Seadh, a Chinn Chomhairle, do bhíos ag eisteacht leis an ndíospóireacht a bhí ar siubhal annso indé ar chúrsaí oideachais agus buaileadh isteach im' aigne go labharfainn ar feadh tamall bhig go mór mhór ó thaobh na Gaedhilge.
Ba dhóigh le duine ar an gcainnt a dhein cuid des na Teachtaí a labhair ná fuil sa Ghaoluinn ach adhbhar scoile. Is ait liom é sin. Go deimhin tá níos mó innte ná adhbhar scoile mar is ar aithbheochaint na Gaedhilge atá seasamh oideachais na tire seo ar fad. Má bhíonn sé de dhíchéille againn é chur ar bhun eile ní bheidh ach oideachas bréige mí-nádúrtha againn. Is baoghalach go bhfuil daoine sa Dáil ná tuigeann é sin fós, daoine dá mbeadh a dtoil féin aca, a dhéanfadh mar atá á dhéanamh ag Rialtas na Sé gCondae, an Ghaoluinn a chur ar an gClár mar theangain iasachta. Is maith nach é sin an léargus atá ag an Aire ná ag Roinn an Oideachais, go bhfuil ceist na Gaedhilge á brostú agus á cur chun cinn ins na scoileanna acu.
Dhein an Teachta O Diolúin cur síos ar an ndíobháil atá á dhéanamh do sna naoidheanáin sa Ghalltacht nuair a cuirtear ortha brainnse scoile d'fhoghluim sa Gaoluinn. Admhuighim go dtagann sé cruaidh ortha ar dtúis ach cad é an tam is fearr chun an tslat a lúbadh ach nuair a bhíonn sí óg. Muna dtosnuightear ar na rudaí sin a mhúineadh dóibh as Gaoluinn agus iad óg cathoin is féidir é dhéanamh? Ní mór a dheimhniú, ámh, gur múinteoirí acmhuinneacha go bhfuil an Ghaoluinn i gceart acu féin a dhéanfaidh an teagasc san. Mar má múintear droch-fhoghair agus drochghramadach dóibh i dtosach beidh sé deacair ortha scaramhaint leo ar ball.
Bhíos ag éisteacht leis an dTeachta céadna a fághail lochta ar an scéim atá á cur ar bun ag an Roinn chun stair áitiúil agus seanchas a bhailiú agus a chur ar fághail do sna scoileanna. Nílim ar aon aigne leis, mar ní dóigh liom go bhféadfaí rud ní ba shuimeamhla a mhúineadh do leanbhaí ná tuaithe ná an stair atá ag baint le na gconndaethe agus le na mbailte féin. Músclóchaidh sé suim ins na háiteanna a rugadh agus a tógadh iad agus de bharr san beidh níos mó éilimh ar an ndúthaigh ag baile acu ná mar bhí go dtí so. Is cuimhin liom gur dheineas tagairt don rud so tá trí bliadhna anois ann agus gur mholas don Roinn a leithéid de scéim a chur ar bun. Níl aon chathú orm mar gheall air sin mar táim láidir go ndéanfaidh sé a lán tairbhe agus gur fiú go mór an méid dá chostas é. Maidir le stair na linne seo, do mholas cúpla bliadhain ó shoin leis go múinfí níos mó dhe in sna bun scoileanna ach do thuigeas an deacracht a bheadh ann ag iarraidh téacs-leabhair d'fhághail. Do chuala mar gheall ar téacs-leabhar le Máire Ní hAodháin, M.A., agus Seóirse O Múnáin. Dligheadóir, a tairgeadh do Roinn an Oideachais. Sé an ainm atá air ná "A Short History of the Irish People" agus tá sé annso im' láimh agam. Do moladh do sna scoileanna é agus tá súil agam na glacfaidh an Roinn leis mar théacs-leabhar, nó má glacann go ndéanfar é do dheisiú agus do cheartú mar tá a fhios ag an saoghal ná tugtar cothrom na féinne do sna saighdiúirí a bhí ag troid ar thaobh na Poblachta i mbliadhain 1922-23. B'fhéidir go neósadh an tAire dhúinn rud éigin 'na thaobh.
Do dhein teachta ar an dtaobh so tagairt do chaighdeán an Bhéarla maidir leis an scrúdú i gcóir na gColáistí Ullmhúcháin. Táim-se leo nuair a deir siad go bhfuil sé ró-árd. Ní ceart go mbeadh coinne againn le haon Bhéarla mór ó lucht na Gaedhealtachta, cuir i gcás, mar isiad is mó atá i gceist. Do casadh le déanaighe orm ógánach breagh cliste sa Ghaeltacht go raibh an Ghaoluinn ar a thoil aige agus dubhairt sé liom go raibh sé istigh ar an scrúdú so agus gur chaill sé an lá mar gheall ar an mBéarla, go raibh na hadhbhair eile ar feabhas aige. B'fhéidir go ndéarfaí go bhfuil an chaoi chéadna ag na daltaí go léir ar Bhéarla d'fhoghluim, ach ní ceart go gcuirfí ortha dul ag lorg an Bhéarla an iomarca. Tá sé sin bun os cionn le n-ár soiscéal ar fad. Táimíd ag iarraidh gan an Béarla a leigint isteach sa Ghaeltacht chucha agus táimíd 'á dtiomáint chun an Béarla d'fhoghluim san am chéadna. Sin puinnte go mba cheart machtnamh a dhéanamh air, ar eagla go gcuirfeadh sé an tairbhe atá á dhéanamh ag scéim an dá phúnt ar ceal agus is mór an tairbhe atá á dhéanamh ag an scéim sin. Tá sé molta go hárd ag Teachta eile agus ní gadh dhomhsa a thuille a rádh mar gheall air.
