

Ms Niamh Uí Chléirigh

Agus mé ag éisteacht le gach duine eile a chuaigh romham, aontaím le gach rud a dúradh ansin. Ó thaobh na meánscoileanna atá ann faoi láthair sa Tulach Mhór, tá siad ag cur síneadh anois leis an meánscoil do na buachaillí. Tá scoil breá nua i gCill Beagáin amach an mbóthair agus tá scoil sa Mhuileann gCearr ag fáil síneadh freisin. Ar smaoinigh an Roinn in aon chor ar Ghaelcholáiste a bhunú in ionad síneadh a chur leis na scoileanna Béarla? Arís, mar a dúirt Carmel Nic Airt, níl rogha anois maidir le creideamh nó le héiteas ach an oiread. Tá na daltaí go léir ag dul chuig scoileanna le creideamh iontu. Níl aon straitéis ann. Níl aon pholasaí ann agus tá ceann ag teastáil go géar.

Mr. Cormac McCashin

Le bheith an-soiléir faoi seo, ní trí thimpiste go bhfuil an fhadhb seo ann arís agus arís eile agus to bhfuil na scoileanna atá ann faoi láthair ag fáil síneadh agus síneadh. Tá sé seo ag tarlú mar gheall ar sheasamh fógartha agus oifigiúil na Roinne ón aonad pleanála agus tógála sa Tulach Mhór. Ní sé ag tarlú ad hoc. Is é seo seasamh oifigiúil na Roinne. Chun ceist an Teachta Uí Laoghaire a fhreagairt, luaigh sé an comórtas pátrúnachta a bhí ann. Cuireadh tús le seo i ndiaidh an cúlú eacnamaíochta in 2012 agus bhí sé beo suas go dtí 2021. Sa chóras sin, ní raibh cead scoil nua a bhunú ach amháin i mbaile a ritheadh amach as spás. Bhí Baile an Chollaigh ag rith amach as spás. Ní raibh aon scoil in ann freastal ar na huimhreacha. Bhí gá le scoil nua. Ritheadh comórtas pátrúnachta. Bhuaigh an Foras Pátrúnachta agus bunaíodh Gaelscoil ilchreidmheach. Ach le bheith soiléir faoi sin, tá an córas sin imithe. Tá sé sin anois sa bhosca bruscair. Chin an t-Aire go raibh sé ceart go leor ligint don Roinn Oideachais fáil réidh leis sin. Níl mé ag rá gur córas maith a bhí ann. Bunaíodh níos mó scoileanna mheán-Bhéarla i leith an ama sin in áiteanna nach raibh gá leo. Bhí an mionlach a bhí ag iarraidh oideachas lán-Ghaeilge in iomaíocht leis an móramh a bhí ag iarraidh Béarla agus bhí tú ag braith go mbeadh na vótaí don Bhéarla briste suas idir Educate Together agus na dreamanna ar fad chun go mbeadh tusa in ann teacht isteach i lár na dreamanna eile agus buachaint ar an gcaoi sin. Tá sé sin imithe agus tá na scoileanna atá ann faoi láthair ag fás.

An fhadhb atá leis sin ná go bhfuil i bhfad an iomarca scoileanna meán-Bhéarla sa tír. Tá i bhfad níos mó scoileanna meán-Bhéarla ná an t-éileamh atá orthu agus níl dóthain scoileanna lán-Ghaeilge ann. Mar sin, i gCill Dhéagláin, béal dorais le Gaelscoil na Mí, tá scoil meán-Bhéarla, Coláiste De Lacy. Fásfaidh sé sin arís. Níl aon duine sa Roinn ag rá go bhfuil 700 dalta sa scoil mheán-Béarla ach tá go leor daltaí Gaelscoile anseo agus an féidir leo foirgneamh do Ghaelcholáiste a chur ar an talamh sin, seachas níos mó ranganna Béarla. Níl aon duine sa Roinn ag rá cad faoi Ghaelcholáiste. Níl aon duine ag rá gur cheart don Roinn é seo a dhéanamh. Tá sé an-soiléir go dtuigeann oifigí na Roinne sa Tulach Mhór go bhfuil dualgas orthu an líon daltaí a dhúbailt sa Gaelscolaíocht faoin chlár Rialtais seo.

