Do rinne mé tagairt aréir do na buntáistí atá ag dul do sna hiomaidhtheoirí ón bhFíor-Ghaeltacht i gcóir scrúdúcháin ionadachta sna Coláistí Ullmhúcháin.
Tá de thoradh na bréag-ghala a cuireadh ar iomaidhtheoirí agus ar mhúinteoirí na Fíor-Ghaedhealtachta go bhfuil iomadú sásamhail tagtha ar uimhir na n-iomaidhtheoirí. Do chuaidh a líon sin i méid ó chéad duine (100) sa mbliain 1931 go trí chéad agus naoi nduine fichead (329) sa mbliain 1934. B'aoirde an caighdeán a ghnóthuigh iomaidhtheoirí ón bFíor-Ghaedhealtacht sa mbliain 1934 ná mar do ghnóthuigh siad aon bhliain roimhe sin. D'éirigh le 51 fán gcéad díobh i scrúdú na bliana sin cé nár éirigh ach le 42 fán gcéad díobh i scrúdú na bliana 1933. Cé gur léir go bhfuil feabhas ar na h-iomaidhtheoirí ó Fhíor-Ghaedhealtacht Chonnachta i mbliana seachas mar bhí i mblianta eile, níor éirigh an scrúdú chómh maith in aon chor leo agus d'éirigh le h-iomaidhtheoirí ó Fhíor-Ghaedhealtacht Thír Chonaill agus Chúige Mumhan.
Dubhairt mé uair eile gurb é Scrúdú na hArd-Teistiméireachta i Meán-Scoltacha an Scrúdú Ionadachta d'iomaidhtheoirí i gcómhair Oileamhna. Do réir na fiadhnaise atá ar fagháil cruthuightear gur ró-mhaith an toradh atá ar Scrúdú na hArd-Teistiméireachta i dteannta tástáil áirithe in urlabhra na Gaedhilge um an Cháise roimhe sin chun mic léighinn do thoghadh do na Coláistí Oileamhna. Cé go raibh laghdú beag éigin ar uimhir na bhfear a chuaidh fá scrúdú sa mbliain 1934 seachas blianta eile bhí breis agus 70 fán gcéad de mhéadú ar uimhir na mban. Dálta an scéil seo, cuimhnighthear gur leis an scrúdú seo, freisin, a tástáltar iomaidhtheoirí chun bheith ina Múinteoirí Conganta Neamh-Oilte (post is eadh é sin nach in-cheaptha dhó ach baill d'Uird Riaghalta, cainnteorí dúthchais Gaelhilge agus daoine a bhfuil céim Ollscoile aca) agus fós gur leis a tástáltar iomaidtheoirí chun bheith ina Máighistreása Conganta Sóiseara. Sin é an fáth go mbíonn oiread sin de bhan-iomaidhtheoirí ann. Is féidir meas do dhéanamh ar gnáthchaighdeán na bhfreagraí ó na marcanna a fuair an buachaill agus an cailín ba dheireannaighe ar an liosta de na hiomaidhtheoirí a ghnóthuigh ionad oileamhna ag scrúdú na bliana 1934; fuair an buachaill 81.6 fán gcéad agus an cailín 82.8 fán gcéad insna h-ádhbhair riachtanacha nach foláir do gach iomaidhtheoir pasáil ionnta, .i. Gaedhilg (Onóracha), Béarla, Stair, Tíreolaidheacht agus Matamaitice.
Do réir na dúnghaoise oifigeamhla agus le cabhair an Chláir speisialta nua a ceapadh don obair is tríd an Ghaedhilg is gnáthach an teagasc do dhéanamh anois ar feadh cúrsa an dá bhlian, agus tá an teanga ag dul i dtreise agus i bhfeidhm ó lá go lá ar shaoghal chuideachtamhail na gColáistí Insan mbliain 1932-33 ní raibh ag gabháil do'n chlár nua ach mic-léighinn den chéad bhliain; ach insan mbliain 1933-34, nuair bhí na daltaí sin insan dara bliain, bhí gach uile dhuine ag fagháil teagaisc fá'n gclár nua.
Tar éis an atharú a rinneadh in san mbliain 1934 ar Chóras an Scrúdú Oscailte Iomaidheachta, tá meánchúrsa iomlán curtha isteach ag gach duine, beagnach, dá bhfuil ar oileamhaint, agus dá bhrigh sin is féidir an clár nua do shaothrú gan bac ar thaoibh na h-ealadhna. Ní raibh an caighdeán léighinn i gcómhair ionadachta chómh hárd riamh agus atá anois, agus uime sin ba ghábha roinnt mhaith de chúrsa an dá bhlian do chaitheamh ag tabhairt tuille teagaisc do na mic léighinn. Maidir leis an oideachas féin, taobh amuigh den oileamhaint, is féidir anois leigint don mhac léighinn bior a mheabhrach do dhíriú ar an ádhbhar is fearr a bhfuil eolus aige air, agus ar an ádhbhar is lugha a bhfuil eolus aige air, i gcaoi agus go ndéanfadh sé speisialtacht den chéad ádhbhar agus go rachadh sé i bhfeabhas insan dara ádhbhar. Tá fairsingiú mór déanta ar an gcóras a bhí ann chun Cleachtú Múinteoireachta d'fhagháil. Tugann na mic léighinn atá i gcuid de na Coláistí cuairt anois ar Scoltacha Náisiúnta agus caitheann siad dhá thréimhse de thrí seachtainí gach bliain ionnta. Is mó an aimsir a caithtear anois insna Coláistí uilig le teoir agus le cleachtú na múinteoireachta ná mar féadfaí a dhéanamh fán sean-chlár.
Maidir leis an obair atá ar siubhal sna scoltacha sé baramhail na gcigirí go léir go múineann furmhór na n-ordí go foghanta agus go gcuirid spéis i n-oileamhaint na ndaltaí. Níl ach tuairim 5 fá'n chéad de'n lucht múinte nach n-éirigheann leo an réim "éifeachtach" ar a laghad a thuilleamh. Is fíor, ámhthach, go bhfuil a lán oidí ann nach ndéanann machtnamh mar ba chóir ar intinn agus ar tréithre na bpáistí agus ar an gcaoi ar cheart an t-eolas a chur i n-oiriúint dóibh. Ní leagann siad so scéimeanna bliantúla amach a bhfuil tábhacht agus machthnamh ionnta agus ní chaitheann siad morán dúthrachta ar na ceachta d'ullmhú o lá go lá. Agus tá mór-chuid oidí ann nach léigheann leabhra foghanta agus a leigeann do'n eolas a bhí aca i dtús a réime dul i ndísc. Tá na lochta so gan amhras ar uimhir de na lochta so gan amhras ar uimhir de na múinteóirí, ach is ionmholta an oileamhaint a bheir na hoidí i gcoitchinne don aos óg.
Téigheann roinnt mhaith oidí don Ghaedhealtacht gach bliain, agus ortha so bíonn daoine a bhfuil an teastas dá-theangach bainte amach cheana aca. Tá cuid mhaith de na hoidí gan aon cháilíocht san nGaedhilg aca fós, agus ce go bhfuil a líon sin ag dul i laghad, ní fhágann sin gur leor a bhfuil á dhéanamh ag cuid aca chun iad féin a chur i n-inmhe a ndualgaisí a chóimhlíonadh. Ó na figiúirí is léir go bhfuil teastas de shaghas eicínt ag níos mó ná trí cheathramha de na hoidí, agus go bhfuil suas leis an gceathramhadh cuid de luch múinte an tSaorsháit gan teastas ar bith, daoine atá leathchéad bliain nó os a chionn furmhór díobh so. Tá ceanntracha i gCúige Laighean 'na bhfuil a leath nach mór de na múinteoirí gan teastas ar bith.
