Tairigim:
Go ndeontar suim Bhreise ná raghaidh thar £10 chun íoctha an Mhuirir a thiocfaidh chun bheith iníoctha i rith na bliana dar críoch an 31adh lá de Mhárta, 1938, chun Pinsean Créachta agus Mí-ábaltachta, Pinsean Breise agus Pinsean Fear Pósta, Liúntaisí agus Aiscí (Uimh. 26 de 1923, Uimh. 12 de 1927, Uimh. 24 de 1932, agus Uimh. 15 de 1937); chun Pinsean Seirbhíse Míleata, Liúntaisí agus Aiscí (Uimh. 48 de 1924, Uimh. 26 de 1932, agus Uimh. 43 de 1934); chun Pinsean; Liúntaisí agus Aiscí (Uimh. 37 de 1936); agus chun Síntiúisí agus Costaisí iolardha ina dtaobh san, etc.
That a Supplementary sum not exceeding £10 be granted to defray the Charge which will come in course of payment during the year ending 31st March, 1938, for Wound and Disability Pensions, further Pensions and Married Pensions, Allowances and Gratuities (No. 26 of 1923, No. 12 of 1927, No. 24 of 1932 and No. 15 of 1937), Military Service Pensions, Allowances and Gratuities (No. 48 of 1924, No. 26 of 1932, and No. 43 of 1934), Pensions, Allowances and Gratuities (No. 37 of 1936), and for sundry Contributions and Expenses in respect thereof, etc.
Isé críoch an Mheastacháin seo chun an Scéim Fórsaí Cosanta (pinsin) do daingnigheadh le rún ó Dháil Eireann an seachtú lá fichead do Dheireadh Fhoghmhair, 1937, do chur in éifeacht ó taobh an airgeadais. Míle, sé chéad is sé púint fhichead an tsuim airgid atá ag teastáil chun glanadh na bhfiachaisí atá iníochtha cheana no a thiocfaidh chun bheith iníochtha roimh an aonmhadh lá triochad de Mhárta, 1938.
Is mar leanas atá an tsuim sin códhéanta:— Pinsin do dhá Oifigeach, £135; Deich bpinsin do Chéimnigh eile, £25; Aiscí do thrí Oifigeach, £589; Céad agus aon Aisce caogad do Chéimnigh eile, £877; An tiomlán, £1,626.
Tá an tsuim seo á h-íoc as Colgealtaisí ar an Bhóta i gcoitchinne, agus fágann san ná fuil ag teastáil anois ach comharthashuim, £10.