Tá mé ag ceapadh nach bhfuil an rud a luaigh Carmel Nic Airt cruinn, is é sin nach mbeidh aon scoileanna lán-Ghaeilge nua bunaithe go dtí go mbeidh an polasaí don oideachas lán-Ghaeilge foilsithe. Mar gheall ar iarratas FOI a chuireadh isteach ar na hullmhúcháin don pholasaí sin, fuair muid dréacht den pholasaí agus níl aon rud ann maidir le scoileanna lán-Ghaeilge a bhunú. Níl aon rud ann. Mar sin níl aon chúis dúinn a chreidiúint go mbeidh. Fiú scoileanna in áiteanna a bhí luaite le scoil nua a fháil cosúil le - níl a fhios agam conas a fhuaimnítear an áit seo i gCorcaigh - Garrán-----

Garrán na mBráthar.

Mr. Cormac McCashin

Níl mé in ann é a rá chomh sciobtha leis an Teachta. Is ceantar é sin a bhí aitheanta mar cheantar a bhí ag fáil scoil nua. Tá sé sin anois caite sa bhosca bruscair. Níl an ceantar sin a bhí aitheanta ag fáil scoil nua. Tá an cur chuige a bhí ansin anois sa bhosca bruscair agus tá an Roinn Oideachais ag rá go gcuirfear síneadh le St. John’s or St. Mary’s nó pé scoil atá ann faoi láthair. Níl aon deis ann Gaelscoil a bhunú sa cheantar sin fiú.

An rud seo faoi na comórtais pátrúnachta a bhí ann ar feadh deich mbliana, tá sé sin imithe. Tá an ceart ag an Teachta. An rud a bhí socraithe mar gheall ar an gcás a tógadh chuig an Coimisinéir Teanga, go mbeadh aon cheantar a bhí ag fáil scoil nua ag fáil Gaelscoil dá mba rud é nach raibh Gaelscoil ann ag an am, ní raibh sé sin i gceist riamh ag an meánleibhéal. Bhí dul chun cinn ann ó thaobh na bunscoileanna mar chuid de na comórtais pátrúnachta ach tá an ré sin thart. Maidir leis an rud seo faoin éileamh agus go bhféadfaí 400 dalta a bhailiú agus a chruthú go mbeadh dóthain éilimh ar Ghaelcholáiste chun go mbeadh sé inmharthana, tá sé sin imithe ar fad.

Tá níos mó ná na riachtanais ag na daoine ar fad atá ag labhairt leis an gcoiste inniu. Níl aon duine sa Roinn nó in oifig an Aire ná aon duine eile ag ceistiú an éilimh. Tá na huimhreacha againn. Tá 1,100 taobh istigh de 20 nóiméad ón mbunscoil a bhfuilim mar chathaoirleach uirthi. Níl aon duine ag rá nach bhfuil an figiúr sin ceart nó gur féidir leo taisteal anseo nó ansiúd. Tá sé Ghaelscoil ag an Tulach Mhór. Is cuma má théann tú ó thuaidh nó ó dheas ó aon cheann de na scoileanna atá luaite, níl aon áit ann dóibh. An gá le polasaí? Yes, ach níl aon rud faoin ábhar seo sa pholasaí atá á fhorbairt faoi láthair. Má ligimid don Aire agus don Roinn dul ar aghaidh mar atá siad agus a bheith ag pleanáil ar an mbunús nach mbeidh aon scoileanna Gaeilge á mbunú, ní bheidh muid níos fearr as. Is é seo an chéad pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge ó bunaíodh an Stát agus táimid ar tí an deis a chailliúint.