Do réir tuarasgabháil na gCigirí tá múineadh na Gaedhilge ag dul chun cinn i bhfurmhór na scol. Múintear go réasúnta maith í mar ádhbhar scoile, agus tugtar aire mar is cóir don chomhrádh, don léightheóracht, don aithriseoracht agus don ghramadaigh, ach is beag scoil san nGalltacht gur féidir a rádh go bhfuiltear ag rádh go bhfuilte ag déanamh cainnteóirí de na daltaí. Deirtear gur fearr an obair atá á dhéanamh ins na bun-ranga ná ins na hárdranga i mBaile Atha Cliath agus i náiteanna eile; ach ar an dtaoibh eile de deir cuid de na Cigirí gur suarach an méad Gaedhilge a bhíos ag na páistí atá ag dul isteach san gcéad rang dóibh tar éis dá bhliain a chaitheamh i rang na naoíneán. I bhfo-scoil thall is i bhfus tá sár-obair á dhéanamh ag na hoidí agus is ceart moladh fá leith a thabhairt dóibh.
Deir Cigire:—
"Caithfear cuimhneamh gur thóg sé a lán ama ón mbliain 1922 anuas chun a chur 'na luighe ar oidí, ar bhainisteóirí agus ar thuismightheóirí nach gluaiseacht diombuan a bhí ag an Roinn á chur fé aithbheochaint na Gaedhilge tré's na scoltacha; féadfaidhe a rádh nach raibh ach tréimhse trialach d'oidí i ndeich mbliana de'n aimsir sin, nár thuigeadar a dheacracht is atá sé an teanga a mhúineadh agus nach go maith a thuigeadar a tábhacht i gcúrsaí náisiúntachta. Tá an ré sin imthighthe; tá na hoidí níos dícheallaighe i mbun na hoibre anois."
Sé an locht is mó atá ar mhúineadh na Gaedhilge nach leagann cuid mhór de na h-oidí scéimeanna iomlána comhráidh amach ar na neithe a bhaineas le saoghal na bpáistí, nach n-ullmhuigheann siad ceachta fóghanta ar na neithe seo agus nach dtugaid do na páistí na focla agus na leaganacha a bheadh uatha le cur síos ar na cluichí agus ar na bréagáin agus ar na neithe eile a mbíonn páistí ag trácht ortha ó mhaidin go hoidhche. Tá comhairle mhaith le fághail ag na hoidí ar gach a.mbaineann le múineadh teangan ins na "Nótaí do Mhúinteóirí," ach cé go n-abrann na cigirí go bhfuil siad so léighthe ag mór-chuid de na múinteóirí is léir nach bhfuil staidéar dian beacht déanta aca ortha.
Deir cuid de na cigirí go bhfuil feabhas mór tagaithe ar stáid na Gaedhilge i scoltacha na Breac-Ghaedhealtachta. Deir cigire agus é ag cur síos ar scoltacha na Gaedhealtachta:—
"Tá an rath ar an nGaedhilg i scoltacha na Gaedhealtachta, ach tá an Béarla ar brughadh isteach uirthi go láidir i dtighthe na ndaoine. Tá an-tóir ag na Gaedhilgeoirí ar Bhéarla, agus is ionann breith an Bhéarla agus bás na Gaedhilge. Ní fios fós cad é an toradh bhéas ar scéim nua na ndeontas. Tá muinighin ag cuid de na cigirí as scéim na ndeontas. Tá scríobhadh na Gaedhilge ag dul chun cinn sa nGaedhealtacht. Ní raibh mórán den rath ar an scríobhadh ann go dtí le déanaighe. Tá, agus feabhas ins an nGalltacht, ach ní féidir a rádh go scríobhtar an Ghaedhilg go maith ins an nGalltacht fós."
Dá ndéantaí mar atá curtha síos ag cigire áithrid san ngiota leanas is mór a rachadh sé i dtairbhe don chainnt agus don cheapadóireacht scríobhtha:—
"Is annamh a ghnidh an t-oide cnuasacht de fhocla, de chora cainnte, agus de leagnacha cainnte as an téacs-leabhar, agus is annamh a cuirtear d'fhiachaibh ar na daltaí úsáid a bhaint, i n-abairtí dá gcuid féin, as na focla, as na fo-ráidhte agus as na cora cainnte sin a castar leobhtha ins an léightheoracht."
Is dóigh leis na cigirí go bhfuil an oiread de theagasc tré Ghaedhilg á dhéanamh agus is féidir agus na constaicí atá 'na aghaidh a áireamh. Tá ag méadú ar an uimhir oidí atá ag tabhairt a bheag nó a mhór den teagasc tré Ghaedhilg. Tuigeann gach duine ciallmhar gur ceart dul go réidh agus go stuamdha leis an iarracht so. Is ró-bhaoghal gur dochar i náit maitheasa a dhéanfadh múinteoracht tré Ghaedhilg muna mbeadh cumas maith ar an dteangain ag na daltaí.
I dtreo gur feidhmeamhla d'fhéadhfadh na múinteoirí an clár d'oibriú rinneadh éadtromú air agus cuireadh amach clár nuadh i bhFoghmhar na bliana 1934. Rinneadh rogha-ádhbhar den Tuath-Eolaidheacht insna scoltachta uilig agus do laghduigheadh líon na scol 'na bhfuil Matamaitice 'na ádhbhar riachtanach. Rinneadh rogha-ádhbhar den Bhéarla sa chéad rang, rud a theastuigh ó na scoltacha uilig, agus d'éadtromuigheadh clár an Bhéarla insna ranganna uilig toisc go bhfuil ar na múinteoirí iarracht breise do dhéanamh leis an nGaedhilg d'aithbheochaint insna scoltacha.
Tá súil agam gur fearr an toradh a bhéas ar an obair de bharr an athruighthe sin agus go n-éireochaidh leis na múinteoirí an Ghaedhilg a chur a labhairt mar bheo-theangain i mease scoláirí na mBun-Scol.
Maidir le scrúdú teastais na mBun-Seol tá cathú orm a rádh gur annamh a ghnítear é insna scoltacha i geoitchinne. Ceapadh an scrúdú le h-aghaidh scoláirí an tsémhadh ranga agus na ranganna is aoirde ná é. Cruthú an teastas go mbíonn cúrsa iomlán na Bun-Scoile suas go dtí an sémhadh rang déanta ag na scoláirí agus eolas sásamhail aca air, agus bhíteas ag súil go bhféadfaidís feidhm a bhaint as dá mbeidís ag déanamh cúrsa meán-scoile, no cúrsaí teicneamhla no cúsaí ceárdamhla nó dá mbeidís á bhfostú ag fostuightheoir a d'iarrfadh a leithéid de chruthú orra.
Níor cuireadh isteach ach timcheall is fiche scoláire fán gcéad den méid a bhí ionscrúduighthe sa mbliain 1934 mar níor bhac furmhór mór na mBun-Scol coitchianta leis an scrúdú in aon chor. 61 fá'n gcéad de na scoláirí feiliúnacha a rinne an scrúdú ó scoltacha na mban riaghalta, 81 fá'n gcéad ó scoltacha na mbráthar agus 19 fá'n gcéad ó na Bun-Scoltacha eile. De bharr na bhfigiúirí sin na bliana 1934, agus ní haon eisceacht iad, tá an Roinn tar éis roinnt molta a bhreithniú leis an scrúdú féin a dhéanamh níos sásamhla agus le breis iarrthóirí a mhealladh chun é dhéanamh. Do pléidheadh an cheist ach ní féidir aon tsocrú cinnte d'fhoillsiú 'na thaobh fós. Is deacair a thuigsint idir dhá linn tuige nach gcuirfí a thuille scoláirí isteach chun iad a' ghríosadh agus chun sprid na hiomaidheachta do mhúscailt ionnta. Dá ndeintí an scrúdú i bhfurmhór na scol ba mhó ab fhiú an teastas féin, ach san gcaoi a bhfuil an scéal anois is deacair iarracht a dhéanamh chun teastas feidhmeamhail a dhéanamh de.
