Is ar mhuintir na mbailte móra, go mór mór ar bhoicht na mbailte móra, is mó a bhitheas ag teacht i gcabhair leis na Billí a tugadh isteach annseo cheana faoi'n scéim seo. Níl mise ina dhiaidh ortha dá bhfuigheadh siad an oiread eile, ach tá sean-ráidht ann gur ceart an trócaire a roinnt agus sin é atá mise ag iarraidh a dhéanamh faoi'n mBille seo. Bille beag gearr é, ach ní in sna billí fada ná ins na daoine fada bhíos an mhaitheas uilig. Sé'n bharúil atá agam-sa gurb' é seo an Bille is fearr do na boicht—do bhoicht na tíre seo go mór mór—a tugadh isteach in san Teach seo ariamh. Tá sé ró-dhona bheith bocht, tá sé níos measa a bheith bocht agus a bheith tinn gan duine ná deóraidheach agat a bhreathnóchadh i do dhiaidh. Sin mar bhí sé ag go leor de na boicht, nó gur cuireadh na banaltraí amach ar fud na tíre, agus ní cheilfidh duine ar bith sa Teach seo, ar a laighead duine ar bith a bhfuil croidhe le boicht na tíre seo aige, nach bhfuil na mná seo ag déanamh go leór maitheasa. Go mór mór in sna ceanntair mhóra atá ag dochtúirí, tá cuid aca chúig mhíle dhéag ón dochtúir is goire dhóibh, agus na mná seo, tá siad le fáil maidin is trathnóna san oíche agus gach aon uair a nglaodhfar ortha agus ní fhiafruíonn siad den duine a bhéas da n-iarraidh a bhfuil ticéad ná eile aige ach dul leob —leis an duine is boichte chó maith leis an duine is saibhre—gan pighinn ná leith-phighinn mara dtogruighidh duine féin rud eicint a thabhairt dóibh agus annsin féin ní choinníonn siad féin é mar caithfidh sé dul dá gCumann.
Anois cé againn féin a bheadh tinn a ghabhfadh go dtí an t-ospidéal go gcinnfeadh sé air, agus an uair sin féin, cuid againn a bhfuil maoin an tsaoil againn, d'fhéadfadh muid a dhul go dtí ospidéal ar bith ba mhian linn. Agus nach bhfuil fhios againn gurb é an rud deireannach déidheanach is maith le duine bocht ar bith a dhéanamh a bhothán féin—dá shuaraighe é—agus a mhuirín fhágáil agus fios acu nach bhféadfadh siad aon roghain a dhéanamh ach a dhul go dtí Ospidéal na mBocht. Na banaltraí atá sa tír seo, tá siad lánoilte ar gach saghas banaltrachais a dhéanamh. Tugann siad congnamh an domhain do na dochtúirí nuair a ghlaodhann sé ortha. Déanann siad a chuid orduíthe míanna 'na dhiaidh. Anuraidh amháin d'fhreastal siad 712,096 cásannaí.
Anois b'fhéidir go bhfiafrochadh duine éicínt 'tuige ar thug mise isteach an Bille seo. Seo é an fáth: tá sé de cháil nach bhfuil aon airgead ag an gCumann agus go gcaithfeadh siad go leor de na banaltraí a chur ar siúbhal. In mo cheanntar féin, tá sé ráidhte go bhfuil ceathar acu dhul dá dtabhairt as—as na cheithre ceanntair is boichte i nEirinn! Nuair a chuala na sagairt seo, d'fhiafruigh siad dhíom-sa a mb'fhéidir tada a dhéanamh le cuid den airgead seo fháil agus mara mb'fhéidir go mba droch-scéal, amach agus amach é, do na boicht na banaltraí seo a chailleadh. Is ar a gcomhairle siad-san a thug mise isteach an Bille seo.
Anois cén bealach a raibh an t-airgead seo á chruinniú. Sa mbliain 1887, cruinníodh go leor airgid le h-aghaidh an ruda seo. Níl de thigheacht-isteach ag an gCumann ach £266:13:4—an gaimbín ar an airgead seo, níl pighinn eile a bhféadfadh siad lámh fháil air, ach an méid a thugas daoine grádh-diadhúla dhóibh. In mo cheanntar féin fághann siad go leor. Le ainm a chur ar chúpla duine a thugas síneadh láimhe dhóibh 'chuile bhliain, tá an Dr. Mac Giolla Mhártain, Ard-Easboc Thuama, agus go leor de na sagairt atá 'na dheóise agus daoine eile dá réir a bhfuil maoin shaolta acu tugann siad ó chéad púnt anuas go dtí scilling. Bíonn níos mó fáilte go minic roimh fhear na scillinge.
Tá go leor de shagairt agus de dhochtúirí na tíre ag scríobhadh chuig an gCumann seo ag iarraidh banaltraí fháil dá gceanntair. Ní féidir seo a dhéanamh gan airgead. In mo cheanntar féin tá fhios agam go bhfuil áiteacha—ar nós an Chlocháin, Baile Confhaola, an Líonán, Uachtar Ard, Leitir Fraic, Rinn Mhaoile, Garumna, Bo-Finn, Innis Mór agus Cíll Einne— ina gcall. Tá áiteacha dá réir, i gContae Mhuigheo, i dTír Chonaill i gCiarraighe agus ins gach Contae eile.
Tá na banaltraí seo ag déanamh togha oibre agus bheadh a dhá oiread in sna hospidéil, marach iad. Ní bhíonn siad ag cainnt, ach oiread, faoi na tíghthe a ndéanann siad freastal ar dhaoine ionnta, ná ar an méid a fuair siad uaidh seo no uaidh siúd nó ar ticéad dubh no dearg a bhí le fáil acu. Chó cinnte agus gur cuid den ghé an t-iogán is cuid den ospidéal na banaltraí seo. Iarraim ar an Teach glacadh leis an mBille d'aon ghuth agus a dtrócaire ar na boicht a chruthú ós fuar an trócaire an trócaire gan roinnt.