Ó thaobh na ceiste deiridh a chur an Teachta, maidir le haiseolas ón Roinn, is é an rud a fhaigheann muid ná ciúnas agus neamhaird iomlán. Má sheolann tú iarratas isteach chun Gaelcholáiste a bhunú, ní fhreagraíonn aon duine sa Roinn Oideachais tú. Ní fhaigheann tú admháil ó oifig an Aire. Níl aon solúbthacht ann. Iarrtar ort an méid seo a bhaint amach. Tá na doirse dúnta. Níl spéis ag an Roinn ann. Tá rud éigin iontach sa chlár Rialtais, is é sin, go ndéanfaimid an líon daltaí a dhúbailt, ach anuraidh, don chéad uair le 50 bliain, thit an líon daltaí sa Ghaelscolaíocht, thit an sciar atá ag freastal ar Ghaelscoileanna agus thit an líon scoileanna lán-Ghaeilge. Ní hamháin nach bhfuil ag éirí leis an Rialtas, tá ag teip go hiomlán air. Tá pointe eile sa chlár Rialtais a deir go gcuirfidh an Rialtas Gaelscoileanna agus Gaelcholáistí ar fáil sna háiteanna a bhfuil éileamh mór orthu. Tá muidne ag suí anseo anois mar níl an Rialtas ag éascú cur i bhfeidhm an clár Rialtais atá aige féin. Tuigfidh an coiste an frustrachas a thagann leis sin agus an fáth go bhfuilimid ar bís an leanúnachas seo a chinntiú do na daltaí atá ag fágáil rang a sé inniúil sa Ghaeilge agus ag iarraidh saol trí Ghaeilge a bheith acu. Nuair nach féidir teacht ar mheánscolaíocht trí Ghaeilge, caillfear an inniúlacht sin sa Ghaeilge agus ní bheidh siad ar fáil chun an líon cainteoirí Gaeilge a fhás go 250,000 ná an 20% d'earcaigh don státchóras a shásamh. Níl aon joined-up thinking in aon chor sa chóras Stáit. Bheadh sé go hiontach dá mbeadh an coiste seo in ann tacú leis an gcomhordú sin a éascú.

An féidir liom supplementary an-ghairid a chur? Cá háit a dtéann na leanaí ó Oileán Chléire ar scoil faoi láthair? Níl ann ach dalta amháin, beirt nó triúr gach bliain.

Ms Carmel Nic Airt

Tá triúr i mbliana. Bhí ceathrar agus tá triúr anois ann. Go stairiúil, théidís go dtí an meánscoil i Ros Ó gCairbre. Bhí córas ansin. Nuair a bunaíodh an t-aonad, tháinig siad ar fad go dtí an t-aonad i gCloich na Coillte. Bhíodar ag cur fúthu i gCloich na Coillte i rith na seachtaine. Roghnaigh 100% de leanaí ó Oileán Chléire scolaíocht lán-Ghaeilge nuair a bhí sé ar fáil dóibh. Anois, tá triúr ar rolla na scoile. Tá siad ag teacht isteach ar an mórthír. Tá siad ag dul go Ros Ó gCairbre fós mar tá siad in ann fanacht ann thar oíche. Tógann siad tigh ann ar cíos don bhliain. Tagann duine éigin amach ón oileán chun fanacht sa tigh leo. Is é sin mar atá sé fós. Níl freastal á dhéanamh ar pháistí Oileán Chléire ó bunaíodh an Stát.

Tá sé sin thar barr. Fair play to you.

Níl a lán Gaeilge agam ach déanfaidh mé mo dhícheall. Is as Contae na Mí mé. Tá ráiteas nó ceist agam do Cormac McCashin. Tá Gaelscoil na Cille, Gaelscoil na Mí agus Gaelscoil na Ríthe ar aithne agam. Tá mo mhac féin ag freastal ar Ghaelscoil na Ríthe. Bhí ceist agam faoin bpróiseas pátrúnachta. Bhí caint faoi shruthanna lán-Ghaeilge i gColáiste De Lacy agus Coláiste Ríoga ach níor tharla sé sin. An bhfuil smaointe ag Cormac McCashin faoi sin? Tá LMETB go maith ach ní hionann sruth lán-Ghaeilge agus Gaelcholáiste. Mar sin féin, that seems to be the approach taken. It is decided to have an Irish-language stream, which then does not happen.

Mr. Cormac McCashin

Ar fearr leis an Teachta freagra i mBéarla nó i nGaeilge?

Mr. Cormac McCashin

Is é an chéad rud ná nach bhfuil LMETB go maith ó thaobh na Gaeilge. Is é sin mo thuairim. Theip ar an aonad i nDún Dealgan faoi stiúradh LMETB. Bhí ar an bhForas Pátrúnachta dul isteach agus scoil satailíte a chur ar bun. Mar gheall ar an teip a bhí ann ag leibhéal LMETB, bhí ar an gcóras teacht suas le cineál scolaíochta go hiomlán nua chun freastal a dhéanamh mar gheall ar an bpraiseach a tharla thuas sa taobh sin tíre.