Ceapadh scéim na gcuirm ceoil scaitheamh ó shoin le caoi a thabhairt do leanbhaí na mBun-Scol ar cheol maith a chloisint agus ar aoibhneas a bhaint as. Do leanadh den scéim den dara seiseon agus thug Príomh-Bhuidhean Cheoil an Airm sraith cuirm ceoil do scoláirí Chathair Ath Cliath ón gceathramhadh rang suas. Le cead an Aire Cosanta a tugadh na cuirmeacha ceoil agus le lán-chongnamh an Cholonel Brase, Stiúrthóir Scoil Cheoil an Airm.
Tuigtear anois tar éis obair an dá sheiseon sin go raibh leanbhaí an Cheathramhadh Ranga ró-óg, b'fhéidir, chun tairbhe a bhaint as na cuirmeacha ceoil, ba dheacair dóibh grinn-éisteacht a dhéanamh ar feadh uair an chluig— faid gach cuirm cheoil—agus do leathanuigheadh an neamh-spéis uatha san go dtí na leanbhaí eile ar chuma éigin. Do socruigheadh mar sin, le haontú an Cholonel Brase, na cuirmeacha ceoil a thabhairt do na hárdranganna—ó Rang a 5 go Rang a 8. Ceithre cinn a tabharfar do leanbhaí gach scoile in áit na dtrí gcinn a tugtaí gach bhliain eile.
Do spreag an sompla san Bhaile Atha Cliath lucht ceoil Phort Lairge chun an chomaoin chéadna a chur ar a geathair féin. Tá sé cuirmeacha ceoil á dtabhairt i mbliana ag Cumann Cheolfhuireann Phort Lairge do leanbhaí Bun-Scol na Cathrach. Ní hamháin go bhfuil baill na foirne a dhéanamh in aisce ach tá siad ag tabhairt suas cuid den leath-lá saoire seachtaineamhail a bhíonn aca ar son na hoibre. Is inspéise an scéim é agus is maith an sompla é do chathracha eile insan Saorstát mar Chorcaigh agus Sligeach. Tá buidheachas na Roinne ag dul do Mr. Mercer, Uachtarán an Chumainn, fear a bhfuil baint aige leis ó n-a óige; do Mr. W. Murray, an treoruidhe, do bhaill an Choiste, agus go mór mhór do na ceoltóirí a thug suas a saoire féin ar son leanbhaí na cathrach.
Sara bhfágaidh mé an chainnt seo i dtaobh na mbun-scoltacha níor mhisde liom tagairt don gcaoi a bhfuil an Ghaedhilg sa nGaoltacht féin. Nuair do scrúdaigh mé an cheist sin cúpla bliain ó shoin ba léir d'aimhdheoin gach a ndearnadh ins na scoltacha agus tré bhíthin scéimeanna a cuireadh ar bun chun an Ghaedhilg d'ait-bheodhchaint agus í thabhairt thar n-ais mar theanga labhartha na tíre ath-uair, gur ag dul chun deiridh a bhí an Ghaedhilg san chuid is mó den Ghaedhealtacht agus san mBreac-Ghaedhealtacht ar fad. Tá nós an Bhearla do labhairt ag dul, nó dulta i bhfeidhm ar mhuinntir na gceanntar san agus, fairis sin, níor léir díobh so aon tairbhe fé leith ag baint le Gaedhilg seachasa mhalairt do labhairt. Níor bhfuláir mar sin a chur i dtuigsint dos na daoinibh sin ag a bhfuil an Ghaedhilg acu ó dhuthchas, gur leas dóibh í do labhairt agus í bheith mar ghnáth-urlabhra acu 'na dtighthibh, agus chun na críche sin do chinn an tAire Oideachais ar an scéim seo do chur ar bun .i. deontas £2 do bhronnadh ar thuismightheóirí (nó ar chaomhnóirí) atá 'na gcomhnaidhe sa nGaedhealtacht nó sa mBreac-Ghaedhealtacht as ucht gach páiste leo, idir 6 bliana agus 14 bliana d'aois atá ag dul ar scoil sa nGaedhealtacht nó sa mBreac-Ghaedhealtacht, agus gur dearbh don Roinn an Ghaedhilg a bheith mar theanga theinteáin an pháiste agus í bheith go pras líomtha aige dá réir. Tá sé riachtanach, freisin, mar choingheall chun an deontas do thuilleamh freastal féilteamhail agus dul ar aghaidh maith a bheith déanta ag an bpáiste ar scoil i gcaitheamh na scoil-bhliadhna.
Ní féidir éifeacht agus tairbhe na scéime seo do mheas go cruinn go fóill agus a thairbhe do mheádh mar mheadhon chun an Ghaedhilg do tharrtháil agus í chur faoi mheas ins na ceanntair 'na bhfuil sí mar oighreacht ag na daoine, ach braithtear ós na tuairiscí atá fachta ag an Roinn go bhfuil fonn ar roinnt mhaith daoine ins an nGaedhealtacht agus san mBreac-Ghaedhealtacht go raibh an Ghaedhilg á ceilt acu ar a gcloinn go dtí so, casadh uirri anois de bhárr na scéime seo, agus í do thaithighe mar ghnáth-urlabhra an teinteáin, agus is inasta, mar sin, go mbeidh níos mó líontighe agus páistí i dteideal an deontas d'fhághail ins na bliadhanta seo chugainn.
Maidir leis an Meán-Oideachas, is áthas liom é bheith le rádh agam go bhfuiltear ag leanamhaint den dul ar aghaidh agus den leathnú a luaidh mé anuraidh nuair bhí Meastacháin na bliana sin dá gcur agam os bhúr gcomhair. Bhí 32,384 mac léighinn ar tinnreamh ins na Meán-Scoltacha sa mbliain 1933-34, agus ba bhreis é sin de 1,418 ar an uimhir a bhí ann an bhliadhain roimhe sin. Tá 314 scoil ann anois, agus sin trí cinn de bhreis ar an mbliain roimhe sin.
Tá riocht na Gaedhilge agus an fheidhm a baintear aisti i gcómhair teagaise sna scoltacha sin ag dul i bhfeabhas fós. Chuaidh uimhir na scol i Roinn A (gurb í an Ghaedhilg a ngnáth-theanga) i méid ó 47 sa mbliain 1932-33 go 61 sa mbliain 1933-34; agus do chuaidh an uimhir i Roinn 5 (ina ndéantar cuid den teagasc tré Ghaedhilg) i méid ó 78 go 101. Go dtí le déidheannaighe níor glacadh leis an nGaedhilg mar ádhbhar múinte chómh héascaidh i Scoltacha na mBuachaillí agus do rinneadh i Scoltacha na gCailíní. Is cúrsaí áthais liom go bhfuil feabhas ar an scéal anois, bhí 19 cinn de Scoltacha na mBuachaillí i Roinn A sa mbliain 1933-34, agus sin 8 gcinn de bhreis ar an mbliain roimhe sin.
I gcaoi agus go meisneochthaí scoláirí chun an Ghaedhilg d'úsáid i ngnáth-saoghal na Scol—le linn caitheamh aimsire, léighteoireacht 7 rl., chómh maith le gnáth-obair na scoile— do tairgeadh dhá Scéith anuraidh do Scoltacha Buachaillí agus do Scoltacha cailíní, ar leith, chun iomaidheacht do dhéanamh dhóibh. Bhí toradh anshásamhail ar an scéim sin; bhí caighdeán na Gaedhile cómh hárd sin i gcuid de na scoltacha go mba dheacair lucht buaidhte na duaise do thoghadh. Tá creideamhaint mhór tuillte ag na scoltacha sin mar gheall ar an obair atá á dhéanamh acu chun an dúthaigh do Ghaedhealú, agus ní miste a rádh dá mbeadh leath oiread oibre á dhéanamh ar son an chuspóra chéadna taobh amuigh de na scoltacha nár chall do dhaoine bheith á suathadh féin mar gheall ar staid na Gaedhilge ins an am atá le theacht.