Anois focal i dtaobh stáid na Gaedhilge ins na Gairm-scoileanna. Is maith liom a chloisint go bhfuil feabhas ag teacht air, cé go bhfuil sé mall. Ní dóigh liom gur maith an rud a deineadh nuair a cuireadh na seana-mhúinteoirí taistil ag obair go hiomlán fé'n Scéim sin. Do tugadh cúrsa do sna múinteoirí sin agus b'éigean dóibh Béarla a ghlacadh mar adhbhar múinte. Tá rud éigin bun os cionn leis sin—daoine a chuaidh amach an chéad lá fé ghairbh-shíon is fé chruadhtan chun Gaoluinn agus cultúr na nGaedheal a scaipeadh i measc na ndaoine agus gur chaitheadar Béarla a thógaint mar adhbhar múinte sa deire. Do mhol an Teachta Donnchadh O Brian seana-scéim na múinteoirí taistil a chur ar bun athuair agus aitheantas na Roinne bheith acu. Daoine go mbeadh an teanga ar fheabhas acu, seana-cheol agus amhránuíocht acu agus mar sin de, cúrsa maith a thabhairt dóibh sar a raghaidís amach in aonchor. Caithfimíd rud éigin mar sin a dhéanamh mar is baoghalach go bhfuil ceol agus amhránuíocht ar sean ag dul i laige. Is féidir gan amhras an teanga a mhúineadh go maith in sna scoileanna gairm-oidis, ach ní fheadar cad mar gheall ar an gcultúr a ghabhann léi. Ceist ana-mhór iseadh é sin go léir.
Níl aon amhras ná go bhfuil labhairt na Gaedhilge ag dul i bhfeabhas agus ag leathnú go maith de bharr na deagh-oibre atá á dhéanamh in sna scoileanna. Do cloisfí á labhairt anois í ar na sráideanna, in sna síopaí, ar an dtraen agus ar an mbus. Caithfimíd coimeád chuige mar sin agus mholfainn don Aire gan maolú ar an bhfuadar atá fé in sna scoileanna agus gan áird a thabhairt ar na daoine atá á lochtú mar gheall air. Tá a ndícheall á dhéanamh ag na múinteoirí, in sna bun-scoileanna go mór-mhór, ar son na Gaedhilge agus is maith liom gur deineadh an clár d'éadtromú dhóibh. Bhí san tuillte acu agus níos mó mar bhí cúram ró-mhór go léir ortha.
Cúis áthais dom a chlos ón Aire go bhfuil £200,000 á chur i dtaisce aige sa mheastachán so le haghaidh scoileanna nuadha a thógaint agus seanascoileanna do dheisiú. Tá san ag teastáil go géar ina lán áiteanna mar sé an chaoi a bhfuil cuid de sna scoileanna fén dtuaith gur baoghal do shláinte múinteoirí agus leanbhaí ionta. Tá cuid mhaith déanta ag an Aire cheana maidir leis na scoileanna agus ní cheart dó staonadh go dtí go mbeidh gach aon fhothrach scoile acu ar lár agus scoil nua tógtha na hionad. Chuige sin teastóchaidh a lán cabhrach agus comh-oibrighthe ó sna bainisteóirí.
Dhein an tAire rud maith nuair a chuir sé an Coimisiún ar bun le béal-oideas a bhailiú agus a chur in eagar. Tá daoine maithe éolgaiseacha ar an gCoimisiún san gan amhras agus daoine go bhfuil a saoghal caithte acu ag gabháil don obair sin. Bhí cruinniú ag cuid acu le déanaighe, ámh, nuair a pléidheadh scéal an bhéal-óideasa agus cad é mar iongnadh orainn nuair a fuaireamar amach gur Béarla ar fad a bhí ar siubhal acu. Do chuir ball de choiste Chonnradh na Gaedhilge leitir go dtí na páipéirí á gcáineadh mar gheall ar an bhfaillighe seo agus bhí an ceart aige, is dóigh liom, ach b'é donas an scéil ar fad gur as Béarla a scríobh sé féin an leitir ghearáin. Sin é donas an donais. Tá súil agam go mbeifear níos cúramuighe feasta mar gheall air seo agus gurb í an Ghaoluinn a bheid in úsáid ar ócáideacha den tsórt san feasta. Tá Gaoluinn ag furmhór muinntir na hIolscoile anois agus ní gádh Béarla d'úsáid maidir leo agus dar ndóigh adhbhar oireamhnach iseadh Béal-Oideas le plé as Gaoluinn.
Níl a thuille le rádh agam, a Chinn Comhairle, ach go bhfuil moladh mór tuillte ag an Aire agus ag Roinn an Oideachais as ucht a bhfuil á dhéanamh ar son na Gaedhilge acu.