Ó thaobh sruthanna agus aonad, níl aon struchtúr, níl aon sraith thacaíochta agus níl aon deireadh leis na fadhbanna. Tá sé aonad a dhún síos le deich mbliana anuas. Níl cead na Roinne ag teastáil chun iad a oscailt ná chun iad a dhúnadh. Ní féidir tumoideachas a chinntiú. Nuair atá tú sa bhunscoil, tá gach rud as Gaeilge agus oibríonn sé sin. Tá sé aitheanta mar an múnla oideachais is fearr ar domhan ar mhaithe le teangacha a fhoghlaim. Níl aon deireadh leis na buntáistí agus an luach airgid a fhaigheann an Stát as an infheistíocht sin. Le sruthanna, foghlaimíonn roinnt daltaí roinnt ábhar trí Ghaeilge. Tá easpa leanúnachais le brath leis an gcaoi ina n-osclaíonn siad, ina dteipeann orthu agus ina mbogann siad. Tá siad ag brath ar mhúinteoir amháin agus rudaí éagsúla eile agus níl mórán acu sa tír. Maidir leis na haonaid, is iomaí fadhb atá ann. Tá taighde faoi na haonaid coimisiúnaithe ag COGG mar chuid den pholasaí don oideachas lán-Ghaeilge. Níl sé foilsithe ach is féidir glacadh leis go bhfuil an tuairisc sin chun tabhairt le fios gan dul in aice leo mar ní oibríonn sé mar mhúnla. Ní féidir tumoideachas a chinntiú. Bíonn sé an-deacair orthu múinteoirí a fháil le Gaeilge. Bíonn múinteoirí ag múineadh i mBéarla cuid den am agus i nGaeilge cuid eile den am. Bíonn na daltaí, déagóirí, ag meascadh le déagóirí eile. Más déagóir tú, céard atá tú ag iarraidh a dhéanamh seachas fit in leis na daoine eile? Níl tú ag iarraidh a bheith ag dul thart ag spalpadh Gaeilge agus é sin ar fad. Dá mbeadh aon spéis ag Coláiste De Lacy nó aon scoil dul agus é a dhéanamh, bheadh sé déanta aige cheana féin mar tá na huimhreacha ann. Níl siad tar éis é sin a dhéanamh.

Is é an pointe atáim á dhéanamh faoi sin ná, dá mbeadh státseirbhíseach ag smaoineamh faoi aonad a chur ar bun inár gceantar mar réiteach chun gur féidir le daoine a bhfuil oideachas trí Ghaeilge uathu dul ann, is é an líne oifigiúil dheireanach ag an Stát faoi cad atá ag teastáil chun Gaelcholáiste a fháil ná go mbeadh 400 dalta á iarraidh agus tá trí oiread an méid sin againn sna bunscoileanna. Tá na huimhreacha againn ní hamháin chun Gaelcholáiste amháin a bheith againn ach chun Gaelcholáiste ollmhór a bheith againn.

Tá Gaelcholáistí nua i Maigh Nuad agus Ráth Chairn.

Mr. Cormac McCashin

Is as Ráth Chairn í príomhoide Ghaelscoil na Mí ach, má smaoiníonn tú faoin rud a bhí ag tarlú i gCill Dhéagláin go stairiúil, bhí tú ar imeall Bhaile Átha Cliath agus ní raibh aon Ghaelcholáiste ann. Bhí na tuismitheoirí ag taisteal go Baile Átha Cliath. B'fhéidir go raibh siad ag obair i mBaile Átha Cliath. Fiú má tá tú sásta an taisteal a dhéanamh, ní féidir leat dul go Baile Átha Cliath anois mar tá na Gaelcholáistí ansin lán. Tá gach rud atá ag teastáil againn. Tá an béalghrá ar fad againn ón Rialtas. Is é an rud nach bhfuil againn ná gníomh. Táimid réidh le dul. Tá na huimhreacha againn agus tá an cás láidir. Tá seasamh oifigiúil an Stáit, na polasaithe agus chuile shórt ansin ag rá gur cheart go mbeadh Gaelcholáiste againn in oirdheisceart na Mí. Níl ann ach an gníomh a thógáil. Níl ann ach cinneadh an Aire nó tacaíocht na Roinne le go dtarlódh sé ach nílimid ag fáil é sin.

Ms Carmel Nic Airt

Gabhaim buíochas leis an Teachta as an gceist sin a chur mar tugann sé deis dom rud éigin a shoiléiriú. Baineann sé le drochfhocal na Gaelscolaíochta, "sruth". Níl sruth ag teastáil ó aon duine. Ní raibh riamh. Níor éirigh leo riamh. Buíochas le Dia, is beag sruth atá in aon áit anois mar ní raibh aon rith leis an sruth sin. Bhí aonaid ann. Arís ag tacú leis an rud a dúirt Cormac McCashin, léireofar sa taighde sin atá ar an mbord agus atá le foilsiú go luath nár cheart riamh dul in aice le haonad. Is eiseamláir iontach é an t-aonad a bhí againn i gCloich na Coillte.