Ag trácht dom anuraidh ar na Méan-Scoltacha do thagair mé don obair theinteáin, agus dúbhairt me go raibh bearthuighthe againn ar iarracht do dhéanamh ar chúrsaí an ghearáin do leigheas, go raibh an iomarca den obair theinteáin le déanamh, agus go gcuirfí an obair á déanamh i módh a bheadh níos tairbhighe i gcúrsaí oideachais. Nílim cinnte gur éirigh an iarracht go ró-mhaith linn, ach tá tuairim na Roinne ar fagháil do chách anois, agus ceapaim má ghníonn tuismightheoiri na mac léighinn agus bainisteoirí agus múinteoirí cómhar le n-a chéile nach fada go mbeidh gach fáth gearáin imthigthe.
Tá an obair atá ar siubhal ag an Roinn ag soláthrú leabhar do mhic léighinn na Meán-Scol agus na nIar-Bhun-Scol eile ag dul ar aghaidh go maith. Tá dhá chéad go leith de na leabhra sin foillsighthe ag brainnse an fhoillsiúcháin anois, agus ortha sin tá cúig cinn de leabhra téarmaidheachta.
Cuireadh Coimisiún ar bun anuraidh chun infhiuchadh do dhéanamh ar an gcóras atá ann do Scoltacha Ceartúghcháin agus do Scoltacha Saothair, maille leis na dlighthe reachtamhla agus leis na riaghalacha a bhaineas le Ceartlanna, le Scoltacha Saothair agus le Tighthe Braighdeanais; agus fós chun fiosrú do dhéanamh i dtaobh neithe bhaineas le cúram agus oileamhaint na leanbhaí, leis na foirne, le córacha íoctha costaisí na bhforas, agus leis an réir a tugtar ar leanbhaí a bhíonn a gcoimeád i gCeartlanna agus i Scoltacha Saothair nuair gheibhtear amach go mbíonn máchail cholna nó laige mheabhrach ortha.
Tháinig an Coimisiún le chéile den chéad uair an seachtmhadh lá de Bhealtaine, 1934, agus cheithre huaire déag eile ó shoin i leith. Do cuireadh ceithre fínéidhthe fichead fá cheisteachán, agus tugadh cuairt ar bhreis agus triocha Scoil Ceartúghcháin agus Saothair, agus ar an dTigh Braighdeanais i mBaile Bocht, agus ar roinnt éigin foras ina bhfuil leanbh ar a bhfuil máchail cholna nó laige mheabhrach. Meastar go gcuirfear deire leis an bhfiadhnaise go luath anois, ach ní fhéidir a rádh go cinnte cia an t-am a bheidh an tuarascabháil ar faghail ó'n gCoimísiún.
Sa séasúr 1934-'35 do lean Coistí an Ghairm-oideachais den deagh-obair a bhí siad a dhéanamh ar son Oideachais leanúnaigh agus Cheárdoideachais. Fostuigheadh tuilleadh oidí, foscluigheadh scoltacha i gceanntracha nua agus rinneadh socrú le feabhas a chur ar an slighe a bhí ann do na daltaí agus ar na fearaistí a bhí ar fáil dóibh. Ní rabhthas ach ag treabhadh an bhranair go fóill agus bhí deacrachtaí a bhain le airgead agus le cóiriú de shíor le réidhteach ag na daoine a raibh cúram na hoibre ortha. Thug na coistí faoi fhaidhbeanna an airgid a scaoileadh gan staonadh agus ó thaobh na hoibre dhe, chuidigh a gcuid fuireann leo go dílis taobh istigh agus taobh amuich de na scoltacha. Tá a shliocht ortha indiu idir Coistí agus fuirinn—tá an Gairm-oideachas bunuighthe go maith sa tír seo anois. Tugtar faoi deara freisin gur do na ceanntracha féin is mó atá an buidheachas a' ghabháil, óir is ins na ceanntracha faoi leith agus ní i bpríomh-áit a cuireadh na scéimeanna i gcrích, ná níor ceapadh an caighdeán céadna do na ceanntracha go léir. Tugadh le tuiscint an t-am go léir dóibh siúd a bhfuil cúram na scol seo ortha gur b'amhlaidh a b'fhearr leis an Roinn dá dtugadh na Coistí tosach áite do na rudaí a theastuigh ó'n a gcuid mac léighinn féin agus, le linn dóibh bheith ag socrú ceisteanna a bhain le hamchláir, agus mar sin, le faid na gcúrsaí, le táillí, le scrúduighthe, leis na ceachtanna a dhéanfaidís sa mbaile, etc. nach ndéanfaoi dearmad ar na rudaí a bhí ag teastáil ó na mic-léighinn ná ar ar bhain leis an gceanntar. Is í an tsaoirse seo agus an tsuim phearsanta a mhúsclann sí bun-chloch an Ghairm-oideachais agus is ar dhaingne na cloiche sin atá an scéim ag brath. Ní dearnadh aon atharú go mb'fhiú trácht air ar an gcórus iomlán a bhain le Cúrsaí leanúnacha. Tá sé fáighte amach, le himeacht aimsire, gur cineál maith é an cineál oideachais a tugtar in sna bailte móra a bhfuil scoltachta ar bun ionta le roint bhlian, agus níl baile aca nach raibh oiread daltaí ar an rolla agus a raibh de shlighe sa scoil dóibh agus sin gan aon stocaireacht a dhéanamh. Tá scoltacha nua á dtógáilt nó sean-chinn a méadú nó táthar ag smaoineadh ar sin a dhéanamh i nDroichead Atha, i nDún Dealgan, i bPortláirge, i Luimneach agus i gCorcaigh. Tá cáil chomh mór sin ar scoltacha Bhaile Atha Cliath cheana go raibh na ranganna lae lán aca taobh istigh de choicís. In sna bailte beaga faoi'n tuaith bhí suim chothrom daltaí lae ar na rollaí de ghnáth. I n-áiteacha áithride—go mór-mhór i gContae Chorcaighe, i gContae Mhuigheo agus i gContae Shligigh—bhí oiread daltaí ag iarraidh freastal ar na scoltacha nua a rinneadh, nach rabhthas cinnte go mbeadh na scoltacha sin sáthach mór do na ceanntracha sin.
Tháinic leathnú ar Chúrsaí leanúnacha faoi'n tuaith chomh maith. D'eirigh chomh maith leis na scoltacha nua a foscluigheadh agus cruthuigh na sean-chinn go mb'fhiú iad a choinneál ar oscailt tamall eile, agus ní h-é sin amháin, ach go mb'fhiú fairsinge a leigean ar chuid aca.
Ins na scoltacha beaga tuaithe nár bh'fhéidir toisc easba slighe nó easba oidí ach aicme amháin daltaí a theagasc i gceart, tosuigheadh ar chúrsaí maithe arís do chailíní agus do bhuachaillí— cúrsaí a raibh baint aca le tíoghbhas agus le ceárdaíocht, faoi seach. Nuair a bhíodh na cúrsaí seo ar siubhal, agus dá n-éirigheadh go maith leo ar feadh cúpla séasúr, fritheadh amach go rabhthas tar éis riar ar na cailíní no na buachaillí go léir sa gceanntar sin agus go mba mhaith an rud é an t-oide a aistriú go dtí scoil nua go ceann cúpla séasúr sul a dtugtaoi an cúrsa sin arís. Tá ceaptha ag Coistí áithride socrú dhéanamh i gcóir ceanntracha den tsórt sin agus scoltacha beaga go dhá sheomra a thógáilt agus cúrsaí a bheith acu gach 're bliain do chailíní agus do bhuachaillí.
Táthar sásta le tinnreamh na ndaltaí ar 'chuile chineál cúrsa Gairm-oideachais, agus leis an dul 'un cinn atá na daltaí a dhéanamh. Bíonn na dáltaí ag freastal ar na cúrsaí anois nuair a bhíonn siad 14 bliana d'aois agus ní fhágann siad siar é go mbeidh siad 15 bliana nó 16 bliana mar ghnídís roimhe seo. Tagann de seo go mbíonn níos mó fonn ortha fanacht go mbídh an dá bhliain go léir curtha isteach aca agus gur fearr an oiliúint a bhíos ortha ag tosuighe ar an ngairm beatha atá fútha a leanacht. Go deimhin, tá uimhir réasúnta mór de na daltaí a rinne cúrsaí leanúnacha speisialta ag fáil oibre de bhárr an teagaisc a bhí fáighte aca.