Bhí fear réamhghníomhach, a raibh a cosa ar an dtalamh, mar phríomhoide ar an máthair scoil nuair a bunaíodh an t-aonad. Bhí fís ag an bhfear sin - agus ní deirim an focal sin go héasca - don fhorbairt agus don scoil sin. An rud a theastaigh uaidh ná gur gcuirfí clár trí bliana ar fáil, go mbeidís ann go gceann trí bliana, agus bhí sé dóchasach faoi dheireadh an trí bliana go mbeadh sé in ann iarratas a dhéanamh ar an scoil neamhspleách a bhí uaidh. Bhí air éirí as de bharr cúrsaí aoise agus léiríonn an rud a tharla an laige is mó agus is láidre atá ag coincheap na n-aonad, is é sin go mbraitheann sé go hiomlán ar phearsantacht agus ar aois an duine atá i bhfeighil ar an máthair scoil.

Tá an ceart arís ag Cormac McCashin, mar a bhíonn i gcónaí. Is féidir le haon duine aonad a bhunú. Is féidir le haon duine aonad a dhúnadh, mar a chonaiceamar. Thóg sé go dtí an bhliain seo caite, 18 mí ó shin, dúinn a fháil amach an raibh an t-aonad i gCloich na Coillte dúnta nó an raibh sé fós ar leabhair na Roinne. Cé nár sheas páiste istigh ann nó nár cláraíodh páistí ann ó 2006, tá ainm an aonaid sin fós ar liosta na Roinne.

Chun ceist an Teachta a fhreagairt, maidir le sruthanna agus aonaid nó pé ainm a thugtar orthu, ní oibríonn siad agus léireofar é sin sa taighde. An rud atáimid ag rá ná gur coincheap oideachasúil iomlán éagsúil é. Dá mba rud é go rabhamar ag tacú le scoileanna Montessori, cé a bheadh suite timpeall ar an gcoiste seo ag iarraidh scoil Montessori a chur isteach i ngnáth bhunscoil an Stáit anseo? Tá siad chomh héagsúil is atá AC current agus DC current. Ní thagann siad le chéile. Chuamar chuig an ETB chun a fháil amach an raibh an t-aonad ann agus an mbeadh sé sásta glacadh linn agus aonad a athbhunú. Táimid ag dul chomh siar chomh fada le 2016 anseo. Arís, mar a dúirt mé, thángamar le réiteach ar an bhfadhb in iarthar Chorcaí agus bhíomar ag leanúint an coincheap agus an teimpléid a bhí acu i gContae na Mí agus i gContae Lú. Bhíomar ag moladh go mbeadh mol scoil ann a bheadh ceangailte le scoil na Gaeltachta ar an dul céanna leis an gclár fisice sin atá á riaradh ag an Roinn faoi láthair idir na scoileanna Gaeltachta. Tá scoileanna Gaeltachta ag úsáid an múinteoir céanna chun fisic a mhúineadh i scoileanna ó Thír Chonaill síos go Béal Átha an Ghaorthaidh agus Baile Bhuirne, agus go bhfuilead á dhéanamh ar líne. Tá an-chuid féidearthachtaí ann. Dúradh linn go neamhbhalbh nach raibh suim dá laghad ag an Roinn in aon rud mar sin mar nach ndearnadh cheana é.

An rud a rinneadh cheana agus a déantar go minic ná go gcuirtear scoileanna ar bun. Nílimid ach ag rá ónár dtaithí ar an dtalamh, leis an éileamh atá ríshoiléir - dubh agus bán, agus le líon na ndaoine agus na cúinsí eile, go háirithe an fhorbairt atá ag tarlúint ar na dúichí, áit a bhfuil forbairt leanúnacha ó thaobh méadú daonra agus tithíochta, cén fáth go bhfuil sé mar pholasaí ag an Roinn síneadh a chur leis an scoil seo, siúd agus uile? Níl go leor spás ar an talamh do na sínte sin a thuilleadh. Tá léiriú an-mhaith thíos i gCloich na Coillte. Tá scoil na mbuachaillí díreach tar éis síneadh a fháil. Fuair ár Gaelscoil féin síneadh i ndiaidh síneadh i ndiaidh síneadh. Ó d'fhágthas mo phost ann in 2017, tá deich seomra ranga sa bhreis curtha leis an scoil. Anois, níl spás ag na leanaí chun súgradh ann. Caithin a stopfaidh sé? Caithin a bheidh an smaointeoireacht ceangailte sin curtha i bhfeidhm chun teacht ar bhealach níos fearr, níos éifeachtaí agus níos saoire chun é seo a bhaint amach?

Mr. Frainc Ó Clochartaigh

Le focal scoir a chur leis an méid atá ráite, ní bheadh aon suim ag muintir Mhaigh Eo i sruthanna ná aonaid. Tá an fhírinne amach fúthu nach n-oibríonn siad agus nach réiteach fadtéarmach iad. Ní bheadh aon suim ag muintir Mhaigh Eo i sruthanna nó aonaid mar is éard atá uainn ná Gaelcholáiste neamhspleách.

Ms Niamh Ní Bhroin

Fadhb atá cloiste agam maidir leis an aonad i mBaile Átha Luain nuair a bhí sé ann ag an am ná go ndeachaigh na daltaí ó Bhaile Átha Luain chuig Bhaile Átha Luain agus timpeall an cheantair. Dá bharr, cé go raibh Gaelscoil againn sa Tulach Mhór, ní raibh spás ann. Ní raibh dóthain spáis san aonad chun glacadh le daltaí lasmuigh. Is fadhb mhór í sin leis na haonaid. Dá bharr, caithfear dul le Gaelcholáiste.

Gabhaim buíochas leis na finnéithe go léir. Ceapaim go bhfuil gá le i bhfad níos mó Gaelcholáistí eile sna ceantair. To make that point as Béarla, I supported the campaign for a Gaelcholáiste in Dunshaughlin but my experience in Meath has been that I have seen on a number of occasions with Louth and Meath Education and Training Board, LMETB, which has a really good track record as a patron, that the idea of an Irish-language stream seems attractive and ticks that box but it does not materialise. As the speakers have all outlined, it does not work anyway. There is a need to look at that model of competition for patronage to ensure we deliver an all-Irish education for our children. My children are just starting off in the process. Our eldest is in baby infants and our middle child is in a naíonra. We want them to continue their education right through in Irish and at the minute they do not have that opportunity locally, so that needs to change. I am happy to work with Cormac McCashin locally on this.

Gabhaim buíochas leis na witnesses who attended today. I wish I were able mo cheisteanna a chur as Gaeilge but I do not have the same bravery as Deputy O'Rourke. That said, if Carmel Nic Airt was on the scene back in 1987 - I missed her by a few years - when I went to national school in Clonakilty, it may have all been so different. I can attest to the fact that many of my nieces and nephews - three from one family and some who are in the Gaelscoil in Clonakilty at the moment - attended the Gaelscoil when Carmel Nic Airt was principal there and the difference it made was incredible. Obviously, they were fluent in Irish but it was not just the language element of it; it was also the inclusivity, the approach to teaching and the music. That is not to be critical of the other national schools in the areas which also obviously promoted music but, for example, when I was in national school we got an hour of tin whistle in the whole six years I was there, whereas in the Gaelscoil, it was a completely different approach. All three of my nieces and nephews went on to study and have careers in music and it is testament to the success of Gaelscoileanna, especially in primary school. It is a real shame that when they graduated from national school, they did not have the option to go on and study Irish in secondary school. I am not fully aware of their knowledge of the language. I am sure it is still with them, but certainly they do not use it as much as they would want. I guarantee they would be one of that 77% who said they would like to continue their education in Irish right into secondary school. To come to that point, was it 77% of parents who said that they would like to continue their education in Irish, given the chance, as opposed to students?

Ms Carmel Nic Airt

It was parents of students in 4th, 5th and 6th class.

I am sure the students would too. It might even be a higher percentage among students.

Ms Carmel Nic Airt

I am sure it would be.

That is important. I apologise that I am directing my questions to Traolach Ó Donnabháin and Carmel Nic Airt but Clonakilty and west Cork form the area with which I am most familiar. They have backed this up with statistics of the increase in those enrolling. Regarding the Gaelscoil in Clonakilty, this is only anecdotal but it appears to me that the increase in enrolment numbers per year would be highest in the Gaelscoil of all the primary schools.