Cuireadh tréimhsí i gcóir staidéir ar chláir na Scol leanúnach agus chuidigh sin go mór le héifeacht agus le feilteacht na gcúrsa. Ní cuirtear níos mó ná dhá thréimhse den chineál seo ar chúrsa ar bith agus bíonn cead ag na daltaí staidéar a dhéanamh faoi stiúradh, ar aon cheann de na hábhair scoile is maith leo ar feadh na dtréimhse sin.
Tugann an t-oide atá i mbun na ranga le linn an tréimhse, congnamh do na daltaí asta féin, agus cuireann sé comhairle ortha ach ní bhíonn crut na múinteoireachta ar an méid a dhéanann sé. Cuidigheann an nós seo go mór le suim na ndalta a mhúscailt le tabhairt fá rudaí as a stuaim féin, agus le fonn staidéir a chur ortha, agus ina theannta sin go léir cuidigheann sé leo smacht a chur ortha féin.
Ó glacadh leis na Scoltacha Leanúnacha Lae go seasta i saoghal na ndaoine i gceanntracha áithride, tá a shliocht sin ar na daltaí féin, mar is iomdha caoi a bhfuil an chomrádaíocht agus an caidreamh atá ag fás eadtora dá bharr le feiceál. Tá seo le feiceál go mór mhór i gcás cluichí cé go bhfuil bealaigh eile a bhfuil sé le feiceál freisin, i.e., cuireadh cumainn díospóireachta ar bun, foillsigheadh irisleabhra, tugadh cuírmeacha ceoil agus léirigheadh drámaí.
Is mór ar fad an congnamh an cineál seo comhair agus cáirdeasa le sprid na scoile a neartú agus le comrádaíocht agus freagaracht a mhúineadh do na daltaí, agus tá súil go dtreorochaidh agus go ngríosóchaidh lucht ceannais na scol na daltaí i ngach baile.
D'éirígh do maith leis an gCeard-oideachas agus leis na hiarrachtaí a rinneadh le ceangal do dhéanamh idir Ceárd-scoltacha agus Tionnscail Áitiúla. Níl oiread atharú ag baint leis an gCeard-oideachas agus atá le hOideachas leanúnach maidir leis an gceangal seo atá le déanamh idir na scoltacha agus na Tionnscail, agus sé'n fáth atá leis seo, toisc an deifríocht mhór atá idir na rudaí bhíos ag teastáil ó na tionnscail iomdha. Dá bhrígh sin, ní féidir cuntas cruinn generálta a thabhairt faoi'n rud a thárla.
Tá Coistí an Ghairm-oideachais gnóthach ag oiliúint príntíseacha i gcóir na dTionnscal seo: Tionnscal an tSiúicre, Tionnscal na hAilimíne, Tionnscal na Góiséarachta, Tionnscal na hOlna, Tionnscal na hEadachóireachta, Tionnscal na Gúnadóireachta, Tionnscal Déanta Léine, Tionnscal Déanta na mBróg, Tionnscal Déanta na mBréagán, Tionnscal Déanta an Troscáin, Tionnscal na Criadhadóireachta, Tionnscal na Clódóireachta agus Tionnscal na Foirigníochta. Táthar ag ciliúint Chef, Eadachóir, Grósaer, 7rl., freisin. Teasbáineann sé sin an chaoi a bhfuil Coistí an Ghairm-Oideachais agus lucht na dTionnscal ag obair as láimh a chéile.
Máidir le fóghainteacht an Teagaisc, tá áthas orm é bheith le rádh agam go bhfuil tuilleadh feabhais tagtha air ins na Scoltacha leanúnacha agus ins na Scoltacha Gairm-Oideachais.
In sna séasúir a ghaibh tharainn, nuair a bhíothas ag pléidhe le Oideachas leanúnach lae lán-aimsire i dtosach, is fíor nách raibh an chuid is mó de na hoidí seasta ach ag iarraidh na deacrachtaí a bhain leis an gcineál sin oideachais nua a réidhteach do réir a chéile.
Phléidh na Cigirí na ceisteanna leis na Príomh-oidí, bhí comhdála bliantúla de na fóirne ann, cuireadh amach nótaí cinnte maidir le Béarla, abhair léighinn, le Matamaitic simplí, le Tíreolas, le Cuntasaíocht Feilme, agus anois tar éis an taithighe agus an t-eolas atá faighte, le himeacht aimsire, tá toradh foghainteach ag teacht ar an obair. 'Sé tuairim ghenerálta na gCigirí go bhfuil feabhas tagtha ar an teagasc an séasúr seo. Seo an rud adeireann duine de na Cigirí: "Bhí an teagasc i dtoll a chéile níos fearr an séasúir seo ó thaobh abhar iolardha na gCúrsa agus bhí sé níos éifeachtúla in sna ranganna faoi leith." Dubhairt Cigire eile: "Go raibh an caighdeán a bhain le héifeacht an teagaisc, go generálta, go hárd agus gur chruthuigh an chuid is mó de na hoidí go maith agus gur thug siad faoi n-a gcuid deacrachtaí a reidhteach go dúthrachtach.
Ba léir an bhreis éifeachta seo i gcás na n-ábhar bhfeidhmiúla in sna ranganna lae agus ins na ranganna trathnóna. Chuadhthas 'un cinn go maith leis an obair a rinneadh in adhmad agus i Miotal. Bhí roinnt níos fearr déanta ar na cúrsaí agus leanadh de na hiarrachtaí a ghnithí le ceacht anna a cheapadh a gcuirfidh an dalta suim phearsanta ionnta. Cuireadh feabhas ar chóiriú generálta na saotharlann maidir le huirlísí, ádhbhair agus fearaistí.
Tugadh teagasc i dTíoghbhas i gcuid mhaith de na Ceárdscoltacha nua; bhí caoi níos fearr leis an ábhar sin a theagasc agus bhí an toradh dá réir. "Sé tuairim na n-oide go léir," adeir duine de na Cigirí, "go bhfuil an obair a déantar in sna Scoltacha Leanúnacha Lae níos suimiúla, agus gur móide go mbeidh toradh níos seasta uirthe ná bhíodh ar an obair a ghnithí roimhe seo in sna ranganna trathnóna. Rud eile is as an tuaith a thagas cuid mhaith daltaí, agus dá bhrigh sin caithfidh sé gur fearrde a saoghal sa mbaile an oiliuint a gheibheann siad." Is mar seo a bhíonn an scéal go mór-mhór nuair is lán-chúrsa tíoghbhais a ghnítear. Bhí éileamh maith ar ranganna trathnóna do dhaoine fásta an séasúr seo, freisin, agus bhí an teagasc go han-éifeachtach.
Tá rud suimiúil amháin ar mhaith liom tagairt faoi leith a dhéanamh do, sé sin, an méadú mór a tháinic ar an uimhir Scoil Ghairm-oideachais a bhfuil corp-oiliúint á theagasc ionnta. Tháinic feabhas ar éifeacht an teagaisc agus rinneadh atharú ar na ceachtaí a cleachtuightí, agus is comharthaí maithe iad sin ar an maitheas a tháinic as na Cúrsaí Samhraidh a bhí ann sa mbliain 1935 agus sa mblian 1934.
Déanann na Cigirí tagairt go generálta do fheabhas na sláinte agus do ghéire intinné i gcoitchinne na ndaoine atá ag fáil an teagaisc seo. "Tá an feabhsú atá tagtha ar smacht le tabhairt faoi deara chomh maith," arsa duine de na Cigirí. "Tuigeann na micléighinn," adeir sé, "a hoiltear ar an mbealach seo, go gcaithfear na daltaí a choinneál faoi smacht agus ní cheapann siad feasta gur le pionós a chur ortha atá na Riaghalacha annsin."