Ms Carmel Nic Airt

Yes, it is, for a number of reasons. First, as I said, mar gur Gaelscoil atá ann. Because it is a Gaelscoil, there are people who come and who have clearly expressed their belief in the concept of immersion education. They recognise the benefits of it and for that reason they chose it. It is not just the language. We are not about reviving a language. Reviving the language happens as a consequence of Gaelscolaíocht. It is a method of education where we set about providing a particular form of education trí mheán na Gaelainne. That is the primary reason they are there. The second reason is because we are a mixed school. As the Deputy will know, there is no other mixed school in the town of Clonakilty that is available to those people who cannot afford to have a second car or to have a parent at home to drive them to or from school.

Third, the fact it is a multidenominational school is a huge attractive factor. Another factor that cannot ever be overlooked, and I know I am possibly overstressing this or the committee may feel I am but I cannot stress it enough, is that we were the first school in west Cork to set up a specific ASD unit for children at the lower end of functioning. There are lots of units around and they do not cater for those children at what I would call the lower level of functioning. We specifically directed our enrolment policy towards those children because we saw they were not being catered for. We also saw that children who were neamhlabhartha - non-verbal - were not being catered for in the units that were already in existence. We now have five class spaces in the school. The school is full. We call the unit Aonad Uí Mhurthuile, after Seán Hurley, the only west Cork man to die in 1916 in Dublin. The fact he was born in the townland in which I was born is another advantage. However, we are very proud of that unit.

Ms Carmel Nic Airt

It has nothing to do with politics. The fact of the matter is the children in that unit come into school. The only criteria we have for the early intervention unit is that the children, insofar as possible, are toilet trained. We have children who are not toilet-trained in school and they are in a cúlra agus suíomh lán-Ghaeilge from the moment they get their diagnosis, which happens in or around the of age of two and half or three, and they are there until they are 13. Then they have to leave and go somewhere that is single-sex in many cases, in a language they have never been used to hearing around them, and in big crowds, and for these children it is a huge drawback.

We have certainly established the attraction of Gaelscoileanna and the multidenominational piece. The evidence is there regarding the enrolments. Coming back to the Irish-medium secondary school piece, Carmel Nic Airt mentioned joined-up thinking in one of her answers to Deputy O'Rourke. That is the big piece here for me. For example, let us bring it local again. Practical examples are the best way to explain this. There was the community college in Clonakilty where I went to school that is already under pressure for numbers. It got an extension which involved about €12 million of an investment, from what I can remember. Carmel Nic Airt mentioned in her presentation that west Cork is a growth area. The population is growing. Within two years of that extension being built, the school was already at capacity. It reached a point where there was a waiting list of 36 students to get into the school. The convent, which is the other secondary school, does not enrol males and that is part of the reason. I almost know the answer to my question, but are we far better off investing again in extending the English-language secondary school and invest in that or does a Irish-medium secondary school remove that headache a bit? Carmel Nic Airt mentioned 800 and 820 enrolments. Does that go a way to removing that headache with waiting lists?

Ms Carmel Nic Airt

It is a no-brainer if you look at it. The fact of the matter is we do not have that problem just in Clonakilty. There was a waiting list of 93 children in St. Brogan's College in Bandon last year.

Ms Carmel Nic Airt

We are talking about waiting lists to go into these schools. On the joined-up thinking, you have heard it from muintir Mhaigh Eo, from muintir lár tíre and from Cormac McCashin. Providing extensions is not the solution. There is a whole piece that is being ignored here, that there are at least three times 400 between Maigh Eo, ár gcás agus an chás seo who are being totally ignored. Think of that waiting list of 36. If those spaces were freed up by taking those children out of the English-medium schools who want to be in an Irish-medium school, then there would be no waiting lists or pressure on Coláiste Pobail Chloch na Coillte. If you were to take out the children who are going into St. Brogan's from the Gaelscoil in Bandon, you will not free up 93 places but you will free up 20 places. It is a no-brainer as far as I can see. I do not understand why we are not naming the elephant in the room, that we are forcing children into these situations because it is the only option available.

With the demographics and the increase in enrolments in the Gaelscoil, that problem is only going to get worse, but the possible introduction of an Irish-medium secondary school removes that headache. Unfortunately, after listening to Cormac McCashin, and obviously this is not a committee I attend regularly, it seems the starting point is at a very low base and Department policy so far means there is a long way to go before we see these secondary schools being built.

Cape Clear was mentioned and it is sad to see three pupils enrolled in the primary school there at the moment. A lot of that is down to a housing policy issue for the islands that needs to be addressed by encouraging more people. I guarantee, if they had that option, they would move there. I thank the witnesses for the presentations. I encourage them to keep flying the flag and to keep plugging away.

An raibh Vincent Hussey ag iarraidh rud éigin a rá?

Mr. Vincent Hussey

I will answer in English. Let us imagine the policy has changed. Is the Department capable of delivering this? We now have 20,000 special needs assistants in schools. They were unheard of 20 years ago. That shows an enormous ability to mobilise. Can we find the teachers? Yes, we can, if we decide to.

Regarding the parental choice, we have mentioned the first past the post voting system. In Northern Ireland, they use the D'Hondt principle for assigning the seats in the Executive. That same principle could be used where you have existing schools to find what best matches people's aspirations. Again, the Department of Education completed 493 major building projects in the past 15 years. I will share one final thought. In Wales, they have pursued education through Welsh and up to 30% of students are educated through Welsh now for their full educational experience.

Mr. Frainc Ó Clochartaigh

I have something small to add to an Teachta Ó Súilleabháin's question of whether we should build extensions or go in a different direction. In my area in Mayo, every single secondary school is currently the subject of huge investment directly from the Department. Multiple millions of euro are going into secondary education. It is investing in extensions, facilities, etc., and not a single cent is going to secondary education for Gaelscolaíocht. That is the current position in Mayo.

Táimid rite as am. Ní féidir liom na ceisteanna atá agam a chur. Tá brón orm ach tá roinnt acu freagartha cheana féin. Cuireadh léarscáil ar fáil agus is léiriú maith é ar na ceantair ar fad nach bhfuil aon Ghaelscoil iontu. Tá sé tábhachtach nuair atá tuairisc á chur le chéile againn go n-úsáidimid a leithéid. An rud atá i gceist againn ná go ndéanfaimid sraith cruinnithe mar seo le leibhéil difriúla den chóras oideachais, na hollscoileanna san áireamh. Beidh an tAire os ár gcomhair ag deireadh mhí an Mheithimh agus roinnfear na ceisteanna agus na ráitis atá na finnéithe tar éis a thabhairt leis na Teachtaí ar fad. Tá súil agam go mbeidh gach uile ceann de na ceisteanna á gcur díreach ar an Aire. Níl mé ag súil, bunaithe ar gach uair a bhí sí os ár gcomhair roimhe seo, go bhfaighidh mé na freagraí ach ar a laghad cuirfear na ceisteanna. An buntáiste atá leis sin ná go dtuigfidh aon duine a bhfuil spéis acu ó thaobh oideachas de, oideachas trí Ghaeilge nó an tír i gcoitinne cad iad na fadhbanna atá ann agus go mbeimid in ann díriú isteach orthu. Beidh toghchán sár i bhfad agus tá súil agam go mbeimid in ann déileáil le Roinn nár léirigh go dtí seo gur spéis leis cearta daltaí oideachas trí Ghaeilge a bheith acu. Caithfimid an port sin a athrú, is cuma cé atá sa Rialtas. Caithfidh sé sin athrú, ní hamháin mar bhuntáiste do na páistí, na clainne agus don Ghaeilge, ach tá sprioc Rialtais agus sprioc reachtúil ann anois gur gá go mbeadh inniúlacht sa Ghaeilge ag 20% de na daoine atá le hearcú don státseirbhís. Ní féidir leis sin tárlú muna chuireann siad infheistíocht cheart sa Ghaeilge agus a lán eile.

Leis sin, caithfidh mé críoch a chur leis an gcruinniú seo. Gabhaim buíochas le Frainc Ó Clochartaigh, Traolach Ó Donnabháin, Carmel Nic Airt, Niamh Ní Bhroin, Niamh Uí Chléirigh, Vincent Hussey, Joy Coyle agus Cormac McCashin. Cuirimid clabhsúr leis an díospóireacht go dtí an chéad chruinniú eile i seisiún poiblí ar an gCéadaoin seo chugainn i seomra coiste 4 nuair a phléimid pleanáil teanga lasmuigh den Ghaeltacht le hoifigigh pheanála teanga iarthar Bhéal Feirste, Charn Tóchair, Chluain Dolcáin, Bhaile Locha Riacha, Chill Dara, Chorcaigh agus Inse.

Cuireadh an comhchoiste ar athló ar 4.30 p.m. go dtí 1.30 p.m., Dé Céadaoin, an 1 Bealtaine 2024.
Barr
Roinn