Rud eile gur fiú a thabhairt faoi deara: an chaoi a bhfuil beartuighthe na scrúduighthe a atharú le go mbeadh siad ag freagairt níos fearr do riachtanaisí an Oideachais agus iad a roinnt mar leanas: Bun-scrúdú, Meadhonscrúdú agus Ard-scrúdú.
Táthar ag súil gur leithne de an scéim an t-atharú seo a dhéanamh ar na scrúduighthe, agus go mbeidh siad níos feiliúnaighe don rud a bhéas ag teastáil ó na cineálacha mac léighinn faoi leith.
Maidir le hoiliúint oidí, rinneadh seo in sna Cúrsaí Samhraidh. Seo iad na habhair a bhí ar an gclár:
(1) Líníocht inill agus Cleachtadh Saotharlainn Mhiotail.
(2) Déanamh foirigintí agus líníocht, agus.
(3) Corp-oiliúint.
Ní hé amháin go bhfuil obair anmhaith déanta ag Scoil Chill Mochuda maidir le Tigheas. Tá obair mhaith déanta aice maidir le Gaedhilge, freisin; agus is beag de na mic léighinn a fhaghas Barántas innte nach bhfuil i ndon teagasc do dhéanamh tré Ghaedhilge agus tré Bhéarla. Agus tá obair na Gaedhilge dhá mhéadughadh innte ó bhlaidhain go bhliadhain.
Maidir le tréineáil cailín le h-aghaidh seirbhís tighe tá céim mhór chun tosaigh tugtha ag Scoil Bhaintighis Chill Airne. Leagadh amach cúrsa fá leith teagaisc annsin d'aon aidhm chun é do bheith oireamhnach do chailíní as an nGaedhealtacht.
I dtaoibh staid na Gaedhilge i gcúrsaí Oideachais Ghairme Beatha i gcoitchinne, is áthas liom bheith i ndon a rádh go bhfuil dul chun cinn réasúnta dhá dhéanamh. Múinteoirí Gaedhilge a bhíos ag teagasc faoi na scéimeanna seo, bíonn ortha teagasc do thabhairt do dhaoine óga a bhfuil eolas maith ar Ghaedhilge aca cheana, agus do dhaoine fásta agus do mhúinteoirí ar mian leo eolas níos leithne agus níos cruinne ar an teanga d'fhágháil. Le n-a chois sin, is éigean dóibh bheith i ndon eólas fá leith do thabhairt uatha fá obair na Gaedhilge taobh istigh de'n scoil agus taobh amuigh; agus ní mór dóibh a bhfuil ina gcumas do dhéanamh chun an Ghaedhilge do chur chun cinn i gcomhursanacht na scoile, maidir le n-a labhairt agus le n-a léigheamh agus le n-a scríobhadh. Mar sin de, is riachtanach dóibh sár-cháilidheachta do bheith aca. Fá láthair, is éigean do gach múinteoir díobh sin Céim Ollscoile le h-Onóracha, agus Gaedhilge mar príomh-adhbhar do bheith aige; agus ina theannta sin, is éigean dó cruthamhnas do bheith aige go dtig leis an Ghaedhilge a labhairt go maith—sin nó Teastas Roinn an Oideachais do ghnóthughadh .i. Teastas Múinteora Gaedhilge. Sa bhliadhain 1932 a chuir An Roinn an sgrúdú le h-aghaidh an teastais seo ar bun. Cuireadh ar bun é chun go mbéadh caoi ag múinteóirí gan láncháilidheachtaí sa Ghaedhilg teastas ughdarásach d'fhagháil.
Tá an Roinn ghá thabhairt dá n-aire go mbéifear i ndon dul ar aghaidh i gceart ag cur na Gaedhilge i n-úsáid chun adhbhair eile do theagasc. Roimhe seo ní raibh cáilidheachta Gaedhilge ach ag fír-bheagán múinteoirí ceárd-oideachais.
Fiú amháin daoine a raibh céimeanna Ollscoile i dTráchtáil aca agus a raibh Gaedhilge aca mar Fho-adhbhar, ní raibh oiread de eólas aca uirthe agus go mbéidís i ndon teagasc do thabhairt uatha tré Ghaedhilge. Ar dtús do mhol an Roinn do na Coistí Oideachais Ghairme Beatha a leithéidí seo de mhúinteoirí do chur chuig na Cúrsaí Samhraidh san nGaedhealtacht agus congnamh do thabhairt dóibh mar tugadh do mhúinteoirí Gaedhilge cheana, maidir le costas bóthar agus aoidheachta do thabhairt dóibh.
Chun caighdéan deimhin do chur ar bun, agus chun triail dheimhin ar eólas na múinteoir do chur ar bun, do socruigheadh, i mbliadhain a 1932, go mbeadh scrúdughadh fá leith faoi'n Stát ann .i. Scrúdughadh an CheáirdTeastais Ghaedhilge; agus an té gheobhadh an teastas sin, bheadh ughdarás aige teagasc do thabhairt tré Ghaedhilge i n-aon adhbhar ina raibh ughdarás aige é do theagasc, cheana.
Chuir an Roinn ar bun an cúrsa fá leith tréineála i gCeárd-Scoil Phort Láirge chun Múinteoirí i n-obair Adhmaid a's Miotail do chur ar fagháil do'n Ghaedhealtacht. Cainnteoirí dúthchais Gaedhilge an dá dhuine dhéag ar glacadh leó le h-aghaidh an chúrsa seo. Ghnóthuigh siad go léir cáilidheachta múinteóra ag deireadh an chúrsa agus tá siad ag teagase Obair Adhmaid a's Miotail tré Ghaedhilge sa nGaedhealtacht fá láthair.
O bhí an chéad lá de Mheadhon Fhoghmhair, 1934, ann, tá an riaghail seo leanas i bhfeidhm maidir le múinteoirí Tráchtála, no Eolaíochta, no Tighis, no Ealadhan: chun buanphostaí mar mhúinteoirí d'fhagháil, caithfidh siad cruthúnas do thabhairt uatha go bhfuil siad i ndon Gaedhilge do labhairt.
Ina thaobh sin, is mian leis an Roinn gurb ionann caighdeán do'n triail seo i labhairt na Gaedhilge agus do'n triail atá ann le h-aghaidh an Cheárd-Teastais Ghaedhilge. Le n-a chois sin, tá an t-órdughadh seo leanas tugtha do na Coistí Oideachais Ghairme Beatha: le linn bheith ag fógradh postaí nach bhfuil Gaedhilge "éigeantach" le n-a n-aghaidh go gcaithfidh sé bheith de choinghill ann go dtabharfar an posta do'n té is féarr a bhfuil cáilidheachta aige agus eólas feidhmeamhail ar Ghaedhilge.
Dubhairt a lán Coistí gur mhaith leó an t-órdughadh sin do bheith ann; agus tá sin ar cheann de na neithe ba siocair le tuilleadh mór daoine do bheith ag iarraidh an Cheárd-Teastais Ghaedhilge an bhliadhain seo chuaidh thart.
Ní féidir, go fóill, a mheas ina iomlán cad é an toradh a bhéas ar na neithe seo go léir do rinneadh chun feabhas do chur ar theagasc na Gaedhilge agus ar theagasc adhbhar eile tré Ghaedhilge. Ach, mar sin féin, tá a lán comharthai, ann a thaisbeánas go bhfuil dul-chun-cinn maith dhá dhéanamh. Tá na cigirí i gcoithchinne ar aon intinn go bhfuil an teagase dhá dhéanamh go maith tuigseanach agus go bhfuil méadughadh ag teacht ar líon na n-áiteach ina bhfuiltear ghá dhéanamh go sármhaith.
Maidir leis na Coistí Oideachais Ghairme Beatha atá i gConndaethe na Gaedhealtachta, tá méadughadh buan ag teacht ar líon a gcuid múinteoir a bhfuil cáilidheacht aca do réir na gcaighdeán seo ar thrácht mé ortha cheana. Tá cuid mhaith ranga ar obair i gceanntair na Gaedhilge—i gConndae an Chláir, i gCorcaigh, i dTír Chonaill, i nGaillimh, i gCiarraighe agus i bPort Láirge—ranga ina bhfuil Tigheas, agus Obair Adhmaid, agus Tuaith-Eolaidheacht agus adhbhair eile dhá dteagasc tré Ghaedhilge.
Taobh amuigh de Chonndaethe na Gaedhealtachta freisin, tá teagasc tré Ghaedhilge ag dul ar aghaidh, do réir a chéile.
I gcúig conndaethe déag, d'éirigh go maith le ranga do cuireadh ar bun chun adhbhair Tráchtála agus Adhbhair choitcheannta eile do theagasc. Agus ní h-é amháin go ndéantar an teagasc go maith, éifeachtach; ghníthear go croidheamhail, fonnmhar é.
Ag seo cúpla focal as an tuarascbháil a thug duine de na cigirí uaidh: "is dá leóintí féin atá na múinteoirí ag déanamh an-chuid de'n teagasc seo tré Ghaedhilge i Scoltacha an Oideachais Ghairme Beatha. Tá siad ghá dhéanamh go fonnmhar dúthrachtach, agus ní'l aon nidh dá mbaineann leis an obair ina chúis misnighe comh mór leis an nidh sin." An obair a gcuirtear a leithéid sin de chroidhe innte, ní féidir dí gan teacht faoi bhláth.
Ach níl bealach na h-oibre comh réidh sin ins na ranganna oidhche a bhíos ag na ceárd-scoltacha do dhaoine fásta. Bíonn a leithéidí ag gach ceárdscoil; ach is é baramhail na gcigirí i ngach ceanntar go bhfuil cuid de na ranganna oidhche sin gan bheith chomh maith agus ba chóir dóibh—go speisialta i gcás ranganna fá'n dtuaith. Tá níos mó ná fáth amháin le sin. Ní bhíonn deis ró-mhaith ar na ranganna seo go minic. Corr-uair bíonn cuid de'n locht ar an múinteoir; óir ní thuigeann cuid aca nach ionann an modh teagaisc a oireas do dhaoine fasta agus do scoláirí óga na Scoile leanamhna. Ach tá áiteacha eile ann, go h-áithrid i gCorcaigh agus i dTír Chonaill nach bhfuil na lochta sin ortha—agus tá obair mhaith á dhéanamh ionnta.
Ní misde dhom trácht ar nidh eile a bhaineas leis na ranganna oidhche seo chun Gaedhilge do theagasc do dhaoine fásta. Cigire a bhfuil dlúth-bhaint aige leis an obair, deir sé: Dá chlisteacht an scoláire agus dá fheabhas an múinteoir atá aige, ní éireóchidh leis bheith ina chainteoir mhaith Gaedhilge de thoradh cúpla uair sa tseachtmhain do chaitheamh i rang. Ní mór dó, le n-a chois sin, bheith ag labhairt Gaedhilge taobh amuigh de'n rang—bheith ag comhrádh as Gaedhilge le daoine eile agus ag cur a chuid eólais uirthe i bhfeabhas ar an gcaoi sin."
Is léir ó'n méid sin nach leór teagasc i ranganna chun a chur i gcumas daoine an Ghaedhilge do labhairt go maith. Agus tá sin tuigthe ag na Coistí Oideachais Ghairme Beatha beagnach go léir. Bíonn comórtais aca do ranga an lae agus do ranga na h-oidhche; agus, mar dhuaiseanna ins na comórtais sin, bheireann siad scoláireachta uatha a bheireas caoi do'n chuid is fearr de na scoláirí dul go dtí an Ghaedhealtacht, i Mí Iúil, nó i Mí na Lughnasa. I mbliadhain a 1933-34, do chaith beagnach 450 scoláire, as Scoltacha an Oideachais Ghairme Beatha, do chaitheadar mí san Ghaedhealtacht, an áit a raibh gléas ortha tuilleadh mór Gaedhilge d'fhoghluim agus cleachtadh do dhéanamh ar a labhairt ó mhaidin go h-oidhche.
Cuireadh scéim nua—agus scéim thábhachtach, freisin—ag obair i Luimnigh. "Cuireadh rang ar bun do dhaoine fásta a raibh cuid mhaith Gaedhilge aca," deir duine de na cigiri: "Agus tháinig 40 duine chuig an rang. Bhí múinteoirí bun-scoil agus múinteoirí meadhon-scoil ann, agus stat-sheirbhisigh agus feadhmanaigh riaghaltais áiteamhla agus daoine atá i mbun tráchtála agus ceannaidheachta. Is mór a chuidigheas a leithéidí sin de ranganna chun an Ghaedhilge do chur dhá labhairt; agus ba mhaith an nidh a leithéidí do chur ar bun i n-áiteacha eile.
Ar bhealach eile, freisin, do chuidigh na Coistí Oideachais Ghairme Beatha chun an Ghaedhilge do chur chun cinn. Cuid mhaith de na Coistí sin, leig siad saor a gcuid múinteoirí Gaedhilge ar feadh mí nó dho, sa gcaoi go dtiocfadh leó béal-oideas de chruinniughadh. Do cuireadh chuig an gCumann le Béal-Oideas an méid do cruinnigheadh ar an gcaoi sin, an samhradh seo chuaidh thart; agus is mór is fiú do'n Chumann an soláthar céadna.
I dtaobh teagaisc Ealadhan, sé an príomh-rud ar fiú trácht air ná an Buan-Choiste Scoile a cuireadh ar bun. Cuireadh an Buan-Choiste seo ar bun chun aire do thabhairt do eagraidheacht agus do fhoirbhiughadh Scoil Ealadhan na Príomh-Cathrach. Is iad seo na neithe do cuireadh faoi aire an Bhuan-Choiste:
"(1) Infhiuchadh do dhéanamh ar na Cúrsaí Stáidéir atá i bhfeidhm san Scoil, agus athrughadh ortha sin do mholadh, ó am go ham de réir mar measfar sin do bheith oireamhnach;
(2) Eólas d'fhagháil ar na modha ina meastar dul ar aghaidh na scoláirí agus moladh do thabhairt fá aon fheabhas do féadfaidhe do chur ar na modha sin;
(3) A thabhairt fá bhreitheamhnas ciaca ba cheart nó nár cheart Teastas fá leith do bheith ann do'n Scoil; agus, má meastar gur cheart é, comhairle do thabhairt fá na coingheallacha ar a bhfuigheadh scoláirí an Teastas sin.
(4) A thabhairt fá bhreitheamhnas cad iad na modha a b'fhearr ina bhféadfadh an Scoil congnamh chun tréineála do chur ar fagháil do dhaoine ata i mbun ceárd agus oibreacha bhaineas le h-Ealadhain, agus comhairle do thabhairt do réir a mbreith eamhnais;
(5) Molta do dhéanamh, ó am go h-am, do réir mar measfar sin do bheith riachtanach, chun cúrsaí na Scoile do chur i gcomh-eagar, chomh maith agus is féidir sin, leis an teagasc i n-abhair Ealadhan a bheirtear do scoláirí i Meadhon-Scoltacha agus i gCéard-Scoltacha Bhaile Atha Cliath agus sa gceanntar mór-thimcheall na Cathrach;
(6) Infhiúchadh do dhéanamh ar na gléasta chun tréineála i n-adhbhair Ealadhan atá san tSaor-Stát fá láthair, agus na coingheallacha do leagan amach ba chóir do bheith le cóimhlíonadh chun cáilidheachta múinteóra d'fhagháil; agus, ina theannta sin, comhairle do thabhairt maidir le cúrsaí teagaisc sa Scoil le h-aghaidh múinteoirí Meadhon-Scol agus Múinteoirí Ceárd-Scol agus comhairle do thabhairt, freisin, fá adbhair agus fá scóip na gcúrsa sin;
(7) Molta do dhéanamh maidir le cómh-eagar le chéile do bheith idir obair na Scoile agus obair na Scol, Ealadhan atá i gCathair Chorcaighe, i gCathair Luimnighe agus i gCathair Phort Láirge;
(8) Comhairle do thabhairt fá n-a h-ullmhúcháin ar chóir a bhfaisnéis do bheith le fagháil ó'n bPríomh-Oide, gach scoil-bliadhain—ullmhucháin do bhainfeadh, le neithe mar Clár na gCúrsa, Am-Chlár na Rang, Roinnt na h-Oibre ar an bhFuirinn Teagaisc, Fostódh daoine mar dealbh-chuspái, agus soláthar áisí oibre; agus, ina theannta sin, molta do thabhairt fá neithe mar thuarascbhála oibre ó'n bPríomh-Oide, bronnadh duaiseanna, etc.; agus
(9) Comhairle do thabhairt fá cheist ar bith dá gcuirfidh an Roinn i láthair an Choiste, ó am go h-am, i dtaobh obair na Scoile.
Níl aon duine ar an gCoiste ach duine a bhfuil eólas agus cleachtadh aige ar neithe a bhaineas le cúrsaí Ealadhan; agus táthar ag súil gur mór a rachas a gcongnamh chun tairbhe do'n Scoil ar gach uile bhealach.
Cuireadh ós cionn dhá mhíle déag leabhra ar fáil anuiridh sa leabharlann Náisiúnta agus de'n uimhir sin fritheadh beagnach míle leabhar faoi'n Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint) 1926. Rinneadh gach a b'fhéidir a dhéanamh i rith na bliana leis na beárnacha a bhí sa Roinn Ghaedhealach a líonadh le go mbeadh an Roinn sin chómh hiomlán agus is féidir. Tá go leor déanta cheana féin maidir leis an scéal seo le beagán blian anuas agus tig le mic léighinn a bhfuil taighdhe á dhéanamh aca nó daoine a dteastuigheann an gnáth-eolas uatha —agus tá méadú ag teacht ar an uimhir daoine a chuireas suim in sna cúrsaí seo—tig leo an t-ábhar nach mbeadh le fáil aca i n-áiteacha eile a fháil sa leabharlainn Náisiúnta anois. Ceannuightear nó fáightear leabhra agus leabhráin nach bhfuil ach beagán tábhact leo beagnach 'chuile lá ó Mhargaí na sean-leabhar. Ó thárla, ámhthach, na luachanna bheith chómh híseal faoi láthair ceannuigheadh roint leabhra a bhí gann agus a bhí luachmhar, cuir i gcás na céad-eagair de na scríobhnóirí Gaedhealacha sin a mbeadh súil ag duine iad bheith ar láimh sábháilte i gCnuasacht Náisiúnta na hEireann. Ceannuigheadh cuid mhaith láimhscríbhinn i rith na bliana a raibh tábhacht ag baint leo ó thaobh staire agus litríochta.
I rith na bliadhna rinneadh dul 'un cinn sásúil i dtrí Ranna na hIarsmalainne Náisiúnta. Thárla an méadú a tháinic in sna bailiúcháin éagsamhla b'éigin tuilleadh slighe a sholáthar agus i ngeall air sin táthar a' cur an oiread dlúthais agus is féidir leis an socrú atá dhá dhéanamh le lóiste fhir ionaid an Ríogh i bPáirc an Fhionn-Uisce a chur i gcóir le h-aghaidh Iarsmaí. Nuair a bhéas na foirigintí atá i bPáirc an Fhionn-Uisce curtha i gcóir beidh a dhóthain slighe ann do chuid mhór de na Fo-ranna go fada'n lá. De bhrigh nach bhfuil socrú cinnte déanta faoi na mion-phoinntí ar fad a bhaineas le húsáid an lóiste mar iarsmalainn bheadh sé buille luath fógra barrainneach a thabhairt cé na ranna áithride a haistreochar go Páirc an Fhionn-Uisce. Táthar a' súil, ámhthach, gur Iarsmalann tuatha a bhéas thréis tamaill i gcuid de na foirgnighthe a théigheas leis an lóiste, agus go mbeidh sí cosúil le hIarsmalanna áithride i dTír na Lochlann a chuir a leithéidí ar bun i dtosach.
Séard atá ar intinn go léireochadh an Iarsmalann seo na nósa agus na béasa atá ag baint le saoghal lucht na tuatha i nEirinn le linn staire. Séard a bhéas annseo léiriú ar an taobh abhardha de shaoghal na ndaoine a bhéas ag freagairt don bhailiú bhéaloideasa atá á dhéanamh ag an Institút Bhéaloideasa. A bhuidheachas sin ar an Rialtas a chuir an Institút ar bun cúpla bliain ó shoin le hoidhreacht spioradálta na sean-tire coiltigh seo a bhuanú.
I dteannta neithe a bheith ann a léireochas sibhialtacht na tíre sa saoghal a chaitheadh agus i láthair na h-uaire 'sé is dóigh go gcaithfear mórchuid de na bailiúcháin a bhaineas le dána agus tionnscail a chur sa lóiste, go mór-mhór an chuid díobh atá róbhrúighte ar a chéile ins an árus atá i Sráid Chill Dara de bharr a thoirtiúla thríd is thríd atá na neithe atá ann.
I leabaidh a chéile táthar a' líonadh na bhFolúntaisí a bhí ar an bhfoirinn. Líonadh i Mí Iúil posta an Stiúrthóra a bhí folamh agus ceapadh congantóir i Roinn na Staire Aicionta. Sé an cúram atá ar an stiúrthóir ceangal a dhéanamh idir an obair go léir a ghnídhtear san Iarsmalainn agus caingean agus oideas na hIarsmalainne a mhúnlú réir mar fheileas do chúrsaí oideachais na tíre.
Maidir le hobair ealadhanta na hIarsmalainne thárla rud tábhachtach sa mbliain ar a bhfuil muid a' trácht mar is sa mbliain sin a rinneadh tochailt go riaghalta den chéad uair a raibh an Stát ina chionn agus ar caitheadh airgead an Stáit air. Ba faoi stiúrú na Roinne Arsaidheachta Gaedhealacha rinneadh an obair sa mbliain 1934, agus ba chuid é den scéim atá faoi chúram Oifig na nOibreacha Puiblí le fóirithint ar lucht ceal-oibre.
Bhí dháréag is fiche de cheannaraí ealadhanta a' stiúradh na h-oibre agus gan trácht ar an toradh a bhí ar a saothar ar bhealaigh eile sé an príomhthairbhe a tháinig as an scéim seo i gcoitchinne, gur ionann an tochailt seo, ar eirigh chómh maith sin léi, agus scoil Náisiúnta neamh-spleadhach Sean-dálaíocht a chur ar bun le bheith mar tosca i dtaighde eadarnáisiúnta.
Rud tábhachtach eile a raibh baint ag an Iarsmalainn leis agus sin an coiste a bunuigheadh le goirid ar a dtugtar an "Committee for Quaternary Research in Ireland." Sé'n fáth ar bunuigheadh é seo le géolaíocht, luibheoluíocht sheanda, Beatheoluíocht Sheanda agus sean-dálaíocht a chur i bhfreagracht dá chéile.
Thug an Rialtas deontas i gcóir na h-oibre agus chuir sé seo, i dteannta na cabhrach a fritheadh ó áiteacha eile, ar chumas an Choiste an rud a bhí beartuighthe aca a dhéanamh go sásúil. Fritheadh cabhair ón té is oilte san Euróip i gcúrsai staidéir ar phortaigh, agus an túisce a fritheadh cuireadh scéim mhór taighde ar bun i dhá gceanntar fichead áithride ó cheann ceann na tíre.
Sé'n fáth ar toghadh deich gcinn fhichead de na ceanntair seo mar go raibh roinn na Sean-dálaíochta Gaedhealaighe thréis somplaí fháil a bhí coitchianta go maith i gCeanntracha aithride.